19.02.2016 Views

Éire do Chách

Manifesto-Irish

Manifesto-Irish

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

An Ireland for all.

Social Housing Units,

• retain mortgage interest relief to 2020,

• create a special savings scheme to help first time buyers save for their deposit,

• tackle the homelessness emergency,

Support with the quality & cost of living

We will:

• reduce and eliminate USC for low and middle income workers up to €80,000,

• abolish Irish water and water charges,

• cut VAT on ESB and gas bills from 13.5% to 13%,

• reduce the monthly Drug Payment Scheme threshold to €100 per month

• increase working age welfare payments by €10 with an additional €10 top-up payment for

carers,

Éire

disability allowance recipients

do

and persons

Chách.

on invalidity benefit,

• abolish prescription charges,

• lower treatment and Emergency Department waiting times,

• re-balance our health system towards primary care,

Forógra Toghcháin 2016

A vibrant and safe community to live in

We will:

• increase Garda numbers to 15,000 and the Garda reserve to 2,500,

• toughen sentencing with mandatory terms and a new sentencing council,

• invest in Garda IT and equipment to get more Gardaí on the beat,

• create community councils and restore town councils,

• increase LEADER funding and establish a new grant scheme for Community Centres,

• allow cities to hold plebiscites on directly elect mayors,

• reform planning laws to revitalise town and village centres across Ireland,

An independent retirement

We will:

• increase the state pension by €30 a week and living alone allowance to €15 a week,

• ensure older people can live independently in their home for as long as possible,

• expand housing adaptation grants, home help hours and homecare packages,

• protect and develop the free travel scheme,

• tackle older community loneliness with a social enterprise fund for older people.

1

Tá rogha bunúsach le déanamh ag Éirinn

maidir lena todhchaí. Gluaiseacht chun cinn

in éineacht nó todhchaí éagothrom agus

neamhchóir a bheith againn?

Measann Fianna Fáil go bhfuil bealach níos

córa ann ná beartais dheighilteacha Fhine

Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, beartais

nach bhfuil ag obair.

Léiríonn an forógra toghcháin seo gur féidir tír

a bheith againn a dhéanfaidh freastal ar a cuid

daoine ar fad – a chuideoidh le teaghlaigh

agus le pobail bláthú agus a bhféadfaí tacú

leo trí sheirbhísí poiblí láidre a chur ar fáil.

Tugann ár bpleananna aghaidh ar gach

réimse d’obair an rialtais agus ar leasú ó

bhun ar an rialtas ach ní mór tosaíochtaí a

bheith againn. Anseo, leagaimid amach na

príomhthosaíochtaí atá againn agus mar

a dhéanfar iad a chur i bhfeidhm agus a

chothabháil.

Clár

Tiomantas do Fhreagracht Fhioscach .............................................................. 2

Ág gCeithre Phríomhthosaíocht ........................................................................ 3

An méid is brí lenár dTosaíochtaí duitse ag gach céim de do shaol ...... 4

Réamhrá .................................................................................................................... 7

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar .................................................. 10

Ag cuidiú le SME & ag cothromú forbairt réigiúnach ..................... 12

Ag Cur Chun Cinn Eolaíocht & Taighde ............................................... 19

Ag Tacú leis an Dream Féinfhostaithe ................................................. 21

Ag Ceartú na Deighilte Digití.................................................................. 24

Praghas cóir a dhaingniú d’fheirmeoirí agus earnáil agraibhia

rathúil ............................................................................................................. 26

Ag Cosaint ár Ráta Cánach Corparáide & Atógáil an Limistéir

Euro ................................................................................................................ 31

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a mbíonn siad

ag brath orthu a fheabhsú ................................................................................... 38

An costas maireachtála a laghdú .......................................................... 40

Tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh trí chreidmheas cánach

tacaíochta cúram leanaí a thabhairt isteach ....................................... 43

Córas Leas Sóisialach atá níos cothroime a chruthú ....................... 46

Córas oideachais a chruthú do chách .................................................. 49

Ag tabhairt tacaíochta do chóras cúram sláinte atá á maoiniú ...

go poiblí ........................................................................................................ 55

Athchóiriú na hEarnála Poiblí ................................................................. 67

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt ............................... 72

Áiteanna Cónaithe agus Pobail a Choinneáil Slán ........................... 74

Ráthaíocht Seirbhísí Pobail a Bhunú .................................................... 79

“Conair chuig uilechuimsitheacht” a chruthú do dhaoine faoi

mhíchumas .................................................................................................. 81

Lár bhailte, chathracha & phríomhchathair na hÉireann a

athbheochan ............................................................................................... 85

An gréasán bóithre a fheabhsú agus iompar poiblí a chosaint ... 88

Cumhacht a thabhairt do dhaoine áitiúla maidir le cinntí

áitiúla ............................................................................................................. 94

Straitéis náisiúnta maidir leis na hEalaíona a chruthú do

chách ................................................................................................... 97

Ár dteanga náisiúnta a chosaint & a fhorbairt .......................... 98

Tionscnamh athchóirithe “Oireachtas don 21ú hAois” a

chur i bhfeidhm ................................................................................. 98

Pobal láidir uile-Éireann a bhunú .......................................................... 100

Éire mar ghuth láidir sa phobal domhanda ....................................... 105

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine ........................... 112

An Deis chun Úinéireachta a threisiú ................................................... 114

Tógáil do theaghlaigh trí infheistiú i 150,000 áit chónaithe nua

faoi 2021 lena náirítear 45,000 aonad tithíochta sóisialta nua .... 116

Áiteanna chónaithe a chruthú don uile dhuine trí 45,000

Aonad Tithíochta Sóisialta nua a thógáil ............................................ 119

Cabhrú le Glúin an Chíosa ....................................................................... 122

Deireadh a chur le heaspa dídine fhadtéarmach faoi 2021 .......... 125

“Conradh um Maireachtáil Neamhspleách” a bhunú do

dhaoine scothaosta ................................................................................... 126

1

Tiomantas do Fhreagracht Fhioscach

Tá Éire réidh anois leis an ngné cheartaitheach den comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis agus

tá easnamh na tíre tite faoi bhun 3%. Tá an cóimheas fiachas/GDP tite faoi bhun an mhairc

chriticiúil 100%. Is mar thoradh ar an íobairt mhór atá déanta ag an bpobal le roinnt mhaith

blianta é seo, tréimhse ar cuireadh arduithe cánach agus ciorruithe diana caiteachais i bhfeidhm.

Tá sé ráite ag an gCoimisiún Eorpach, ag Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann

agus ag lear mór anailísithe neamhspleácha eile, áfach, go bhfuil an rialtas seo ag déanamh

neamhairde ina bheartais fhioscacha ar na ceachtanna atá foghlamtha againn. Ainneoin deich

mbliana a bheith caite ag éileamh ciorruithe cánach agus ardú ar chaiteachas agus gur vótáladh

ina dhiaidh sin i gcoinne 70% de na bearta a chomhdhlúthaigh cúrsaí airgeadais an Stáit, is fearr

leis an rialtas fós reitric a chur chun tosaigh ar bheartais fhadtéarmacha inbhuanaithe.

Is éard a bheadh mar a thoradh ar chuspóir radacach Enda Kenny cáin a laghdú go dtí leibhéil na

SA ná go ngluaisfí i dtreo sochaí a bheadh níos éagothrom fós a mbeadh na seirbhísí poiblí níos

measa agus a dtiocfadh meath ar infreastruchtúr.

I gcomórtas leis sin, tá an forógra toghcháin seo bunaithe ar, ní hamháin todhchaí níos córa a

bhaint amach don tír ach freisin, ar thodhchaí níos inbhuanaithe.

Cuirfidh Fianna Fáil i bhfeidhm go hiomlán oibleagáidí fioscacha náisiúnta agus AE na hÉireann

maidir le caiteachas agus spriocanna cóimheasa coinbhéirseachta Fiachas le GDP. Chomh maith

leis sin bunóimid ciste do lá an ghátair ón mbliain 2017 chun farasbarr buiséid nuair a bheidh

cúrsaí go maith a chur i dtaisce le hinfheistiú sa chás go dtarlódh géarchéim amach anseo.

Tá na tiomantais shonracha sa bhforógra seo costáilte ag baint leasa as trí fhoinse. I dtosach

báire leis na ranna aonair agus rinneadh ansin na costais a dheimhniú leis an Roinn Airgeadais

agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina dhiaidh sin. Cuireadh na costais

ar aghaidh freisin, mar chéim eile, lena meas go neamhspleách i dtaobh cruinnis agus

inbhuanaitheachta laistigh de theilgin eacnamaíochta inghlactha. Seo é an chéad uair ar

chuir aon pháirtí a bhforógra toghcháin chun cinn d’athbhreithniú dá leithéid. Tá an fhaisnéis

airgeadais agus na foinsí is bun don cháipéis seo foilsithe in aguisín mionsonraithe.

Níor ghlac Fine Gael ná Páirtí an Lucht Oibre lenár gcuid moltaí a chinnteodh go mbeadh gach

forógra toghcháin costáilte go hoibiachtúil ag Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann.

Is muid i rialtais, cuirfimid reachtaíocht i bhfeidhm chun an teip sin a chur ina cheart.

2

Éire do Chách.

Ár gCeithre Phríomhthosaíocht

Tá doiciméid bheartais mhionsonraithe foilsithe ag Fianna Fáil a chumhdaíonn réimse iomlán

na bhfreagrachtaí rialtais. Creidimidne, áfach, nach mór na príomhthosaíochtaí a chreidimidne a

cheart a bheith mar bhuntaca faoi obair an chéad rialtais eile a leagan amach.

Is iad sin:

Poist mhaithe a chruthú &

tacú le fiontraíocht

Na Costais atá ar theaghlaigh a

laghdú & na seirbhísí a mbíonn

siad ag brath orthu a fheabhsú

Dul i ngleic le coireacht & Seirbhísí

Pobail a Fhorbairt

Úinéireacht tí a chinntiú &

dul i ngleic le heaspa dídine

3

An méid is brí lenár dTosaíochtaí duitse ag gach céim de do shaol

An méid is brí lenár dTosaíochtaí duitse ag gach céim de

do shaol

Tús Cóir sa Saol

Déanfaimid:

• creidmheas tacaíochta cúraim leanaí €2,000 a bhunú chun rogha níos fearr a thabhairt do

thuismitheoirí atá ag obair

• cur le caighdeán agus le hinbhuanaitheacht na hearnála cúraim leanaí

• síneadh a chur leis an sochar máithreachais go 30 seachtain agus ceadófar saoire

chomhroinnte

• sochar leanaí a ardú €10 sa mhí

An tOideachas is Fearr

Déanfaimid:

• meán mhéid ranga a laghdú go 23:1 sa chéad rialtas eile

• foirne luath-idirghabhála ar an láthair a bhunú i mbunscoileanna chun cuidiú le leanaí a

bhfuil deacrachtaí forbartha acu agus tabharfaimid ar ais líon na n-uaireanta múinteoireachta

acmhainne

• scoileanna DEIS a leathnú chomh maith leis an gclár béilí scoile

• seirbhís treoirchomhairleoireachta a chur ar fáil i ngach scoil dara leibhéal

• táillí ranníoca mic léinn a chalcadh agus Deontais Iarchéime a thabhairt ar ais

Post Maith a Fháil

Déanfaimid:

• breis is 250,000 post a chruthú faoi 2021

• banc nua fiontair Stáit a bhunú chun leathnú ar ghnólachtaí a mhaoiniú

• an t-ualach cánach ar dhaoine féinfhostaithe a laghdú d’fhonn gnólachtaí nua-thionscanta a

spreagadh

• Clár Meantóireachta agus Oiliúna d’Fhiontraithe a bhunú

• Scéim phrintíseachta nua a bhunú ar fud réimse leathan earnálacha

• Cosc a chur ar chonarthaí náid-uaireanta

• An Cháin Ghnóthachan Caipitiúil d’fhiontraithe a laghdú go 10%

Áit Chónaithe a Chinntiú

Déanfaimid:

• Gníomhaíocht fhoirgníochta a mhéadú chun 150,000 áit chónaithe nua a chur ar fáil faoi

2021 ina measc 45,000 Aonad nua Tithíochta Sóisialta

4

Éire do Chách.

• Faoiseamh ó ús morgáiste a choinneáil go dtí an bhliain 2020

• Scéim coigiltis speisialta a bhunú chun cuidiú le ceannaitheoirí céad uaire éarlais a shábháil

• Dul i ngleic leis an éigeandáil easpa dídine

Tacaíocht i ndáil le caighdeán agus costas maireachtála

Déanfaimid:

• USC a laghdú agus deireadh a chur ar fad leis d’oibrithe ar ioncam íseal agus ar mheánioncam

suas le €80,000,

• deireadh a chur le Uisce Éireann agus na muirir uisce

• Tairseach na Scéime Íocaíochta Drugaí a laghdú go €100 sa mhí

• Íocaíochtaí leasa do dhaoine d’aois oibre a ardú €10 chomh maith le €10 breise do

chúramóirí, d’fhaighteoirí liúntais míchumais agus d’fhaighteoirí sochair easláine

• Deireadh a chur le táillí oidis

• Na hamanna feithimh do chóireáil agus in Aonaid Éigeandála a laghdú

• Athchothromú ar an gcóras sláinte agus gluaiseacht i dtreo príomhchúraim

Pobal bríomhar agus sábháilte le cónaí ann

Déanfaimid:

• líon na nGardaí a mhéadú go 15,000 agus na nGardaí cúltaca go 2,500,

• pianbhreitheanna níos déine a thabhairt isteach chomh maith le téarmaí príosúin

éigeantacha agus comhairle nua pianbhreithe a bhunú

• infheistíocht in IT agus i dtrealamh do Ghardaí chun go mbeidh tuilleadh Gardaí ar an stádar

• comhairlí pobail a bhunú agus na comhairlí baile a thabhairt ar ais

• maoiniú LEADER a mhéadú agus scéim nua deontais a bhunú d’Ionaid Pobail

• ceadú do chathracha pobalbhreitheanna a reáchtáil chun Méara a thoghadh

• dlíthe pleanála a leasú d’fhonn ionaid bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann a

athbheochan

Neamhspleáchas is tú ar scor

Déanfaimid:

• an pinsean stáit a mhéadú €30 sa tseachtain agus an liúntas maireachtála aonair a mhéadú

go €15 sa tseachtain,

• a chinntiú go mbeidh daoine scothaosta in ann cónaí sa bhaile go neamhspleách chomh

fada agus is féidir

• deontais oiriúnaithe tithe a leathnú chomh maith le líon uaireanta na gcúntóirí baile agus na

pacáistí cúraim baile

• an scéim saorthaistil a chosaint agus a fhorbairt

• dul i ngleic le huaigneas is measc daoine scothaosta le ciste fiontar sóisialta do dhaoine

scothaosta

5

6

Éire do Chách.

