19.06.2024 Views

1,2, Spraoi! Ar Líne

Cnuasach scéalta matamaitice a shníonn coincheapa matamaitice le scéalaíocht shamhlaíoch atá sa leabhar seo. An éireoidh le Róbó agus JJ deireadh a chur leis an mata? An mbeidh Colm Ciúb agus Saoirse an Sorcóir in ann cruth nua a aimsiú? Cé aige a bheidh an lá sa rása sráide — Ronnie Fox, Dan Diesel nó Terry Crews? Is comhthogra a bhí anseo idir Fighting Words, COGG agus an Roinn Matamaitice in Institiúd an Oideachais i DCU. Tagann sé le haidhmeanna churaclam matamataice nua na bunscoile (DES, 2023), mar shampla feidhm a bhaint as modhanna teagaisc spraíúla. Thug COGG, Oifigí Pleanála Teanga Co. na Mí agus Glór nan Gael, Cheantar na nOileán maoiniú flaithiúil don togra seo.

Cnuasach scéalta matamaitice a shníonn coincheapa matamaitice le scéalaíocht shamhlaíoch atá sa leabhar seo. An éireoidh le Róbó agus JJ
deireadh a chur leis an mata? An mbeidh Colm Ciúb agus Saoirse an Sorcóir in ann cruth nua a aimsiú? Cé aige a bheidh an lá sa rása sráide —
Ronnie Fox, Dan Diesel nó Terry Crews?

Is comhthogra a bhí anseo idir Fighting Words, COGG agus an Roinn Matamaitice in Institiúd an Oideachais i DCU. Tagann sé le haidhmeanna
churaclam matamataice nua na bunscoile (DES, 2023), mar shampla feidhm a bhaint as modhanna teagaisc spraíúla. Thug COGG, Oifigí
Pleanála Teanga Co. na Mí agus Glór nan Gael, Cheantar na nOileán maoiniú flaithiúil don togra seo.

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

ii

Cnuasach scéalta mata ó:

Rang a 6, Gaelscoil Bhaile Munna

Rang a 6, Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn

Rang a 5/6, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia

1,2,

Spraoi !

Dearadh: Caomhán Ó Scolaí

Clódóireacht: G-Chló

Réamhrá

Ag cuimhneamh siar ar an rang matamaitice ar scoil,

samhlaím gur shuíomar go ciúin ag deasc, ag líonadh

isteach ceist ar cheist sa téacsleabhar. Is mór idir sin

agus ‘1, 2, Spraoi!’ ina bhfuil nasc idir coincheapa

matamaitice agus scéalaíocht ghrúpa. Léiríonn an

cnuasach scéalta seo ó thrí Scoil Lán-Ghaeilge ó fud fad

na tíre an chruthaitheacht thar na bearta atá ag daltaí

sna hardranganna bunscoile. Is aistear ar leith a bhí

anseo dár scríbhneoirí óga, iad ag sníomh coincheapa

mata isteach ina gcuid scéalta agus ag cruthú scéalta

spleodracha, spraíúla as smaointe teibí. Tá guth an

scríbhneora óig go smior i ngach aon scéal ionas go

mealltar an léitheoir chun taitneamh a bhaint as múnla

nua scéalaíochta. Is léargas é an cnuasach seo ar

shaothar na ndaltaí, a múinteoirí agus pobal na scoile

trí chéile. Is iad a ndúthracht agus a ndíocas a thug na

scéalta chun críche.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Tríona

Nic Fhinn ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta

agus Gaelscolaíochta, a spreag muid chun tús a chur leis

an togra seo, tar éis di páirt a ghlacadh inár gceardlann

Matamaitic Spraíúil agus Cruthaitheach ag Comhdháil

Chumann Múinteoirí Éireann 2023. Tá ár mbuíochas

dlite freisin do Bhríd-Treasa Ní Ghaoithín, Seirce Mhac

Conghail agus Colm Ó Cuanacháin ó Fighting Words as

a ndúthracht agus a ndíograis. Ba mhaith linn buíochas

ach go háirithe a ghabháil leis na múinteoirí Philomena

Ní Fhlatharta, Ruairí Mac Conduibh agus Grainne Ní

Dhíomasaigh as an dian-obair a chuir siad isteach sa

togra. Táimid faoi chomaoin chomh maith ag Gaelscoil

Bhaile Munna, Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn agus

Scoil Náisiúnta Thír an Fhia as na múrtha fáilte a chur

siad romhainn. Tá buíochas ar leith dlite do na daoine

seo a roinn a saineolas linn go fial, flaithiúil:

Maisitheoirí: Fearghas Mac Lochlainn agus Chris Meehan

Aistritheoir: Néamhann Ní Dhonnghaile

Profléitheoirí: Cillian O'Boyle, Máire Ní Chualáin,

Fearghas Mac Lochlainn, Fil Uí Dhubhghaill, Joseph

Kelly, Áine Ní Dhioraí agus Treasa Ní Chonaola.

Meantóirí: Sophie Williams, Mary Jennings, Eva Creely,

Cathal Brogan, Hannah Gormley, Amelia O' Donnell

agus Alex Bradshaw.

Ar deireadh, ba mhaith linn buíochas ó chroí a

ghabháil lenár scríbhneoirí óga cumasacha. Is í bhur

samhlaíocht is bun barr leis an leabhar seo. Gura fada

buan sibh.

Tá súil againn go spreagfaidh na scéalta seo spéis i

ngach aon léitheoir sa chumasc idir an mhatamaitic

agus an scéalaíocht.

— Lorraine agus Nora

Dr Lorraine Harbison,

Ollamh Comhlach san Oideachas Matamaitice,

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Nora Nic Con Ultaigh,

Stiúrthóir Oideachais le Fighting Words

GAELSCOIL BHAILE MUNNA

Rang a 6 2023/2024

Jamie Arnóid

Alfie Beau de Grás

Deborah Grace Maduabuchi

Darnell McHugh Onwudiwe

Molly Ní Chionnaith

Lucy May Ní Dhálaigh

Emily Ní Mheacháin

Amelia Nic Cába Olohan

Kalli Nic Christin

Kaelum Ó Breachanbrú Mac Aoidh

Logan Ó Broin

Tommy Ó Cuilín

Odhrán Ó hAnluain

Noah Piogóid

Brianne Ní Dhúlaing

Deireadh leis

an Mata

Scríobh rang a 6 ó Ghaelscoil Bhaile Munna

an scéal seo a leanas le chéile

Lá amháin, bhí Róbó (uimhir 666) ag siúl síos an

bóthar agus bhuail sé lena chara JJ (uimhir 999).

Chuaigh siad chun bia a fháil i Rí Burgar. Fuair

siad an bille agus ní raibh a fhios acu conas é a

9

oinnt eatarthu. Rith siad amach gan íoc go dtí

teach Róbó. Thosaigh siad ag pleanáil fáil réidh

leis an mata. Bhí siad chun litir a scríobh chuig

an mBord Mata:

Nílimid sásta le mata. Bain é as gach uile scoil!

Tá sé ag cur brú ar na páistí. Conas go bhfuil

E=mc 2 chun cabhrú linn ár gcuid cánach a íoc

— ní thuigimid é! Nílimid ag iarraidh é a bheith

chomh deacair íoc as rudaí agus níl a fhios

againn conas é sin a dhéanamh. Is é an mata

10

an príomhrud atá ag cur páistí faoi bhrú. An

féidir libh smaoineamh ar an litir seo agus

cinneadh a dhéanamh?

Tháinig freagra ar ais ón mBord Mata.

Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh fáil réidh leis an

mata? Bheadh go leor fadhbanna gan an mata,

mar sin, níl aon phointe leis. Táimid ag iarraidh

go mbeadh gach duine sásta. Tá píosa beag

suime agam sa litir a sheol sibh chugam ach

nílim chun fáil réidh leis an mata. Ní bheadh a

fhios agat conas comhaireamh. Ní bheadh

breithlá agat. Ní bheadh a fhios agat an t-am.

Bheadh go leor daoine tinn mar ní bheadh

dochtúirí ann. Ní bheadh aon airgead len iad a

íoc agus ní bheadh siad in ann mata a

fhoghlaim chun na scamhóga a thomhais. Ní

bheadh a fhios agat cén nóiméad ar a bhfuil do

chluiche peile. Ní bheadh teach agat. Ní bheadh

a fhios agaibh cé sibh féin, 666 agus 999, gan

uimhreacha. Ní bheadh aon phraghsanna ar

rudaí. Ní bheadh a fhios agat an dáta. Tá mise

11

ag iarraidh éisteacht libh. Níor chuala mé faoi

aon duine a bhí chomh míshásta leis an mata

riamh.

Slán, Uimhir a hAon

“Táimid chun fáil réidh leis an mata, pé scéal é,”

a dúirt JJ.

“Conas a dhéanfaimid é sin?” arsa Róbó.

Chuaigh siad go dtí teach Uimhir a hAon. Bhí

Uimhir a hAon ina chónaí i dteach uimhir a

haon sa Domhan Mata. Rinne siad trí chnag ar

an doras. Ach bhí Uimhir a hAon ina chodladh.

Bhris siad an fhuinneog agus chuaigh siad

isteach ann. Chuaigh siad suas go dtí leaba

Uimhir a hAon.

Thóg siad slat dhraíochta amach agus dúirt

siad, “dúisigh!” ach níor dhúisigh Uimhir a hAon.

Bhí sé marbh mar go raibh sé an-sean, ba é an

chéad uimhir riamh é!

Má fhaigheann aon uimhir bás, téann gach

uimhir suas ceann amháin. Anois, ba é teach

uimhir a haon teach uimhir a dó.

12

Go tobann, d’athraigh JJ agus Róbó i 667

agus 1000. Chuaigh siad go dtí ríomhaire Uimhir

a hAon agus scríobh siad litir eile go dtí Uimhir

a Dó (Uimhir a Trí anois) a bhí ar an mBord

Mata ag ligint orthu gur Uimhir a hAon iad.

Is mise Uimhir a hAon agus tá mé ag fáil réidh

leis an mata…

D’éirigh le JJ agus Róbó fáil réidh leis an

mata. Ach ní raibh Uimhir a hAon marbh, bhí

sé fós beo. Ní féidir le huimhreacha bás a fháil,

maireann siad go deo.

13

Ach bhí go leor fadhbanna ann. Bhí gach

duine ag rith amach as a dtithe agus ag screadaíl.

“Táimid chun bás a fháil! Mata!!!”

Bhí go leor gadaithe ann. Ní raibh mata ag

na Gardaí chun cabhrú le daoine. Bhí daoine ag

goid rudaí ó na siopaí. Bhí na gadaithe ag

buaileadh daoine.

Thosaigh Uimhir a hAon ag screadaíl, “tá

plean agam chun an mata a fháil ar ais.” Bhí an

rialtas ag iarraidh litir a chur amach chuig gach

duine go ndéanfadh siad an litir a shíniú. Dá

bhfaigheadh siad an méid is mó sínithe, bheadh

an bua acu agus gheobhadh siad an mata ar ais.

Dúirt Uimhir a hAon, “667 agus 1000, téigí

go dtí an príosún.”

Bhí grúpa amháin i bhfolach i bpluais a bhí

fós ag obair ar an mata go rúnda — Rang a 6.

B’iad na daoine ba chliste ar domhan iad agus

bhí siad ag déanamh ceisteanna as ‘Gafa le

Mata’. An duine a bhí ag múineadh Rang a 6 sa

phluais ná an Múinteoir Áine.

Ní féidir leat mata a thógaint as cinn daoine,

14

is féidir leo fós é a dhéanamh. Níl tú chun

dearmad a dhéanamh air láithreach. Ach, bhí

meaisín ag JJ agus Róbó chun an mata a shú

amach as cinn dhaoine.

Chuaigh Uimhir a hAon chuig Rang 6.

Thosaigh siad ag cabhrú lena chéile chun mata

a fháil ar ais. Bhí siad chun dul chuig teach an

Uachtaráin, Michelle Hoohiggins. Bhí siad ag

caint agus bhí cruinniú acu.

Chruthaigh siad meaisín leictreach agus san

15

oíche, chuir siad fógra ar an ngealach ag fógairt

do dhaoine nach raibh Uimhir a hAon marbh:

x÷-1. Oscail an doras. Níl Uimhir a hAon marbh.

D’úsáid siad an meaisín, a rinne Róbó agus JJ

chun mata a shú ó chinn daoine, chun é a chur

ar ais isteach. Bhí gach duine sona sásta leis an

mata ach ní raibh Róbó agus JJ. Ba laochra iad

Rang 6.

An Deireadh!

16

Rása Sráide

Le rang a 5/6 Scoil Náisiúnta Thír an Fhia.

D’oibrigh daltaí rang a 5/6 le chéile le tús scéil

a chruthú. Spreag sé sin iad chun a gcuid scéalta

féin a scríobh. Seo thíos tús an scéil.

Lá amháin bhí Ronnie Fox an chearnóg istigh

ina Toyota Corolla. Bhí sé ag dul isteach le

haghaidh an NCT a fháil agus bhí an iomarca

teannaidh leis an gcarr agus bhuail sé an claí.

