AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board
AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board
AnnuAL REPORT OF BORD SCAnnÁn nA ... - Irish Film Board
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
40 41

THE TuDORS III

RÁITEAS MAIDIR LE DuALGAIS CHOMHALTAí BOIRD

Éilítear in Alt 20 (1) d’Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980 go n-ullmhóidh comhaltaí an Bhoird Ráitis Airgeadais i

bhfoirm a d’fhéadfadh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta a cheadú, le toiliú ón Aire Airgeadais. Agus iad ag

ullmhú na Ráiteas Airgeadais sin, tá ceangaltas ar an mBord:

• Beartais oiriúnacha a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.

• Breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama.

• Ráitis Airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin mura mbíonn sé cuí glacadh leis go leanfaidh

an Bord air ag feidhmiú.

• A chur in iúl gur cloíodh le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme faoi réir aon difríochtaí ábhartha a nochtadh agus a

míníodh sna ráitis airgeadais.

Tá an Bord freagrach as leabhair chearta cuntasaíochta a choinneáil a nochtaíonn le cruinneas réasúnta staid airgeadais

an Bhoird ag am ar bith. Tá sé freagrach as cibé bearta is gá a chur i bhfeidhm chun sócmhainní Bhord Scannán na

hÉireann a chosaint agus le calaois agus mírialtachtaí eile a chosc agus a aimsiú.

Thar ceann an Bhoird:

James Morris Lesley McKimm

Cathaoirleach Comhalta Boird

24 Samhain 2010

PRINCESS

RÁITEAS MAIDIR LEIS An gCóRAS RIALAITHE

InMHEÁnACH AIRGEADAIS

Admhaímse leis seo, thar ceann Bhord Scannán na hÉireann/

the Irish Film Board, go bhfuil freagracht orainn a chinntiú go

gcoinnítear agus go bhfeidhmítear córas éifeachtach i dtaca le

rialú inmheánach airgeadais.

Ní féidir leis an gcóras ach deimhniú réasúnta agus ní dearbh-

dheimhniú iomlán a thabhairt go gcosnaítear sócmhainní, go

mbíonn idirbhearta údaraithe agus taifeadta mar is cuí, agus

go gcuirfear cosc le hearráidí nó mírialtachtaí ábhartha nó go

n-aimseofar iad go tráthúil.

na Príomhnósanna Imeachta i dtaca le Rialú:

Tá na príomhnósanna imeachta seo a leanas maidir le rialú

inmheánach airgeadais curtha i bhfeidhm ag an mBord chun

timpeallacht chuí a chinntiú i dtaca le rialú:

• Tá plean eagraíochta i bhfeidhm a shainmhíníonn agus a

dháileann freagrachtaí ar an bhfoireann agus a aithníonn

línte maidir le tuairisciú i dtaobh gach gné d’oibríochtaí

an Bhoird.

• Tá nósanna imeachta agus bearta slándála i bhfeidhm

lena chinntiú go gcosnaítear sócmhainní an Bhoird

agus le dearbh-dheimhniú in aghaidh úsáid nó diúscairt

neamhúdaraithe a chinntiú.

• Moltar cultúr láidir follasachta agus freagrachta ar fud

na heagraíochta

Tá próisis bunaithe ag an mBord chomh maith chun rioscaí gnó

a aithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu trí:

• Nádúr, méid agus impleachtí airgeadais an riosca atá roimh

an gcomhlacht a aithint, lena n-áirítear an méid a cheaptar

a bheith inghlactha maidir le feidhmeanna éagsúla.

• Measúnú a dhéanamh ar an ndóchúlacht go dtarlóidh rioscaí

aitheanta agus measúnú a dhéanamh ar chumas an Bhoird

na rioscaí a tharlaíonn a bhainistiú agus a mhaolú.

• Athbhreithnithe rialta a dhéanamh ar phleananna

straitéiseacha an Bhoird lena chinntiú go dtugann na

pleananna sin aghaidh ar an dtimpeallacht reatha gnó.

• Spriocanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a shocrú

do gach Aonad laistigh den Bhord agus athbhreithniú a

dhéanamh ar a ndul chun cinn i dtaca leis na spriocanna sin.

• Nósanna imeachta caighdeánacha faoinar féidir cúnamh

airgeadais a chur ar fáil do thionscadail a bhunú agus a

fhorfheidhmiú agus na nósanna imeachta sin a athbhreithniú

de réir mar is gá.

Rinne an Bord athbhreithniú ar a chuid rioscaí gnó i 2009

agus tá aghaidh á thabhairt aige faoi láthair ar aon laigeachtaí

a aithníódh.

Tá an córas rialaithe airgeadais bunaithe ar chreat oibre

d’fhaisnéis rialta bainistíochta, ar nósanna imeachta riaracháin

lena n-áirítear deighilt dualgas, údarú agus córas tarmligin agus

freagrachta. áirítear air sin, go háirithe:

• Córas cuimsitheach maidir le buiséadú lena bhfuil buiséad

bliantúil i gceist a dhéanann an Bord iad a athbhreithniú

agus a chomhaontú.

• Athbhreithnithe rialta ar thuarascálacha tréimhsiúla agus

bliantúla a léiríonn caiteachas i gcomparáid le réamhaisnéis.

• Spriocanna a shocrú chun feidhmíocht airgeadais agus

feidhmíocht eile a thomhas.

Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchta atá comhdhéanta d’ionadaithe

ón mBord agus ón bhFheidhmeannas agus é mar sprioc ag an

gCoiste sin rialúcháin inmheánacha a neartú.

Athbhreithniú i dtaca le Rialú Inmheánach Airgeadais:

Déanann an Bord monatóireacht ar éifeachtúlachtacht an

chórais rialaithe inmheánaigh airgeadais trí athbhreithniú

bainistíochta agus iniúchadh thréimhsiúil a dhéanamh agus

trí staidéir a dhéanamh ar athbhreithnithe le comhairleoirí

seachtracha. Tá athbhreithniú déanta ag an mBord ar a chuid

rialuithe inmheánacha airgeadais don bhliain 2009.

Thar ceann an Bhoird

James Morris

Cathaoirleach