You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
TRIAIL TUISCEANA 1

Viewing Sample

Daire Mac Pháidín

Foilsitheoireacht Prim-Ed 30
TRIAIL TUISCEANA 1

Réamhrá

Tá ceithre aonad déag sa leabhar seo agus tá dhá leathanach i ngach

ceann acu. Is ionann an leagan amach do gach aonad; Triail tuisceana

le ceisteanna, cleachtaí gramadaí agus puzail de shaghas éigin ina

ndiaidh.

Cumadh na scéalta seo chun éagsúlacht foclóra agus briathra a

thabhairt don dalta agus bunaíodh na scéalta féin ar a ngnáthábhair

chainte.

Tá sé i gceist go mbunófaí ceacht ar gach aonad. Ba cheart go ndéanfaí

atáirgeadh ar na leathanaigh agus iad a chur ar dhá thaobh an

leathanaigh don dalta.

Daire Mac Pháidín

Clár

Leathanaigh Teideal

1-2 ................. Uachtar Reoite

3-4 ................. Liomanáid

5-6 ................. Seacláid

7-8 ................. Candaí Floss

9-10 ................. Milseáin

11-12 ................. Cácaí

13-14 ................. Brioscaí

15-16 ................. Úlla

17-18 ................. Pizza

19-20 ................. Pancóga

21-22 ................. Búnóga

23-24 ................. Criospaí

25-26 ................. Spaghetti

27-28 ................. Glóthach

Viewing Sample

Foilsitheoireacht Prim-Ed 29
Uachtar Reoite

Bhí an ghrian ag taitneamh sa spéir.

Chuala Liam agus Lúcí veain uachtar reoite ag teacht.

Rith siad isteach sa teach agus fuair siad airgead.

Cheannaigh Liam agus Lúcí uachtar reoite.

Chuir an fear seacláid san uachtar reoite.

Bhí an t-uachtar reoite an-fhuar.

'Is maith liom uachtar reoite',arsa Liam.

'Is maith liom seacláid freisin',arsa Lúcí.

Bhí dath bán ar an uachtar reoite.

A. Ceisteanna

1. Cad a bhí ag taitneamh sa spéir?

Viewing Sample

2. Cad a chuala na páistí?

3. Cár rith na páistí?

4. Cad a cheannaigh na páistí?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 1
Uachtar Reoite

5. Cad a chuir an fear san uachtar reoite?

6. Cén dath a bhí ar an uachtar reoite?

7. An raibh an t-uachtar reoite fuar?

B.

Ar Tháinig?

Tháinig

Níor Tháinig

1. Ar tháinig an veain uachtar reoite?

2. Ar tháinig fear an phoist?

Viewing Sample

3. Ar tháinig an dochtúir?

4. Ar tháinig an madra abhaile?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 2
Liomanáid

Chuaigh na páistí go dtí an phictiúrlann.

Thug mamaí airgead do Lúcí agus do Liam.

Bhí tart ar na páistí.

Cheannaigh Lúcí agus Liam canna liomanáide.

Thug an bhean sop do Lúcí agus do Liam.

D'oscail Liam an canna agus chuir sé an sop isteach.

D'oscail Lúcí an canna agus chuir sí an sop isteach.

'Is maith liomsa liomanáid bhán',arsa Liam.

'Is fearr liomsa liomanáid' dhearg',arsa Lúcí.

Chuir Liam liomanáid ar a uachtar reoite. Bhí sé go hálainn.

A. Ceisteanna.

1. Cá ndeachaigh na páistí?

Viewing Sample

2. Cé a thug airgead do Lúcí agus do Liam?

3. An raibh tart ar na páisti?

4. Cad a cheannaigh siad leis an airgead?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 3
Liomanáid

5. Ar chuir Lúcí an sop isteach sa channa?

6. Cén sort liomanáide is fearr le Lúcí?

7. Cad a rinne Liam lena liomanáid?

B.

Ar Cheannaigh?

1. Ar cheannaigh Liam leabhar?

2. Ar cheannaigh mamaí cáca?

3. Ar cheannaigh Daidí mála?

Cheannaigh

Níor Cheannaigh

Viewing Sample

4. Ar cheannaigh Lúcí Liathróid?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 4
Seacláid

D'fhág mamaí mála ar an úrlár.

Bhí barra seacláide sa mhála.

Shiúil babaí isteach sa seomra.

Chonaic sé an barra seacláide.

D’oscail sé an mála agus d'ith sé an barra seacláide.

Bhí seacláide ar a aghaidh agus ar a lámha.

Tháinig daidí isteach.

'Gú Gú' arsa babaí

Thosaigh daidí ag gáire.