Réamhrá

Tá rogha bunúsach le déanamh againn ar fad sa toghchán seo faoin gcineál tíre atáimidne, mar

dhaoine, ag iarraidh a bheith againn. An ngluaisfimid chun cinn le chéile mar thír nó an mbeidh

tír againn a bheidh níos éagothroime fós? Tá a fhios ag Fianna Fáil go maith cá seasann sé,

teastaíonn rialtas uainn atá tiomanta “Éire do Chách” a dhéanamh den tír.

Is iontach an tír í Éire a bhfuil cultúr bríomhar ag baint léi, stair mhór agus daoine gnaíúla,

fáiltiúla agus oscailte inti. Tír í seo a bhfuil an-chumas inti, atá tógtha ar bhunchloch mhaith. Tá

cúlú eacnamaíochta fada agus achrannach sáraithe ag Éirinn agus rinneadh sin mar gheall ar

scileanna agus ar thiomantas a cuid daoine. Baineann an téarnamh le muintir na tíre ar fad.

Tá muid imithe le sruth, áfach, faoi cheannas an rialtais seo agus táimid ag dul in aghaidh na córa

agus an baol ann go mbeidh an tír níos éagothroime agus níos deighilte fós dá bharr.

Tá Fianna Fáil tiomanta “Éire do Chách” a dhéanamh den tír a mbeidh fás eacnamaíoch le brath

ar fud na tíre, a mbeidh úinéireacht ag teaghlaigh ar a n-áit chónaithe féin, a mbeidh sráideanna

sábháilte, a mbeidh luach saothair ar obair chrua agus sochaí a bheith againn a dtugtar aire

do dhaoine óga, do dhaoine leochaileacha agus dár ndaoine aosta. Leagtar amach i bhforógra

toghcháin an pháirtí plean Fhianna Fáil chun an tiomantas sin a thabhairt chun fíre bunaithe ar

ceithre phríomhthosaíocht atá costáilte go beacht:

1. Poist mhaithe a chruthú & tacú le fiontraíocht

2. Na Costais atá ar Theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a mbíonn siad ag brath

orthu a fheabhsú

3. Dul i ngleic le coireacht agus seirbhísí poiblí a fheabhsú

4. Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

Sin iad ár bpríomhthosaíochtaí chun tír níos fearr a dhéanamh den tír do mhuintir na tíre ar fad.

Is seans atá sa toghchán seo, 100 bliain i ndiaidh bhunú na Poblachta, vóta a chaitheamh do

“Éire do Chách” agus cuidiú todhchaí bríomhar, slán a chinntiú duit féin agus do do theaghlach.

Déanfaidh rialtas nua ag a mbeidh ceithre phríomhthosaíocht Fhianna Fáil, an tír sin di.

Táim ag iarraidh do vóta an 26ú Feabhra chun cuidiú linn “Éire do Chách” a dhéanamh den tír.

Micheál Martin TD

Uachtarán Fhianna Fáil

7

8

Éire do Chách.

1

Poist chuibhiúla a

chruthú & tacú le fiontar

9

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

Déanfaidh Fianna Fáil mol domhanda d’Éirinn le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

(SME) agus cruthófar os cionn 250,000 post faoi 2021.

Ag tacú le SME & ag Cothromú Forbairt Réigiúnach

• Spriocanna ar leith i dtaobh poist Réigiúnacha a leagan síos

• Banc fiontair stáit atá ceadúnaithe go hiomlán a chruthú

• An ráta Faoisimh Fiontraí CGT a laghdú go 10% & an teorainn ghnóchain inmhuirearaithe a

leathnú go €15m.

• Cruthú fostaíochta a dhreasú trí Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa Fostóra (PRSI) a laghdú

• Cuidiú le SME na hÉireann a bheith san iomaíocht do chonarthaí na seirbhíse poiblí

• Scéim dearbháin gnó & Clár Oiliúna Fiontraíochta agus Meantóireachta a bhunú

• Deireadh a chur le conarthaí náid uaireanta agus printíseachtaí le leathnú

Ag Cur Chun Cinn Eolaíocht & Taighde

• Maoiniú ilbhliantúil a chur i bhfeidhm d’eolaíocht & taighde & maoiniú imfhálaithe a bhunú

• An ceangal idir Thaighdeoirí agus Nuálaithe a láidriú

Ag Tacú le Dream Féinfhostaithe

• Faoiseamh i leith PRSI Fostaí a thabhairt isteach

• Na cánacha ioncaim féinfhostaithe a laghdú & a athbhreithniú

• Líontán sábhála sóisialta don dream féinfhostaithe a chruthú

An Deighilt Dhigiteach a Cheartú ar fud na hÉireann

• Iniúchadh náisiúnta ar raon clúdaigh d’fhóin phóca agus Plean Bonneagair Fón Póca a chur i

gcrích

• Feidhmiú céimneach ar an gCóras Fibre 1000 Mbp chuig teaghlaigh ar fud an stáit

• Moil Dhigiteacha Réigiúnacha a fhorbairt i ngach údarás áitiúil

Praghas cóir a dhaingniú d’fheirmeoirí & Earnáil Agraibhia rathúil

• Ombudsman Bia a bhunú chun praghas cóir a dhaingniú d’fheirmeoirí

• An réimeas iniúchta feirme a athbhreithniú

• An scéim Géanómaíochta Mairteola a fheabhsú agus a athbhreithniú

• Feidhmiú céimneach ar an lipéad mairteola lao ‘Island of Ireland’

Ag Cosaint ár Ráta Cánach Corparáide & ag atógáil an Limistéir Euro

• Dul i ngleic le rialacháin na hEorpa chun ár Ráta Cánach corparáide 12.5% a choinneáil

• Aontas fioscach, aistrithe agus baincéireachta a chruthú chun cosc a chur le géarchéim sa

10

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

Limistéar Euro

• Ciste a bhunú do Lá na Coise Tinne chun infheistíocht a dhéanamh le linn aon choir chun

donais amach anseo

Tá cúrsaí in Éirinn ag feabhsú mar gheall ar scileanna agus ar fhiontraíocht mhuintir na hÉireann,

gnéithe a láidríodh agus ar cuireadh leo thar thréimhse fada blianta. Tá comharthaí ann nach

féidir a shéanadh áfach, i dtaobh geilleagair atá ag fás agus a fheidhmíonn ar dhá leibhéal ar

leithligh, ina bhfuil deighilt cruthaithe idir gnóthaí agus fostaithe, iadsan le fostaíocht ardluacha,

bhuanseasmhach agus iadsan atá i ngreim i bhfostaíocht gan mórán tairbhe, i jabanna gan

mórán cinnteachta. Mura mbeidh rialtas againn a dhíreoidh ar an bhfadhb, beidh an claonadh

sin mar ghné bhuan de shochaí na tire.

Ciallaíonn cur chuige an rialtais seo, ina dtugtar tús áite don pholaitíocht, gur mó tábhacht

a bhaineann leis an gcreidiúint a thógáil as an obair a rinne dream eile seachas díriú ar na

fadhbanna nua a thagann chun cinn. Tá sé luaite san athbhreithniú ar an ‘bPlean Gníomhaíóchta

do Jabanna’ leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), nach bhfuil

sé indéanta figiúirí ar leith maidir le cruthú fostaíochta a éileamh don Phlean, ach fós leanann

Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre orthu á dhéanamh sin.

Le cúig bliana anuas, ba é an polaitiú gníomhach a rinneadh ar chúrsaí cumarsáide an t-aon

nuálaíocht shuntasach a cuireadh i gcrích i mbeartas fostaíochta. Tá na fógraí a bhíodh mar

ghnáthchleachtas cumarsáide tráth, anois áibhéalta agus faoi choimeád go dtí go mbeidh na

hairí faoi réir iad a úsáid ar mhaithe le cúrsaí poiblíochta.

Tá an teip i leith pleanáil nó infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar criticiúil mar bhagairt

dhíreach d’ionchais gheilleagracha ar bhonn meán agus fadtréimhse.

Táimid tiomanta do réimse leathan beartas uaillmhianach chun cur chuige níos inbhuanaithe

agus níos cuimsithí a chothabháil i leith cruthú fostaíochta agus forbairt gheilleagrach.

Déanfaimid:

• Tógáil ar phríomhláidreachtaí reatha an gheilleagair ach cur le cothromú níos forleithne i

dtéarmaí earnálacha agus dáileacháin,

• Cultúr nuathionscanta agus SME níos fuinniúla a fhorbairt,

• Scileanna agus tacaíocht do nuálaíocht a chur i bhfeidhm i gcroílár beartais phoiblí,

• Infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar riachtanach ina n-áirítear bonneagar teicneolaíochta

a bhfuil gá leis i ngeilleagar nua-aoiseach,

• Cuidiú go gníomhach le ceantair atá i mbaol a bheith fágtha ar an bhfaraor gear.

Cuideoidh an plean fostaíochta seo le téarnamh marthanach, ar bhonn leathan a chruthú ar fud

na tíre ina hiomláine, a bheidh bunaithe ar phoist chuibhiúla, sábháilte.

11

Ag cuidiú le SME & ag cothromú forbairt réigiúnach

Tá earnáil láidir ilnáisiúnta forbartha in Éirinn mar gheall ar thacaíocht chomhsheasmhach a

cuireadh ar fáil thar thréimhse fada blianta. Éilíonn múnla geilleagrach inbhuanaithe cothromú

idir an earnáil seo agus an earnáil ríthábhachtach, dhúchasach, mhillteanach SME. Éilítear

cothromú níos forleithne laistigh agus idir réigiúin chomh maith. Ní fhéadaimid ligean le cúrsaí

druidim i dtreo geilleagar dhá leibhéal, ina bhfuil líon mór jabanna maithe le fáil i gceantar ar

leith agus ina bhfuil ceantair agus pobail eile fágtha le fostaíocht gan chinnteacht a thairgeann

leibhéil ísle íocaíochta.

Is é sin an chúis go bhfuil Fianna Fáil ag moladh sraith céimeanna uaillmhianacha chun cuidiú le

SME, ina n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus chun forbairt réigiúnach níos cothroime a

chinntiú.

Déanfaimid:

(i) Spriocanna réigiúnacha a leagan síos d’fhostaíocht inbhuanaithe,

ardluacha

Tá an téarnamh dhá leibhéal atá faoi mhaoirseacht an rialtais ag fágáil réigiúin go leor na tíre in

áit na leathphingine. Ní mór dúinn díriú go díreach air sin, trí chruthú fostaíochta a chur chun

cinn ar fud na tíre. Tá na SME mar phríomhghnéithe fáis ar fud na tíre agus beidh ról lárnach acu

i leith fostaíocht nua a chruthú. Chomh maith leis sin, ní mór do na tionscail dhúchasacha, láidre

amhail an earnáil turasóireachta agus agraibhia gníomhú. Déanfaimid:

- Na leibhéil dífhostaíochta a laghdú ar bhonn réigiúnach go dtí na leibhéil a bhí ann in 2007.

- Spriocanna a leagan síos d’fhostaíocht inbhuanaithe a fhás agus do jabanna ardluacha ar

bhonn réigiúnach.

(ii) Banc fiontair nua stáit a chruthú

Tá an ceal creidmheasa mar bhagairt leanúnach d’fheidhmiú ghnóthaí beaga na tíre, na

gnóthaí céanna a sheas i gcoinne na géarchéime ba dhúshlánaí dá bhfacthas sa tír riamh. Ní

féidir le geilleagar feidhmiú go tairbhiúil gan fáil ar chreidmheas; cuireann sé le cumas gnóthaí

infheistíocht a dhéanamh do na laethanta níos faide anonn. Go dtí seo, chlis ar na bainc a

n-oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar atá coimeádaithe airgeadais na margaí creidmheasa

ag cur SME i mbaol ar fud na hÉireann. Tá Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

(SBCI), a bhunaigh an rialtas seo, go hiomlán míshásúil. Tá gá le banc le taca an stáit a bheidh

bunaithe ar an múnla céanna le Cuideachta an Chairde Tionscail (ICC) a d’oibrigh go rathúil sa

gheilleagar le blianta fada anuas. Chun go mbeidh rath ar náisiún fiontraíochta tá gá go mbeidh

fáil ag gnóthaí ar chreidmheas chun go dtiocfaidh rathú agus fás faoin ngeilleagar.

- Déanfaimid athbhreithniú bunúsach ar ról an SBCI trí é a cheadúnú go hiomlán mar bhanc

fiontraíochta stáit a bheidh ar chomhchosúlacht leis an ICC tráth. Beidh an banc fiontraíochta

12

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

lánfheidhme seo ina réiteach buan ar an mbearna iasachtaithe atá ann faoi láthair in earnáil

bhaincéireacht na hÉireann, agus thabharfaí iasachtaí amach d’aon chuideachta, beag beann

ar earnáil nó méid, ina n-áirítear feirmeacha, chomh fada gur féidir leo a n-acmhainneacht

chreidmheasa a léiriú.

- Chomh maith leis sin, beartaítear go gcomhoibreoidh an SBCI leis na comhair chreidmheasa

d’fhonn cuidiú le hairgeadas a sholáthar do SME. Beidh ar chumas na gComhar Creidmheasa

roinn dá gciste €8bn sábhála a chur isteach i scéim iasachta SME, le taca an bhainc

fiontraíochta. Leis sin, déanfar ionracas rialála na gComhar a chothabháil fad agus a chuirfear

deis nua infheistíochta ar fáil do na SME.

(iii) An Ráta Faoisimh Fiontraí CGT a laghdú go 10%

Tá gá leis na fiontraithe a dhreasú chun cultúr fiontraíochta a chothú agus a chur chun cinn

ar fud na tíre. Ní mór go mbeidh Éire faoi réir le dul san iomaíocht go díreach leis an Ríocht

Aontaithe chun a chinntiú go mbeidh an dream gnó atá ag teacht chun cinn sásta cuideachtaí

nua a bhunú anseo. Tríd an gCáin Ghnóthachain Chaipitiúil (CGT) ar fhiontraithe a laghdú,

cuideofar le gnólachtaí nuathionscanta a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt agus le

smaointe úra a spreagadh ar fud na tíre.

- Déanfaimid an Ráta Faoisimh Fiontraí CGT a laghdú go 10% agus an tairseach ghnóchain

inmhuirearaithe a ardú go €15m.

(iv) An chóireáil chánach féinfhostaithe a chomhardú

Déanann an córas cánach reatha leatrom ar dhaoine féinfhostaithe a rinne a gcuid gnóthaí

beaga féin a bhunú agus atá ag déanamh a ndíchill. Ní fhaigheann said an €1,650 creidmheas

cánach agus ní fhaigheann siad an trian dó sin i gCreidmheas Cánach Ioncaim Saothraithe, a

mbaineann oibrithe PAYE tairbhe as. Ciallaítear leis sin go bhfuil a gcuid ioncaim atá saothraithe

go maith acu, faoi réir ráta cánach éifeachtach atá níos airde fiú in ainneoin an tionchair

fhorleathain atá acu ar an bpobal agus ar an ngeilleagar. Tá leatrom cánach den chineál sin mar

léargas ar mheon stáit a bhuaileann cois ar fhiontraíocht leaba é a chothú agus a chur chun cinn.