Ansin, chonaic sé

Protein Bor Papi an

bodybuilder ag siúl síos

an bóthar agus d’iarr sé

de, “An gcrochfaidh

tú mo charr amach

as an gclaí?”

18

Nuair a bhí Protein Bor Papi an

bodybuilder ag crochadh

amach an chairr, thit an

exhaust. Rith Galaxy Bar an

dronuilleog thar an exhaust

lena charr, BMW E36.

Ghlaoigh Ronnie Fox ar an

meicneoir, Jimbobjoe.

“Tá dent i mbonnet mo chairr

agus tá mo exhaust imithe,” arsa

Ronnie Fox.

Cheap

Ronnie Fox an

chearnóg go raibh sé ag labhairt

le Jimbobjoe ach bhí sé ag

caint le Galaxy Bar an

dronuilleog a bhí théis

shapeshifteáil.

Bhí Jimbobjoe sa mbaile sa

leaba…

19

Rása sráide

le Rónán Ó Gríofa, Fionn Ó Fátharta,

Stephen Ó Loideáin agus Jimmy Ó Maolalaidh

Bhí Jeff an Triantán Comhchosach thiar i Leitir

Móir. Tá trí thaobh ar Jeff ach níl ach dhá thaobh

acu mar a chéile. Tá trí ghéaruillinn aige.

Bíonn rásaí carranna ar na sráideanna i

Leitir Móir agus bhí Jeff ag glacadh páirte sa rása.

Bhí orthu léim ón talamh go hInis Bearachain le

haghaidh an rása a bhuachaint. Duais mhór a

bhí le buachaint. Bugatti óir an chéad duais a bhí

ann!

Ba í seo an carr a bhí uaidh. Bhí cuma álainn

20

uirthi cheap sé, agus é ag smaoineamh air fhéin.

Rothaí móra ciorclacha agus fuinneoga ollmhóra

dronuilleogacha. Chaithfeadh sé an chéad áit a

fháil sa rás!

Bhí go leor carranna eile sa rás freisin; Dodge

Charger dubh agus Porsche álainn dubh 911. Dhá

21

tharracóir a bhí ann — New Holland 38 agus John

Deere. Bhí siad seo mór millteach ach bhí sé

cinnte nach mbeadh siad seo in ann dul ansciobtha

mar go raibh an iomarca meáchain

orthu agus go raibh a gcuid rothaí rómhór. Fiú

amháin dá gcuirfeá faoi lánsiúl iad, ní bheadh

siad chomh sciobtha leis na caranna go brách.

Chonaic Jeff G Wagon, Skyline GTR 34 agus

leoraí Volvo 232 5 axle. Deich roth a bhí ar an

leoraí agus is í a bhí ag breathnú go breá!

22

Bhí na duaiseannaí ar fad thar barr, ach ba

í an Bugatti a bhí uaidh Jeff. Seo iad na

duaiseanna ar fad a bhí ann:

An chéad áit: Bugatti óir álainn.

An dara háit: Teach mór ciúbóideach le

seomraí de chruthanna éagsúla.

An triú háit: Míle euro.

23

Bhí siad ar fad ar bís go dtosódh an rása.

Nuair a thosaigh sé sa deireadh, ní raibh sé i

bhfad go raibh an ráschúrsa clúdaithe le

sneachta.

Ach bheadh an rása ag dul ar aghaidh, ba

chuma cén chaoi a mbeadh an aimsir. Ní

chuirfeadh an sneachta as de charr ar bith mar

go raibh boinn mhaith fúthu.

Ba thriantán dronuilleach é an chéad pháirt

den chúrsa. Ní raibh ann ach dhá chasadh

ghéara. Bhí 90 céim i gcoirnéal amháin agus bhí

45 céim sa dá choirnéal eile. 180 céim ar fad a

bhí sa gcúrsa uilig.

Thóg na carranna ar fad an chéad dá

chasadh go maith. Go tobann amach as áit eicínt

tháinig casadh a raibh 45 céim ann. Géaruillinn

a bhí ann. Ansin amach ar a n-aghaidh bhí loch

mór ciorclach.

Céard a dhéanfadh siad?

Mmmmm … timpeall 360 céim nó díreach

tríd an trastomhas…. Meas tú céard é an rud a

b’fhearr le déanamh? Cén bealach is sciobtha

24

meas tú? Bhí Jeff ag smaoineamh.... D’imigh go

leor carranna den bhóthar ag dul timpeall imlíne

an chiorcail mar go raibh poll san imlíne a bhí

265 troigh domhain. Ach níor imigh an Skyline

GTR 34 a bhí ag Jeff den bhóthar.

Bhí duine de na tiománaithe nach raibh ag

breathnú ar an mbóthar agus isteach leis i

mblocanna ciúbóideacha a bhí tite den leoraí

Volvo 232 5 axle! Beaing!!!!

Bhí ar chraein an carr a chrochadh amach go

sciobtha. 265 troigh ar airde a bhí an chraein!

Anois bhí sé ar ais sa rása arís!!

Sa gcéad pháirt eile den rás, bhí ar na

carranna dul tríd sleamhnáin uisce a bhí mór

agus fada. Bhí na sleamhnáin ag rothlú timpeall

agus timpeall. Bhí sé ar nós lúb ar lúb ag dul

timpeall ar chrainnte agus ar chlaíocha.

Chuaigh na carranna síos an sleamhnán. Bhí

sé ingearach go maith. Timpeall agus timpeall

leo ansin. Bhí meadhrán orthu ar feadh 15

nóiméad. Nuair a leaindeáil siad thíos ag a

dheireadh bhí mata heicseagánach ann agus bhí

25

orthu tiomáint timpeall 6 thaobh an heicseagáin.

Bhí 120 céim i chuile uillinn den heicseagán, 720

céim ar fad a bhí ann ina iomláine.

Bhí carr amháin briste ann. Ach ba chuma.

Tháinig an Ford Transit dearg agus is inti seo a

bhí an meicneoir.

Chuir sé caoi ar an gcarr briste agus isteach

léi sa rása arís.

Bhí an rása ag gabháil go maith. Bhí Jeff ag

deánamh go maith sa Skyline GTR. Bhí an cúrsa

beagán deacair don John Deere agus don New

Holland. Bhí go leor fós le déanamh ag Jeff chun

an rás a bhuachaint. Bhí bís ar Jeff leis an rása a

bhuachaint. Bhí an píosa deiridh den chúrsa

amach roimhe anois agus ach bhí go leor

carranna fágtha sa rása fós. Chuir Jeff a chois

go hurlár agus rinne an carr torann mór:

Vvvrrrrrrmmmmmm! Vvvrmmmmmmmmmm,

Vvvrrrrrrrrrmmmmmmmmmmmmmm! Bhí Jeff

in ann deireadh an ráschúrsa a fheiceáil amach

roimhe anois. Bhí na carranna eile ar fad ag

titim siar sa rása faoin am seo. Bhí Jeff ag

26

smaoineamh ar an mBugatti óir. Ar aghaidh leis

ar luas lasrach agus hip, hip, hurá! Fuair sé an

chéad áit sa rás!

D’fhéadfá a rá go raibh Jeff an-sásta go

mbeadh sé ag dul abhaile sa mBugatti óir.

27

Coinnigh suas leis

na cruthanna

le scríbhneoirí ó Scoil Náisiúnta Thír an Fhia

Tá muid anseo ag teach Kourt Cearnóg agus tá

sí ag argóint le Noel Triantán mar nach bhfuil an

sailéad a rinne Noel orgánach agus níl sé ar

28

phláta ciorclach. Is duine í a maith léi chuile rud

a bealach fhéin. Muna bhfaigheann sí a bealach

fhéin, ritheann sí siar ina seomra ag caoineadh.

Tá cóisir Lá Vailintín le bheith ag teach

Kristina Cearnóg i gceann cúpla lá agus tá Kourt

ag iarraidh a chinntiú go mbeidh chuile rud ceart

ann (chuile rud ceart di fhéin ar aon nós!)

Chuir Noelle glaoch ar a máthair (Kristina

Cearnóg) le déanamh cinnte go mbeadh an

bheatha ar fad orgánach agus go mbeadh na

glasraí gearrtha i gcruthanna mar gur maith leo

29

téama a bheith acu!! Bhí sí ag iarraidh trátaí

rombais, leitís gearrtha mar chearnóga, agus

cúcumar gearrtha i gcruth priosmaí triantánacha.

Bheadh jab an-deacair ag Kristina Cearnóg

chuile rud a fháil ceart don chóisir mhór.

Go tobann, rith páistí Kourt amach agus iad

ag caoineadh agus ag caoineadh agus iad ag rá

nach raibh siad ag iarraidh an tsailéid. Bhí

Tanghulu ag teastáil uathu — sneaic bhlasta ón

tSín. Fadhb eile!!

Díreach ansin leaindeáil cuairteoirí. Cé a

bheadh ann ach Beverly Cearnóg agus a

buachaillín beag, Scottie Triantán. Tháinig Déja,

Kat, Johnathan agus Laitéise Dronuilleog ansin

freisin. Níor fhan siad i bhfad mar go mbeadh

siad ag dul chuig an gcóisir ‘Tigh Khristina

Cearnóg níos deireannaí freisin.

An lá roimh Lá Fhéile Vailintín

Chuaigh Clann na nDronuilleog chuig teach

Khristina. Tháinig Kaili, agus bhí Stoirm léi

freisin. Tháinig cúigear gasúr Khristina agus a

30

ngarchlann ar fad. Mar sin bhí an teach lán go

béal. Bhí siad ar fad ag fanacht ag teach

Khristina thar oíche mar gurbh é Lá Vailintín a

bheadh ann lá arna mhárach.

Leis sin, fuair Kristina Cearnóg glaoch ar an

bhfón. Thosaigh sí ag béiceadh!!! “Tá na tomhaisí

mícheart againn do chuile rud don chóisir! Tá an

marquee atá ordaithe againn i bhfad róbheag! Ní

bheidh spás againn do chuile rud agus beidh

chuile rud anseo ar maidin!!! Céard a dhéanfas

muid?”

Bhí siad ar fad trína chéile nuair a chuir

Kristina síos an fón.

Ba bheag nár thit Kourt Cearnóg as a

seasamh. Bhí an oiread le déanamh acu agus bhí

chuile rud mícheart anois. Ní raibh an dearthóir

ina chónaí gar dóibh agus mar sin bheadh orthu

fhéin an áit ar fad a thomhais sula mbeadh an

dearthóir tagtha chomh fada leo. Isteach leo sa

seomra suite agus thóg siad amach an plean a

bhí déanta acu roimhe seo. Bhí chuile thomhais

i bhfad róbheag.

31

Rinne siad liosta de chuile rud a bheadh acu

ag an gcóisir agus an spás a bheadh ag teastáil

do chuile rud. Thóg Kourt amach an téip.

Labhair sí le chuile dhuine: “Má thomhaiseann

muid fad agus leithead chuile rud a bheas

againn, beidh a fhios againn cén saghas marquee

atá ag teastáil uainn!”

Thosaigh siad ar fad ag tomhais:

Seomra na milseog: 4m x 4m = 16m 2 .

Seomra na ndeochanna: 5m x 3m = 15m 2 .

32

Spás an chaisleáin spraoi: 8m x 5m = 40m 2 .

Seomra an bhia: 10m x 8m = 80m 2 .

Pictiúrlann: 15m x 5m = 75m 2 .

Smideadh: 20m x 20m = 400m 2 .

Nuair a bhí chuile rud tomhaiste acu, ghlaoigh

siad ar an dearthóir agus dúirt siad go mbeadh

marquee de 626m 2 uathu. “Iontach!” a dúirt siad

leo féin. “Beidh chuile rud go breá anois…”

Bhí Lá Fhéile Vailintín tagtha. Bhí gach duine

ag fáil réidh don chóisir. Bhí Kaili ag fáil réidh le

branda Kaili Cosmetics. Bhí Noelle ag úsáid Skin

by Kim. Bhí gach duine ag tógáil a gcuid vitimíní

Lemme freisin. Bhí an chóisir le tosú ag a trí.

Tháinig an marquee agus bhí chuile rud togha

ar dtús. Ach ansin thosaigh na fadhbanna. Bhí

fadhb i ndiaidh faidhbe ann. Ní raibh an

t-éadach boird leis na croíthe air tagtha fós. Síoda

a bhí ceaptha a bheith ann. Smaoinigh Kristina

ar an gcaoi a ndearna Kourt an fad fá leithead an

tráthnóna roimhe sin. Thomhais sí go sciobhtha é.

10m fad agus 5m ar leithead. D’oibrigh sí amach

an t-achar, 50m 2 . Ach theastaigh uaithi go

33

mbeadh an t-éadach níos faide agus mar sin,

dúirt sí léi fhéin: “B’fhéidir go ndéarfadh mé leis

an dearthóir gur 15m an fad agus 6m an leithead.

Mar sin 90m 2 !” Bhí sí an-bhródúil aisti fhéin. Ní

bheadh an t-éadach róghearr!! Tar éis tamaill,

tháinig leoraí mór leis na maisiúcháin. Bhí an

t-éadach boird acu freisin.

