Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Fuarthas Cead Pleanála don Ionad Sábháilteachta Bia 6,050m 2 (tuairim) atá beartaithe do 250

foireann den Roinn Talmhaíochta & Bia ag an gcoimpléacs faoi láthair ag Backweston i nDeireadh

Fómhair 2005 agus lorgaíodh tairiscintí don Príomhchonradh, do na Conarthaí Meicniúla,

Leictreachais agus Tógála i Nollaig 2005.

Iarradh ar an Aonad Tionscadal Speisialta go déanach i 2005 maoirsiú a dhéanamh ar athfhorbairt

Oifig Assay atá lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. [Tá Cuideachta na nGabha Óir in Oifig

Assay - an ceann is deireanaí de Chullachtaí na Cathrach; bunaíodh iad faoi Chairt Ríoga faoi

Shéarlas 1 an 22ú Nollaig 1637 agus táthar i mbun gnó go leanúnach ó shin agus i gCaisleán

Bhaile Átha Cliath ó 1925]. Tá cóiríocht Oifig Assay i ndrochchaoi anois, agus níltear ag cloí le

caighdeáin Sláinte agus Sábháilteachta reatha ach oiread maidir leis na próisis tástála scriosacha a

úsáideann siad ina gcuid oibre. Fuair Oifig Assay Cead Pleanála, i 2003, do thionscadal

athchóirithe agus ina mbeidh cuid de na foirgnimh aon stór reatha á leagan, an foirgneamh

liostaithe coimeádta á chaomhnú agus á athchóiriú go dtí na caighdeáin chaomhnaithe is fearr,

íoslach nua á thógáil faoin bhfoirgneamh coimeádta agus dhá stór á thógáil os cionn an tsíneadh ar

an íoslach. Dhaingnigh Oifig na nOibreacha Poiblí Smachtbhanna na Roinne Airgeadais, do

bhainistiú thionscadal athchóirithe Oifig Assay ó Vóta Oifig na nOibreacha Poiblí, faoi réir

chomhaontú idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oifig Assay maidir le hardú suntasach ar chíos

iníoctha ag an AO le Oifig na nOibreacha Poiblí ó thaobh cóiríochta. Ceapadh An tAonad

Tionscadal Speisialta mar Bhainisteoirí Tionscadail i rith 2005 agus lean siad i gcomhar leis an

bhFoireann Dearaidh ag ullmhú cáipéisíocht tairisceana i rith 2005. Fuarthas Léiriú Spéise ó

Chonraitheoirí an 21ú Nollaig 2005 agus déanfar an tionscadal a chur chun cinn chuig céim

thairisceana go luath i 2006. Samhlaítear tréimhse thógála de 15-18 mí don chonradh.

De thoradh saoráid Phríosún Mhuinseo a athlonnú chuig Tuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath

(Halla Thornton), d'iarr An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ar Oifig na

nOibreacha Poiblí, dul i mbun próisis, maidir le Suíomh Phríosún Mhuinseo 7.9ha, chun a

phoitéinseal athfhorbartha agus an luach is mó ar an margadh a aimsiú. Chun nithe a bhrú chun

cinn, bunaíodh Foireann Tionscadail (PT) san Aonad Tionscadal Speisialta agus comhaontaíodh go

mbeadh gá le seirbhísí na Foirne Ildhisciplíneach, chun Máistirphlean a tháirgeadh d'athfhorbairt an

tSuímh, chun a roghnú cibé Máistirphlean a bheadh le cur faoi bhráid Iarratais Phleanála chuig

Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath (DCC). Áirítear Iarratas Pleanála a chur faoi bhráid

Chomhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath le Scóp na nOibreacha don Tionscadal, ag lorg Cead

Pleanála iomlán (10 mbliana is dócha) ar mhaithe le hathfhorbairt ar shuíomh 7.9ha an phríosúin,

agus ní mór go mbeadh Máistirphlean Suímh agus Measúnú Tionchair Timpeallachta in éineacht

leis an Iarratas. Beidh ar an Iarratas cloí le maoin stairiúil laistigh den Stát, aitheantas a thabhairt do

chomhthéacs an tSuímh laistigh de limistéar thuaisceart na cathrach, an phobail máguaird agus an

chathair go ginearálta.

Tá athruithe ar an nGeata Thoir den RHK ag an mBóthar Míleata riachtanach mar thoradh ar: -

oibreacha leathnaithe bóthair ar an mBóthar Míleata (de bharr Thionscadail an Gheata

Thiar/Gheata Heuston). Imní Sláinte & Sábháilteachta maidir leis an IMMA ó thaobh cuairteoirí ag

dul isteach sa Mhúsaem. Iniúchadh Inrochtana ar fhoirgnimh agus ar thalamh RHK ag Iniúchóir

Inrochtana Oifigeach na nOibreacha Poiblí a léirigh, inter alia, nádúr contúirteach an bhealaigh

isteach faoi láthair.

Lorgaíodh Cead Pleanála do na hAthruithe an 3ú Meitheamh 2005; fuarthas Iarratas ar Eolas Breise

ó Chomhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath, an 2 Meán Fómhair 2005 agus freagraíodh sin an 4

Samhain 2005. Táthar ag súil le cinneadh deiridh Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in

Eanáir 2006.

Lean an tAonad air ag gníomhú mar Chomhairleoirí Teicniúla don Roinn Ealaíon, Spóirt &

Turasóireachta (DAST) maidir leis an bhforbairt atá molta ar an Staidiam Náisiúnta. Bheartaigh an

45