Cuirfimid bearta i gcrích chun an leatrom sin a réiteach.

- Déanfaimid an creidmheas cánach ioncaim saothraithe a ardú ó €550 go €1,650 ag costas

€123m agus beidh an t-ardú a dhéanfar ar an gcreidmheas cánach ioncaim saothraithe ar aon

dul leis an gcreidmheas cánach PAYE, chun a chinntiú go leanfar leis an gcothromú sin amach

anseo.

(v) Ceadú do SME na hÉireann a bheith san iomaíocht do chonarthaí na

seirbhíse poiblí

Tá an stát ar an bhfostóir is mó sa tír agus déantar suimeanna an-mhór airgid a infheistiú i

gconarthaí na seirbhíse poiblí gach bliain. Is fiú €12bn in aghaidh na bliana margadh sholáthar

na hÉireann. Tá SME na hÉireann go mór faoi mhíbhuntáiste agus iad san iomaíocht do

chonarthaí, ina n-áirítear íosleibhéil láimhdeachais leis na critéir atá leagtha síos atá i bhfad níos

13

airde ná mar atá ar chumas cuideachta bheag Éireannach a bhaint amach. Thairis sin, déantar

díobháil d’iomaíochas an phróisis soláthair san fhadtréimhse tríd an raon cúng gnóthaí atá

incháilithe dul san iomaíocht ar na conarthaí céanna.

- Déanfaimid an próiseas soláthair a leathnú chun a chinntiú go bhféadfaidh na gnóthaí ar

fad tairbhe a bhaint as. Oibreoimid faoi rialacha an AE chun a chinntiú nach bhfuil SME na

hÉireann faoi mhíbhuntáiste agus iad i mbun tairisceana do chonarthaí na seirbhíse poiblí.

Ina n-áireofar Ombudsman Soláthair Phoiblí a chruthú a bheidh bunaithe ar chur chuige

‘ráta sochair na hÉireann’ chun a chinntiú go ndéanfar éascú ar SME agus iad san iomaíocht

do chonarthaí. Cuirfear deireadh le ceanglais leatromach nach ndéanann iomaíochas cóir a

áireamh i bhformhór mór cásanna.

(vi) Ag dul i ngleic leis an scáthgheilleagar

Is iad na SME a bhíonn thíos le scáthgheilleagar a dhéanann díobháil do ghnóthaí, a chuireann

bac ar fhostaíocht agus a dhéanann ioncam an státchiste a laghdú. Réimníonn scála an

scáthgheilleagair ó thuairim is €5-20bn, a chosnaíonn suimeanna uafásacha móra airgid ar an

stat agus dhéanann díobháil ollmhór do chuideachtaí comhlíontacha.

- Rachaimid i ngleic leis an scáthgheilleagar trí úsáid níos forleithne i leith córais íocaíochta

leictreonacha a spreagadh, leagfaimid síos sprioc i dtaobh ardú 10% sa líon idirbheart a

chuirfear i gcrích thar thréimhse an chéad rialtais eile.

(vii) Tacú le haontas cóir Trádála Trasatlantaí agus le Comhpháirtíocht

Infheistíochta

Tacaíonn Fianna Fáil leis na bprionsabal i leith deireadh a chur le bacainní ar thrádáil. Tá sé

sin riachtanach do rathúlacht na hÉireann. Chomh maith leis sin áfach, creidimid nach mór

d’idirbhearta trádála a bheith cóir agus nach mór staid na stát a chosaint a bhfuil mar aidhm acu

caighdeáin arda mhaireachtála agus fostaíochta a chinntiú.

Tá ar chumas aontas Trádála Trasatlantaí agus Comhpháirtíochta Infheistíochta (TTIP) idir an AE

agus na Stáit Aontaithe, a bheidh uaillmhianach agus cuimsitheach agus suas le 10,000 post

nua a chruthú i ngeilleagar na hÉireann thar réimse leathan gnóthaí. Tá roinnt saincheisteanna

áfach, nach féidir comhghéilleadh a dhéanamh ina leith a bhaineann le caighdeáin bhia agus

le meicníochtaí i leith réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát (ISDS) chun leasa na

hÉireann a chosaint sula féidir tacú leis go hiomlán. Déanfaimid:

- An fód a sheasamh chun a chinntiú nach mbeidh caighdeáin an AE faoi réir ag

idirbheartaíocht. Go mór mhór, aithnímid an tábhacht a bhaineann le caighdeáin arda

sábháilteachta bia san Eoraip a choinneáil. Ní thabharfaidh Fianna Fáil tacaíocht d’idirbheart

TTIP mura seastar go hiomlán leis na caighdeáin sábháilteachta bia ag na leibhéil is airde.

- Oibriú ag leibhéal an AE chun athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí ISDS.

- Glacadh lena chinntiú go mbainfidh cuideachtaí ar fad tairbhe as na deiseanna a chruthaíonn

idirbheart trádála trí chomhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach, agus leis na Ballstáit chun

14

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

rannpháirtíocht na SME a éascú i gcúrsaí trádála trasatlantaí tar éis don chomhaontú a

theacht chun feidhme.

(viii) Rochtain a chur ar fáil chuig maoin phoiblí atá gan áitiú nó nach bhfuil in

úsáid chun ionaid chothaithe a chruthú

Tá an costas a bhaineann le maoin a aimsiú thar a bheith ard agus deacair do chuideachtaí nua

atá sa tóir ar ionaid dá ngnóthaí. Chomh maith leis na costais cíosa, féadfaidh rátaí tráchtála an

bonn a bhaint de ghnó nua i dtús aimsire. Tá an stát ar cheann de na húinéirí maoine is mó sa tír

le réimsí móra maoine atá go hiomlán folamh nó ar bheagán úsáide faoi láthair.

- In 2016, glacfaimid le suirbhé údaráis áitiúil ar mhaoine feiliúnacha a chur i gcrích, ina

n-áirítear foirgnimh phoiblí nach bhfuil in úsáid agus iad a chur in áirithe mar aonaid

chothaithe do ghnólachtaí nuathionscanta. Beidh na haonaid faoi réir foráil ‘úsáid é nó caill é’

chun an tairbhe is fearr a bhaint as a n-úsáid. Beidh grúpaí pobail ar mian leo a bhfiontar féin

a bhunú i dteideal iarratas a dhéanamh ar na haonaid sin chomh maith.

(ix) Fiontraíocht Shóisialta a Chur Chun Cinn

Is bealach nuálach é Fiontar Sóisialta ina n-úsáidtear modhanna gnó chun cuspóirí sóisialta

níos leithne a chur i gcrích. Déantar tuairim is 30,000 duine a chumhachtú ar fud na tíre cheana

féin trí oibriú 1,400 fiontar. Leis an gcineál ceart tacaíochta ón stát agus leis an gcreat ceart

i bhfeidhm tá acmhainneacht shuntasach ag an gceantar fiontair i leith fáis agus i leith na

n-uimhreacha fostaíochta a ardú, fad atáthar ag díriú ar réimse leathan ceisteanna sóisialta.

- Déanfaimid ról na nOifigí Fiontair Áitiúil a leathnú chun tacú le Tionscnaimh Fiontair

Shóisialta, suirbhéanna CSO a leathnú chun gníomhaíocht fiontair shóisialta a chuimsiú,

fiontar sóisialta a aistriú go soiléir faoi chúram na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta,

cúrsaí oiliúna a bhunú a bheidh dírithe ar ghnéithe fiontair shóisialta agus leathnú a

dhéanamh ar ráthaíocht airgeadais chun cuidiú le hinfheistíocht a mhealladh.

(x) An Córas Rátaí Tráchtála a Leasú

Ní mór don chóras rátaí tráchtála na ngnólachtaí nuathionscanta agus forbairt réigiúnach

a spreagadh, ní a phionósú. Déanfaidh córas leasaithe bunús an airgeadais údaráis áitiúil a

dhaingniú agus cuidiú le fiontraíocht a chur chun cinn amach anseo. Tá ár mbeartais dírithe ar

chuidiú le gnóthaí agus ar chroílár na mbailte a athbheochan ar fud na hÉireann, taobh istigh de

chiste airgeadais reatha na n-údarás áitiúil. Déanfaimid:

- Saoire ó Rátaí a bhunú do ghnólachtaí nuathionscanta

Tá spreagadh agus cothú fiontraíochta ríthábhachtach do gheilleagar fuinniúil ar fud

cheantair tuaithe agus uirbeacha na hÉireann. Tá rátaí tráchtála troma mar chosc

ar ghnólachtaí nuathionscanta. Tá croílár na mbailte faoi bhagairt ag na forbairtí

siopadóireachta atá lonnaithe ar imill na mbailte, ina gceadaíonn na rátaí tráchtála agus na

táillí páirceála laghdaithe do ghnóthaí fás agus leathnú ach, a fhágann lár na mbailte ar an

15

hfaraor gear. Ní mór dúinn ár gcathracha, bailte agus sráidbhailte a athbheochan agus

gnólachtaí nuathionscanta a spreagadh chun dul sa riosca agus poist nua a chruthú.

• Tabharfaimid isteach scéim ráta faoisimh ráta do chuideachtaí nuathionscanta a bheidh

sásta cur fúthu i lár na mbailte agus sna ceantair a ndearnadh faillí orthu, a bheidh

sonraithe ag na húdaráis áitiúla. Seasfaidh an dreasacht seo ar feadh dhá bhliain chun

cuidiú le gnóthaí le linn a gcéad laethanta.

-Clásal ‘neamhábalta íoc’ a thabhairt isteach do ghnóthaí atá faoi bhrú

Tá sé diúltaithe go leanúnach ag an rialtas clásal ‘neamhábalta íoc’ a thabhairt isteach sa

phróiseas rátaí. Ciallaítear leis sin go ndéantar bille rátaí tráchtála a leagan ar ghnóthaí atá

i gcruachás airgeadais tromchúiseach in ainneoin an tionchair thubaistigh a d’fhéadfadh

sé sin a imirt ar chúrsaí. Ar fud na hÉireann, tá codanna suntasacha billí á bhfágáil gan

íoc, le gnóthaí ag carnadh fiachas ollmhór, de bhrí nach bhfuil ar a gcumas a n-oibleagáidí

rátaí tráchtála a chomhlíonadh. Tá an ceal láimhdeachais sin agus an ceal acmhainne chun

íocaíocht a dhéanamh ag déanamh scrios ar ghnóthaí atá faoi bhrú chun na poist atá acu a

choinneáil gan trácht ar phoist nua a chruthú.

• Déanfaimid ‘clásal neamhábalta íoc’ a thabhairt isteach i reachtaíocht rialtais áitiúil

chun a chinntiú go ndéanfaidh na húdaráis áitiúla láimhdeachas agus brabús a thógáil

san áireamh agus iad ag ríomh na rátaí tráchtála do ghnóthaí aonair. Déanfaidh sé

sin próiseas trédhearcach, inrochtana a bhunú a cheadóidh do ghnóthaí achomharc a

dhéanamh i leith billí rátaí tráchtála de bharr sriantacht airgeadais, go díreach chuig an

údarás áitiúil i bhformáid shoiléir eagraithe

- Leasú Rátaí Tráchtála fadtréimhseach a thabhairt isteach ar bhonn ioncam neodrach

Déantar tuairim is €1.5bn a chruinniú d’údaráis áitiúla gach bliain trí chóras rátaí tráchtála.

Titeann an t-ualach sin ar na gnátháitribh atá lonnaithe i gcroílár na bpobal éagsúil. Tá an

córas reatha ina dhídhreasú d’áitribh a lonnú i gcroílár ár mbailte agus cathracha. Chomh

maith leis sin, ní chuireann sé aon tacaíocht ar fáil do ghnóthaí nua agus nuálacha.

Tá sé thar am athmheasúnú a dhéanamh ar an inmharthanacht fhadtréimhseach a bhaineann

le cáin mhaoine a fhorchur ar ghnóthaí ag tráth ina bhfuil cúrsaí gnó ag fáil níos soghluaiste

ar bhonn leanúnach.

• Déanfaimid tuarascáil comhrannach a thionscnamh idir an Roinn Comhshaoil & Rialtais

Áitiúil, an Roinn Airgeadais agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i dtaca

leis an méid a bheidh i ndán don chóras Rátaí Tráchtála trí tharraingt ar shaineolas

neamhspleách agus ar thaithí idirnáisiúnta. Lena théarmaí tagartha, áireofar tograí do

sholúbthacht a chur i gcrích, forbairt lár baile a spreagadh agus tacú le gnóthaí nua.

Déanfar an tuarascáil a eisiúint taobh istigh de 12 mhí le liosta soiléir gníomhaíochtaí don

rialtas le cur i gcrích.

(xi) Deireadh a chur le Conarthaí Náid Uaireanta agus dul i ngleic le conarthaí

féinfhostaithe, róshaothraithe

Tá soiléiriú i leith uaireanta oibre chomh riachtanach céanna leis an ráta a íoctar le hoibrí a

16

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

ardú agus le cúnamh a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha atá ag brath ar leasa sóisialta.

Déanann conarthaí náid uaireanta, neamhbhuana, neamhchinnteacht a chruthú d’oibrithe gach

seachtain de thoradh na n-uaireanta a éilítear orthu a oibriú agus cruthaítear ceal cinnteachta dá

bharr i ndáil leis an méid iarbhír a dhéanann siad a shaothrú. Ar leibhéal níos leithne, cuireann

pá íseal agus socruithe breacfhostaíochta cosc ar dhaoine morgáistí a fháil, comhaontuithe

cíosa a chur i gcrích agus cosc ar a gcumas gealltanas i leith cúrsaí airgeadais a thabhairt. Is cuid

riachtanach dár dtiomantas dul i ngleic leis sin, d’fhonn poist chuibhiúla a chruthú mar chuid dár

bhfís i leith ‘Éire do chách’ a chruthú. Déanfaimid:

- Deireadh a chur le conarthaí náid uaireanta trí théarmaí tagartha an Choimisiúin um Íocaíocht

Íseal a athrú d’fhonn reachtaíocht a chur i gcrích i leith conarthaí uaireanta bandáilte

dóibhsean ar phá íseal. Ceadóidh sé sin íosmhéid uaireanta d’oibrithe ar chonarthaí náid

uaireanta ísle agus an ceart tuilleadh uaireanta a iarraidh mar a chleachtar san miondíoltóirí

móra eile.

- Dianteannadh ar chonarthaí féinfhostaithe bréagacha, róshaothraithe. Déanann na conarthaí

sin, atá ag fáil níos forleithne, cearta bunúsacha fostaí a shárú i ndáil le híocaíocht saoire, pá

breoiteachta agus ranníocaíochtaí pinsin, agus a cheileann ioncam PRSI ar an Stát.