Go tobann bhris sí an doras nuair a bhuail sí

é. Amach leis an téip arís. Doras nua Gucci ag

teastáil le hanla diamaint air. Chuir sí isteach an

t-ordú. Leaindeáil doras nua 8m ar fad agus 4m

ar leithead ar an bpointe. Bhí neart airgid acu!!

Bhí an marquee mór socraithe sa ngairdín

anois. Bhí an dearthóir príobháideach in éineacht

leo, agus iad ag réiteach an leagan amach.

Chaithfeadh chuile rud a spás fhéin a bheith aige.

Ach lean na fadhbanna, fadhb i ndiaidh faidhbe!

Thug na gasúir faoi deara nach raibh aon uisce

sa linn snámha. Theastaigh 5000 lítear uisce

uathu mar bhí an linn snámha 2000m 2 . 50m ar

fad agus 40m ar leithead. Ní raibh aon rogha

acu. Ghlaoigh siad ar an mbriogáid dóiteáin le

34

go líonfaidís an linn snámha le huisce sa gcaoi

go mbeadh siad in ann é a úsáid. Líon an

bhriogáid dóiteáin an linn snámha le huisce.

Bhí siad réitithe don chóisir mór ar deireadh,

nó sin é a cheap siad. Ach bhí fadhb eile anois

acu. Ní raibh Kourt sásta ar chor ar bith mar

nuair a tháinig an bia, ní raibh sé gearrtha sna

cruthanna a bhí uaithi! Siod é an rud ba mheasa

a d’fhéadfadh tarlú! Bhí chuile rud trína chéile

anois agus bhí Kourt ag caoineadh. Cén chaoi a

mbeadh siad in ann an fhadhb seo a réiteach?

Chaithfeadh an chóisir dul ar aghaidh!

Isteach sa sa seomra suite leis an gclann ar

fad le cruinniú mór a bheith acu!!

Shocraigh siad go ndéanfadh gach duine acu

rud amháin de na rudaí a bhí le déanamh don

sailéad. Bhí uirlisí ag teastáil uathu. Theastaigh

rialóir, sceana, gearrthóirí agus scamhairí uathu

chun na cruthanna ar fad a bhí ó Kourt a

dhéanamh leis an mbia. Fuair Gordon Rombas

cuireadh freisin. Bheadh sé seo in ann cabhrú

leo. Chonaic Gordon Rombas iad, agus iad ag

35

iarraidh na glasraí a ghearradh. Thosaigh sé ag

béiceadh orthu: “Téigí amach as an gcistin anois

agus éistigí liomsa! Tá plean ’amsa. Ullmhóidh

muid Beef Wellington agus Steak Ragú le sailéad

‘ar an taobh’ don dinnéar.

Don mhilseog, beidh Brownies le huachtar

reoite againn, sú talún clúdaithe le huachtar,

agus seacláid agus Tangahulu. Le haghaidh an

Tangahulu, theastaigh coimeádáin ghloine a

mbeadh ainm na milseoige orthu. Fuair duine

den gharchlann a bhosca Matamaitice. Thug

siad do Gordon é. Thosaigh Gordon ag úsáid an

chompáis chun triantáin a tharraingt chun an

cruth priosma triantánach a dhéanamh leis an

gcúcumar agus leis an leitís. D’ith gach duine

dinnéar agus milseog ina dhiaidh. Bhí lá anghnóthach

acu agus bhí siad ar fad an-tuirseach

ina dhiaidh. Bhí sé an-deireannach agus chuaigh

siad ar fad a chodladh ansin.

36

Drift

le Conall Ó Conghaile, Michael Ó Maolalaidh

“Is breá liom Tokyo,” arsa Dom Ciúb leis fhéin

agus é ag breathnú timpeall ar na skyscrapers.

Chuala Dom Ciúb duine eicínt ag rá go raibh

siad ag iarraidh rás in aghaidh a chairr fhéin

agus mar sin bhí sé ag iarraidh páirt a ghlacadh

i rása mór. Is Dodge a bhí aige agus ba bhreá an

carr í.

Tháinig lá an rása. Bhí go leor carranna ann.

Tháinig Elna Husk sa Dumper. Ina dhiaidh sin

tháinig Jack Terry an Priosma, i mbád a raibh

rothaí uirthi, le haghaidh breathnú ar an rása.

Bhí carranna aisteacha sa rás. Ní raibh an

coscán láimhe curtha ag Steve Sféar ar a charr

agus thosaigh sí ag rolladh agus ag rolladh. Go

tobann, bhuail sí carr Fiat cearnógach a bhí

páirceáilte ar an tsráid. Chlis ar na coscáin. Bhí

sé amuigh as an rás.

37

Tháinig Porsche 911 le fuinneoga dorcha.

Strainséar a bhí inti. Níor aithin aon duine é.

“Mmmmm … meas tú cé a bheadh ansin?” a

dúirt an tráchtaire. Bhí deartháir Jack Terry, Bob

Terry an Chearnóg ann freisin.

Bhí daoine ar an taobhlíne agus iad ag cur

geall ar an rása. Siod iad na seansanna a bhí ann:

Uimhir Carr Míle san uair Seans

1. Buggati Veyron 267 m.s.u. 1/3

2. Lamburghini Huracan 202 m.s.u. 1/4

3. Porsche 911 182 m.s.u. 1/4

4. Skyline GTR 165 m.s.u 1/4

5. Dodge Charger 132 m.s.u. 1/5

6. Fiat 129 m.s.u. 1/9

7. Bobcat 25 m.s.u. 1/40

8. Dumper 18 m.s.u. 1/40

Chuir Jim Bob Joe €1,000 ar an mBugatti. Bhí

sé cinnte go mbuafadh sé agus go mbeadh sé

saibhir. Anois bhí an rás réidh le tosú.

Chuaigh na carranna ar fad suas ag an líne

38

ar an ngreille chearnógach. Fuair siad ar fad spás

ar an X-ais. Bhí méadar amháin idir ’chuile charr

mar ní raibh siad in ann teisliú. Thosaigh siad ar

fad ag reibheáil. Bhí an torann is airde ag Jack

ina Dodge Charger. Bhéic Steve amach. “An bhfuil

sibh réidh?” Ligeadh anuas an bhratach agus

d’imigh na carranna.

Nuair a d’fhág siad an greille chearnógach,

is ansin a thosaigh an rása i gceart. Ar an gcéad

chasadh bhí orthu casadh 90 céim a thógáil.

D’iompaigh Elna Husk sa Dumper mar gheall go

raibh clúdach draein shorcóireach caite ar an

mbóthar. Stop siad an rása ar feadh tamaill le

haghaidh caoi a chur air. Bhí an Dumper anláidir

agus ní raibh aon damáiste déanta di.

Thosaigh an rása arís.

Thosaigh ’chuile charr ón áit inar stop siad.

Bhí an Porsche chun tosaigh agus bhí an Skyline

sa dara háit. Ní raibh a fhios ag aon duine fós cé

a bhí sa bPorsche. Bhí píosa bóthair díreach ansin

ann sula raibh casadh 360 céim le déanamh acu.

Ciorcal iomlán ... rinne an Skyline agus an Porsche

39

drift ach ní dhearna aon charr eile. An chéad rud

eile — ná habair — bhí timpiste ann! Bhí ’chuile

charr amuigh as an rás anois seachas an Skyline

agus an Porsche … bhuel, sin a cheap siad uilig

ar aon nós!

Go tobann, amach as áit eicínt, tháinig Elna

Husk sa Dumper. Bhí poll i gceann de na rothaí

mar go raibh sé tar éis dul os cionn scéithphíopa

Bhob Terry. Bhéic Bob air ag rá leis go raibh

aiféal air ach chuir Elna Husk den bhóthar é agus

isteach sna sceacha! Bhí Bob gortaithe anois.

Le fáil amach cé a bhí sa bPorsche rinne an

Lamborghini Huracan drift ag 200 m.s.u. Bhuail sé

claí agus thit an rotha ciorclach den charr.

Bhuail an rotha Jack Terry a bhí sa mBobcat. Bhí

an Bobcat amuigh as an rása anois freisin. Bhí

Jack é fhéin gortaithe. Tháinig an fhoireann

slándála. Chuir siad Jack ar shínteán. Bhí sé anghar

idir an Buggati Veyron agus an Lamborginhi

Huracan anois. Ach ansin tháinig an Porsche 911

suas chomh fada leo. Bhí seans ag trí charr an

rása a bhuachtáil anois.

40

Chuaigh siad le haghaidh pit stop. Níor thóg

sé ach 1.9 soicind ar an mBuggati agus bhí stop

2.1 soicind ag an Lamborghini. Ach bhí stop

uafásach mall ag an bPorsche mar gheall nach

raibh aon rothaí ciorclacha acu sa ngaráiste! Bhí

an strainséar an-fheargach mar thóg an stop

1.11.1 soicind air.

Bhí an Porsche chun deiridh anois. Ach má

bhí fhéin, bhí luas aisteach ag an bPorsche.

Amach léi thar go leor de na carranna. Bhí an

Lamborghini sa gcéad áit, an Bugatti sa dara háit

agus bhí an Porsche ag iarraidh teacht suas leo.

Bhí sé an-ghar idir an Dumper agus an Skyline.

Ach de réir a chéile thosaigh an Skyline ag

cailleadh cumhachta. Bhí sí ag titim siar sa rása.

Cheap ’chuile dhuine go raibh sí amuigh as an

rása ach ansin thosaigh sí ag obair arís!

Ní raibh mórán eile le dhul sa rása ansin.

Thóg siad coirnéal a bhí 95 céim agus go tobann

chuir an Lamborghini iallach ar an mBugatti

tarraingt ar na coscáin go sciobthaí. D’imigh an

boinéad den Bhugatti! Chuaigh an Porsche thar

41

an mboinéad agus chuaigh sé i bhfostú fúithi.

Fós féin, choinnigh sí uirthi ag imeacht. Bhí an

Skyline ag teacht ar ais go láidir agus í ag teacht

níos gaire agus níos gaire den Phorsche 911.

Amach léi thar an bPorsche! Amach leis an

Dumper freisin, agus bhí an Lamborghini agus an

Buggatti ag déanamh go maith freisin. Ach — ná

habair — TIMPISTE!

Bhí timpiste ag an mBuggatti agus an

Lamburghini ag casadh 30 céim! Anois bhí an

Skyline chun cinn. An mbeadh sí in ann an rása

a chríochnú sa gcéad áit? Bhí ’chuile charr ag

imeacht ar luas lasrach. Ceann i ndiaidh ceann

eile. Ag teacht ag an deireadh, bhí cois go hurlár

ag tiománaí an Skyline! An chéad áit! Bhí an bua

ag an Skyline!!!!!

“ÉÉÉÉÉÉÉÉÉÉÉÉ!!” arsa Jim Bob Joe ón seastán.

“Ní bheidh mise ag cur geall arís go brách!!!”

Is mar sin a chríochnaigh an scéal, agus ní

bhfuair muid amach riamh cé a bhí sa bPorsche.

42

Ronnie Fox

agus na Carranaí

Cruthana!!!

le Saileog Ní Ghionnáin, Jessica Ní Fhlatharta,

Cliodhna Nic Dhonnacha, Paige Ní Fhlatharta

agus Eibhlín Nic Eochagáin

Lá amháin bhí Ronnie Fox an Chearnóg ina

BMW E36 lena chara Protein Bor Papi agus

bhuail siad isteach faoin mballa. Ghlaoigh siad

ar Jimbobjoe, an meicneoir. Tháinig pickup truck

corcra Jimbobjoe chomh fada le Ronnie Fox agus

Protein Bor Papi. Tháinig Galaxy Bar an

Ciúbóideach ach bhí sé gléasta mar Jimbobjoe.

Níor aithne Ronnie Fox ná Protein Bor Papi é.

Chuaigh siad uilig isteach sa pickup truck.

Ar an mbealach ag dtí an garáiste chonaic

siad Dan Diesel, fear mór millteach le matáin

mhóra agus strainc ar a éadan. Bhí sé ag dul

43

timpeall i gciorcail i gcarr deas. Ferrari dearg a

bhí ann. Bhí sé ag dul 270 m.s.u. agus é ag

déanamh 360 céim ar an talamh. Bhí ciorcail

fágtha ’chuile áit ar an talamh aige. Bhí sé

díreach tar éis a bheith ag an rallaí agus rinne sé

níos fearr ná ’chuile fhear eile a bhí ann. Bhuail

sé Terry Crews an dronuilleog “cool” a bhí ag

déanamh 360 céim freisin. Ba é Terry Crews an

dronuilleog “cool” an fear ab fhearr ag an rallaí

go dtí gur tháinig Dan Diesel. Nuair a bhí Dan

Diesel ag ceiliúradh an bhua, bhuail sé isteach

faoi chrann.

“Ohhh noooo, tá mo charr álainn mílte

agam,” arsa Dan Diesel. “Oi! Sibhse sa pickup

truck corcra. Teastaíonn síob uaim go dtí an

garáiste!”

“Alright, gabh isteach sa gcarr,” a dúirt

Jimbobjoe (Galaxy Bar).

