You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Réamhrá an Chathaoirligh

Is údar áthais agam Tuarascáil Bhliantúil 2005 a chur in bhur láthair agus aird a tharraingt ar

go leor de na haidhmeanna mórthábhachta a baineadh amach go sásúil i rith na bliana.

Tarlaíonn mórbhearta nua le déanamh gach bliain agus éilimh nua le sásamh agus is breá

liom a chur in iúl gur léirigh foireann OOP gairmiúlacht agus dúthracht arís eile i mbaint

amach ár gcuid cuspóirí.

Bhí an dílárú chun tosaigh go mór inár gcuid oibre agus inár n-intinn agus éadáil ar

shuíomhanna ag leanacht ar aghaidh ar fud na tíre agus tús áite á thabhairt do na

heagraíochtaí “luathaistríocha”. Rinneadh go leor oibre agus dul chun cinn ag socrú

sonraíochtaí riachtanais, lorgaíodh tairiscintí maidir le 8 gcinn de thograí agus bronnadh

'conarthaí' i dhá ionad.

Tugadh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus na Maoine Stairiúla ar ais faoi scáth na

hOifige go sásúil. Tá sin anois ina dhlúthchuid d'íomhá chorparáideach Oifig na

nOibreacha Poiblí. Is suntasach an réimse breise lenár gcuid oibre é agus táthar ar bís

maidir leis na deiseanna a bhaineann leis dúinn sna blianta atá ag teacht.

Tar éis chinneadh an Rialtais an cheannródaíocht maidi le Bainistiú an Bhaol Tuilte leagan ar

OOP, baineadh cuid mhaith amach i rith na bliana agus cuireadh Taispeántais Phoiblí i

láthair i roinnt áiteanna maidir le mórscéimeanna fóirithinte tuilte atá á mbeartú.

Ní mór comhghairdeas a dhéanamh le Seirbhísí Innealtóireachta as an ngradam maidir le

Forbairt Leanúnach sa Ghairm a bhronn Institiúid na nInnealtóirí in Éirinn orthu agus go

deimhin leis na hAonaid Ghnó eile ar fad a choinnigh an creidiúnú I.S.O. atá acu.

Tharla an chéad chuid den aistriú foirne, isteach agus amach as an Oifig, chun críche

díláraithe le linn na bliana 2005 agus tarlóidh aistriú foirne níos forleithne arís as seo go

ceann roinnt míonna. Tuigim go dtabharfar dúshlán don Oifig ar roinnt bealaí dá bharr sin

ach tá muinín agam go mbeidh na pleananna feidhme atá againn agus na cleachtais agus

nósanna imeachta a bhfuil dea-thuairisciú déanta orthu ina chranntaca againn agus sinn ag

tabhairt faoi seo go muiníneach.

Go raibh maith agaibh go léir as bhur gcuid díograis agus dúthrachta i gcónaí.

Sean Benton

Cathaoirleach

Oifig na nOibreacha Poiblí

3