(xii) JobBridge a leasú & cearta fostaíochta intéirneach a láidriú

Do dhaoine óga go leor i dtús a saoil, tá sé ag fáil níos deacra poist a aimsiú a chuirfeadh tús lena

ngairmeacha roghnaithe. Rinne fostóirí ar leith róshaothrú leatromach ar scéim JobBridge an

rialtais, fad atá borradh thar cuimse tagtha faoi intéirneachtaí neamhíoctha, a chruthaíonn cuid

mhór den mhargadh fostaíochta do dhaoine óga. Tá neamhbhuaine agus éagobhsaíocht na

fostaíochta sin agus a himpleachtaí airgeadais ag laghdú deiseanna do chuid mhór dhaoine óga

na tíre. Baineann an riosca leis an gcóras ‘íoc ar imirt’ go gcruthófar tír a bheidh fós níos deighilte

ná mar atá faoi láthair fiú. Mar chuid dár dtiomantas i leith cruthú poist chuibhiúla agus i leith

‘Éire do chách’ a bhaint amach, déanfaimid cearta daoine óga a chosaint agus a n-ionchais

fostaíochta a láidriú. Déanfaimid:

- Reachtaíocht a thabhairt isteach a thugann soiléiriú ar na cearta fostaíochta a bhaineann

le intéirneachtaí agus le taithí oibre. Ar aon dul leis an reachtaíocht fostaíochta reatha, má

tá intéirneach i mbun oibre luacha don fhostaí, leis an leibhéal céanna maoirseachta agus

freagrachta leagtha air/uirthi agus atá ar an gcuid eile den líon lucht oibre, ar a laghad ba

chóir go n-íocfaí an ráta pá íosta leis nó léi.

- Téarma teorann ceithre seachtainí a leagan ar intéirneachtaí neamhíoctha d’fhonn

díspreagadh agus gardáil a dhéanamh i gcoinne róshaothrú ionchasach ar oibrithe

neamhíoctha le fostóirí.

- An scéim JobBridge a leasú chun a chinntiú go bhfaighidh rannpháirtithe taithí fostaíochta

cuí le fostóirí iomchuí.

(xiii) Na printíseachtaí a leathnú agus a éagsúlú

Tá dream ceirde oilte le hoiliúint phraiticiúil mar bhunchuid den gheilleagar. Ní mór d’Éirinn

17

éimse níos leithne deiseanna a fhorbairt do dhaoine óga ar mian leo ceird a fhoghlaim le taithí

réadúil. Tá printíseachtaí ríthábhachtach i dtaca le líon lucht oibre oilte a chur i gcrích thar réimse

leathan earnálacha. Ní mór bealaí breise a aimsiú a mbíonn post cuibhiúil mar thoradh orthu

nach mbraitheann ar oideachas Ollscoile. Trí réimse éagsúil bealaí printíseachta a bhunú sna

disciplíní IT, Airgeadais agus sna hearnálacha traidisiúnta, ar chomhchosúlacht leis an múnla

a chuir an Ghearmáin i bhfeidhm, cuideofar le dul i ngleic le dífhostaíocht agus glacfar lena

chinntiú nach mbeidh Éire ag déileáil le mí-oiriúnú scileanna ina geilleagar. Tá scéimeanna

ann atá faoi thionchar an éilimh ach, tá ról tábhachtach ag an stát i leith na gcúrsaí áirithe sin a

fhorbairt agus a éascú.

- Déanfaimid an líon printíseachtaí a leathnú agus an raon réimsí a bhfuil fáil orthu a leathnú.

(xiv) An t-íosphá maireachtála a chur i bhfeidhm ar fud na Ranna Rialtais

Is beart tábhachtach é ‘Íosphá Maireachtála’ a bhunú lena chinntiú go n-íocann obair ag

na leibhéil ar fad. Tá íosphá maireachtála cuí, a meastar ag €11.50 in aghaidh na huaire,

ríthábhachtach d’fhonn níos mó daoine a mhealladh isteach sa líon lucht oibre. Tá an t-íosphá

maireachtála mar chuid dár dtiomantas i leith poist chuibhiúla a chruthú ar fud na tíre. Ba chóir

don rialtas, mar an fostóir is mó sa tír, glacadh leis an ról samplach sa chomhthéacs sin. Leis sin,

leagfar síos caighdeán níos leithne gan an iomarca d’ualach reachtaíochta míchuí a leagan ar

fhostóirí atá faoi bhrú i dtaca lena gcostais féin a choinneáil faoi chois.

- Déanfaimid an tÍosphá Maireachtála éigeantach ar fud na ranna rialtais ar fad. D’fhreagair 12

as 15 roinn rialtais ár n-iarratas i leith eolais a thabhairt i dtaobh an chostais a bhainfeadh leis

an íosphá maireachtála a chur i bhfeidhm. €11.5m an costas iomlán a mheastar le haghaidh

an togra a chur i gcrích ar fud na ranna sin.

18

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

Ag Cur Chun Cinn Eolaíocht & Taighde

Bhunaigh Fianna Fáil Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) i 1999, rinne sé sin cúrsaí a athrú

agus d’fhás cáil taighde eolaíochta na hÉireann thar thréimhse deich mbliana. Tá an tacaíocht

a fhaigheann eolaíocht agus nuálaíocht riachtanach chun a chinntiú go bhfuil geilleagar

ardluacha ag Éirinn, agus a thacóidh le poist mhaithe a chruthú sna laethanta amach romhainn.

Le cúig bliana anuas, leagadh béim ar phoiblíocht a bhaint amach d’airí i leith beartas inchreidte

inar áiríodh réimse ilghnéitheach. Tá deiseanna maoinithe Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht

Oibre teoranta go maith agus rinneadh díobháil do chóras taighde a rinne dul chun cinn iontach

roimhe sin. Ní raibh aon straitéis eolaíochta ag obair le dhá bhliain mar shampla. Cuirfimid

deireadh leis an bhfaillí sin agus cuirfear beartas infheistíochta i bhfeidhm a bheidh bunaithe ar

an muinín a chuirfear i ndaoine agus i bhfoirne seachas rialúcháin smachta a chur i bhfeidhm.

Déanfaimid:

(i) Maoiniú ilbhliantúil d’Eolaíocht & Taighde a chur i bhfeidhm

Níl straitéis eolaíochta an rialtais a foilsíodh le gairid uaillmhianach ar aon chor agus cliseann air

gealltanais mhaoinithe dáiríre a chur in ionad na cainte. I gcodarsnacht leis sin, rinne an Straitéis

Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta deiridh a d’fhoilsigh Fianna Fáil, gealltanais

agus cuspóirí an-sonracha a leagan síos. Éilíonn taighde tiomantas ilbhliantúil chun foirne a

dhaingniú agus chun an t-am a bhfuil gá leis a thógáil chun dul i mbun taighde ceannródaíoch.

Déanfaimid:

- Athbhreithniú a dhéanamh ar an Straitéis Eolaíochta, de bharr go ndéanfaidh sé maoiniú a

chur ar fáil don earnáil go ceann cúig bliana.

- Timthriall maoinithe nua cúig bliana a bhunú don Chlár Taighde sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal

(PRTLI), ina n-áirítear €300m infheistíochta atá curtha go leataobh d’infheistíocht chaipitil i

saoráidí taighde chomh maith le tionscadail taighde. Bunaithe ar atriallta a rinneadh roimh

ré, creidimid go bhféadfadh an líon maoinithe seo maoiniú ar chomhchéim a mhealladh ó

fhoinsí príobháideacha agus ó institiúidí atá ar chóimhéid agus ar chomh-mheon.

(ii) Maoiniú imfhálaithe do chláir i réimse ceantar níos leithne

Rinne Fianna Fáil beartú tosaíochta taighde a thabhairt isteach chun a chinntiú gur fhorbair Éire

líon criticiúil sárthaighde i réimsí straitéiseacha tábhachtacha. Bhí rath ar an gcur chuige sin. Is

é cur chuige níos radacaí an rialtais seo áfach, maoiniú a fháscadh do réimsí eile ar fad seachas

na réimsí sainiúla sin. Tá sé sin ag déanamh díobháil uafásach dár mbonn taighde agus áirítear

leis míthuiscint bhunúsach i leith mar a oibríonn taighde agus nuálaíocht. Chomh maith leis

sin, tagann dul chun cinn fíréanta, a chruthaíonn tionscail agus ionchais nua de thoradh cultúr

taighde go príomha, a chuireann luach ar eolaíocht bhunúsach. Is beag le rá tiomantas na

Straitéise Eolaíochta nua don réimse seo. Déanfaimid:

- Maoiniú imfhálaithe a chur i gcrích chun tacú le heolaíocht bhunúsach taobh amuigh de na

19

éimsí beartaithe tosaíochta.

- Buiséad ar leithligh a chothabháil do thaighde sna daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta mar

chuid d’fhoras tiomnaithe laistigh den Údarás um Ard-Oideachas.

- Tacú leis an tuairim maidir le hacmhainn taighde leathan atá bunaithe ar nuálaíochtaí atá faoi

thionchar institiúidí tríú leibhéal ag comhoibriú lena chéile.

- Leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht ar cuireadh tús leis faoinár Lárionaid um Eolaíocht,

Innealtóireacht agus Theicneolaíocht do líon criticiúil i bpríomhréimsí tosaíochta, atá

bunaithe ar nuálaíocht ó laistigh den chóras agus ar chomhoibriú le tionscal.

- Tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ar chothromú maoinithe taighde leis na

príomhghníomhaireachtaí maoinithe taighde.

- Glacadh lena chinntiú go bhfuil ceangal ag na cláir chaipitil amhail an Clár do Thaighde in

Institiúidí Tríú Leibhéal, leis na cuspóirí forbartha straitéiseacha foriomlána in ardoideachas.

(iii) Bonn fianaise slán a chinntiú do bheartas eolaíochta

Níor éirigh le hÉirinn fós an tuiscint d’eolaíocht nua-aoiseach a leabú taobh istigh dá próisis

cinnteoireachta. Ní mór leasú iomlán a chur i bhfeidhm i leith mar a dhéanann an rialtas

comhairle eolaíochta a fháil agus a úsáid. Déanfaimid:

- Oifig an Phríomhchomhairleora Eolaíochta a scaradh ó aon fhreagrachtaí gníomhaireachta

nó cur i bhfeidhm. Déanfar an Oifig a aistriú chuig Roinn an Taoisigh, faoi chúram Rannóg

Eolaíochta agus Nuálaíochta na Roinne sin.

- Éagsúlú a dhéanamh ar an Oifig chun go mbeidh cothromú i bhfeidhm idir oideachas,

taighde agus taithí gnó.

- An Oifig a chumhachtú chun painéal comhairleoirí eolaíochta a chur ar fáil d’fhonn comhairle

rúnda a thabhairt don rialtas i leith saincheisteanna sonraithe de réir mar a thagann siad chun

cinn.

(iv) Ceangal a dhéanamh idir thaighdeoirí agus nuálaithe

Tá baic thábhachtacha fós ann a chuireann cosc ar ár mbonn taighde an tairbhe is fearr a bhaint

as an tionchar a bhíonn acu ar thionscal. Tá sé sin amhlaidh i gcás SME, a bhfuil ráta an-íseal

teagmhála acu leis na réimsí taighde.

- Déanfaimid athbhreithniú ar cheanglais Mhaoine Intleachtúla maidir le taighde chun

nuálaíocht a spreagadh le maoiniú ón stát.

20

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

Ag Tacú leis an Dream Féinfhostaithe

Is príomhfhórsa fuinniúil iad an dream féinfhostaithe inár ngeilleagar, nach bhfuair an oiread sin

airde i mbeartas oifigiúil roimhe seo. Más mian linn geilleagar ardluacha agus nuálach a bheith

againn ní mór dúinn tacú leosan atá sásta riosca a thógáil.

Déanfaimid:

(i) Déanfaimid an chóireáil chánach féinfhostaithe a chothromú

Déanann an cód cánachais reatha tromualach a leagan ar dhaoine féinfhostaithe trí

aimhrialtacht, ina ndéanann daoine féinfhostaithe roinn dá n-ioncam, ag ráta atá riar maith níos

airde, a íoc i gcáin, ag na leibhéil ioncaim ísle go mór mhór. Is bac ollmhór é seo do dhaoine

atá sásta dul sa riosca agus a ngnó féin a bhunú, ina ndéantar fiontraíocht a phionósú leaba

aitheantas a thabhairt ina leith. Tá an cur chuige sin go hiomlán míchothrom agus éagothrom.

- Cuirfimid deireadh leis an aimhrialtacht chánach do dhaoine féinfhostaithe thar thréimhse

an chéad rialtais eile chun a chinntiú go n-íocfaidh daoine féinfhostaithe an cháin chéanna

ar an bpá céanna. Déanfar an Creidmheas Ioncaim Saothraithe a ardú 300% go €1,650 chun

go mbeidh sé ar aon dul leis na creidmheasanna ioncaim saothraithe PAYE. €123m an costas

bliantúil ina iomláine air sin.

(ii) Líontán sábhála sóisialta a chruthú do dhaoine féinfhostaithe

Mar dhídhreasú eile d’fhiontraithe a bheadh ag smaoineamh ar ghnó a thosú tá an líontán

sábhála sóisialta scáinte. Tá sé mar bhac gníomhach i gcoinne an riosca bhunúsaigh nach mór

a thógáil agus gnó nua á chruthú. Ba chóir go dtabharfadh ár gcóras leasa tacaíocht do dhream

gnó reatha agus do fhiontraithe nua a bheidh mar cheannródaithe i gcruthú fostaíochta ina

gcuid pobail shainiúla féin.

- Cuirfimid ar chumas daoine féinfhostaithe ranníocaíochtaí iomlána PRSI Aicme S a dhéanamh

chun go mbeidh siad i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Easláine. Bheadh

uaschostas €93m air sin, agus bheadh sé fritháirithe de bheagán le ranníocaíocht PRSI 4%

breise uathusan a roghnaíonn páirt a ghlacadh sa chóras.

(iii) Dearbháin chomhairle gnó a chur ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí

nuathionscanta an cúrsa a sheasamh

Tá bainistíocht airgeadais mhaith ríthábhachtach do rathúlacht aon ghnó. Gan é, bheadh

cliseadh i ndán don ghnó ón gcéad lá. Féadfaidh na cinntí airgeadais a dhéanann fiontraithe

i dtús aimsire a bheith ar na cinntí is tábhachtaí dá ngnóthaí, chomh maith lena bheith ar na

cinntí is deacra. Tá go leor fiontraithe nua leis an bhfís, an smaoineamh agus leis an díograis

chun a gcuid tuairimí i leith an ghnó a chur i gcrích ach, cinneann orthu a chinntiú go gcruthófar

gnó réadúil as a gcuid smaointí de bharr ceal scileanna airgeadais.