Thiomáin siad soir go dtí an garáiste agus

chonaic siad Jimbobjoe (Galaxy Bar) agus dúirt

Jimbobjoe go mbeadh sé in ann caoi a chur ar an

gcarr. Nuair a bhí Jimbobjoe ag cur caoi ar an

44

gcarr dúirt Dan Diesel, “An mbeidh sibh ag dul

ag an rása sráide ar ball?”

“Beidh muid,” arsa Protein Bor Papi.

Tar éis tamaill bhí orthu dul chuig an rás

chúrsa. Is ciorcail a bhí sa chéad chúrsa. Bhí sé

3,540m ar fhad. Chaithfeadh siad dul thimpeall

an imlíne chúig uaire. Bhí 17,700m le déanamh

acu. Chaithfeadh siad dul suas agus síos an

trastomhas trí huaire agus leaindeáil sa teascóg.

Bhí an trastomhas 1126.816997m agus

chaithfeadh siad dhul suas agus síos trí huaire

air sin. B’in 3380.450991m. Ba é 1 / 6 den chiorcal

an teascóg.

45

Ba í Sofia an Sorcóir galánta an réiteoir agus

chuir sí na buachaillí sa dronuilleog a raibh siad

le tosú ann. Bhí Protein Bor agus Ronnie Fox i

gcarr amháin. An carr a bhí acu ná an BMW E36

a bhí deisithe ag Jimbobjoe (Galaxy Bar). Bhí

Dan Diesel agus a sidekick i Ferrari dearg agus

bhí Terry Crews agus a sidekick i bPorsche 992

GT3rs dubh. Bhí sé beagnach in am don chéad

bhabhta.

Bhí Ronnie Fox cineáilín neirbhíseach ach

dúirt Protein Bor Papi go mbeadh ’chuile shórt

iontach.

Anois 9:30in a bhí ann. Bhí an rása réidh

le tosú. Tháinig siad uilig suas go dtí an líne

cothrománach. Ansin scread Sofia, “Okay, an

46

hfuil sibh réidh?!” “Vrmmmm vrmmmmmm!,”

a dúirt na carrannaí. “Soilse múchta agus AR

AGHAIDH LIBHHHHH!! GO GO GO!!!!!!!!!!!” a

dúirt Sofia an sorcóir galánta! Thosaigh siad ag

tiomáint agus ag dul an-sciobtha.

Ar dtús bhí Dan Diesel chun tosaigh. Ansin

bhí Terry Crews an Dronuilleog “cool” agus an

chéad nóimead eile bhí Ronnie Fox agus Protein

Bor Papi tar éis speedáil thar ’chuile dhuine!!

“WOW, teacht chun cinn iontach a bhí

ansin!” arsa Sofia an Sorcóir galánta.

“Tá mé ag ceapadh go mbeidh an bua ag

Ronnie Fox an Chearnóg agus Protein Bor Papi!”

Tháinig Dan Diesel thar Protein Bor agus

Ronnie Fox. Bhí siad beagnach ag an teascóg,

bhí 14160m déanta acu, sin ceithre raon déanta.

Bhí 6920.45099m fághta le déanamh acu. Ní

raibh siad ach ruainnín beag taobh thiar do Dan

Diesel.

“Oh a Mhuire, tá an bua beagnach ag Dan

Diesel ach níl Ronnie Fox agus Protein Bor ach

díreach taobh thiar dhó!” a bhéic Sofia.

47

D’éirigh an lucht féachana ciúin mar bhí an

rás chomh gar idir an bheirt. Bhí carr Phrotein

Bor agus Ronnie Fox ag dul i líne fiarach go dtí

carr Dan Diesel ag triail é a stopadh.

Ní raibh Dan Diesel róshásta go raibh Protein

Bor ag triail iad a stopadh mar sin bhuail sé a

charr isteach in aghaidh carr Phrotein Bor agus

Ronnie Fox. Nuair a bhuail carr Dan Diesel carr

Phrotein Bor agus Ronnie Fox chuaigh an carr

suas seacht méadar san aer agus díreach isteach

sa teascóg ar a taobh agus phléasc dhá rotha

air.

“Ó, A MHAIGHDEAN! TÁ RONNIE FOX

AGUS PROTEIN BOR PAPI TAR ÉIS AN RÁS A

BHUACHAINT!!! Is cosúil go bhfuil na rothaí ar

a gcarr pléascaithe acu! Buíochas le Dia nach

raibh Ronnie Fox ná Protein Bor Papi gortaithe

ach beidh an carr sin le deisiú ag Jimbobjoe go

beo!”

Anois tá Dan Diesel, Ronnie Fox agus Protein

Bor Papi tríd go dtí babhta a dó ach tá Terry

Crews an Triantán Comhshleasach amuigh. Ní

48

aibh Dan Diesel chomh croíbhriste sin mar bhí

sé fós ag dul tríd go dtí an chéad bhabhta eile.

Tháinig Jimbobjoe go dtí an rása sráide chun

caoi a chur ar a charr. Dúirt sé go mbeadh an

carr réitithe aige le haghaidh an chéad bhabhta

eile.

“Is cúrsa cearnógach atá i mbabhta a dó agus

caithfidh siad dul thimpeall na cearnóige trí

huaire. Tá chuile thaobh 463m. Tá imlíne na

cearnóige = 1852m. Chuile uair, caithfidh siad

dul díreach in aice leis na faobhair, casadh ag

chuile dhronuillinn agus casadh 360 céim a

dhéanamh ag gach dronuillinn”, a dúirt Sofia.

“Sa rás seo beidh Dan Diesel, Lando Norris,

Carlos Sainz Jr, Protein Bor Papi agus Ronnie Fox.

Beidh triúr ag dul ar aghaidh go dtí babhta a trí

as an rás seo. Na carranaí atá i mbabhta a dó

ná an Ferrari 250 GT California dearg ag Carlos

Sainz, an BMW M5 ag Lando Norris, an BMW E36

ag Ronnie Fox agus Protein Bor Papi agus fuair

Dan Diesel carr nua — an Porsche 993 Turbo. Tá

na carranaí uilig ag breathnú go hálainn!”

49

“Ar dtús bhí Roinne Fox chun tosaigh agus ní

raibh Dan Diesel i bhfad taobh thiar dhóibh. Bhí

Carlos Sainz agus Lando Norris ag bualadh in

aghaidh a chéile agus chuir Carlos Sainz Lando

amach den ráschúrsa! Anois tá Lando imithe

agus ní bheidh sé ar ais!!!”

Nuair a tháinig siad go dtí an dara

dronuillinn, bhí orthu 360 céim a dhéanamh.

Thosaigh carr Roinne Fox agus Protein Bar ag

briseadh síos.

50

“Tá carr Ronnie Fox agus Protein Bor briste

síos. Níl fágtha anois ach Dan agus Carlos ach

mar gheall go raibh Lando imithe ar dtús tá

Ronnie Fox agus Protein Bor fós tríd go dtí an tríú

babhta!”

Bhuaigh Dan Diesel an chéad áit agus fuair

Carlos an dara háit.

“Meastú céard a rinne Jimbobjoe leis an

gcarr?” a dúirt Ronnie Fox.

“Níl a fhios agam,” arsa Protein Bor Papi.

“Caithfidh muid tabhairt amach dhó!” a

dúirt siad.

Chuaigh siad go dtí Jimbobjoe agus thosaigh

siad ag tabhairt amach dhó.

“Cén fáth ar mhill tú ár gcarr?”

“Mahahahahaha!” a dúirt Jimbobjoe.

“Ní mise Jimbobjoe! Is mise GALAXY BAR”.

DEN DEN DENNNNN!!!

“Ó mo Dhia!” arsa Ronnie Fox, “Is tusa a bhí

ann an t-am ar fad!”

“Tá Jimbobjoe maraithe agam! Ahaha! Ní

maith liom é ar aon nós… ughh!”

51

Chaith Protein Bor a chuid lámha agus ansin

cé a tháinig ach TOMMY SHLEBBY.

“Is mise Tommy Shlebby, an meicneoir nua.”

Chuir Tommy Shlebby caoi ar an gcarr roimh

bhabhta a trí.

“I mbabhta a trí, is triantán comhshleasach

atá ann. Tá orthu dul thimpeall an triantáin trí

huaire agus dul isteach agus amach sna géar

uillinneacha atá 60 céim.”

Bhí siad uilig réidh chun an rás a chríochnú.

“SOILSE MÚCHTA AGUS AR AGHAIDH

LIBH!!”

Ar aghaidh leo sa rás deiridh den oíche.

Bhí Carlos ag déanamh go maith ach chuir

Ronnie Fox agus Protein Bor amach é. Ar feadh

píosa bhí Dan Diesel chun cinn ach chuir Protein

Bor a chos ar an bpeddle agus faoi cheann dhá

shoicind bhí siad díreach in aice le Dan Diesel

arís. Bhí siad buailte ar a chéile.

“Beidh an rás seo an-ghar ar fad!” a dúirt

Sofia an Sorcóir le sceitimíní uirthi.

Bhí sé an-ghar, bhí siad ag dul isteach go dtí

52

an géaruillinn deiridh agus sa nóimead deiridh

chuir siad Dan Diesel amach as an triantán agus

bhí an bua ag RONNIE FOX AGUS PROTEIN

BOR!

53

“WOOHOO!” a dúirt Tommy Shlebby agus na

Peaky Fendors (na meicneoirí).

Bhí gach duine an-sásta don bheirt. Ina

dhiaidh sin bhuaigh siad gach rás a bhí acu agus

bhí siad ar na daoine is cáiliúla ar domhan.

54

55

56

An Rás Chuig

an mBanc

le Rang a 6, Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn

D’oibrigh daltaí rang a 6 le chéile le tús scéil a chruthú.

Spreag sé sin iad chun a gcuid scéalta féin a scríobh.

Seo thíos tús an scéil.

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie ag smaoineamh ar an méid

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

57

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach. Bhí sí ag

iarraidh 7 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór ar an

mbóthar. Bhris sé leath dá chos. Ansin thit Jackie

1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas an Damhán Alla dána an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell. Madra

mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3 ) Tarbhbhrocaire

agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad an

nead damhán alla leis an gcloch a chur ann. Bhí

siad ag iarraidh moill a chur ar Jackie 1 / 8 agus

Bobby an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag

iarraidh an banc a robáil freisin!

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ag luí siar

ar an talamh. Sna scamaill, chonaic siad

cruthanna codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill

½ níos mó ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag

cur báistí. Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de corcra

agus doras buí air — bhí leath den doras oscailte

agus leath de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an

doras. Bhí 6½ fuinneog air mar gur bhris siad

58

leath de cheann de na fuinneoga sa samhradh le

liathróid nuair a bhí siad ag imirt cluiche peile.

Chonaic siad crainnte agus sceacha le

cruthanna codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas an Damhán Alla ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie ⅛ agus Bobby an Bhó.

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar.

59

An tEolaí Sheldon

le Séan Mac Aoidh Ó Grianna

Tráth dá raibh bhí eolaí ann. Sheldon an t-ainm

a bhí air agus bhí sé 36 bliana d’aois. Bhí sé ina

chónaí leis féin i Sasana. Bhí sé ag triáil meaisín

taistil ama a thógáil ar feadh 5 bliana i

saotharlann eolaíochta le foireann eolaíochta.

Bhí dul chun cinn á dhéanamh ag an bhfoireann

gach lá.

Ar an 26/6/28 bhí an fhoireann ag obair ar

an meaisín taistil ama nuair a las sé suas. Bhí sé

réidh. Ba iad na chéad daoine iad chun taisteal

ama a dhéanamh. Chuaigh Sheldon isteach sa

mheaisín taistil ama. D’éirigh gach rud dorcha

ar feadh 2 nóiméad.…

Ansin thit sé. Bhuail sé an talamh go crua. Ní

raibh aon duine leis agus bhí uimhreacha ar

gach rud. Níorbh iad na huimhreacha céanna

iad. Uimhreacha ó 1 go 100 a bhí iontu. Nuair a

60

d’fhéach sé siar ar an tairseach las sé suas agus

dúirt sé leis go raibh air 500 uimhir a bhailiú

chun an tairseach a oscailt. D’éirigh sé agus

thosaigh sé ag bailiú na n-uimhreacha ach nuair

a rug sé ar an uimhir bhí air an planda a mharú

chun an uimhir a fháil. Thuig sé go dtógfadh sé

sin tamall fada. Mar sin fuair sé claíomh le

haghaidh plandaí a mharú níos tapúla. Mar sin

féin thóg sé níos mó ná trí lá air é a dhéanamh.

I ndiaidh trí lá fada bhí sé réidh. Ach sula

ndeachaigh sé isteach ghlaoigh créatúr air.

“Rinne tú dearmad ar rud éigin,” a dúirt an

créatúr leis agus thug sé a chóta dó. Rith sé uaidh.

Ansin shiúil sé go dtí an tairseach. D’éirigh sé

dubh dorcha ar feadh dhá nóiméad eile sular

thuirling sé ar ais go dtí an tsaotharlann. Nuair

a tháinig sé ar ais d’inis sé do gach duine céard a

tharla agus cén chaoi a raibh an domhan eile.

