Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Tar éis iarratas ó Oifig na nOibreacha Poiblí le saoráidí breise a sholáthar chun freastal ar

chinneadh an Rialtais 200 Gardaí breise a earcú, d'fhreagair Seirbhísí Ailtireachta le clár

dearaidh agus tógála luathaithe. Críochnaíodh na foirgnimh nach beag i 2005 in am do

thús a chur le tionscadal 20m chun go mbeidh an saoráid ábalta feidhmiú go hiomlán.

Forbairt Leanúnach Ghairmiúil (FLG)

Rinneadh anailís ar thaifid foirne ar Fhorbairt Leanúnach Ghairmiúil mar chuid d'Iniúchadh

ISO cuimsitheach ar Sheirbhísí Ailtireachta i Nollaig 2005. Tugadh ar aird gurbh 34 uair an

chloig an meánlíon na n-uaire oiliúna san Fhorbairt Leanúnach Ghairmiúil a chuir comhaltaí

foirne aonair isteach. Sháraigh sin figiúir 2004 de 28 uair an chloig agus ba 25 uair an

chloig oiliúna an sprioc san Fhorbairt Leanúnach Ghairmiúil.

Tháinig ardú ar laethanta oiliúna in aghaidh na foirne ó trí lá go leith i 2004 go dtí ceithre

lá go leith i 2005.

Leanadh den Chlár ar Fhorbairt Leanúnach Ghairmiúil i 2005 agus áirítear idir oiliúint agus

imeachtaí eile

• Rannpháirtíocht ag foirne Ailtireachta roghnaithe ag Pleanáil & Dearadh i Seimineár

Forbartha Oidhreachta i gcomhar leis an DoE.

• Sraith léachtaí agus cúrsaí athnuachana ceadaithe ag an RIAI, do chomhaltaí foirne

roghnaithe, ar Shláinte agus ar Shábháilteacht agus ar Reachtaíocht na Pleanála.

• Creidiúnú Safepass do 45 comhalta foirne breise lena n-áirítear na Céimithe

Ailtireachta.

• Seimineáir agus cúrsaí lae do chomhaltaí aonair den fhoireann ar Shábháilteacht

Dóiteáin i bhfoirgnimh Stairiúla, Innealtóireacht Caomhnaithe, Díonta Stairiúla agus

Rindreáil Athchóirithe Caomhnaithe i gcomhar le hIontaobhas Sibhialta Bhaile Átha

Cliath agus Cumann Seoirse na hÉireann.

• Rannpháirtíocht foirne roghnaithe Ailtireachta ag Comhdháil Gairdíní Stairiúla i

gCaisleán Bhaile Átha Cliath

• Rannpháirtíocht foirne roghnaithe ag Comhdháil Bhliantúil Thithe Stairiúla na hÉireann.

• Mioneolas dlí ar an Acht Sláinte agus Sábháilteachta ag an Obair, 2005.

• Cuireadh oiliúint ar 12 comhalta foirne buan breise mar Iniúchóirí Rochtaine faoin gclár

Ollscoil Uladh.

• D'fhreastail foireann bainistíochta Ailtireachta shinsearach ar chomhdhálacha maidir le,

Beartas Comhshaoil Eorpach, Comhdháil Gnóthaí Poiblí ar Dílárú, Measúnú

Comhshaoil Straitéiseach.

• Fuair Foireann Ailtireachta roghnaithe oiliúint i Measúnú BREEAM d'oifigí, ag an

Building Research Establishment in Watford, Sasana.

• Thug cuideachtaí a raibh creidiúnú cuí RIAI nó RIBA cuir i láthair Powerpoint éagsúla

Teiciúla agus Trádála don fhoireann Ailtireachta ar feadh 2005.

Clár Oiliúna Céimithe

Bunaíodh Clár nua Oiliúna Céimithe RIAI/OPW i 2004. Tá 17 céimí in Oifig na nOibreacha

Poiblí faoi láthair agus tá ar a cumas 20 céimí san iomlán a thógáil.

Tá sé i gceist leis an gclár oiliúna an taithí atá riachtanach do scrúdú RIAI/OÉ sa

chleachtadh gairmiúil a chur ar fáil agus fad is a bhí na céimithe istigh leis na Seirbhísí

Ailtireachta, tá tionchar dearfach acu ar dhearadh agus ar fhorbairt tionscadal éagsúil.

50