- Tabharfaimid isteach scéim Dearbháin Comhairle Gnó, a bheidh oscailte do 5,000 fiontraí

21

sa chéim nuathionscanta agus sa chéim luaithe fáis, a bhfuil cúnamh airgeadais de dhíth

orthu chun tacú lena bhfiontar fás agus a mhéadú ó scála. Chuideodh dearbháin arbh fhiú

€2,500 an ceann iad, le fiontraithe a ngnóthaí a fhás agus a bhainistiú. Chuideodh soláthar

dearbháin dá short le fiontraí comhairleoir gnó áitiúil a aimsiú chun cúrsaí airgeadais an ghnó

a phlé, féachaint chuige an bhfuil an plean gnó atá i bhfeidhm ag comhlíonadh na spriocanna

agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht an ghnó go dtí sin. Bheadh €12.5m

mar chostas air sin ina iomláine.

(iv) Cruthú fostaíochta a spreagadh trí Fhaoiseamh Fostaí PRSI

Tá laghdú ar na costais i leith poist nua a chruthú ríthábhachtach chun fás amach anseo a

spreagadh agus chun dífhostaíocht a laghdú. Tá PRSI mar bhac suntasach d’fhostaithe ar mian

leo a ngnó a leathnú agus nach bhfuil in acmhainn é sin a dhéanamh de bharr costais throma.

- Tabharfaimid isteach scéim nua faoisimh PRSI a léiríonn an t-ardú i líon fostaithe gnó ar leith

agus a chuirfidh borradh faoi fhostaíocht, nuálaíocht agus faoi leathnú an ghnó amach

anseo. Cuirfimid deireadh go háirithe le ranníocaíochtaí PRSI d’fhostóirí a thugann fostaíocht

do dhaoine óga faoi 29 mbliana d’aois agus atá dífhostaithe go fadtréimhseach. Dhéanfaí

é sin ar bhonn ioncaim neodraigh taobh istigh de shrianta an bhuiséid €1bn reatha do

thacaíochtaí fostaíochta.

(v) Tacaíochtaí airgeadais nua a bhunú d’fhiontraithe óga

Tá cúrsaí airgeadais ar cheann de na príomhbhacainní a chuireann cosc ar dhaoine óga fiontair

nua ghnó a thosú. Ní bhíonn na hacmhainní céanna airgeadais pearsanta acu agus a bhíonn ag

fiontraithe bunaithe go hiondúil. Déanann bainc sraith srianta a leagan síos i leith measúnú ar

thograí iasachta, ina n-áirítear stair chreidmheasa, comhthaobhacht agus feidhmíocht an ghnó

go dtí sin. Ciallaítear leis sin, go bhfuil sé níos deacra do dhaoine óga maoiniú seachtrach a

aimsiú, ina n-áirítear foinsí malairte maoinithe. Ní mór cothromaíocht a chur i gcrích i leith fáil ar

fhoinsí malairte maoinithe a dhaingniú.

-Déanfaimid Ciste Cúnaimh Nuathionscanta d’Fhiontraithe faoi Mhíbhuntáiste (DESAF) a

bhunú. Déanfaidh DESAF infheistíocht chun tacú le fiontraithe gnó óga trí oiliúint, thraenáil

agus trí mheantóireacht a chur ar fáil. Chuirfeadh an clár síolchistiú ar fáil agus caipiteal

fiontair i dtús aimsire do dhaoine óga a bheadh i mbun a ngnóthaí féin a bhunú. Bheadh

daoine óga idir 18-25 bliana d’aois le plean gnó inmharthana i dteideal iarratas a dhéanamh

ar an gclár. Dhéanfaí €10m in aghaidh na bliana a dháileadh ar an gciste sin.

(vi) Clár Meantóireachta agus Oiliúna Fiontraí (ETMP) a Bhunú

Tá gá le sraith scileanna faoi leith nach bhfuil le fáil i gcónaí nó nach féidir a sholáthar i gcúrsaí

traidisiúnta chun gnó a bhunú agus a leathnú. Tá gá le cur chuige nua.

- Déanfaimid Clár Meantóireachta agus Oiliúna Fiontraí (ETMP) a chruthú. Beidh mar aidhm leis

an gclár, an líon fiontraí atá in Éirinn a ardú chomh maith le hinbhuanaitheacht na bhfiontar

22

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

nua reatha a ardú. Beidh fiontraithe óga céaduaire le hoideachas dara leibhéal agus a

mbeidh 18 mbliana slánaithe acu i dteideal ETMP. Déanfaidh an clár oiliúint agus comhairliú

a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu i ngairm bheatha féinfhostaithe. Ceadófar d’aon

duine a bhfuil gnó acu páirt a ghlacadh sa chlár, beag beann ar an fad achair a bhfuil an gnó

bunaithe. Déanfaidh an ETMP trí sheirbhís bhunúsacha a thairiscint a bheidh bunaithe ar

mheasúnú, oiliúint agus ar chomhairliú gnó Táimid ag dáileadh €2m ar bhonn bliantúil ar

oibriú na scéime sin.

23

Ag Ceartú na Deighilte Digití

Tá gá le bonneagar digiteach anois chun tacú le fostaíocht sna réimsí ar fad, fós tá na beartais

lena mbaineann mall agus ar bheagán uaillmhéine. Trí theip ar fháil uilíoch a chinntiú i leith

bonneagar digiteach níos leithne atá tapa, soghluaiste agus iontaofa, déantar forbairt réigiúnach

neamhchothrom a chruthú.

Déanfaimid:

(i) Glacadh le hiniúchadh náisiúnta ar raon clúdaigh d’fhóin phóca

Mar phríomhshaincheist maidir le cúrsaí cumarsáide i go leor réigiún in Éirinn, tá an drochchaighdeán

comharthaí fón póca. Tá sé ag déanamh díobháil dhíreach do ghnóthaí chomh

maith lena bheith ag sárú na ndaoine ina saol laethúil, sampla eile den deighilt dhigiteach

chumarsáide atá ag fágáil go leor réigiúin in áit na leathphingine. Seachas áiteanna ina bhfuil

comhartha den scoth, is áiteanna gan comhartha ar bith iad na ceantair tuaithe sin, atá ag

streachailt chun fanacht i dteagmháil leis an domhan mór. Déanfaimid:

- Iniúchadh náisiúnta ar raon clúdaigh d’fhóin phóca a sheoladh faoi chúram ComReg.

Déanfaidh an t-iniúchadh sin bonn fianaise a chruthú dár bpleananna i leith leibhéil raon

clúdaigh a fheabhsú agus a láidriú.

- Glacadh lena chinntiú go mbeidh sonraí an iniúchta ar fáil go poiblí agus nuashonraithe ar

bhonn rialta.

(ii) Plean Náisiúnta Bonneagair Fóin Póca a Sheoladh

D’fhonn iargúltacht tuaithe a laghdú agus chun a chinntiú go mbeidh deis chóir ag gnóthaí

ar fud na tíre a bheith iomaíoch, rachaimid i ngleic go gníomhach le heasnamh comhartha na

bhfón póca. Déanfaimid:

- Éileamh ar ComReg caighdeáin chlúdaigh a chur i bhfeidhm trína chonarthaí ceadúnaithe

ina n-áireofar na spriocanna clúdaigh náisiúnta a chomhlíonadh taobh istigh de na tréimhsí

socraithe. Níl aon rogha malairte réasúnach le háireamh, déanfaimid feidhmiú céimneach

ar mhaoiniú stáit ar mhaithe le clúdach feabhsaithe. Táimid ag dáileadh €50m mar shuim

chaipitil chun na críche sin.

- Caighdeáin náisiúnta chlúdaigh 4G a chur i bhfeidhm trí chonarthaí ceadúnaithe a

dhéanfaidh ComReg a eisiúint.

- Cuir de chúram ar ComReg moltaí a chur chun cinn maidir leis an mbealach is fearr inar féidir

le hÉirinn clúdach soghluaiste 5G a chur chun cinn.

(iii) Leathanbhanda Snáthoptaice Uilíoch chuig teaghlaigh ar fud na hÉireann

a dhaingniú

Teastaíonn seirbhís leathanbhanda ardluais, tapa ó na pobail ar fad in Éirinn. Tá sé

ríthábhachtach d’inbhuanaitheacht tuaithe go mbeidh teaghlaigh agus gnóthaí páirteach sa

chomhphobal digiteach domhanda. Tá an iomarca gealltanais fágtha gan comhlíonadh ag Fine

24

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

Gael agus ag Páirtí an Lucht Oibre.

Tá ar chumas na seirbhíse leathanbhanda áit a aimsiú sa mhargadh domhanda do thurasóireacht

tuaithe agus do tháirgeoirí beaga áitiúla. Thairis sin, gan an tseirbhís, fágtar daoine faoi

mhíbhuntáiste ar bhonn sóisialta de bharr ceal fála ar bhonneagar bunúsach cumarsáide

laethúla. Ní mór plean teann, uaillmhianach, fadtréimhse a chur in ionad na cuir chuige ad hoc,

a chuirfidh Éire ar thus cadhnaíochta na réabhlóide IT.

Beidh an feidhmiú céimneach ar an tseirbhís leathanbhanda Fibre to the Home (FTTH), ina

bheartas a sheasfaidh an aimsir agus a dhéanfaidh Éire a chumasú le bonneagar a bheidh in

acmhainn a bheith iomaíoch sa gheilleagar domhanda. Is cábla snáthoptaice é FTTH atá in

acmhainn luasanna íoslódála a sheachadadh ag suas go 1 Ghigighiotán in aghaidh an tsoicind

go díreach chuig teaghlaigh agus gnóthaí.

- Tacóimid leis an bhfeidhmiú céimneach ar leathanbhanda snáthoptaice go díreach chuig

áitribh an stáit ina n-iomláine, trí oibritheoirí tráchtála agus trí ionchur díreach ón stát, le

€75m maoiniú sa bhreis mar thaca chun luas a chur faoin bhfeidhmiú céimneach.

(iv) Moil Dhigiteacha Réigiúnacha a Fhorbairt

D’éirigh thar barr leis an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (DHDA) i dtéarmaí

cruthú fostaíochta agus i gcur chun cinn deiseanna oiliúna agus foghlaim dhigiteach. Ó

rinneadh í a bhunú in 2003, tá spás oifige solúbtha agus seirbhísí tacaíochta gnó curtha ar fáil ag

an nGníomhaireacht do chuideachtaí teicneolaíochta i mBaile Átha Cliath. Maille le bonneagar

fisiciúil athnuaite tríd an tseirbhís leathanbhanda Fibre to the Home, agus leis an gclúdach

soghluaiste 4G, atá ag scaipeadh sampla an Mhoil Dhigitigh ar fud na tíre, déanfaidh sé sin

réabhlóid fiontair IT a chruthú i gceantair tuaithe na tíre. Déanfaimid:

- Tógáil ar rathúlacht an DHDA trí na húdaráis áitiúla a ghníomhú chun a chinntiú go mbainfidh

ceantair tuaithe na hÉireann tairbhe as an bhforbairt a dhéanfar ar an earnáil dhigiteach.

- Suas le €1m maoiniú a chur ar fáil do gach údarás áitiúil. Tacóidh sé sin le fiontraíocht ar

fud na tíre agus le fiontraithe an lae amárach a chumasú chun gnóthaí agus poist a fhás ina

gcontaetha dúchasacha.

25

Praghas cóir a dhaingniú d’fheirmeoirí agus earnáil agraibhia

rathúil

Ní hamháin go bhfuil earnáil agraibhia na hÉireann ar an tionscal dúchasach is tábhachtaí; tá sí

mar dhlúthchuid den saol sóisialta agus geilleagrach ar fud formhór mór na tíre. Tá éagothroime

shoiléir ag baint an bhoinn dá hinbhuanaitheacht fhadtréimhseach. Tá tábhacht thar cuimse leis

an gcaoi ina bhfuil sé níos deacra ar bhonn leanúnach d’fheirmeoirí teaghlaigh praghsanna córa

a fháil dá dtáirgí. Creidimid go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach bonn chun a chinntiú go

bhféadfaidh táirgeoirí maireachtáil mhaith a dhéanamh mar chuid d’earnáil fhuinniúil, nuálach.

Déanfaimid:

(i) Ombudsman Bia a bhunú agus oibriú i dtreo reachtaíocht nua i leith

praghas cóir ag leibhéal an AE

Tá an méid a bheidh i ndán don aonad feirme teaghlaigh agus do shlándáil an tsoláthair bia san

fhadtéarma ag brath ar earraí a tháirgtear ar bhrabús. Tá feirmeoirí faoi bhrú ag iarraidh ioncam

inbhuanaithe a shaothrú i gcoinne praghsanna atá ag titim go leanúnach sna miondíoltóirí móra

iomadúla. Chun dul i ngleic leis na fadhbanna bunúsacha i leith praghais agus brabúsachta atá

le sárú ag an bhfeirm theaghlaigh, éilítear teaglaim gníomhaíochta ar bhonn náisiúnta agus

ón AE. Tá praghas cóir dá dtáirge mar phríomhchuspóir bheartas talmhaíochta Fhianna Fáil

agus tá sé ríthábhachtach do mharthanacht fhadtréimhse agus do rathúlacht na n-earnálacha

gairneoireachta, mairteola, caorach, bainne leachtaigh agus éanlaith chlóis. Déanfaimid:

- Na dlíthe tomhaltais a leasú chun foráil a dhéanamh i leith ‘Ombudsman Bia’ agus i leith

cosaint a thabhairt do phríomhtháirgeoirí i ndlí na tíre.

- Brú a chur ag leibhéal an AE chun reachtaíocht a rith a bheidh dírithe ar dhá shaincheist

ghaolmhara. Ar an gcéad dul síos, glacadh lena chinntiú go bhfuil trédhearcacht sa

bhiashlabhra agus ar an dara dul síos, go gcuirfear srian ar rócheannas lín bhig gníomhaithe

chun leasa shlándáil an tsoláthair bia agus ar mhaithe le feirmeoireacht teaghlaigh a

choinneáil san AE.

- Reachtaíocht AE ar leith a lorg ina mbeidh sé éigeantach do ghnólachtaí miondíola bia a

sháraíonn tairseacha ar leith, eolas agus sonraí a chur ar fáil maidir leis na ollchorrlaigh a

fhaigheann siad ar nithe bia ar leith do gach ceann de na ballstáit ina bhfuil siad ag feidhmiú.

(ii) Leasú a dhéanamh ar na córais iniúchta

Tá an tionchar a bhíonn ag ‘téip Ghlas’ agus ag réimeas sáiteach iniúchta ag cur brú míchuí agus

mar údar imní d’fheirmeoirí atá ag fáil a ndóthain le déanamh ón saol mar atá siad. Bíonn eagla

ar theaghlaigh go leor go dteipfidh orthu san iniúchadh agus go ngearrfar pionóis shuntasacha

orthu dá bharr.