AN DEIREADH

61

An Rás Chuig

an mBanc

le Briain Mac Donncha, Enda Ó Deá

agus James Ó Farannáin

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr, Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie 1 / 8 ag smaoineamh ar an méid

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach. Bhí sí ag

62

iarraidh 7 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór roimpi

ar an mbóthar. Bhris sí leath dá cois. Ansin thit

Jackie 1 / 8 thar Bhobby an Bhó.

Ba é Séamas an Damhán Alla dána a chuir

an chloch ann le cabhair óna pheata, Russell. Ba

mhadra mór é Russell — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3 Tarbhbhrocaire

agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad an

nead damhán alla leis an gcloch a chur ann. Bhí

siad ag iarraidh moill a chur ar Jackie 1 / 8 agus ar

Bhobby an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag

iarraidh an banc a robáil freisin!

63

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ina luí siar

ar an talamh. Sna scamaill, chonaic siad

cruthanna codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill

½ níos mó ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag

cur báistí. Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de corcra

agus doras buí air — bhí leath den doras oscailte

agus leath de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an doras.

Bhí 6½ fuinneog air mar gur bhris siad leath de

cheann de na fuinneoga sa samhradh le liathróid

nuair a bhí siad ag imirt cluiche peile. Chonaic

siad crainnte agus sceacha le cruthanna codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas an damhán alla ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc mar chuid den

chóras slándála agus bhí Russell in ann dul fúthu

agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó.

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar. Fuair

64

Séamas an Damhán Alla bás láithreach ó na

léasair ach bhí Russell fós ag triail fáil tríothu.

D’éirigh Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ina

seasamh. Léim Jackie 1 / 8 ar dhroim Bhobby agus

thosaigh siad ag dul go dtí an banc. Bhí toitíní i

mbéal Jackie 1 / 8. Bhí Jackie 1 / 8 ag buaileadh Bobby

le ¾ de bheilt. Shroich Bobby agus Jackie an

banc. Nuair a chuaigh siad isteach ann, bhí fear

ann darbh ainm Raj.

“Dia dhaoibh a chairde. Céard atá uaibh?” a

dúirt Raj.

“Tá muid ag iarraidh an banc a robáil!”

“Oh noo, noo, noo, níl cead agaibh é sin a

65

dhéanamh! Sin é. Caithfidh mé glaoch a chur ar

na gardaí!”

“Fan soicind,” a dúirt Jackie 1 / 8 “Má thugann

muid 1 / 8 den airgead duit, sin 1 mhilliún euro!”

“Okay, ceart go leor. Déanfaidh mé é. Anois

caithfidh mé an cód a fháil le haghaidh an

taisceadáin. Dúirt mo bhainisteoir go bhfuil an

cód ar an bpíosa páipéir seo. Anois deireann sé

1 / 5 de 3,500 — sin é an cód. Ceart go leor so. Is é

an freagra le haghaidh an cód sin ná 700. Ceart

go leor. Dá bhrí sin, sin é an cód le haghaidh an

taisceadán!’

Rith Jackie agus Bobby an Bhó isteach sa

taisceadáin lena málaí dufail agus thóg siad a

lán airgid! Fuair Jackie 1 / 8 a hairgead agus fuair

sí a lamborghini. Ach ina dhiaidh sin dúirt sí go

raibh a dóthain airgid aici agus ní raibh sí ag

iarraidh níos mó. Thug sí 1 / 3 do Bhobby agus do

Raj. Nuair a fuair Raj a t-airgead fuair sé tanc!

Agus nuair a fuair Bobby an t-airgead fuair sé

garraí le go leor leor féir! Bhí gach duine

an-an-sásta go deo!

66

Tá patrúin i ngach áit

le Réaltín de Búrca

Is maith le Sara ceol agus spórt. Is maith le hÁine

spórt agus stair. Bhí an bheirt chairde ag siúl síos

an bóthar atá in aice leis an scoil nuair a chonaic

siad bláthanna. D’fhéach siad ar na bláthanna

67

ar feadh píosa agus thug siad faoi deara go raibh

patrún sna bláthanna. Bhí dhá cheann óir, trí

cinn dhearga, dhá cheann óir, agus trí cinn

dhearga. Ansin d’fhéach siad thart ar feadh

píosa agus thug siad faoi deara go raibh patrún

sna tithe freisin. Bhí ceann amháin bán, ceann

68

amháin bándearg, ceann amháin bán, ceann

amháin bándearg!

“Tá sé seo iontach!” a dúirt Sara.

“Tá?” a dúirt Áine... “Cén fáth?”

“Tá patrúin i ’chuile áit!” a d’fhreagair Sara.

Agus tá go leor cinn eile!

“Tá, breathnaigh!”

“... tá féileacáin le patrún ar a sciatháin”.

“Ó, sea tá, tá pocodots ar a sciatháin! Tá

ceann gorm, dhá cheann ghlasa, trí cinn buí,

ceithre cinn dhearga! Ach ansin thosaigh an

féileacán ag gníomhú go haisteach. Thosaigh sí

ag eitilt chuig doras buí a raibh glas air. Bhí

patrún ar an nglas. “Ó, tá mise in ann é a

dhéanamh!” a dúirt Áine. Thriáil sí an glas. Agus

tar éis píosa d’oscail sí é!

“Wow cén chaoi a ndearna tú é sin?” a

d’fhiafraigh Sara. “Bhuel smaoinigh mé ar na

patrúin uilig a chonaic muid inniu agus sin céard

a rinne mé.” “Ach cén patrún a d’úsáid tú?” a

d’fhiafraigh Sarah.

“Rinne mé patrún fá 2.”

69

70

An Rás Chuig

an mBanc

le Muireann Ní Ghallchóir agus Grace Ní Ghríofa

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie 1 / 8 ag smaoineamh ar an méid

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach. Bhí sí ag

iarraidh 7 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór ar an

71

mbóthar. Bhris sé leath dá chos. Ansin thit Jackie

1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas an Damhán Alla dána, an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell.

Madra mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3

Pitbull agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad an nead

72

damhán alla leis an gcloch a chur ann. Bhí siad

ag iarraidh moill a chur ar Jackie 1 / 8 agus Bobby

an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag iarraidh an

banc a robáil freisin!

Bhí Jackie⅛ agus Bobby an Bhó ag luí siar ar

an talamh. Sna scamaill, chonaic siad cruthanna

codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill ½ níos mó

ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag cur báistí.

Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de corcra agus doras

buí air — bhí leath den doras oscailte agus leath

de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an doras. Bhí 6½

fuinneog air mar gur bhris siad leath de cheann

de na fuinneoga sa samhradh le liathróid nuair

a bhí siad ag imirt cluiche peile. Chonaic siad

crainnte agus sceacha le cruthanna codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas an Damhán Alla ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó.

73

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar.

Fuair Séamas an Damhán Alla dána, bás

nuair a léim sé isteach sa léasar. Bhí an madra

Russell fós ar thóir an airgid. Thosaigh an

t-aláram ag buaileadh mar go ndeachaigh

Séamas tríd na léasair. Rith Russell i dtreo an

airgid. Bhris sé isteach sa tasiceadán agus fuair

sé an t-airgead ar fad. Ní raibh Jackie 1 / 8 sásta

agus bhí sí ag iarraidh an t-airgead a sciobadh ó

Russell. Thosaigh siad ag troid agus fuair Jackie

1 / 8 ¾ den airgead ó Russell. Léim Jackie 1 / 8 ar

Bhobby ach rinne sí dearmad go raibh cos

Bhobby briste agus ansin bhuail Russell Jackie 1 / 8

le ¼ de friochtán agus fuair sé an t-airgead ar ais.

74

Bhí Jackie 1 / 8 ina codladh anois. Bhí cos eile

Bobby briste. Thug Russell ⅛ den airgead do

Bhobby le haghaidh na hobráide ar a chos. Bhí

Bobby an-sásta. Fuair Jackie 1 / 8 bás. Chuaigh

Russell chuig an aerfort agus thóg sé eitleán go

dtí Miami. Fuair sé teach mór le ¼ den airgead.

Tá Russell fós ina

chónaí i Miami go dtí

an lá atá inniu ann.

Anois tá €9,375,000

ag Russell.

75

Scéal mata

le Daithí Ó Gairnéir

Bhí 5 éan ar an gcrann.

Bhí siad uilig suite ar an gcrann nuair a

tháinig éan a 7. Nuair a tháinig éan a seacht

d’imigh éan a 4. Ní raibh a fhios ag na héin cén

fáth gur fhág sé.

Ansin tháinig éan a 9 agus d’imigh éan a 6.

Ní raibh cliú ar bith ag na héin céard a tharla.

Thosaigh siad ag smaoineamh ar phátrún.

Fuair siad amach chuile uair go dtagann éan

bíonn siad +2 an méid éan atá ann. Chuile uair

a imíonn éan bíonn -3 an uimhir éin is airde.

Fuair siad amach nuair a thiocfadh éan 11,

d’imeodh éan a 8.

Nach iontach an rud é an nádúr!

76

An Obair Bhaile Amú

le Paige Ní Ghríofa agus Morgan Nic Neighill

Lá amháin bhí 1, 2, 6 agus 4 ar scoil nuair a dúirt

an múinteoir “Ná déanaigí dearmad ar an obair

bhaile” agus ansin bhuail an clog.

“Céard atá le haghaidh obair bhaile?” arsa 6.

“Tá léamh, Mata agus Béarla” arsa 2. “4, cá

bhfuil do leabhair?”

77

“Tá siad i mo lámh” a dúirt 4.

“Níl siad!” a dúirt 2.

“ÓÓÓ mo Dhia rinne mé dearmad ar

m’obair bhaile ar scoil!” a dúirt 6.

“Bhuel caithfidh tú a dhul ar ais!” a dúirt 2.

“Sea níl mé ag iarraidh a bheith i dtroiblóid”,

arsa 4.

“Ceart go leor,” a dúirt 1 agus chuaigh 4 ar

ais. Rith sé agus rith sé.

Ansin rinne 4 1 / 3 den obair bhaile. Chuaigh sé

abhaile dúirt sé lena mhamaí “Rinne mé 1 / 3 eile

de m’obair bhaile”.

An deireadh.

78

Níl Bob Havin’ it!

le Rónán Nuinseann

Lá amháin bhí Gregory ag obair i McDonald’s.

Tháinig Bob isteach ina Rolls Royce.

“4 Big Mac, 4 sceallóga móra, 2 Fanta oráiste

agus 2 Sprite más é do thoil é,” a dúirt Bob.

“Sea, sin €19.75 ag an bhfuinneog más é do

thoil é,” a dúirt Gregory.

79

Thiomáin Bob chuig an fhuinneog agus léim

sé amach as a charr agus isteach tríd an

bhfuinneog.

“HÉ!!!! NÍ FÉIDIR LEAT É SIN A DHÉANAMH!”

a scread Gregory.

Rith Bob agus ghoid sé beagnach gach a

raibh sa mbialann. Chuir sé gach rud ina mhála

agus RITH sé amach.

Tháinig sé ar ais cúpla nóiméad ina dhiaidh

sin agus é faoi cheilt. Bhí sé ar tí ordú eile a

dhéanamh nuair a rith na Gardaí isteach agus

rinne siad slide tackle ar Bob.

“Tá tú ag dul go dtí an príosún,” a dúirt an

Garda le Bob.

Nuair a shroich siad an príosún dúirt an

Garda go mbeadh sé i gcillín 134. Nuair a shroich

sé a chillín bhí duine eile ag roinnt an chillín leis.

“Psssssst!” a dúirt an duine.

“Sea?” a d’fhreagair Bob.

“Tá mé ag díol rudaí ar an margadh dubh,”

a dúirt mo dhuine.

“Cé mhéid atá ar Skittles?” a d’fhiafraigh Bob.

80

“95 cent,” a deir mo dhuine.

“Agus Mars?” a d’fhiafraigh Daithí.

“95 cent,” a dúirt mo dhuine.

“Tá gach rud 95c. 2 Skittles agus 2 Mars, sin

.95 x 2, sin €1.90 agus €1.90 x 2 sin €3.80,” a

dúirt mo dhuine.

“Seo dhuit,” a dúirt Bob.

Nuair a d’oscail Bob na Skittles ní raibh ann

ach CLOCHA! D’oscail sé an Mars, céard a bhí

ann..? CLOCHA!!

“Oíche mhaith!” a dúirt sé.

AN DEIREADH

81

An Rás Chuig

an mBanc

le Aoife Nic Leannáin

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie 1 / 8 ag smaoineamh ar an méid

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach. Bhí sí ag

iarraidh 7 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór ar an

mbóthar. Bhris sé leath dá chos. Ansin thit Jackie

1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas an Damhán Alla dána an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell.

Madra mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3

Tarbh-bhrocaire agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad

an nead damhán alla leis an gcloch a chur ann.

Bhí siad ag iarraidh moil a chur ar Jackie 1 / 8 agus

82

Bobby an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag ag

iarraidh an banc a robáil freisin!

