24.12.2012 Views

AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board

AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board

AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

40 41

REWIND

RÁITEAS MAIDIR LE DuALGAIS CHOMHALTAí BOIRD

Éilítear in Alt 20 (1) d’Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980 go n-ullmhóidh comhaltaí an Bhoird Ráitis Airgeadais i

bhfoirm a d’fhéadfadh an tAire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt a cheadú, le toiliú ón Aire Airgeadais. Nuair a bheidh

na Ráitis Airgeadais sin á n-ullmhú aige, tá ceanglas ar an mBord:

• Beartais oiriúnacha a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.

• Breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama.

• Na Ráitis Airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh ach amháin i gcás nach bhfuil sé cuí glacadh leis go

leanfaidh an Bord ag feidhmiú.

• A chur in iúl gur cloíodh le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme faoi réir aon difríochtaí ábhartha a nochtadh agus a

míníodh sna ráitis airgeadais.

Tá an Bord freagrach as leabhair chearta cuntasaíochta a choinneáil a nochtaíonn le cruinneas réasúnta staid airgeadais

an Bhoird ag am ar bith. Tá sé freagrach as cibé bearta is gá a chur i bhfeidhm chun sócmhainní Bhord Scannán na

hÉireann a chosaint agus le calaois agus mírialtachtaí eile a chosc agus a aimsiú.

Thar ceann an Bhoird:

James Morris Lesley McKimm

Cathaoirleach Comhalta Boird

28 Samhain 2011

SEASIDE STORIES

RÁITEAS MAIDIR LE RIALÚ InMHEÁnACH

AIRGEADAIS

Admhaímse leis seo, thar ceann Bhord Scannán na hÉireann/

the Irish Film Board, go bhfuil freagracht orainn a chinntiú go

gcoinnítear agus go bhfeidhmítear córas éifeachtach i dtaca le

rialú inmheánach airgeadais.

Ní féidir leis an gcóras ach deimhniú réasúnta agus ní dearbhdheimhniú

iomlán a thabhairt go gcosnaítear sócmhainní, go

mbíonn idirbhearta údaraithe agus taifeadta mar is cuí, agus

go gcuirfear cosc le hearráidí nó mírialtachtaí ábhartha nó go

n-aimseofar iad go tráthúil.

na Príomhnósanna Imeachta i dtaca le Rialú:

Tá na príomhnósanna imeachta seo a leanas maidir le rialú

inmheánach airgeadais curtha i bhfeidhm ag an mBord chun

timpeallacht chuí a chinntiú i dtaca le rialú:

• Tá plean eagraíochta i bhfeidhm a shainmhíníonn agus a

leithdháileann freagrachtaí ar an bhfoireann agus a

aithníonn línte maidir le tuairisciú i dtaobh gach gné

d’oibríochtaí an Bhoird.

• Tá nósanna imeachta agus bearta slándála i bhfeidhm

lena chinntiú go gcosnaítear sócmhainní an Bhoird

agus le dearbh-dheimhniú in aghaidh úsáid nó diúscairt

neamhúdaraithe a chinntiú.

• Moltar cultúr láidir follasachta agus freagrachta ar fud

na heagraíochta.

Tá próisis bunaithe ag an mBord chomh maith chun rioscaí gnó

a aithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu trí:

• Nádúr, méid agus impleachtí airgeadais an riosca atá roimh

an gcomhlacht a aithint, lena n-áirítear an méid a cheaptar

a bheith inghlactha maidir le feidhmeanna éagsúla.

• Measúnú a dhéanamh ar an ndóchúlacht go dtarlóidh rioscaí

aitheanta agus measúnú a dhéanamh ar chumas an Bhoird

na rioscaí a tharlaíonn a bhainistiú agus a mhaolú.

• Athbhreithnithe rialta a dhéanamh ar phleananna

straitéiseacha an Bhoird lena chinntiú go dtugann na

pleananna sin aghaidh ar an dtimpeallacht reatha gnó.

• Spriocanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a leagadh

síos do gach Aonad laistigh den Bhord agus athbhreithniú a

dhéanamh ar a ndul chun cinn i dtaca leis na spriocanna sin.

• Nósanna imeachta caighdeánacha faoinar féidir cúnamh

airgeadais a chur ar fáil do thionscadail a bhunú agus a

fhorfheidhmiú agus na nósanna imeachta sin a athbhreithniú

de réir mar is gá.

Rinne an Bord athbhreithniú ar a chuid rioscaí gnó i 2010

agus tá aghaidh á thabhairt aige faoi láthair ar aon laigeachtaí

a aithníódh.

Tá an córas rialaithe airgeadais bunaithe ar chreat oibre

d’fhaisnéis rialta bainistíochta, ar nósanna imeachta riaracháin

lena n-áirítear deighilt dualgas, údarú agus córas tarmligin agus

freagrachta. áirítear air sin, go háirithe:

• Córas cuimsitheach maidir le buiséadú lena bhfuil buiséad

bliantúil i gceist a dhéanann an Bord iad a athbhreithniú

agus a chomhaontú.

• Athbhreithnithe rialta ar thuarascálacha tréimhsiúla agus

bliantúla a léiríonn caiteachas i gcomparáid le réamhaisnéis.

• Spriocanna a shocrú chun feidhmíocht airgeadais agus

feidhmíocht eile a thomhas.

Tá Coiste Iniúchta bunaithe chomh maith ag an mBord atá

comhdhéanta d’ionadaithe ón mBord agus ón bhFheidhmeannas

agus é mar sprioc ag an gCoiste sin rialúcháin inmheánacha a

neartú.

Athbhreithniú i dtaca le Rialú Inmheánach Airgeadais:

Déanann an Bord monatóireacht ar éifeachtúlachtacht an

chórais rialaithe inmheánaigh airgeadais trí athbhreithniú

bainistíochta agus iniúchadh thréimhsiúil a dhéanamh agus

trí staidéir a dhéanamh ar athbhreithnithe le comhairleoirí

seachtracha. Tá athbhreithniú déanta ag an mBord ar a chuid

rialuithe inmheánacha airgeadais don bhliain 2010.

Thar ceann an Bhoird

James Morris

Cathaoirleach

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!