- Tabharfaimid isteach córas iniúchta a bheidh níos trédhearcaí agus níos córa atá bunaithe

ar mhúnla an chárta bhuí, a thugann fógra d’fheirmeoirí atá teann ach cóir, i leith

neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe leis na bearta. Ciallaítear leis sin, nach ngearrfar

26

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

pionóis láithreach bonn a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach, mar thoradh ar iniúchadh a theip

ach seachas sin, go dtugtar treoir shoiléir maidir leis an bhfadhb a réiteach sula ndéanfar

pionóis a ghearradh. Tabharfar isteach é sin i gcomhar leis an AE.

(iii) An Scéim Chúnta Feirme agus an Scéim Shóisialta Tuaithe a Thabhairt ar

Ais

Chun an t-aonad feirme teaghlaigh a chothabháil ar fud na tíre, tá tacaíochtaí stáit

ríthábhachtach chun go mbeidh sé inmharthana do theaghlaigh ar bhonn airgeadais de.

Cuidíonn bearta ar leith amhail an Scéim Chúnta Feirme agus an Scéim Shóisialta Tuaithe le

tacaíocht a sholáthar d’fheirmeoirí ar ioncam íseal chun slí mhaireachtála a bhaint amach agus

leanúint ar aghaidh ag feirmeoireacht ar a gcuid tailte. Sna ceantair sin ina bhfuil sé deacair

brabús a dhéanamh ar fheirmeoireacht, tá an Scéim Chúnta Feirme ina líontán sábhála a

chabhraigh leis na glúnta feirmeoirí a ngabháltas agus a bpobail a choinneáil beo. Déanfaimid:

- An líon áiteanna ar an Scéim Shóisialta Tuaithe a ardú 2,500 ar bhonn céime ag costas

bliantúil €42.5m.

- Leis an Scéim Chúnta Feirme a thabhairt ar ais chuirfí i bhfeidhm na rialacha ar glacadh leo in

2011, ag costas bliantúil €10m. Déanfaidh na bearta sin tuilleadh fiontraíochta agus ardú a

spreagadh i dtáirgí na bhfeirmeoirí beaga.

(iv) An Scéim Géanómaíochta Mairteola a fheabhsú agus a leasú

Is é tionscal na mairteola bunchloch thalmhaíocht na hÉireann a fhostaíonn níos mó daoine

ná aon earnáil eile. Tá ualach an riaracháin agus aisíocaíochtaí isle scéim Géanómaíochta

Mairteola an rialtais áfach, ag baint an bhoinn den tionscal ríthábhachtach sin. Éilíonn an

earnáil tacaíochtaí sonraithe a bheidh ar fáil do ghnáthfheirmeoirí ar fad ní poll dubh riaracháin.

Déanfaimid:

- An maoiniú a dháiltear ar an scéim Géanómaíochta Mairteola a ardú 25% chun cur leis na

híocaíochtaí atá ag bogadh i dtreo íocaíochtaí €200 an ceann ar an gcéad 20 bó. Bainfimid

úsáid as an athbhreithniú meántéarma ar an scéim CAP chun go mbeidh an scéim mar ghné

lárnach de thionscal na mairteola amach anseo. Beidh €12.5m in aghaidh na bliana i maoiniú

breise mar chostas ar an mbeart sin. Thairis sin, bainfear úsáid as an méid nár caitheadh ar an

scéim RDP chun cur leis an maoiniú sin de réir mar a bheidh fáil air.

- Oibriú chun a chinntiú go ndéanfaidh próiseálaithe agus ollmhargaí praghsanna córa a

íoc ar mhairteoil ardchaighdeáin na hÉireann mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun

trédhearcacht phraghais a ardú agus feirmeoireacht bhrabúsach a láidriú.

- Rialtóir mairteola a cheapadh faoi choimirce an fhorais nua Ombudsman Bia chun a chinntiú

nach mbainfear mí-úsáid as staid cheannasach lín bhig próiseálaithe i leith praghas eallaí.

(v) Clár Sábháilteachta Feirme a Thabhairt Isteach i mBunscoileanna

Tá an líon básanna de thoradh ceal sábháilteachta feirme fós mar bhagairt thromchúiseach

do shean agus óg araon. In 2014, chonacthas ardú suaiteach sa líon básanna arbh fhéidir a

27

sheachaint, a rinne dochar millteanach do theaghlaigh agus do phobail. Tá Fianna Fáil tiomanta

do dhíriú ar shábháilteacht fheirme.

- Tabharfaimid isteach clár nua bunscoile ar shábháilteacht fheirme i gceantair tuaithe.

Bunaithe ar chlár rathúil oideachais sábháilteachta bóthair an RSA, díreoimid ar

shábháilteacht fheirme a chur i gcrích ag aois óg. Chomh maith leis sin, glacfaidh an tÚdarás

Sláinte agus Sábháilteachta le bearta athnuaite ar phríomhréimsí riosca agus ar chomhoibriú

feabhsaithe leis an tionscal chun díriú ar údair imní sábháilteachta.

(vi) Feidhmiú Céimneach ar an lipéad mairteola lao ‘Oileán na hÉireann’.

Cuideoidh táscaire mairteola tíreolaíoch le branda sainiúil a bhunú do mhairteoil a tháirgtear ar

oileán na hÉireann. Bhainfeadh feirmeoirí mairteola ar fud an oileáin tairbhe as an tionscnamh

trasteorann sin. Seachas branda náisiúnta nach bhfuil fáil air faoi rialú an AE, féadfaidh an

táscaire tíreolaíoch an t-oileán ina iomláine a chuimsiú mar mhairteoil na Breataine Bige. Chomh

maith leis sin, cuideoidh an branda sainiúil le mairteoil na hÉireann a bheith iomaíoch tar éis na

n-idirbheartaíochtaí TTIP a thabhairt chun críche.

- Forbróimid lipéad mairteola lao ‘Oileán na hÉireann’ de réir mar a cheadaítear faoi rialú an AE.

(vii) Aonad Rochtana Margaidh a Bhunú sa Roinn Talmhaíochta

Beidh ríthábhacht le fáil ar na margaí idirnáisiúnta i leith fhorbairt an tionscail agraibhia in Éirinn

amach anseo. Tairgeann margaí ar leith, amhail margaí na Síne, cumas ollmhór chun fáis amach

anseo. I gcomhar lenár n-ambasáidí ar fud na cruinne, ní mór don Roinn Talmhaíochta agus Bia,

tionscnaimh a chomhordú i leith fáil ar na margaí sin. Ciallaítear leis sin, na réimsí éagsúla ar fad

de chuid na roinne a thabhairt le chéile in aon aonad éifeachtach amháin.

- Bunóimid aonad Rochtana Margaidh sa Roinn Talmhaíochta agus Bia chun margaí nua a

aimsiú do tháirgí agraibhia na hÉireann.

(viii) Fómhar Bia 2020 agus Food Wise 2025 a léiriú go hiomlán

Rinne Fianna Fáil Fómhar Bia 2020 a thabhairt isteach mar mhúnla nua teann i leith tionscal

talmhaíochta na hÉireann a fhorbairt amach anseo. Déantar creat a leagan síos maidir leis

an tionscal agraibhia a fhás agus a leathnú thar líon leathan réimsí ag cruthú agus ag cothú

fostaíochta i réigiúin tuaithe na hÉireann. Cuireann Food Wise 2025 le rathúlacht na cáipéise físí

sin. Léirítear láidreacht ár bhfís straitéisí tríd an iarracht atá déanta ag an rialtas reatha creidiúint

a thógáil i leith údarthacht na cáipéise.

- Táimid tiomanta d’acmhainneacht na hÉireann a léiriú go hiomlán i leith tionscal

talmhaíochta inbhuanaithe agus glas a chur i gcrích, mar a leagtar síos i bhFómhar Bia 2020

agus in Food Wise 2015.

(ix) An Chéad Ghlúin eile Feirmeoirí a Spreagadh

28

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

Tá dúshlán tromchúiseach déimeagrafach le sárú ag an earnáil feirmeoireachta de réir mar a

théann an líon lucht oibre talmhaíochta in aois agus amach ar scor. Tá an méid a bheidh i ndán

don tionscal amach anseo san fhadtéarma ag brath ar an óige chun é a athbheochan. Ní théann

comhaontú CAP 2013, sách fada i mbaint amach na dtacaíochtaí a bhfuil gá leo chun glúin nua

feirmeoirí óga a tharraingt isteach agus a chothú.

- Leanfaimid ag lorg athbhreithniú meántéarma ar an scéim CAP agus troidfimid chun a

chinntiú go mbeidh fáil ag na feirmeoirí ar fad atá faoi bhun 40 bliain d’aois ar na teidlíochtaí

céanna, beag beann ar an tráth inar thosaigh siad ag feirmeoireacht, d’fhonn deireadh a chur

leis an leagan amach leatromach reatha. Déanfaimid comhpháirtíochtaí feirme teaghlaigh a

dhreasú chomh maith, a cheadóidh d’fheirmeoirí atá níos sine an chéad ghlúin eile a chur i

dtaithí ar an gceird.

(x) An méid nár caitheadh leis an RDP a úsáid chun íocaíocht a ardú faoi

Scéim Limistéar na Srianta Nádúrtha

Tá scéim Limistéar na Srianta Nádúrtha (ANC) ina mheicníocht thábhachtach chun cuidiú le

húsáid leanúnach na dtailte talmhaíochta a chothabháil agus chun a chinntiú go mbeidh na

feirmeoirí ina gcaomhnóirí ar cheantair tuaithe dhíograiseach na hÉireann. Tá gá le foinsí

airgeadais breise chun a chinntiú go ndéanfar feirmeoirí ar na tailte is mó atá faoi mhíbhuntáiste

a chothabháil agus nach n-imeoidh na tailte i léig de thoradh ceal úsáide agus ceal cóirithe.

Cuirfidh an maoiniú breise a dháilfear ar cheantair le hacmhainneacht theoranta, taca faoi

chóras feirmeoireachta inbhuanaithe a bheidh níos cothroime ar bhonn réigiúnach ar fud na

hÉireann.

- Bainfimid úsáid as an athbhreithniú meántéarma CAP chun aon mhaoiniú RDP nach

gcaithfear amach anseo a threorú chun caiteachas ardaithe ANC a mhaoiniú.

(xi) Solúbthacht níos forleithne in uirlisí ionchuir margaidh d’earnáil na

Déiríochta

Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na huirlisí Eorpacha reatha le haghaidh ionchur praghais

a ndéantar freastal orthu faoi Rialacháin CAP 2013, chun freastal ar luaineacht reatha an

mhargaidh. Déanfaimid:

- Athbhreithniú ar earnálacha dá leithéid a lorg ag leibhéal an AE, le coigeartú a bhfuil géarghá

leis san earnáil déiríochta. Ba chóir go ndéanfadh leibhéil ionchur mhargadh an AE, léiriú ar

mheánchostais táirgthe. Thabharfadh bearta dá short teachtaireacht láidir do na margaí.

- Comhoibriú le scéimeanna oideachais grúpaí feirmeora chun aistriú faisnéise a chur chun

cinn i leith na margaí, árachas, conarthaí praghais sheasta agus i leith na ngníomhaíochtaí

bainistíochta riosca chun comharchumainn agus an príomhtháirgeoir a chosaint.

(xii) Earnáil láidir Iascaigh a dhaingniú

Is cuid ríthábhachtach iad na hIascaigh d’fhostaíocht áitiúil na bpobal cósta ar fud na hÉireann

29

agus cuireann siad go mór le geilleagar na tíre. Tá Fianna Fáil tiomanta do chuidiú le hearnáil

iascaigh fhuinniúil a bheidh láidir agus slán, ag daingniú a ról i gcroílár na mbailte agus na

sráidbhailte ar feadh chósta álainn na hÉireann. Déanfaimid:

- Aire a cheapadh leis an bhfreagracht iomlán i leith iascaigh agus an fhreagracht maidir le

hiascaigh ina n-áirítear iascaigh intíre agus caitheamh aimsire mara a leagan ar aon roinn

rialtais amháin.

- Iascach inbhuanaithe agus cleachtaí dobharshaothraithe a chur chun cinn chun slándáil

fhadtréimhseach a bhaint amach i leith stoic éisc, iascairí agus earnálacha gaolmhara.

- Foras neamhspleách a bhunú chun an réimeas reatha ceadúnaithe dobharshaothraithe nach

bhfuil glacadh leis a riar agus a bhreithniú.

- Beartas speisialta do cheantair chósta iascaigh thraidisiúnta a fhorbairt agus a chur chun cinn

i gcomhairliúchán leis na pobail sin.

- Oibriú chun Comhbheartas Iascaigh an AE (CFP) a leasú sna hathbhreithnithe a dhéanfar

amach anseo d’fhonn cur leis na deiseanna iascaireachta do thionscal na hÉireann (an

líon laethanta ar an bhfarraige, trealamh iascaireachta, cuótaí). Leagfaimis aird ar leith ar

riachtanais an chabhlaigh cladaigh de réir mar a thagann deiseanna iascaireachta sa bhreis

chun cinn.

- Cur i bhfeidhm láithreach an bheartais íoslaghdaithe agus seachanta ar an toirmeasc i leith

ábhair mhuirí aischurtha a lorg mar a léirítear sa CFP nua.

- Solúbthacht uasta a chur chun cinn i bhfeidhmiú an réimis rialála, ina n-áirítear cur chuige

níos solúbtha i leith aistriú cuótaí agus iasc á thabhairt i dtír.

- Cur chuige níos solúbtha agus níos comhréirí a thabhairt isteach i leith iniúchtaí. Ba chóir go

ndéileálfaí go tapa le soithí faoi réir iniúchta ar fhilleadh ar an gcalafort dóibh.

(xiii) Áit na hÉireann a dhaingniú mar an ceannaire domhanda sa tionscal

Eachaí

Is tionscal láidir, dúchasach é pórú agus rásaíocht chapall le traidisiún fada stairiúil ar an oileán

seo. Tugann an tionscal fostaíocht do na mílte go díreach nó go hindíreach, ag mealladh

turasóirí ó ar fud na cruinne agus a chuireann €6bn le geilleagar na hÉireann. Ní mór dúinn

an tairbhe is fearr a bhaint as tionchar geilleagrach agus acmhainneacht fostaíochta na

hacmhainne ollmhór sin agus a staid mar cheannaire den chéad scoth sa tionscal domhanda sin

a dhaingniú. Déanfaimid:

- Maoiniú fadtréimhseach na hearnála rásaíochta capall a dhaingniú le hairgead duaise cuí

agus le tacaíochtaí lóistíochtúla chun a chinntiú go bhfuil a gradam agus a creidiúnacht mar

cheannaire domhanda cothaithe go hiomlán.

- Plean náisiúnta maidir leis an tionscal eachaí a fhorbairt, a chur i dtoll a chéile agus a chur

chun cinn.