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ag luí siar ar

an talamh. Sna scamaill, chonaic siad cruthanna

codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill ½ níos mó

na na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag cur báistí.

Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de chorcra agus

doras buí air — bhí leath den doras oscailte agus

leath de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an doras. Bhí

6 go leith fuinneog air mar gur bhris siad leath de

cheann de na fuinneoga sa samhradh le liathróid

nuair a bhí siad ag imirt cluiche peile. Chonaic

siad crainnte agus sceacha le cruthanna codán.

83

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas an damhán alla ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an bhó.

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar. Thit sé síos

go dtí an talamh agus fuair sé bás. Bhí fuil ag

titim dhó agus bhí marc gorm agus glas fágtha

ag na léasair ar a chloigeann. Ag an nóiméad sin

tháinig Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó isteach.

Chas Russell thart agus thosaigh sé ag tafann ag

taispeáint a chuid fiacla.

D’fhan Bobby an Bhó ag an doras, chonaic

Jackie 1 / 8 bosca na lasc ar an mballa. Bhí ocht

lasc ann. Bhí 7 / 8 daoibh líonta ach bhí 1 / 8 nach

raibh lán. Thosaigh Jackie 1 / 8 ag siúl anonn ag

an mbosca, bhí Russell ag breathnú ar Jackie ach

níor cheap sé tada faoi.

84

Nuair a shroich Jackie 1 / 8 an bosca chuir sí a

lámh isteach sa bpoll nach raibh líonta agus bhí

an cruth ceart ag a lámh le haghaidh dul isteach

sa bpoll. Díreach ag an nóiméad sin d’imigh na

léasair ar fad agus thosaigh an rás ansin.

Rith Jackie 1 / 8 chun an t-airgead a fhail agus

rith Russell freisin. Ach nuair a bhí sé seo ar fad

ag dul ar aghaidh rinne Bobby an Bhó cos nua

dhó fhéin as ór. Chonaic sé cnaipe mór ar an

mballa agus bhrúigh sé é. Tháinig balla mór

85

suas chun tosaigh ar Russell agus rith sé isteach

ann. Tháinig na léasair ar ais ar siúl ag an

nóiméad sin.

Bhí Jackie 1 / 8 beagnach ag an doras isteach ag

an airgead nuair a chonaic sí rud scríofa ar an

doras le go leor uimhreacha air: 1 / 4, 1 / 8, 2 / 6, 1 / 2, 1 / 10.

Is tomhas a bhí ann. Ní raibh a fhios aici cén

chaoi len é a fhreagairt. Bhí sí tar éis fáil tríd na

léasair ach bhí Russell ag teacht gar. Bhí sé ag

fáil tríd na léasair ach bhí orthu an tomhas seo

a dhéanamh leis an t-airgead a fháil. An cheist

a bhí ann ná simpligh 12 / 96, 16 / 128, agus 21 / 168. 12 / 96,

sin 1 / 8, agus 16 / 128 sin 1 / 8 freisin! lontach! Bhrúigh

sí 1 / 8 agus d’oscail an doras. Bhí sí istigh. Bhí sí

in ann an t-airgead a fheiceáil! Ach bhí Russell

beagnach ann freisin. Chas sí thart agus bhí

scáileán leis na huimhreacha céanna. Bhrú sí 1 / 8

agus dhún an doras díreach sular tháinig Russell

isteach. Bhí an t-airgead ar fad aici agus rith sí,

rith sí chomh sciobtha agus a bhí sí in ann.

AN DEIREADH

86

Cruth Nua

le Bláthnaid Nic Uilic agus Reese Nic Gafraidh

Bhí Colm Ciúb sa bhaile ag

spraoi lena bhréagáin ach

bhí rud ag cur as dó. Bhí

gach rud cothrom ina

shaol, é féin san áireamh.

Tá Colm gorm agus

caitheann sé scairf glas

mar níl sé ag iarraidh a

bheith cothrom. Bhí sé ag

iarraidh rud éagsúil. Bhí a sheomra cearnógach,

bhí a phluid ar a leaba cearnógach, bhí a shaol

cearnógach.

Dúirt a mhamaí leis dul amach chun

bualadh lena chara Saoirse an Sorcóir. Bhí siad

tinn dá chéile agus bhí siad ag iarraidh cairde

nua. Bhí siad ag breathnú le haghaidh cruth

éagsúil.

87

Nuair a bhí siad ag siúl tríd an ngarraí bhuail

siad le duine a bhí léi féin. “Tá muid tinn do gach

rud a bheith cothrom agus tá muid ag iarraidh

rud nua. An bhfuil tú ag iarraidh

breathnú linn?” a dúirt Colm. “Sea”

a dúirt sí. “Céard is ainm duit?” a

dúirt Colm. “Is mise Tracy an

Triantán” a dúirt sí agus thosaigh

siad ag breathnú i ngach áit suas

agus síos, isteach agus amach.

Sa deireadh chuaigh siad go dtí

an siopa le haghaidh deoch a

cheannacht agus ansin chonaic siad é. Cruth

éagsúil. Rombas a bhí ann. Bhí

sé buí agus bhreathnaigh sé ar

nós go raibh sé ar a thaobh. Bhí

siad an-sásta. Rith siad ina

threo.

“Céard is ainm duit?”

a dúirt Tracy. “Eh Ryan

an Rombas ... cén fáth?”

a d’fhreagair sé.

88

“Mar tá muid ag iarraidh cruthanna éagsúla

a bheith mar chairde againn!” a dúirt Tracy.

“Ceart go leor,” arsa Ryan. “An bhfuil tú ag

iarraidh spraoi sa ghairdín?”

89

90

An Rás Chuig

an mBanc

le Sophie Ní Chathasaigh

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie ag smaoineamh ar an méid

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach. Bhí sí ag

iarraidh 7 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór ar an

mbóthar. Bhris sé leath dá chos. Ansin thit Jackie

1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas an Damhán Alla dána an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell.

Madra mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3 Tarbhbhrocaire

agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad an

nead damhán alla leis an gcloch a chur ann. Bhí

91

siad ag iarraidh moill

a chur ar Jackie 1 / 8 agus

Bobby an Bhó. Bhí

Séamas agus Russell ag

iarraidh an banc a

robáil freisin!

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ag luí siar ar

an talamh. Sna scamaill, chonaic siad cruthanna

codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill ½ níos mó

ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag cur báistí.

Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de corcra agus doras

buí air — bhí leath den doras oscailte agus leath

de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an doras. Bhí 6½

fuinneog air mar gur bhris siad leath de cheann

de na fuinneoga sa samhradh le liathróid nuair

a bhí siad ag imirt cluiche peile. Chonaic siad

crainnte agus sceacha le cruthanna codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas an damhán alla ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

92

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an bhó.

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar. Nuair a

bhuail Séamas an léasar d’imigh an t-aláram.

Bhí a fhios ag Jackie go raibh na Gardaí chun

teacht go luath agus bhí a fhios aici nach

ngortófaí í nuair a rachadh sí tríd na léasair. Mar

sin, thosaigh Jackie ag rith i dtreo an taisceadáin

… ach … bhí sé faoi ghlas.… Ní raibh siad in ann

an t-airgead a fháil! €16,000,000 nach raibh siad

in ann a fháil!!! Obair in aisce a bhí ann ar fad!!

? Ní raibh siad in ann 1 / 8 a fháil fiú.?

Bhí imní ar Jackie mar cheap sí dá bhfanfadh

siad ansin go bhfaigheadh na Gardaí iad.

Bhreathnaigh sí ar thaobh na láimhe clé … bhí

doras tine ann. Dá rachadh Jackie agus Bobby

amach an doras sin ní bhfaigheadh na gardaí

iad!?

“BOBBY!! TAR ANSEO!!” a scréach sí ar

Bhobby. Thosaigh Bobby ag iomlaisc chuig Jackie

93

1 / 8 mar go raibh a chos briste. Ní raibh a fhios ag

Jackie an mbeadh an doras faoi ghlas ach muna

raibh, bheadh siad in ann éalú ó na Gardaí. Bhí

seans de 50% ann go mbeadh sé ar oscailt, mar

sin thosaigh siad ag rith (Bobby ag iomlaisc)

chuig an doras. Bhí sé ar oscailt!!!

Rith siad amach agus díreach nuair a dhún

siad an doras ina ndiaidh chuala siad na Gardaí

ag rith isteach. Bhí 16 Gharda ann. Bhí 3 / 4 de na

Gardaí timpeall ar Russell agus ar Shéamas. Bhí

an 1 / 4 eile ag scréachaíl orthu le bheith ciúin.

Thóg sé b’fhéidir 5 nóiméad ar na Gardaí Russell

agus Séamas a fháil ach nuair a fuair siad iad,

smaoinigh Bobby ar rud eicínt…. Dá rachadh

siad ar ais isteach tar éis de na Gardaí fágáil,

bheadh siad in ann dul ar ais isteach agus an

t-airgead a fháil!

“Jackie!! Má théann muid ar ais isteach tar éis

de na Gardaí imeacht, is féidir linn an t-airgead

a fháil!” a dúirt Bobby go ciúin.

“Sin iontach Bobby!!!” a dúirt Jackie go

sceitimíneach.

94

D’fhan siad go raibh an torann imithe agus

chuaigh siad ar ais isteach go ciúin. Bhí siad in

ann an doras a oscailt an uair seo mar, dúirt

Jackie go raibh sé faoi ghlas ach, duirt sí é sin

mar bhí a fhios aici dá ndéarfadh sí go raibh sé

róthrom go rithfeadh Séamas agus Russell suas.

D’oscail siad an doras agus thóg siad 7 / 8 den

airgead le haghaidh beagáinín a fhágáil do

dhaoine eile. Rith siad amach arís tríd an doras

tine. (Bhí Jackie ag iompar Bobby mar gheall ar

a chos). Rith siad chuig McDonald’s agus fuair

siad McFlurry chun ceiliúradh a dhéanamh.

AN DEIREADH!!!!!!!!!!!!!!!!!! ??

CEISTEANNA:

Cé mhéid garda a bhí timpeall ar Shéamas

agus ar Russell?

Cé mhéid garda a bhí ag screadach orthu?

Freisin… cé mhéid airgid a thóg siad, agus

cé mhéid nár thóg?

95

An Rás Chuig

an mBanc

le Clodagh Nic Fhinn

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie ag smaoineamh ar an méid

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach.Bhí sí ag

iarraidh 7 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór ar an

mbóthar. Bhris sé leath dá chos. Ansin thit Jackie

1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas an Damhán Alla dána, an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell.

Madra mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3

Tarbh-bhrocaire agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad

an nead damhán alla leis an gcloch a chur ann.

96

Bhí siad ag iarraidh moill a chur ar Jackie 1 / 8 agus

Bobby an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag

iarraidh an banc a robáil freisin!

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ag luí siar ar

an talamh. Sna scamaill chonaic siad cruthanna

codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill ½ níos mó

ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag cur báistí.

Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de corcra agus

doras buí air — bhí leath den doras oscailte agus

leath de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an doras. Bhí

6 go leith fuinneog air mar gur bhris siad leath

de cheann de na fuinneoga sa samhradh le

liathróid nuair a bhí siad ag imirt cluiche peile.

Chonaic siad crainnte agus sceacha le cruthanna

codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas, an damhán alla, ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó.

97

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar. Cúig soicind

níos déanaí bhuail an t-aláram. Bhreith Séamas

ar an airgead agus rith sé amach ón mbanc. Bhí

sé 1 / 3 den bhealach amach as an mbanc nuair a

chonaic siad na Gardaí ag teacht. Bhí an mála

leis an airgead ag Séamas, an damhán alla

dána. Bhí 1 / 6 d’aon bhilliún den airgead aige.

Rith Bobby an Bhó ina dhiaidh agus é ag

iarraidh an t-airgead a sciobadh uaidh. Bhí crúb

Bobby an Bhó 2mm ón airgead. D’fháisc Séamas

an t-airgead ina lámh agus rith sé go dtí a

theach.

Chuala sé cnag ar an doras is cheap sé gur a

chairde a bhí ann. D’oscail sé an doras chun iad

a fheiceáil ach is iad na Gardaí a bhí ann.

Chonaic sé Bobby an Bhó i gcarr na nGardaí.

Dúirt na Gardaí leis “tá tú ag dul go dtí an

príosún.” Ansin rith Séamas an Damhán Alla

dána, ach ní raibh aon áit aige le dul. Bhí sé

scantraithe. Ansin chonaic sé vent a thabharfadh

98

amach é go cúl an tí. Thuig sé leis na poill 2mm

go mbeadh seisean in ann éalú ach nach

mbeadh na Gardaí. Faraor rinne sé dearmad ar

an airgead. Tháinig na Gardaí air agus thug siad

ar ais chuig an mbanc é. Chuir siad Bobby an

Bhó isteach sa phríosún ar feadh sé bliana. Chuir

Bobby an Bhó nóta chuig Séamas ag rá “bris

amach as an phríosún mé, robáilfimid an

t-airgead arís agus tabharfaidh mé leath dhuit.”

