19.06.2024 Views

1,2, Spraoi! Ar Líne

Cnuasach scéalta matamaitice a shníonn coincheapa matamaitice le scéalaíocht shamhlaíoch atá sa leabhar seo. An éireoidh le Róbó agus JJ deireadh a chur leis an mata? An mbeidh Colm Ciúb agus Saoirse an Sorcóir in ann cruth nua a aimsiú? Cé aige a bheidh an lá sa rása sráide — Ronnie Fox, Dan Diesel nó Terry Crews? Is comhthogra a bhí anseo idir Fighting Words, COGG agus an Roinn Matamaitice in Institiúd an Oideachais i DCU. Tagann sé le haidhmeanna churaclam matamataice nua na bunscoile (DES, 2023), mar shampla feidhm a bhaint as modhanna teagaisc spraíúla. Thug COGG, Oifigí Pleanála Teanga Co. na Mí agus Glór nan Gael, Cheantar na nOileán maoiniú flaithiúil don togra seo.

Cnuasach scéalta matamaitice a shníonn coincheapa matamaitice le scéalaíocht shamhlaíoch atá sa leabhar seo. An éireoidh le Róbó agus JJ
deireadh a chur leis an mata? An mbeidh Colm Ciúb agus Saoirse an Sorcóir in ann cruth nua a aimsiú? Cé aige a bheidh an lá sa rása sráide —
Ronnie Fox, Dan Diesel nó Terry Crews?

Is comhthogra a bhí anseo idir Fighting Words, COGG agus an Roinn Matamaitice in Institiúd an Oideachais i DCU. Tagann sé le haidhmeanna
churaclam matamataice nua na bunscoile (DES, 2023), mar shampla feidhm a bhaint as modhanna teagaisc spraíúla. Thug COGG, Oifigí
Pleanála Teanga Co. na Mí agus Glór nan Gael, Cheantar na nOileán maoiniú flaithiúil don togra seo.

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

ngarchlann ar fad. Mar sin bhí an teach lán go

béal. Bhí siad ar fad ag fanacht ag teach

Khristina thar oíche mar gurbh é Lá Vailintín a

bheadh ann lá arna mhárach.

Leis sin, fuair Kristina Cearnóg glaoch ar an

bhfón. Thosaigh sí ag béiceadh!!! “Tá na tomhaisí

mícheart againn do chuile rud don chóisir! Tá an

marquee atá ordaithe againn i bhfad róbheag! Ní

bheidh spás againn do chuile rud agus beidh

chuile rud anseo ar maidin!!! Céard a dhéanfas

muid?”

Bhí siad ar fad trína chéile nuair a chuir

Kristina síos an fón.

Ba bheag nár thit Kourt Cearnóg as a

seasamh. Bhí an oiread le déanamh acu agus bhí

chuile rud mícheart anois. Ní raibh an dearthóir

ina chónaí gar dóibh agus mar sin bheadh orthu

fhéin an áit ar fad a thomhais sula mbeadh an

dearthóir tagtha chomh fada leo. Isteach leo sa

seomra suite agus thóg siad amach an plean a

bhí déanta acu roimhe seo. Bhí chuile thomhais

i bhfad róbheag.

31

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!