08.05.2014 Views

AR IRISH Master Irish File

AR IRISH Master Irish File

AR IRISH Master Irish File

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Dílárú ar OOP

Táthar ag leanacht den dul chun cinn maidir le gnéithe éagsúla de Dhílárú OOP go Baile

Átha Troim (Ceanncheathrú OOP), Clár Chlainne Mhuiris agus Ceann Toirc.

Bhí an bhéim ba mhó i rith na bliana ar thogra Bhaile Átha Troim, áit a mbeidh

Ceanncheathrú nua OOP, a thabhairt chun cinn tar éis don Ghrúpa Feidhmithe um Dhílárú

(GFD) an t-ionad sin a roghnú ar cheann de na “luathaistritheoirí” a fógraíodh i mí an

Mheithimh.

Ullmhaíodh plean feidhmithe do dhílárú OOP, lena ndeachaigh Measúnú Baoil

mionsonraithe inar tugadh faoi deara na réimsí tábhachtacha ar gá aire ina leith le linn an

togra. Beidh an Plean agus an Measúnú Baoil faoi athbhreithniú leanúnach, ag teacht le

riachtanais leanúnacha an GFD i rith chéim an chur i bhfeidhm.

Togra Tógála Bhaile Átha Troim

Eagraíodh comórtas deartha ailtireachta maidir le foirgneamh Bhaile Átha Troim go

hinmheánach taobh istigh de Sheirbhísí Ailtireachta OOP. Rinneadh forbairt ar an dearadh

a raibh an chraobh aige, arna chur isteach ag an Uasal Patrick Boyle as Seirbhísí

Ailtireachta 4, agus bhí sé ina chroíchuid de na tairiscintí a cuireadh faoi bhráid an

mhargaidh. Cuireadh tairiscintí faoi bhráid i mí na Nollag 2005 d'fhorbairt ar na hoifigí

nua ar bhonn Tógáil de réir Dhearadh an Chliaint. Tar éis bhronnadh an chonartha,

rachaidh lucht na tairisceana a n-éiríonn léi ar aghaidh le céimeanna na pleanála agus na

tógála d'fhonn an obair ar an bhfoirgneamh a thabhairt chun críche roimh dheireadh na

bliana 2008.

Acmhainní Daonna

Ceapadh Bainisteoir Tionscadail don Togra Díláraithe, an tUasal Michael Fennelly, i mí

Márta 2005. Is é an ról a bheidh aige bainistiú a dhéanamh ar gach gné de thogra

Díláraithe OOP agus, ag teacht leis an bPlean Feidhmithe agus leis an Anailís Baoil,

comhordú a dhéanamh ar na bearta éagsúla a bhfuil riachtanas leo agus cinntiú go dtugtar

i gcrích é taobh istigh den chreat ama atá leagtha amach ag an Rialtas.

Bhí dhá phríomhghné le hobair an Bhainisteoir Tionscadail i rith na bliana:

• Pleananna gnímh mionsonraithe do na réimsí gnó éagsúla a thabhairt chun cinn ionas go

maolaítear oiread agus is féidir ar an mbaol a bheadh ann do leanúnachas na seirbhíse;

• Bainistíocht a dhéanamh maidir leis na baill foirne a bhí ag teacht isteach in OOP, ón

tSaoráid Iarratais Lárnach (SIL) go príomha, an córas ar líne a ceapadh chun clárú a

dhéanamh ar iarratasóirí maidir le gach ceann de na hionaid atá i gceist.

Leanfar ag déileáil le dílárú OOP, a tharraingíonn deacrachtaí dúshláin suntasacha, mar

bheart 'tús áite'.

26

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!