A. Ceisteanna

1. Cad a d’fhág mamaí ar an urlár?

Viewing Sample

2. Cad a bhí sa mhála?

3. Cé a shiúil isteach sa seomra?

4. Ar ith babaí an barra seacláie?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 5
Seacláid

5. Cad a bhí ar a aghaidh agus ar a lámha?

6. Cé a tháinig isteach sa seomra?

7. Ar thosaigh daidí ag gáire?

B.

Ar oscail?

1. Ar oscail Liam an buidéal?

D’oscail

Níor oscail

2. Ar oscail Daídí doras an gharáiste.

3. Ar oscail mamaí an fhuinneog sa seomra?

Viewing Sample

4. Ar oscail Lúcí a mála scoile?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 6
Candaí Floss

Chuaigh Liam agus Lúcí go dtí an sorcas inné.

Cheannaigh na páistí candaí Floss.

Chuir an fear candaí floss ar bhata.

Bhí candaí floss bán ag Liam.

Bhí candaí floss bán-dearg ag Lúcí.

Thit candaí floss Liam ar an talamh.

Thosaigh sé ag caoineadh.

'Ná bí ag caoineadh', arsa Lúcí.

Thug Lúcí a candaí floss do Liam.

'Go raibh maith agat,a Lúcí ', arsa Liam.

A. Ceisteanna

1. Cá ndeachaigh Liam agus Lúcí?

Viewing Sample

2. Cad a cheannaigh siad?

3. Cén dath a bhí ar chandaí floss Lúcí ?

4. Ar thit candaí floss Liam?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 7
Candaí Floss

5. Ar thosaigh Liam ag caoineadh?

6. Ar thug Lúcí a candaí floss do Liam?

7. Cad a dúirt Liam le Lúcí?

B.

Ar Chuir?

1. Ar chuir mamaí a háta uirthi?

2. Ar chuir daidí a chóta air?

Chuir

Níor chuir

3. Ar chuir an madra cnámh ina bhéal?

Viewing Sample

4. Ar chuir Liam a mhála scoile ar an mbord?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 8
Milseáin

Scríobh Lúcí scéal an-mhaith ar scoil.

'Maith an cailin', arsa an múinteoir.

Léigh sí an scéal do na páistí eile.

Thug na páisti bualadh bos mór do Lúcí

Thug an múinteoir mála milseán di.

D’ith Lúcí na milseáin go léir.

Níor thug sí milseán do Liam.

Bhí pian ina bolg ag Lúcí.

'Bhí an-bhrón ar Lúcí.

A. Ceisteanna

1. Cé a scríobh an scéal?

Viewing Sample

2. Ar léigh Lúcí an scéal do na páistí eile?

3. Cad a thug na páistí di?

4. Ar ith Lúcí na milseáin go léir?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 9
Milseáin

5. Ar thug Lúcí milseáin do Liam?

6. Cad a bhí ag Lúcí nuair a chuaigh sí abhaile?

7. An raibh brón ar Lúcí?

B.

Ar ith?

1. Ar ith an múinteoir úll?

2. Ar ith an madra banana?

D’ith

Níor ith.

Viewing Sample

3. Ar ith an t-éan an phéist?

4. Ar ith Seán a dhinnéar?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 10
Cácaí

D’fhág mamaí cáca deas ar an mbord.

Bhí subh agus seacláid ar an gcáca.

Tháinig an madra isteach sa chistin.

Léim sé suas ar an mbord.

Rug sé greim ar an gcáca.

Rith sé amach go dtí an gairdín agus d’ith sé an cáca.

Chonaic mamaí an madra. Bhí an-fhearg uirthi

'Madra dána', arsa mamaí.

'Woof Woof', arsa an madra.

Thosaigh mamaí ag gáire.

A. Ceisteanna

1. Cad a d'fhág mamaí ar an mbord?

Viewing Sample

2. Cad a bhí ar an gcáca?

3. Cé a tháinig isteach sa chistin?

4. Ar léim an madra suas ar an mbord?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 11
Cácai

5. Cár rith an madra?

6. An raibh fearg ar mhamaí?

7. Ar thosaigh mamaí ag gáire?

B.

An ndearna?

Rinne

1. An ndearna daidí an dinnéar?

2. An ndearna Lúcí ceapaire?

Ní dhearna

3. An ndearna Mamaí cupán tae?

Viewing Sample

4. An ndearna Liam a obair bhaile?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 12
Brioscaí

Dhúísigh Lúcí i lár na hoíche.

D'éirigh sí agus léim sí as an leaba.

Chuaigh sí síos staighre.

Fúair sí cúpla briosca agus gloine bhainne.

Bhí seacláid agus subh ar na brioscaí.

Léim sí ar ais sa leaba.

