You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Cuireadh dlús leis an rath a bhíonn ar an gclár áis do chách i Farmleigh i rith na bliana 2005

nuair a d'fhreastail os cionn 180,000 cuairteoir ar na laethanta oscailte éagsúla, cuairteanna

faoi threoir agus imeachtaí poiblí in aisce ó Mhárta go Nollaig.

Cuireadh feabhas arís ar na saoráidí do chuairteoirí i Farmleigh i rith na bliana 2005 nuair a

osclaíodh spás nua taispeántais, Dánlann Farmleigh, go mall i ndeireadh na bliana.

Áras an Uachtaráin

Leanadh den obair ardchaighdeáin arís sa bhliain 2005 maidir le ról an Aonaid Bainistiú

Saoráidí agus Imeachtaí ag déanamh comhordaithe agus bainistíochta ar réimse seirbhísí

maoine, tís agus lónadóireachta in Áras an Uachtaráin. D'fhág cuairteanna Chinn Stáit agus

mhóruaisle eile, turais phoiblí ar an Áras agus imeachtaí eile a reáchtáladh san Áras gur

riaradh do 16,550 cuairteoir in iomláine i rith na bliana 2005.

Seirbhísí Bhainistiú Saoráidí go Ginearálta.

Déanann an tAonad Bainistiú Saoráidí agus Imeachtaí maoirseacht ar sholáthar réimse

iomlán seirbhísí tacaíochta ag soláthraithe seirbhíse ar conradh, ag áitribh eile ar nós

Saotharlanna nua an Rialtais i mBacastún, Co. Chill Dara agus Ionad Pobail Thuaisceart na

Cathrach sa Chúlóg, Baile Átha Cliath. Is é a bhíonn d'aidhm leis sin, cinntiú go gcuirtear

seirbhís bhainistiú saoráidí den ghairmiúlacht agus den sárchleachtas atá éifeachtach ó

thaobh costais ar fáil do na cliaint Ranna Rialtais.

Sa bhliain 2005, rinneadh idirbheartaíocht den rath maidir le conradh faoi sheirbhís

Bhainistiú Saoráidí chuimsitheach a chur ar fáil in Oifigí nua Rialtais i Ros Comáin.

35