“Cinnte” a deir Séamas agus thosaigh siad ag

pleanáil arís.

99

An Rás

le Darach Mac Gabhann

Is é an cluiche is fearr le Ryan ná ‘BeamNG’.

Imríonn sé é gach lá. Ach lá amháin bhí Ryan

ag imirt agus thit sé ina chodladh. Nuair a

dhúisigh sé bhí sé féin istigh sa chluiche. Cheap

sé gur brionglóid a bhí ann ach nuair a shiúil sé

taobh amuigh bhí sé difriúil ar fad. Bhí a charr

féin sa chluiche os a chomhair. Anuas air sin, bhí

boinn agus inneall uasghrádaithe ar a charr! Ba

é 120 m.s.u. an t-uasluas a bhí aige agus sa

chluiche seo, bhí ort dul ag 90 m.s.u. ar an meán

nó bhrisfeadh do charr. Ach rinne Ryan dearmad

ar an riail seo. Bhí sé ag tiomáint ag 65 m.s.u.

agus bhris a charr! Mar sin, bhí an seancharr

réamhshocraithe arís aige agus ní raibh aon

uasghrádú uirthi. Ó tharla go raibh air carr nua

a cheannach bhí a chuid airgid ar fad ídithe

anois. Anois tá sé €999 i bhfiacha! Faigheann sé

100

€100 ar gach rás den tsraith, agus mar sin ní mór

dó 10 rás a bhuachan sula bhfaighidh sé euro ar

bith dó féin! Ach ós rud é nach bhfuil sé ach sa

chéad tsraith níos mó is é 35 míle san uair a

mheánluas agus mar sin ní phléascfaidh a charr

an uair seo!

Chláraigh sé don chéad rás agus thug siad

bónas €200 dó chun roinnt uasghráduithe beaga

a dhéanamh ar a charr. Fuair sé roinnt boinn

nua F1 agus mar sin bhí láimhseáil níos fearr acu

agus bhí turas níos réidhe aige. Thug sé ardú

luais 10% dó freisin. Thug sé sin seans níos fearr

dó na rásaí a bhuachan. Chuaigh sé isteach sa

rás. Bhí dhá lá aige chun airgead a shaothrú.

Cheap sé gur smaoineamh maith a bhí ann dul

go dtí an banc agus iasacht a fháil. Thóg sé

amach €300 agus d’úsáid sé é chun a charr a

uasghrádú. Anois bhí sé i bhfiacha €1,299 ach

b’fhiú é. Anois bhí sé in ann a inneall a

uasghrádú agus thug sé sin é suas go dtí an áit a

raibh sé roimhe sin. Bhí a charr in ann dul 180

m.s.u. anois. Mar sin féin, ba é an meánluas a

101

chaithfeadh sé dul anois ná 120 m.s.u. nó

bhrisfeadh a charr. Bhí air a chinntiú nach

rachadh sé os cionn an luais sin. Chaithfeadh sé

páirt a ghlacadh i roinnt rásaí sráide chun a

chuid airgid a fháil ar ais. Chonaic sé carr spóirt.

Bhí a fhios aige go raibh an carr spóirt tapa ach

ní raibh sí níos tapúla ná é féin. Ní bheadh a

fhios ag tiománaí an chairr spóirt go raibh

inneall uasghrádaithe ag Ryan, mar sin cheap sé

gur bua éasca a bheadh ann. Ach ní mar sin a

bheadh sé.

Chuaigh Ryan suas chuig tiománaí an chairr

spóirt agus chuir sé geall leis. Chuir Ryan síos

geall €350 go mbeadh an bua aige féin. Ar

ndóigh, cheap tiománaí an chairr spóirt gur

aigesean a bheadh an bua, ach bhí se mícheart!

Níor thuig sé go raibh uasghrádú déanta ag

Ryan ar a charr.

Mar sin, d’aontaigh James, tiománaí an

chairr spóirt dul i rás le Ryan. Thosaigh siad agus

bhí James ag buachan ar dtús mar gheall go

raibh an luasghéarú níos tapúla ina charr. Ach

102

hí carr Ryan ag teacht suas go tapa. Tháinig

méadú 150 m.s.u. ag carr James, agus bhí 180

m.s.u. ag carr Ryan. Bhí Ryan ag dul 130 m.s.u.

ar dtús, ach bhí sé ag gnóthú 10 m.s.u. gach 3.2

soicind. Mar sin, i 6.4 soicind bheadh sé ag dul

150 m.s.u. agus bheadh sé ag teacht suas sna 15

soicind eile agus ag dul ar aghaidh chun bua a

fháil agus.… Ach rachaimid ar ais go James.

Chonaic James Ryan ag teacht suas níos gaire

dó agus tháinig imní air. Rinne sé iarracht dul

níos tapúla ach níorbh fhéidir leis. Bhí a fhios

aige ansin go gcaillfeadh sé an rás ach

chríochnaigh sé an rás mar sin féin. Agus in

ionad €350 a thabhairt do Ryan thug sé €400 dó

as ucht é a chur amú! “Go raibh maith agat,” a

deir Ryan agus ar ais leis go dtí an banc lena

chuid airgid.

D’íoc sé as a iasacht. Bhí air €330 a thabhairt

mar gheall ar an 10% breise a théann chuig

an mbanc. D’úsáid Ryan an €70 breise a bhí

aige chun clúdach nua a chur timpeall an

ghluaisteáin chun an mheirg a chlúdach. Tar éis

103

dó an cumhdach nua a chuir ar an ngluaisteán

chuaigh sé a chodladh mar bhí sé an-tuirseach

leis na measarthachta ar fad a bhí á gcur aige ar

a charr. Dhúisigh sé agus chuaigh sé amach

chun seiceáil ar a charr agus thug sé faoi deara

go raibh ceann de na boinn gearrtha!? Bhí imní

ar Ryan mar bhí an rás ann lá arna mhárach

agus ní raibh airgead aige chun an bonn a

shocrú. Rud eile, bhí sé fós €999 i bhfiacha. Ach

chuimhnigh sé ar a chomharsa béal dorais a

dúirt go raibh ceamara slándála aige. Mar sin

chuaigh sé anonn chuig a chomharsa agus d’iarr

sé air an taifead ceamara ón oíche roimhe sin a

thaispeáint dó. Thaispeáin a chara an taifead dó

agus chonaic sé ansin cé a ghearr bonn a chairr!

Ba é James a ghearr bonn a chairr!!! Bhí Ryan ar

buile agus thosaigh sé ag smaoineamh ar

bhealaí le díoltas a bhaint amach ar James. Go

tobann bhuail an-smaoineamh é. Smaoinigh sé

ar James a thabhairt chun cúirte. Sin é a rinne

sé! Tar éis tamaill fhada bhuaigh sé an cás cúirte

agus bhuaigh sé €3,500. D’íoc sé sin as an €999

104

fiacha a bhí air agus d’fhág sé sin go raibh

€2,501 fágtha aige le caitheamh. Chaith sé a

chéad €300 ag ceannach boinn F1 nua níos fearr

a thug láimhseáil níos fearr fós dó. Ní raibh ach

2 uair an chloig fágtha anois go dtosódh an rás.

Bhí a charr i bhfad níos tapúla ná na carranna

eile anois. Níor thóg an chéad chuaird ach 2

nóiméad air. Thóg sé 5.5 nóiméad ar gach carr

eile. Chuir siad bónas €200 mar bhailchríoch ar

an duais. Dá bhrí sin, bhuaigh sé €300 as a

chéad rás agus chlúdaigh sé sin praghas an

deisithe. Bhí €2,501 anois aige.

Bhí 3 rás in aghaidh an lae ann. D’fhéadfadh

sé €600 eile a thuilleadh inniu agus níos mó ná

sin fiú amháin, an lá ina dhiaidh. Ag dul isteach

sa dara rás bhí sé ag súil go n-éireodh níos fearr

leis. Theastaigh uaidh beagán airgid breise a

bhuachan le cur i dtreo carr nua ionas go

bhféadfadh sé dul isteach i sraith níos airde agus

níos mó airgid a dhéanamh. Ach a dhóthain

cainte.…

Thosaigh an dara rás agus bhí sé sa dara háit

105

le 23 soicind imithe. Ach bhí ardluas ag a charr

agus mar sin bhí sé fós sách muiníneach go

mbuafadh sé. Chuir sé síos a chos go clár agus

chuir sé sin chun tosaigh é. Bhí sé sa chéad áit

anois! Bhí sé in ann críoch an ráis a fheiceáil

anois agus ní raibh sé rófhada uaidh. Chuaigh

sé chomh tapa agus a d’fhéadfadh sé agus

chríochnaigh sé an rás ag 1.32 nóiméad! Bhí

ionadh ar gach éinne faoin am sin. Curiarracht

domhanda a bhí ann agus thug siad an bónas is

mó a d’fhéadfadh siad a thabhairt dó, bónas

€1000! Thug sé seo suas go dtí €3,801 é. Níor

thaitin sé leis an chuma a bhí ar an 1 san uimhir

sin, agus mar sin níor ghlac sé ach €999 uathu,

rud a d’fhág go raibh €3,800 díreach anois aige.

Ag dul isteach sa chéad rás eile thug sé faoi deara

nach raibh aon charranna eile ann agus tháinig

mearbhall air. Ansin dúirt an t-óstach leis éirí as.

Fuair sé bua ar an toirt agus cuireadh go dtí an

chéad rás eile i léig níos airde é, áit a ndéanfadh

sé níos mó airgid. Ach thug siad bónas dó freisin.

Fuair sé bónas €1,200 do gach duine a d’fhág an

106

ás. Thug sé seo suas le €5,000 ar fad dó. Thug

sé sin a dhóthain dó le dul ar ais go dtí an fíorshaol.

Chuaigh sé ar ais go dtí an fíor-shaol. Nuair

a dhúisigh sé, thug sé faoi deara go raibh suite

ina chathaoir chearrbhachais féin sa bhaile.…

B’fhéidir nach raibh ann ach brionglóid ach,

nuair a chas sé air a ríomhaire, bhí gach

uasghrádú déanta ar a charr go díreach mar a

bhí ina bhrionglóid? Fan.…

107

An Rás Chuig

an mBanc

le Joe Ó Cearáin Eoghan Ó Sirideáin,

Euan Ó Deá agus Isaac Ó Laigheanáin

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie ag smaoineamh ar an méid

108

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach. Bhí sí ag

iarraidh 7 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór ar an

mbóthar. Bhris sé leath dá chos. Ansin thit Jackie

1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas an Damhán Alla dána an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell.

109

Madra mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3

Tarbh-bhrocaire agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad

an nead damhán alla leis an gcloch a chur ann.

Bhí siad ag iarraidh moill a chur ar Jackie 1 / 8 agus

Bobby an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag

iarraidh an banc a robáil freisin!

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ag luí siar ar

an talamh. Sna scamaill, chonaic siad cruthanna

codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill ½ níos mó

ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag cur báistí.

Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de chorcra agus

doras buí air — bhí leath den doras oscailte agus

110

leath de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an doras. Bhí

6 1 / 2 fuinneog air mar gur bhris siad leath de

cheann de na fuinneoga sa samhradh le

liathróid nuair a bhí siad ag imirt cluiche peile.

Chonaic siad crainnte agus sceacha le cruthanna

codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas an damhán alla ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an bhó.

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar. Thit Séamas

ar an léasar. Ansin thit geata anuas ar Russell

agus ar Shéamas! Ach bhí Séamas 1 / 1000 níos lú

ná an geata. Bhí an geata 4m 2 . D’éirigh le

Séamas éalú. Ní raibh aon duine ach Russel an

madra fágtha. Chuaigh Russell go dtí an príosún

le haghaidh 28 bliain madra (4 bliain daonna).

111

Bhí Russell 8 mbliana madra d’aois nuair a

tháinig sé amach ón bpríosún.

Lá amháin nuair a bhí Russell tar éis filleadh

ar an ngnáth-shaol chonaic sé Séamas sa

nuachtán. Bhí Russell an-fheargach le Séamas i

ndiaidh na mblianta a chaith sé i bpríosún. Bhí

Séamas i Zimbabwe. Fuair Russell ticéid go

Zimbabwe lena chara Pugsly an madra dána.

Bhí Pugsly i bpríosún le Russell. Chuaigh siad go

Zimbabwe. Bhí sé go deas ann ach bhí orthu

Séamas a fháil.

Chuaigh siad go dtí teach Shéamais an

Damhán Alla dána. Chnag siad ar an doras.

“Russell, bhuel bhfuil tú ag iarraidh an

t-airgead a fháil ó Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó?”

a dúirt Séamas. “B’fhéidir ach níl mé á fháil

leatsa a Shéamais,” a dúirt Russell. Léim Russell

ar Shéamas is fuair Séamas bás! Ach cá raibh

Bobby an Bhó agus Jackie 1 / 8? Is maith an rud é

go raibh Pugsly an-mhaith ag an teicneolaíocht.

Rinne sé haiceáil ar ríomhaire Shéamais agus

tháinig se ar ghléas rianaithe leictreonach a

112

thabharfadh iad go Bobby

an Bhó agus Jackie 1 / 8.

