AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board
AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board
AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
42 43

THE YELLOW BITTERN - THE LIFE AND TIMES OF LIAM CLANCY

ARD-REACHTAIRE CunTAS AGuS CISTE

TuARASCÁIL LE CuR FAOI BHRÁID TITHE

An OIREACHTAIS

Bord Scannán na hÉireann

Tá ráitis airgeadais Bhord Scannán na hÉireann/the Irish Film

Board don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2010 iniúchta agam de

réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na ráitis airgeadais,

a ullmhaíodh faoi na beartais chuntasaíochta arna leagan

amach sna ráitis, comhdhéanta den Ráiteas faoi Beartais

Chuntasaíochta, an Cuntas Ioncaim agus Caiteachais, an Clár

Comhardaithe agus na nótaí gaolmhara. Is é an creat thuairisciú

airgeadais a cuireadh i bhfeidhm chun iad a ullmhú ná an dlí a

bhaineann agus na Cleachtais Chuntasaíochta a nGlactar Leo go

Coitianta in Éirinn.

Freagrachtaí Chomhaltaí an Bhoird

Tá an Bord freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a

chinntiú go dtugann siad léargas fíor agus cothrom maidir leis

an riocht ghóthaí Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla agus

ar a ioncam agus a chaiteachas, agus as rialtacht a n-idirbhearta

a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é mo fhreagrachtsa na ráitis airgeadais a iniúchadh agus

tuairisciú a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an dlí a bhaineann.

Déantar m’iniúchadh faoi réir na gcúrsaí speisialta a bhaineann

le comhlachtaí Stáit ó thaobh a mbainistiú agus a bhfeidhmiú de.

Déantar m’iniúchadh i gcomhréir le Caighdeáin Chuntasaíochta

Idirnáisiúnta (Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Caighdeán

Eiticiúla d’Iniúchóirí de chuid an Bhoird um Chleachtais

Iniúchóireachta.

Scóip an Iniúchta ar Ráitis Airgeadais

Is éard atá i gceist le hiniúchadh ná faisnéis a fháil maidir leis

na suimeanna agus na nochtuithe sna ráitis airgeadais, ar leor

iad chun urrús réasúnta a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais

saor ó mhí-ráiteas ábhartha cibé calaois nó earráid is cúis leis

sin. Clúdaíonn sé seo measúnú faoi

• Cibé an bhfuil na beartais chuntasaíochta cuí do chúinsí an

Bhoird agus gur cuireadh i bhfeidhm iad go seasmhach agus

gur nochtaíodh iad go leormhaith

• Cé chomh réasúnta is a bhí na meastacháin chuntasaíochta

shuntasacha a rinneadh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú

• Thíolachadh foriomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil le linn an iniúchta maidir

le rialtacht na n-idirbhearta airgeadais.

Ina theannta sin, léann mé an fhaisnéis airgeadais agus

neamh-airgeadais sa dTuarascáil Bhliantúil le neamhréireachtaí

ábharacha maidir leis na ráitis iniúchta airgeadais a aithint.

Sa chás go dtagaim ar aon eolas i dtaobh aon mhíráiteas

ábharach dealraitheach déanaim na himpleachtaí do mo

thuarascáil a mheas.

Tuairim faoi na Ráitis Airgeadais

Is é mo thuairim, go dtugann na ráitis airgeadais, a ullmhaíodh

go cuí i gcomhréir le Cleachtais Cuntasaíochta a nGlactar Leis

go Coitianta in Éirinn, léargas fíor agus cothrom maidir leis an

riocht ghnóthaí Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla ag 31

Nollaig 2010 agus ar a ioncam agus ar a chaiteachas don bhliain

dar críoch sin.

Is é mo thuairim, gur choimeád Bord Scannán na hÉireann/the

Irish Film Board leabhair chuntais chuí. Tá na ráitis airgeadais ag

teacht leis na leabhair chuntais.

nithe a Tuairiscím le hEisceacht

Tuairiscím le heisceacht i gcás:

• Nach bhfuair mé an fhaisnéis agus na mínithe go léir a bhí de

dhíth orm le haghaidh m’iniúchta, nó

• Gur nótáladh san iniúchadh aon chás ábhartha nuair nár

úsáideadh suimeanna airgid chun na feidhmeanna a bhí

beartaithe dóibh nó nach ndearnadh na hidirbhearta de réir

na n-údarás a rialaíonn iad, nó

• Nach bhfuil an fhaisnéis a tugadh i dTuarascáil Bhliantúil an

Bhoird don bhliain ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais dóibh

i gcomhréir leis na ráitis airgeadais, nó

• Nach léiríonn an Ráiteas um Rialú Inmheánach Airgeadais

go gcomhlíonann an Bord an Cód Cleachtais maidir le

Rialachas ar Chomhlachtaí Stáit, nó

• Go bhfaighim amach go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a

bhaineann leis an gcaoi inar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon ní le tuairisciú agam maidir leis na cúrsaí sin faoina

ndéantar tuairisc le heisceacht.

Andrew Harkness

Ar son agus thar ceann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

30 Samhain 2011

RuNNERS

BEARTAIS CHunTASAíOCHTA

A. Bunús na Cuntasaíochta

áirítear leis na ráitis airgeadais dhá Chuntas Ioncaim agus

Caiteachais agus Clár Comhardaithe.

• Tugann an Cuntas Caipitil Ioncaim agus Caiteachais

taifead ar íocaíocht amach iasachtaí forbartha agus

léiriúcháin an Bhoird agus an ranníocaíocht le haghaidh

Screen Training Ireland, an ghníomhaireacht náisiúnta

oiliúna don tionscal scannáin in Éirinn.