D'ith sí na brioscaí agus d'ól sí an bainne.

Léigh sí a leabhar nua.

Thit sí ina codladh arís.

A. Ceisteanna

1. Cé a dhúisigh i lár na hoíche?

Viewing Sample

2. Ar léim Lúcí as an leaba?

3. An ndeachaigh sí síos staighre?

4. Cad a fuair Lúcí?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 13
Brioscaí

5. An raibh seacláid ar na brioscaí?

6. Ar ith Lúcí na brioscaí?

7. Ar thit sí ina codladh arís?

B.

Ar oscail?

D’oscail

Níor oscail

1. Ar oscail an madra a bhéal?

2. Ar oscail mamaí a mála?

3. Ar oscail daidí an doras?

Viewing Sample

4. Ar oscail Lúcí an fhuinneog?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 14
Úlla

Bhí crann úll sa ghairdín.

D'fhás úlla ar an gcrann úll

Shuigh Liam faoin gcrann úll.

Thit úll amháin ar a cheann.

Thóg Liam an t-úll isteach sa teach.

Nigh daidí an t-úll. Thug daidí an t-úll do Liam.

Bhí áthas ar Liam.

'Ní maith liom an crann úll sin', arsa Liam.

A. Ceisteanna

1. Cá raibh an crann úll?

Viewing Sample

2. Cad a d’fhás ar an gcrann úll?

3. Cé a shuigh faoin gcrann úll?

4. Cad a thit ar a cheann?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 15
Úlla

5. Ar thosaigh Liam ag caoineadh?

6. Ar thóg Liam an t-úll isteach sa teach?

7. Ar nigh daidí an t-úll?

B.

Ar Shuigh?

Shuigh

Níor Shuigh

1. Ar Shuigh mamaí ar an gcathaoir?

2. Ar shuigh daidí ar an mballa?

3. Ar shuigh Liam ar an leaba?

Viewing Sample

4. Ar shuigh Lúcí ar an mbord?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 16
Pizza

Bhí Liam agus Lúcí sa bhaile mór.

Bhí ocras ar na páistí.

Chuaigh siad isteach sa bhialann.

Cheannaigh mamaí pizza mór.

Ghearr mamaí an pizza le scian.

D’ith Liam píosa amháin agus d’ith Lúcí an píosa eile

'An féidir uachtar reoite a chur ar pizza' arsa Lúcí.

'Ní féidir',arsa mamaí agus thosaigh sí ag gáire.

A. Ceisteanna

1. Cá raibh ná Liam agus Lúcí?

2. An raibh ocras ar na páistí?

Viewing Sample

3. Cé a cheannaigh an pizza?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 17
Pizza

4. Cé a ghearr an pizza dóibh?

5. Ar ith Liam agus Lúcí an pizza?

6. Ar thosaigh na páisti ag gáire?

B.

An ndeachaigh?

1. An ndeachaigh Lúcí ar scoil?

Chuaigh

Ní dheachaigh

2. An ndeachaigh Liam go dtí an pháirc?

3. An ndeachaigh daidí go dtí an siopa?

Viewing Sample

4. An ndeachaigh mamaí go dtí an phictiúrlann?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 18
Pancóga

Bhí Liam agus Lúcí ag déanamh pancóga sa chistin.

Thit ubh ar an urlár.

Tháinig daidí isteach. Sheas sé ar an ubh.

Bhí fearg ar dhaidí.

Rinne daidí pancóga do na páistí.

Chaith sé na pancóga suas san aer.

Chuir Lúcí subh agus im ar a pancóg.

Chuir Liam im agus siúcra ar a phancóg.

'Tá na pancóga seo go hálainn',arsa Lúcí.

A. Ceisteanna

1. Cé a bhí ag déanamh pancóga?

Viewing Sample

2. Cad a thit ar an urlár?

3. An raibh fearg ar dhaidí?

4. Cé a rinne na pancóga?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 19
Pancóga

5. Ar chaith daídí na pancóga suas san aer?

6. Cad a chuir Lucí ar a pancóg?

7. Cad a chuir Liam ar a phancóg?

B.

Ar thit?

Thit

1. Ar thit daidí den chathaoir?

2. Ar thit Lúcí ina codladh?

3. Ar thit an t-úll den chrann?

4. Ar thit Liam sa sneachta?

Níor thit

Viewing Sample

Foilsitheoireacht Prim-Ed 20
Búnóga

Bhí Liam agus Lúcí ar scoil.

Bhí siad ag déanamh bunóga.

Chuir Liam an plúr isteach sa bhabhla.

Chuir Lúcí an bainne isteach sa bhabhla.

Bhris an múinteoir ubh isteach sa bhabhla.