30

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

Ag Cosaint ár Ráta Cánach Corparáide & Atógáil an Limistéir Euro

Bhí tionchar mór ag cinntí ríthábhachtacha an Limistéir Euro ar fheidhmíocht gheilleagar na

hÉireann. Beidh láidreacht réigiún an airgeadra chomónta amach anseo agus an AE i gcoitinne,

lárnach dár rathúlacht ar bhonn leanúnach. Bíodh mar atá, ní mór beartas an rialtais seo a

athrú, ní leor fanacht i do thost ar chúl an tseomra agus saincheisteanna ríthábhachtacha a bplé,

caithfear páirtíocht réamhghníomhach a léiriú i leith leasú agus forbairt an Limistéir Euro.

Déanfaimid:

(i) Ár Ráta Cánach Corparáide 12.5% a chosaint agus a choinneáil go hiomlán

Geilleagar faoi bhláth le hearnáil ilnáisiúnta láidir agus le tionscail dhúchasacha fhuinniúla,

is é sin an fhís atá againn d’Éirinn. Tá ár ráta cánach corparáide ina chuid ríthábhachtach

de thaitneamhacht na hÉireann i leith Infheistíocht Dhíreach Eachtrach a mhealladh agus

a chuireann borradh faoinár dtionscail dhúchasacha. Rinneamar cosaint ar ár ráta go mion

minic roimhe seo, agus rinneamar é a dhaingniú in idirbheartaíochtaí ar chonarthaí an AE.

Tá athsheoladh déanta ag Coimisiún na hEorpa ar phleananna i leith Comhbhonn Cánach

Corparáide Comhdhlúite (CCCTB), bealach nua go bunúsach chun flaitheas tíre a fhágáil ar lár

agus rátaí cánach náisiúnta á socrú. Tá ráta na hÉireann trédhearcach agus cóir. Déanfaimid:

- Gan glacadh le haon ardú ar ráta Cánach Corparáide na hÉireann agus gan aon ardú a chur i

bhfeidhm.

- Cur i gcoinne, agus má bhíonn gá leis, aon bheart a lagaíonn nó a laghdaíonn smacht

náisiúnta ar rátaí cánach corparáide a chrosadh.

(ii) An tAontas Airgeadaíochta agus Geilleagrach a Atógáil chun cosc a chur

ar ghéarchéim amach anseo

Fós, ní mór bearta a chur i gcrích chun inbhuanaitheacht fhadtréimhseach an Limistéir Euro

a chinntiú agus chun bonn slán a chur ar fáil do rathúnas an Aontais amach anseo. Éilíonn

sainordú an ECB beartais i leith fás a aimsiú chomh maith le díriú ar bhoilsciú. Déanfaimid:

- Glacadh lena chinntiú go dtugann Éire tacaíocht do bhearta maidir leis an Limistéar Euro agus

an AE a leasú, chun díriú ar phríomhtheipeanna sna beartais reatha.

- Oibriú i dtreo athiniúchadh a dhéanamh ar struchtúir an Aontais Airgeadaíochta agus

Gheilleagraigh chomh maith le hathiniúchadh ar shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

(iii) An tAontas Baincéireachta a láidriú

Tá aontas baincéireachta atá ag feidhmiú i gceart ríthábhachtach chun aontas airgeadaíochta

a chinntiú i dtionscadal inmharthana fadtréimhseach. Léiríodh laigí an Euro go éadrócaireach

i gcaismirt na géarchéime geilleagraí agus léiríodh go hoscailte leochaileacht an aontais

baincéireachta. Tá na comhaontais reatha i leith aontas baincéireachta go hiomlán uireasach

chun suaitheadh geilleagrach a sheasamh.

31

- Déanfaimid aontas baincéireachta níos uaillmhianaí a lorg ina n-áirítear rialachán

comhchoiteann, árachas éarlaise agus meicníocht réitigh.

(iv) Troid ar son cothroime i leith fiachas a bhaineann le cúrsaí Bainc

Rinne Ceanna Stáit na Limistéar Euro nó Rialtais comhaontú i mí an Mheithimh 2013, ‘chun an

fáinne fí a bhriseadh’ idir na bainc agus na flaithiúnais. Tá sé in am anois an t-ualach neamhchóir

a d’iompar Éire a aithint de bharr gníomhaíochtaí an ECB ag pointí tábhachtacha na gearchéime

airgeadais. Lig an rialtas reatha an beartas tosaíochta sin titim den chlár oibre. Déanfaimid

- Oibriú chun a chinntiú go ndéanfaidh an AE a ghealltanas a chomhlíonadh i leith fiachas

ceannasach agus fiachas bainc a scaradh óna cheile laistigh den Aontas agus go ndéanfar

íobairtí agus obair chrua mhuintir na hÉireann a aisíoc.

- Iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí agus an ECB, go mba cheart go bhfaigheadh

Éire na buntáistí ar fad a bhí fabhraithe chuig an ECB i ndáil le sealbhú fiachais a tharla le linn

na géarchéime geilleagraí.

- Gealltanas a lorg go ndéanfar sealúchais fiachais a bhaineann le nótaí gealltanais leis an

mBanc Ceannais a choinneáil go haibíochta agus dá bhrí sin, go ndéanfar íocaíochtaí úis a

aschur chuig an Státchiste.

(v) Tacú le hAontas Aistrithe agus Fioscach níos téagartha

Tá Aontas Airgeadaíochta gan acmhainneacht fhioscach de chineál ar leith lochtach. Ní mór

go mbeadh ar chumas na dtíortha agus na réigiún atá níos laige, fáil a bheith acu ar acmhainní

cobhsaitheacha ag tráth na géarchéime. Chun an dáileadh neamhshiméadrach iarmhairtí seo

a athchothromú ón aontas airgeadaíochta, tá ríthábhacht le haistrithe fioscacha réadúla chun

cuidiú le tíortha atá níos laige.

- Déanfaimid aontas fioscach níos uaillmhianaí a lorg laistigh den AE, ina n-áirítear aistrithe idir

stáit, eisiúintí bannaí frithpháirteacha a cheadaíonn don Aontas roinnt acmhainne measartha

i leith ioncam a bhailiú chun cothromaíocht gheilleagrach an AE a chothromú.

(vi) Ciste Lá na Coise Tinne a Chruthú

Ní mór d’Éirinn ullmhú i gcomhair aon ghéarchéim amach anseo de bharr luaineacht cúinsí

geilleagracha idirnáisiúnta. Bhí an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean ina fhoinse thábhachtach

infheistíochta frith-thimthriallach ina dtugtar sampla maidir le hairgead a chur i dtaisce le

infheistiú le linn géarchéime. Tá gá le ciste nua na Coise Tinne mar chosaint ar thionchair

ghéarchéimeanna amach anseo sa Limistéar Euro. Cuideoidh na bearta frith-thimthriallacha le

borradh a chur faoi ghníomhaíocht gheilleagrach nuair is géire atá sé ag teastáil.

Glacfaimid lena chinntiú a luaithe a dhéanfar buiséad cothromaithe a chur i gcrích in 2017, go

ndéanfar aon ardú in ioncam cánach corparáide a bheidh os cionn €6.6 billiún a chur i dtaisce

chun tionchar aon ghéarchéime geilleagraí amach anseo a mhaolú. Ní dhéanfaí na cistí a

tharraingt anuas ach amháin dá n-ardódh an leibhéal dífhostaíochta 1% (nó dá mbeadh an

32

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

t-ardú sin tuartha). Bhainfí úsáid as an airgead go sonrach do thionscadail bhonneagair amháin

a dhéanfadh tionchar géarchéime geilleagraí a mhaolú.

33

34

Poist chuibhiúla a chruthú & tacú le fiontar

35

36

Éire do Chách.

2

Na costais atá ar

theaghlaigh a laghdú & na

seirbhísí a mbíonn siad ag

brath orthu a fheabhsú

37

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

Éascóimid an t-ualach atá ar theaghlaigh agus láidreoimid seirbhísí poiblí mar seo a leanas:

An costas maireachtála a laghdú

• Fáil réidh leis an USC do lucht ísealioncaim agus do lucht meánioncaim suas go dtí €80,000

• Uisce Éireann a chur ar ceal & fáil réidh le muirir uisce

• Creidmheasanna Cánach Cúram Baile a dhúbailt go dtí €2,000

Costais cúram leanaí a laghdú agus cuidiú le tuismitheoirí atá ag obair

• Creidmheas tacaíochta cánach cúram leanaí de €2,000 a chruthú do thuismitheoirí

• Sochar máithreachais a leathnú go dtí 30 seachtain agus saoire roinnte idir tuismitheoirí a

cheadú

• Caighdeáin cháilíochta do chúram leanaí a ardú

Córas leasa shóisialaigh atá níos cothroime a chruthú

• Ardú €30 go dtí €263 sa tseachtain a chur i bhfeidhm ar an bpinsean stáit

• Ardú €10 a chur ar íocaíochtaí aois fostaíochta

• Liúntas do chúramóirí, sochar míchumais agus sochar easláine a ardú go dtí €20 sa

tseachtain

• Ról na gComhar Creidmheasa a threisiú ó thaobh maoiniú pobail inacmhainne a chur ar fáil

• Toirmeasc ar Conarthaí Náid Uaireanta agus íosphá maireachtála a bhunú i ranna rialtais

Tabhairt faoi mhéid na ranganna móra agus córas oideachais a chruthú do

chách

• Meánmhéid ranganna ag an mbunleibhéal a laghdú go dtí 23:1 faoi 2021

• Foirne luathidirghabhála ar an suíomh a bhunú do leanaí le riachtanais forbartha

• Cúrsaí nua-theangacha agus códaithe a thabhairt isteach ag leibhéal bunscoile

• A chinntiú go bhfuil seirbhísí treoracha lánaimseartha ar fáil do gach meánscoil

• Reachtaíocht chun leanaí a chosaint ó Cibearbhulaíocht

• Táillí mic léinn a reo, deontais chothaithe a mhéadú agus deontais d’iarchéimithe a thabhairt

isteach arís

Tacaíocht a thabhairt do chóras cúram sláinte atá ag á mhaoiniú go poiblí

• Amanna feithimh don Rannóg Éigeandála a laghdú go dtí uasmhéid de 6 uaire an chloig

• Táillí Oidis a chur ar ceal

• Amanna feithimh sceidealaithe a laghdú de réir caighdeán idirnáisiúnta sé mhí

38

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

• Údarás Náisiúnta Meabhairshláinte a bhunú

• Athchothromú a dhéanamh ar an mbuiséad Sláinte i leith cúram príomhúil

• 250 a chur le líon na nDochtúir Teaghlaigh, 500 a chur le líon na gComhairleach agus 4,000 a

chur le líon na nAltraí

Bhí teaghlaigh a bhí ag obair faoi bhrú ag costais a bhí ag ardú go seasta le linn an téarnaimh

gheilleagraigh a bhain le gníomhartha rialtais agus le géarchéim i ndiaidh géarchéime a

raibh tionchar acu ar sheirbhísí poiblí ar a raibh siad ag brath. Níl aon téarnaimh á bhraith ag

teaghlaigh agus tá a míle dícheall á dhéanamh acu le coinneáil suas le costais atá ag ardú. Tá

siad ag streachailt lena gcuid billí a íoc in ionad a bheith ag cur le todhchaí níos fearr dá gcuid

leanaí. Táthar ag ídiú na seirbhísí stáit de réir a chéile mar gheall ar neamhaird Fhine Gael agus

an Lucht Oibre seachas a bheith ag tacú leis na daoine ina saol ó lá go lá, nuair a fhaigheann siad

tinn nó nuair a éiríonn siad sean.

Is céim ar chúl a roghnaigh Fine Gael agus an Lucht Oibre i gcúig bhuiséad i ndiaidh a chéile ó

thaobh an tionchair a bhí ag a gcuid bearta buiséadach. Tá sé seo deimhnithe ag athbhreithniú

neamhspleách. Teastaíonn ó Fhine Gael cúlú óna gcuid beartas cúlchéimnitheach – ag bogadh i

dtreo cuspóir Enda Kenny i leith leibhéil cánacha Stáit Aontaithe Mheiriceá.

I gcomparáid leis sin tá cur chuige forchéimneach á mholadh ag Fianna Fáil. Teastaíonn uainn

raon moltaí a chur i bhfeidhm le cánacha ar lucht ísealioncaim agus ar lucht meánioncaim

a laghdú agus lena dhéanamh cinnte chomh maith go bhfuil na seirbhísí poiblí againn atá

riachtanach le freastal ar oibleagáidí sóisialta agus eacnamaíoch na tíre do na glúine atá ann

anois agus a bheidh ann amach anseo.

Déanfaidh an neamhaird a rinne an rialtas seo ar sheirbhísí poiblí agus chomh trína chéile

agus atá siad, damáiste doleigheasta dár dtír mura seastar rompu. Tá infheistíocht i seirbhísí

bunúsacha stát ar nós Sláinte agus Oideachas ríthábhachtach chun cothabháil a dhéanamh

ar inneach sóisialta an tsaoil in Éirinn. Tá cothú a dhéanamh ar ár gcóras leas sóisialach

lárnach ó thaobh seasamh le caighdeáin bunúsach macántachta a bhfuilimid ina theideal

mar shaoránaigh de chuid na hÉireann. É sin go léir ráite, tá briseadh ag teastáil ó ghnáththeaghlaigh

ón ualach cánach atá orthu agus tá siad i dteideal buntáiste airgeadais an fháis

eacnamaíoch a bhrath. Léiríonn ár mbeartais na húdair imní seo agus cuideoidh le hathchóiriú a

dhéanamh orthu agus ár seirbhísí poiblí a neartú mar aon le coinníollacha na foirne atá ag obair

sna seirbhísí poiblí a fheabhsú.

Creidimid go bhfuil ról tábhachtach ag an stát ó thaobh cuidiú le teaghlaigh agus le pobail á

lánacmhainneacht a bhaint amach. Laghdóimid an costas maireachtála do theaghlaigh agus

déanfaimid infheistíocht i seirbhísí stáit, seirbhísí a bheidh láidir, leis na deiseanna atá tuillte acu

a chur ar fáil do theaghlaigh.

39

An costas maireachtála a laghdú

Tá streachailt ar bhonn leanúnach i ndán don iomarca teaghlach i bhfianaise na n-arduithe ina

gcostas maireachtála. Tá 45 ardú cánach ar leithligh tugtha isteach ag Fine Gael agus ag Páirtí an

Lucht Oibre, lena n-áirítear trí ardú dhéag (13) ar cháin ar ioncam arbh ionann é agus cruatan i

ndáiríre do theaghlaigh.

Déanfaimid:

(i) Fáil réidh leis an USC don chéad €80,000 ioncaim don lucht ioncaim uile

Tugadh isteach an Muirear Sóisialta Uilíoch (USC) in 2010 mar fhreagra ar an dúshlán fioscach

tromchúiseach a bhí sa tír ag an am. Tá a chuspóir bainte amach aige ó thaobh borradh a chur

faoi airgeadas an stáit le linn na tréimhse sin a bhí thar a bheith corrach. Thug Fine Gael agus

an Lucht Oibre faoi fheachtas ina choinne in 2011 ach tá sé i bhfeidhm le cúig bliana anois.