Bhí siad i lár an

ghaineamhlaigh ag fáil

Big Mac i McDonald’s. Thóg

Russell and Pugsly cuadrothar

ar cíos agus, ag úsáid an ghléas

rianaithe, tháinig siad ar Bhobby agus ar Jackie.

Nuair a bhí Bobby agus Jackie ag teacht amach

as McDonald’s chaith Russell suaimhneasán leo a

chuirfeadh ina gcodladh iad. Cheangail siad iad

go cúl an chuadrothair. Bhí a fhios acu nach

mairfeadh an suaimhneasán ach ar feadh 20

nóiméad. Bhí siad 40 km ó theach Shéamais.

Bheadh orthu dul 120 km/uair chun tí Shéamais

a shroichint i 20 nóiméad. Bhí Ketana sa mboot

ag Russell. Nuair a dhúisigh Bobby agus Jackie

chuir siad iachall orthu an t-airgead agus an Big

Mac a thabhairt dóibh.

Thug Bobby agus Jackie an t-airgead dóibh

ach choinnigh sé na sceallóga. Lig Russell agus

Pugsly Jackie agus Bobby saor.

113

Na Beithigh

le Kate Ní Chonaill

Lá amháin bhí feirmeoir amugh sa ngarraí lena

sheanbhean nuair a tháinig jíp síos an bóthar.

“Dia dhuit, a Tomí,” a scréach an tiománaí.

“Dia is Muire dhuit, a Phat,” a scréach sé

fhéin. Chuala sé “MOO!!!” sa leantóir.

“Céard atá agat, a Phat?” a deir Tomí.

“Tá cúpla bó agam duit, a Tomí, cúig bhó

dhéag,” a dúirt sé, bródúil as fhéin.

Léim Pat amach as a jíp.

“Rinne mé cáca milis aréir is tá píosa beag

fágtha agam. An bhfuil tú ag iarraidh píosa leis

an tae, a lads?” a dúirt an tseanbhean.

“Tá!!!” a dúirt na lads le chéile, agus chuaigh

an tseanbhean isteach chun an tae a réiteach.

“Céard a dhéanfaidh tú leis na beithigh

uilig!!!??” a deir Tomí.

114

115

“Nach bhfuil trí gharraí agat? Cuir isteach

ansin iad, a Tomí.”

“Ach caithfidh siad a bheith cothrom!” a

dúirt Tomí le Pat.

“Tá trí gharraí agat agus cúig bhó dhéag.”

Thosaigh sé ag smaoineamh.

“Tá muid in ann pictiúir a tharraingt ...”

“Cúig déag roinnte ar trí ná cúig!!!!!” a

scréach siad.

Iontach, bhí sé acub! Bhí siad chomh sásta.

Roinn siad amach na beithigh.

“Tae!!” a scréach an tseanbhean is rith na lads

isteach.

AN DEIREADH!

116

An Rás Chuig

an mBanc

le Seren Báille agus Muireann Ní Chléirigh

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar lena cara is

fearr Bobby an Bhó. Bhí siad ag breathnú ar an

mbanc. Bhí Jackie ag smaoineamh ar an méid

airgid a bhí istigh ann agus céard a dhéanfadh

sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar laethanta saoire

agus Porsche agus Ferrari a cheannach.Bhí sí ag

iarraidh 1 / 8 den airgead sa mbanc a ghoid. Thit

Bobby an Bhó mar go raibh cloch mhór ar an

mbóthar. Bhris sé leath dá chos. Ansin thit Jackie

1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas, an damhán alla dána, an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell.

Madra mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3 Tarbhbhrocaire

agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad an

nead damhán alla leis an gcloch a chur ann. Bhí

117

118

siad ag iarraidh moill a chur ar Jackie 1 / 8 agus

Bobby an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag

iarraidh an banc a robáil freisin!

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ag luí siar ar

an talamh. Sna scamaill, chonaic siad cruthanna

codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill ½ níos mó

ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag cur báistí.

Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de corcra agus doras

buí air — bhí leath den doras oscailte agus leath

de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar an doras. Bhí 6 1 / 2

fuinneog air mar gur bhris siad leath de cheann

de na fuinneoga sa samhradh le liathróid nuair

a bhí siad ag imirt cluiche peile. Chonaic siad

crainnte agus sceacha le cruthanna codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas, an damhán alla, ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an bhó.

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun an

119

t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic Séamas

cuileog agus léim sé isteach i léasar.

Chonaic Jackie Séamas an Damhán Alla, ag

fáil bháis mar gur bhuail léasar é.

“Breathnaigh…” arsa Bobbaí an Bhó “Sin

Séamas an Damhán Alla.”

“Sea,” arsa Jackie “sin é.”

“Caithfidh muid dul suas ansin agus

breathnú céard a tharla,” arsa Bobbaí an Bhó.

“Gheobhaidh mise na grips.”

Thosaigh siad ag dreapadh suas an

120

fhoirgnimh. Tar éis tamaill fuair siad go dtí an

barr, bhí fuinneog mhór ann a bhí ar oscailt

cheana féin. Bhí an seomra mór is folamh. Ní

raibh aon rud istigh ann seachas cathaoir

amháin dubh.

Ach cá raibh corp Shéamais agus an

liúdramán de mhadra sin Russell?

Chuaigh siad isteach i seomra eile agus bhí

corp ann le 8 gcos.

“EMMM… an é sin corp Shéamais …?” arsa

Jackie 1 / 8.

“Is é go deimhin,” arsa Bobby an Bhó “agus

is tusa an chéad duine eile!”

“Céard?” arsa Jackie.

121

“Is tusa a bhí ann …” arsa Bobby an Bhó.

“Is mé agus tá mise chun 8 / 8 den airgead a

thógáil” arsa Jackie. “Ní raibh mé ag iarraidh 1 / 8

den airgead. Níor leor é sin. Bhí mé ag iarraidh

8 / 8.”

“Ach tá muid in ann roinnt ar a 2. Sin 4 / 8 an

duine,” a dúirt Bobby an Bhó.

“Tá sé ró-dhéanach le haghaidh sin anois,” a

dúirt Jackie.

Bhreith Jackie ar Bobby an Bhó agus chaith

sí é isteach i seomra agus chuir sí faoi ghlas ann

í. “Fan anseo go deo!” a dúirt sí.

Bhí sí ag breathnú timpeall agus bhí doras

mór le nóta ar a dúirt “faigh an cód”.

Bhí cód le 4 uimhir ar an doras. Bhreathnaigh

Jackie timpeall agus bhí píosa páipéir ann le

32-31=1 scríofa air. Ansin chonaic sí scríobh ar

an mballa 3+6=9 agus 3+45=48. Chuir sí isteach

1948. D’oscail an doras agus bhí sí saor YIPPPÍÍÍ.

122

An Rás Chuig

an mBanc

le Rachael Nic Mhiacháin Ní Chearraigh

Bhí Jackie 1 / 8 ag siúl síos an bóthar leis an gcara

is fearr a bhí aici, Bobby an Bhó. Bhí siad ag

breathnú ar an mbanc. Bhí Jackie ag smaoineamh

ar an méid airgid a bhí istigh ann agus céard a

dhéanfadh sí leis. Bhí sí ag iarraidh dul ar

laethanta saoire agus Porsche agus Ferrari a

cheannach. Bhí sí ag iarraidh 7 / 8 den airgead sa

mbanc a ghoid. Thit Bobby an Bhó mar go raibh

cloch mhór ar an mbóthar. Bhris sé leath dá chos.

Ansin thit Jackie 1 / 8 thar Bhobby.

Chuir Séamas an Damhán Alla dána an

chloch ann le cabhair óna pheata, Russell.

Madra mór a bhí ann — 1 / 3 Jack Russell, 1 / 3 Tarbhbhrocaire

agus 1 / 3 Rottweiler. D’úsáid siad an

nead damhán alla leis an gcloch a chur ann. Bhí

123

siad ag iarraidh moill a chur ar Jackie 1/8 agus

Bobby an Bhó. Bhí Séamas agus Russell ag

iarraidh an banc a robáil freisin!

Bhí Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ina luí siar

ar an talamh. Sna scamaill, chonaic siad

cruthanna codán; 1 / 36, ½, ¼, ¾. Bhí na scamaill

½ níos mó ná na scamaill ¼. Bhí an ceann ½ ag

cur báistí. Chonaic siad teach mór le 1 / 3 de

chorcra agus doras buí air; bhí leath den doras

oscailte agus leath de dúnta. Uimhir 1½ a bhí ar

an doras. Bhí 6 go leith fuinneog air mar gur

bhris siad leath de cheann de na fuinneoga sa

samhradh le liathróid nuair a bhí siad ag imirt

cluiche peile. Chonaic siad crainnte agus sceacha

le cruthanna codán.

Chonaic Jackie 1 / 8 agus Bobby Russell an

madra ag dreapadh suas ar bhalla an bhainc.

Bhí Séamas an Damhán Alla ar dhroim an

mhadra. Bhí léasair sa mbanc agus bhí Russell

in ann dul fúthu agus iad a sheachaint.

Bhí sé ina rás idir Séamas agus Russell agus

Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó.

124

Bhí 7 / 8 den bhanc clúdaithe le léasair chun

an t-airgead a chosaint. Go tobann, chonaic

Séamas cuileog agus léim sé isteach i léasar.

Bhuail an léasar Séamas an Damhán Alla dána

agus thit sé ar an talamh. Thug Jackie 1 / 8 ½ den

airgead do Bhobby an Bhó agus rith siad amach

an doras.

Rith siad taobh thiar de chrann agus bhí

torann bonnáin ag teacht ón mbóthar. Na

Gardaí a bhí ann. Bhí Séamas an Damhán Alla

ag rá rudaí dána. Ach cá raibh Russell? Ní raibh

sé leo. Rith Bobby agus Jackie chuig teach

Bhobby an Bhó agus ansin bhí torann uafásach

taobh amuigh. An banc a bhí ann. Phléasc sé i

smidiríní. N’fheadar an raibh Russell istigh ann?

Ach ansin bhris duine an doras isteach sa teach.

Russell a bhí ann.

Bhí Jackie 1 / 8 ag tógáil an airgid. ¼ den

airgead a thóg sí, ach bhí Russell ag iarraidh ½

de. Sula raibh Russell in ann é a fháil rith siad

chuig na Gardaí ach rinne siad dearmad go

raibh an t-airgead fós acu. Rith siad suas an

125

óthar thar an mbanc agus suas an bóthar arís

chuig na Gardaí agus dúirt siad go raibh Russell

ag déanamh iarracht iad a mharú. Chuir na

Gardaí ceist cén fáth a raibh go leor airgid acu?

Scaoil Bobby an Bhó an scéal ar fad uaithi, “go

raibh muide ag iarraidh an banc a robáil ach go

raibh Séamas ann ar dtús agus gur thóg muid an

t-airgead ón mbanc le Lamborghini agus Porsche

a cheannach.” Chuir na Gardaí ceist cé mhéid

airgid a bhí ann. Dúirt Jackie 1 / 8, “¼ den airgead

a bhí sa bhanc.” Ach ansin thóg an Garda ¼ den

airgead as lámh Jackie 1 / 8 agus rith sé.

Rith Jackie 1 / 8 agus Bobby an Bhó ar ais

abhaile ach bhí Russell fós ansin. Thosaigh sé ag

léimt ar Bhobby agus Jackie 1 / 8 ach bhrúigh

Bobby é agus dúirt Bobby le Russell, “Ná tar ar

ais arís.” Rith Russell, ach cá raibh an Garda?

Bhuel, bhí sé ansin le Lamborghini ag dul suas síos

an bóthar. Ach chonaic Jackie 1 / 8 Séamas an

Damhán Alla sa chrann ag breathnú ar Jackie 1 / 8

agus ar Bhobby an Bhó. Rith Bobby agus Jackie

amach agus dúirt Bobby “Bhuel, fuair muid 0.00

126

den airgead.” “Cosúil liomsa,” a dúirt Séamas an

Damhán Alla. Dúirt Séamas, “Tá brón orm —

bhí mé an-dána.”

“Tá sé ceart go leor, tuigeann muid,” arsa

Jackie agus Bobby.

127

128

Is cnuasach gearrscéalta matamaitice atá

sa leabhar seo le daltaí Rang a 6 ó Ghaelscoil

Bhaile Munna, Scoil Uí Ghramhnaigh

Ráth Chairn agus Rang a 5/6 ó Scoil Náisiúnta

Thír an Fhia.

Spraíúlacht sa churaclam nua bunscoile a

spreag an togra seo. Tríd an scríbhneoireacht

chruthaitheach, tugtar deis do dhaltaí a

bheith ag smaoineamh go matamaiticiúil,

scileanna teanga a fhorbairt agus a bheith

ag comhoibriú le chéile.

Léigh leat chun fáil amach an éireoidh le

Róbó agus JJ deireadh a chur leis an mata?

An mbeidh Colm Ciúb agus Saoirse an Sorcóir

in ann cruth nua a aimsiú? Cé aige a bheidh

an lá sa rása sráide — Ronnie Fox, Dan Diesel

nó Terry Crews?

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!