Mheasc Liam an plúr, an bainne agus an ubh sa bhabhla.

'Is maith liom a bheith ag obair', arsa Liam.

Nuair a bhí na bunóga réidh bhí siad go hálainn.

Chuir Lúcí subh agus uachtar sna bunóga.

A. Ceisteanna

1. Cá raibh Liam agus Lúcí?

2. Cad a chuir Liam sa bhabhla?

Viewing Sample

3. Ar chuir Lúcí bainne sa bhabhla?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 21
Búnóga

4. Ar bhris an múinteoir ubh sa bhabhla?

5. Ar mheasc Liam an plúr agus an bainne?

6. Cad a chuir Lúcí sna bunóga?

B.

An Raibh?

1. An raibh Lúcí dána?

Bhí

2. An raibh mamaí sa ghairdín?

3. An raibh daidí sa chistin?

Ní raibh

Viewing Sample

4. An raibh an madra sa gharáiste?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 22
Criospaí

Bhí na páistí ag féachaint ar an teilifís.

Chonaic Lúci bia ar an teilifís.

Tháinig ocras ar Lúcí.

Chuaigh sí amach go dtí an chistin.

Fuair Lucí dhá mhála chriospaí.

Thug sí criospaí do Liam.

Rinne Liam ceapaire leis na criospaí.

'Is maith liom a bheith ag féachaint ar an teilifís,' arsa Liam.

'Is breá liom a bheith ag ithe criospaí freisin,'arsa Lúcí.

A. Ceisteanna

1. An raibh na páistí ag féachaint ar an teilifís?

2. An bhfaca Lúcí bia ar an teilifís?

Viewing Sample

3. Ar tháinig ocras ar Lúcí?

4. An ndeachaigh sí amach go dtí an chistin?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 23
Criospaí

5. Ar thug sí criospaí do Liam?

6. An ndearna Liam ceapaire leis na criospaí?

B.

An bhfaca?

1. An bhfaca Liam éan?

2. An bhfaca daidí liathróid?

Chonaic

Ní fhaca

3. An bhfaca mamaí veain uachtar reoite?

Viewing Sample

4. An bhfaca Lúcí an eilifint?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 24
Spaghetti

Bhí spaghetti ag Liam agus Lúcí don dinnéar.

Chuir Lúcí an spaghetti ar a forc.

Thit an spaghetti ar an bpláta.

Chuir Liam an spaghetti ar a spúnóg.

Thit an spaghetti ar an bpláta.

'Ní féidir liom spaghetti a ithe' arsa Liam.

Thosaigh daídí ag gáire.

Fuair Dáídí arán do Liam agus do Lúcí.

Rinne Lúcí agus Liam ceapairí leis an spaghetti.

'Is maith liom ceapairí spaghetti' arsa na páistí.

A. Ceisteanna

1. Cad a bhí ag Liam agus Lúcí don dinnéar?

2. Ar chuir Lúcí spaghetti ar a forc?

Viewing Sample

3. Ar thit an spaghetti ar an bpláta?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 25
Spaghetti

4. Cé a thosaigh ag gáire?

5. An bhfuair daidí arán do Liam agus Lúcí?

6. Cad a rinne na páistí leis an spaghetti?

B.

Ar thosaigh?

1. Ar thosaigh mamaí an carr?

2. Ar thosaigh dadaí ag léamh?

Thosaigh

3. Ar thosaigh na páistí ag troid?

Níor thosaigh

Viewing Sample

4. Ar thosaigh an madra ag ithe?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 26
Glóthach

Bhí tinneas ar na páistí.

Ghlaoigh mamaí ar an dochtúir.

Thug an dochtúir instealladh do na páistí.

Bhí na páistí an-mhaith.

Thug mamaí glóthach do na páistí

Bhí glóthach banana ag Liam.

Bhí glóthach oráiste ag Lúcí.

Chuir Lúcí uachtar reoite ar a glóthach.

'Is maith liom a bheith tinn', arsa Liam.

A. Cesiteanna

1. Cad a bhí ar na páistí?

Viewing Sample

2. Ar ghlaoigh mamaí ar an dochtúir?

3. Cad a thug an dochtúir do na páistí?

4. An raibh na páistí go maith?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 27
Glóthach

5. Cad a thug mamaí do na páistí?

6. Cad a chuir Lúcí ar a glóthach?

7. An maith le Liam a bheith tinn?

B.

Ar thug?

Thug

1. Ar thug Liam peann do Lúcí?

Níor thug

2. Ar thug dadaí cnámh don mhadra?

3. Ar thug mamaí úll do Liam?

Viewing Sample

4. Ar thug Liam leabhar do Lúcí?

Foilsitheoireacht Prim-Ed 28