• Tugann an Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Riaracháin

taifead ar na hidirbhearta riaracháin i ndáil leis an mBord.

ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir choinbhinsiún an chostais

stairiúil agus de réir an Chleachtais Cuntasaíochta a bhfuil Glacadh

Leis (GAAP) ar bhonn fabhraithe ach amháin mar a luaitear thíos.

Glactar le Caighdeáin i dtaca le Tuairisciú Airgeadais a mholann

comhlachtaí cuntasaíochta de réir mar a thagann siad i bhfeidhm.

B. Ioncam

Léiríonn an t-ioncam a thaispeántar sna ráitis airgeadais faoi

Dheontais Oireachtais an t-airgead iarbhír a fuarthas. Cuirtear

ioncam eile san áireamh ar bhonn fáltas airgid.

C. Iasachtaí

Cuireann an Bord iasachtaí léiriúcháin ar fáil chun cabhrú le

scannáin a léiriú. Braitheann aisíocaíochtaí agus aischuir ar rath

tráchtála na scannán lena mbaineann.

Tugtar iasachtaí forbartha do dhéantóirí scannán d’fhonn tionscadail

scannán a fhorbairt. Bíonn aisíocaíochtaí iníoctha de réir théarmaí

na gcomhaontuithe iasachta.

Go hiondúil ní bhíonn na hiasachtaí sin faoi réir mhuirir úis, ach

bíonn bearta aisghabháilte agus rannpháirtíocht brabúis san

áireamh leo.

Déanann an Bord athbhreithniú ar iasachtaí ar bhonn tréimhsiúil

agus déantar soláthar cuí i gcoinne iasachtaí gan aisíoc, bunaithe

ar fheidhmíocht stairiúil leabhar iasachta an Bhoird. Déantar an

soláthar a chuntasú tríd an gCúlchiste Caipitil.

D. Cúlchiste Caipitil

Léiríonn an Cúlchiste Caipitil an maoiniú a infheistítear i Scannáin

agus i Sócmhainní Seasta tar éis soláthar agus amúchadh.

E. Sócmhainní Seasta Inláimhsithe

Léirítear Sócmhainní Dochta Inláimhsithe ar a gcéad chostas

stairiúil. Déantar caipitliú ar shócmhainní atá de bhreis ar €250.

Cuirtear dímheas san áireamh ar rátaí a ríomhtar chun an

chéad chostas a dhíscríobh lúide luach iarmharach measta gach

sócmhainne faoin modh dronlíneach thar a saol úsáideach measta.

Is mar seo a leanas atá na rátaí dímheasa:

• Troscán agus Trealamh Oifige 20% sa bhliain

• Trealamh Ríomhaireachta 33% sa bhliain

F. Costais Pinsean

Tá scéim pinsean le sochair sainithe i bhfeidhm ag an mBord a

mhaoinítear go bliantúil ar bhonn íoc mar a thuillear as airgead

atá ar fáil dó, lena n-áirítear airgead a sholáthraíonn an Roinn

Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt. Tá an Scéim á feidhmiú ar

bhonn riaracháin ar feitheamh faomhadh ón Aire Airgeadais.

Ríomhtar dliteanais na Scéime Pinsean ar bhonn achtúireachta

agus modh chreidiúint réamh-mheasta an aonaid á úsáid.

Léiríonn costais pinsin na sochair a thuilleann fostaithe le linn

na tréimhse agus taispeántar iad glan ar ranníocaíochtaí pinsean

foirne a n-áirítear mar íocaíochtaí inaisíoctha leis an Roinn de réir

socruithe airgeadais gníomhaíochta. Aithnítear suim atá i

gcomhréir leis an muirear pinsin mar ioncam sa mhéid is go

bhfuil sé in-aisghabhála agus fritháirithe i gcoinne deontas a

bhfuarthas iad i rith na bliana le híocaíochtaí pinsin a dhéanamh.

Léirítear gnóthachain nó caillteanais achtúireacha a éiríonn as

athruithe ar thoimhdí Achtúireachta agus as gnóthachain agus

caillteanais ó thaithí sa Ráiteas Ghnóthachan agus Caillteanas

Aitheanta don bhliain ina dtarlaíonn siad agus aithnítear coigeartú

dá réir maidir leis an méid inaisghabháilte i dtréimhsí atá le

teacht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt.

Léiríonn dliteanais pinsin an luach atá faoi láthair ar íocaíochtaí

pinsean amach anseo atá tuillte ag an bhfoireann go dtí seo.

Léiríonn maoiniú pinsin iarchurtha an sócmhainn chomhréireach

a bheidh inaisghabháilte sa todchaí ón Roinn Turasóireachta,

Cultúir agus Spóirt.

G. Beartas maidir le hAirgeadra Eachtrach

Aistrítear idirbhearta atá ainmnithe in airgeadra eachtrach go

dtí na hairgeadraí feidhmiúla faoi seach de réir na rátaí malairte

ar dhátaí na n-idirbhearta. Aistrítear sócmhainní agus dliteanais

airgeadaíochta atá ainmnithe in airgeadra eachtrach ar dháta a

dtuairiscithe go dtí an airgeadra feidhmiúil ar an ráta malairte

ar an dáta sin. Cuirtear san áireamh mar ghnóthachan nó mar

chaillteanas malairte sa Ráiteas Ioncaim aon ghnóthachan nó

caillteanas a éiríonn de bharr athruithe ar na rátaí malairte tar

éis dáta an idirbhearta.