Cuideoidh laghdú suntasach ar an ualach a bhaineann leis an USC le teaghlaigh ó thaobh

airgead breise a chur ina gcuid pócaí. Beidh costas de €2.64bn i mbliain iomlán ag gabháil leis

seo. Déanfaimid:

- Fáil réidh leis an USC do lucht ísealioncaim agus do lucht meánioncaim trína bannaí 1%, 3%

agus 5.5% a chur ar ceal agus ardú a chur ar thairseach an bhanna 8% ar ioncam os cionn

€80,000.

- Gluaiseacht i dtreo an ráta USC 8% ar ioncam os cionn €80,000 chun laghdú a dhéanamh ar

an ráta cánach imeallach go dtí níos lú na 50% sa chás go mbeidh fáil ar acmhainní breise.

(ii) Uisce Éireann a chur ar ceal agus deireadh a chur le muirear uisce

Ó thaobh an rialtais de chlis Uisce Éireann go hiomlán. Ó chlis Uisce Éireann tástáil Eurostat,

an chúis lenar bunaíodh é an chéad lá riamh, níl ar a chumas seachadadh a dhéanamh ar

infheistíocht ollmhór inár ngréasán uisce. Seachas sin, tá siad ag cur réimeas muirear uisce i

bhfeidhm, áit a bhfuil teaghlaigh ag íoc ar sheirbhís nach bhfuil á cur ar fáil dóibh, atá á feidhmiú

ag quango nach bhfuil ag obair i gceart. Níor chóir go mbeifí ag súil go n-íocfadh na daoine ar

sheirbhís nach bhfuil suas go caighdeán. Teastaíonn córas uisce a oireann don 21ú haois, córas

a mheallfaidh infheistíocht gnó ar bhonn domhanda, agus a thugann deis do ghnóthais agus

don talmhaíocht leathnú agus a chuireann uisce atá sábháilte ar fáil do thithe. Chlis ar Uisce

Éireann dlisteanacht bhunúsach phoiblí a bhaint amach, tá acmhainní curtha ar mhalairt slí

aige ón mbonneagar uisce agus níl an toilleadh aige díriú ar na tascanna is tábhachtaí atá aige.

Déanfaimid:

- Deireadh a chur leis an réimeas muirear uisce atá cliste. Sábhálfaidh sé sin €160 in aghaidh na

bliana do theaghlaigh agus cuirfidh an acmhainneacht ar fáil le húsáid níos fearr a bhaint as

acmhainní stáit.

- Uisce Éireann a chur ar ceal agus cruthóimid gníomhaireacht nach bhfuil an oiread sin

foirne inti le seachadadh a dhéanamh ar chlár infheistíochta náisiúnta uisce. Déanfaidh an

40

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

stiúrthóireacht Náisiúnta Uisce forbairt ar chur chuige ar bhonn náisiúnta agus tabharfar

seirbhísí áitiúla ar ais d’údaráis áitiúla atá tofa go daonlathach a bhfuil eolas acu ar cad atá ag

titim amach go háitiúil.

De réir na Roinne Comhshaoil bheadh glanchostas de €210m in aghaidh na bliana ag gabháil

le hUisce Éireann a chur ar ceal. Cuirfear fóirdheontas díreach stáit, a bheadh á íoc leis an

Stiúrthóireacht nua Náisiúnta Uisce ina áit. Déanfaimid na costais a bhaineann le hUisce Éireann

a thabhairt chun críche a soláthar go hiomlán, agus cuirfimid ar ceal an deontas Caomhnaithe

Uisce a bhfuil praiseach déanta ag an Rialtas de, rud a shábhálfaidh €110m don stát.

(iii) Costais fuinnimh a laghdú

Tá beartas fuinnimh reatha na hÉireann ag cur ardú ar phraghsanna tomhaltóra, rud a

chiallaíonn nach bhfuil ár ngeilleagar iomaíoch agus níl leas á bhaint as na deiseanna atá á gcur

ar fáil ag tionscadail fuinnimh pobail. Tá sé in am ag lucht déanta beartais, polasaí fuinnimh

náisiúnta a fhorbairt, atá íseal ó thaobh costais, agus léiríonn meas ar phobail áitiúil agus ar

a gcumas cur lenár dtodhchaí fuinnimh inathnuaite rud a chiallaíonn go bhfuil ár soláthar

fuinnimh slán ó thurraingí fuinnimh seachtrach. Déanfaimid:

- Meascán fuinnimh atá cothrom a bhaint amach chun freastal ar spriocanna athrú aeráide an

AE,

- Éagsúlú a bhaint amach inár meascán fuinnimh inathnuaite agus déanfaimid fiosrú ar

Bhithmhais & ar ghriantéamh mar fhoinsí breise fuinneamh inathnuaite,

- Athchóiriú ar an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh chun cuidiú le praghsanna a laghdú do

ghnóthais agus do theaghlaigh,

- Coimisiúnú ar athbhreithniú iomlán eacnamaíoch ar fhuinneamh gaoithe, a thionchar ar

phraghsanna fuinnimh agus a chuid inbhuanaitheacht fadtéarmach ó thaobh soláthar a

dhéanamh do ghréasán náisiúnta na hÉireann,

- A chinntiú go gcuirtear leathnú ar an nGréasán agus ar idirnascairí Náisiúnta faoi thalamh

san áit is féidir é sin a dhéanamh agus meas a léiriú ar cheantair lena mbaineann áilleacht

nádúrtha,

- Beartas aeráide agus fuinneamh a chur in éineacht faoi aon Roinn amháin ar mhaithe le cur

chuige ceangailte agus comhordaithe a chinntiú ó thaobh freastal ar ár spriocanna astuithe

fuinnimh Athrú Aeráide.

(iv) DIRT a laghdú ó 41% go 33%

Tá rátaí Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) ag cur ualach trom ar ghnáth theaghlaigh atá ag

iarraidh airgead a chur i dtaisce d’infheistíocht amach anseo, ar nós oideachas ollscoile nó ar

dhaoine scothaosta atá ag sábháil airgid do chostais a bheith orthu amach anseo. Is dídhreasú

tromchúiseach atá ann maidir le sábháil atá ag cur pionós ar theaghlaigh atá ag obair go crua

agus atá ag pleanáil go stuama don am atá amach atá amach rompu. Cuideoimid le sábháil a

spreagadh agus tacóimid le teaghlaigh trí €58m de laghdú ina aghaidh na bliana a dhéanamh le

DIRT a laghdú le hugach a thabhairt do lucht sábhála.

41

- Déanfaimid laghdú 8% ó 41% go dtí 33% ar DIRT.

(v) Teorainn a chur ar mhuirir cáin mhaoine áitiúil

Thug Fianna Fáil faoi fheachtas rathúil in 2017 le cosc a chur ar an ardú ollmhór i mbillí cáin

mhaoine áitiúil. Táimid tiomanta a chinntiú nach dtiocfaidh ardú ollmhór sa mhullach ar úinéirí

tí tar éis dáta an chéad luachála eile. Déanfaimid:

- Reachtaíocht a thabhairt isteach lena chinntiú go mbeifear ag déileáil go cothrom le gach

úinéir tí agus cuirfimid cosc ar chomhairlí contae ardú a chur i bhfeidhm ar bhailiú foriomlán

cáin mhaoine ina gceantar áitiúil.

- Na bealaí inar féidir an cháin a chur i bhfeidhm níos cothroime a fhiosrú, lena n-áirítear

laghdú a thairiscint d’úinéirí árasán agus do dhaoine eile in eastáit faoi bhainistíocht a íocann

as seirbhísí áitiúla ar nós, soilse, cothabháil, gearradh féir, deisiú bóithre, srl., trína dtáillí

bainistíochta.

42

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

Tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh trí chreidmheas cánach

tacaíochta cúram leanaí a thabhairt isteach

Tá cuidiú le teaghlaigh ó thaobh costas cúram leanaí mar thosaíocht ag Fianna Fáil. Creidimid go

n-éilíonn raon cuspóirí sóisialta agus eacnamaíochta go gcuideofaí le teaghlaigh ó thaobh an

bhrú a chuireann na costais seo orthu.

Déanfaimid:

(i) Creidmheas tacaíochta cánach cúram leanaí de €2,000 a chruthú

Tá an t-ualach a bhaineann le costais cúram leanaí ag bánú teaghlaigh atá ag obair agus

cuireann cosc ar go leor tuismitheoirí fostaíocht a ghlacadh. Bíonn tionchar ag an ualach

a bhaineann le costais cúram leanaí ar mhná go háirithe a leanann leis an gcuid is mó den

fhreagracht a ghabhann le cúram leanaí a ghlacadh. Ní mór go léireoidh tacaíocht cúram leanaí

imthosca éagsúil agus uathúil gach teaghlach seachas aon chur chuige amháin a oireann don

uile theaghlach.

Is fearr atá a fhios ag tuismitheoirí cad a oireann dá gcuid teaghlach agus ní mór don stát tacú

leis sin trí rogha agus solúbthacht a chur ar fáil dóibh.

Ciallaíonn sé sin an cúram is fearr a oireann dá leanbh a roghnú cibé an bhfuiltear ag breathnú i

ndiaidh an linbh sa bhaile nó in ionad cúram leanaí.

- Tabharfaimid tacaíocht dhíreach do thuismitheoirí atá ag obair trí chreidmheas cánach

leanúnach ar fiú €2,000 é do theaghlaigh lucht meánioncaim chun cuidiú leo déileáil le

costais cúram leanaí. D’fhéadfadh teaghlaigh ar ioncam íseal buntáiste suas go dtí €5,000 a

bhaint as seo.

• Beidh trí phríomhsprioc ag gabháil leis an gCreidmheas Tacaíochta Cúram Leanaí:

1. Chun Costas Cúram Leanaí a Éascú do Theaghlaigh atá ag Obair

2. Cuir ar chumas gach Tuismitheoir Fáil a bheith acu ar Chúram Leanaí atá ar

Ardchaighdeán

3. Le hÉascú a dhéanamh ar Thuismitheoirí Leanaí Óga atá Rannpháirteach i bhFostaíocht

• Clúdóidh an Creidmheas Tacaíochta Cúram Leanaí 20 go 40 faoin gcéad de chostais cúram

leanaí teaghlaigh, ag brath ar a n-ioncam. Beidh tuismitheoirí freagrach as socruithe cúram

leanaí a roghnú agus as an gcineál soláthróir cúram leanaí is fearr a oireann dá gcuid

riachtanas a roghnú.

• Déanfar leithdháileadh ar Chreidmheas Tacaíochta Cúram Leanaí ar bhonn ioncam

aon tuismitheora amháin – an Príomhchúramóir ainmnithe, a bunaíodh i dtús báire

chun críocha cánach ar chlárú an teastais bhreithe. Ní mór d’fhaighteoir ainmnithe an

Chreidmheasa Tacaíochta Cúram Leanaí 25 uaire an chloig ar a laghad in aghaidh na

seachtaine a oibriú ar mhaithe lena bheith láncháilithe do rannpháirtíocht sa scéim.

• Is ar bhonn leanúnach a bheith an creidmheas tacaíochta, bunaithe ar thrí bhanna ioncaim

de €35,000 ag fáil creidmheas de €2,000. Chomh maith leis sin gheobhaidh tuismitheoirí

43

nach bhfuil dóthain cánach á íoc acu le leas a bhaint as tuairisceán iomlán creidmheasa

cánach (m.sh. tuismitheoir aonair atá ag tuillimh idir €30,000 agus €33,000) fóirdheontas

íocaíochta airgid don iarmhéid.

Is ionann costas measta an bhirt seo agus €235m in aghaidh na bliana.

(ii) Sochar máithreachais a leathnú ó 26 seachtain go 30 seachtain agus

saoire roinnte idir tuismitheoirí a cheadú

Ba chóir cur le saoire mháithreachais, ar mhaithe le rogha níos mó a thabhairt do thuismitheoirí

agus an rogha tuilleadh ama a chaitheamh leis an leanbh le linn na chéad mhíonna sin atá

speisialta agus gan damáiste a dhéanamh do dhul chun cinn gairme. Cuirfidh sé sin an deis ar

fáil le haghaidh cothromaíocht oibre is saoil, tabharfaidh níos mó solúbthachta do thuismitheoirí

ina ngairm agus cuirfidh go mór le folláine an linbh nuabheirthe. Déanfaimid:

- Ardú ar shochar mháithreachais ó 26 seachtaine go 30 seachtain ar chostas de €40m in

aghaidh na bliana.

- Reachtaíocht atá foilsithe cheana féin ag Fianna Fáil a chur i bhfeidhm a chuirfidh an deis ar

fáil le haghaidh saoire roinnte nó saoire gan phá idir máithreacha agus aithreacha (nó idir

dhá chaomhnóir). Beidh obair ar bhonn lánaimseartha níos éasca do go leor tuismitheoirí ó

thaobh saoire óna ngairm a roinnt agus cuir ar chumas an dá thuismitheoir freagracht cúraim

a roinnt níos cothroime eatarthu féin.

- Teidlíochtaí Saoire Tuismitheora a leathnú do thuismitheoirí go mbeidh a leanbh 12 bliain

d’aois, nach féidir a thógáil faoi láthair go mbeidh an leanbh 8 mbliana d’aois. Cinnteoidh sé

seo go mbeidh deis níos fearr ag tuismitheoirí úsáid a bhaint as a dteidlíocht reachtúil saoire

tuismitheora.

(iii) Ag ardú caighdeáin cháilíochta do chúram leanaí

Tá an tús is fearr is féidir sa saol tuilte ag gach leanbh, beag beann ar a gcúlra. Chun é sin a

bhaint amach tá seirbhís cúram leanaí, atá oilte go hiomlán agus atá feistithe le tacaíocht a

thabhairt dóibh, riachtanach in Éirinn. Tá sé lárnach do thodhchaí rathúil amach anseo agus tá

an tionchar dearfach ó thaobh leathnú a dhéanamh ar bhliain réamhscoile saor in aisce agus

dul i ngleic le costais cúraim leanaí, go mbainfidh an earnáil cúram leanaí amach na caighdeáin

is airde. Tá leibhéal éifeachtach cúram na luath-óige agus oideachas i seirbhísí luath-óige ag

brath ar fhoireann atá oilte le sár-scileanna, agus cóimheas ard foirne do leanaí. Dá bhrí sin,

táimid tiomanta do spreagadh a dhéanamh ar thuilleadh oiliúna agus cur le scileanna na foirne.

Déanfaimid:

- Ciste Forbartha Gairmiúil a chur i bhfeidhm cosúil leis an gCiste Foghlaimeora atá ann cheana,

ach le níos mó acmhainní agus le huaillmhianta níos airde. Ag teacht le hinfheistíocht

ardaithe déanfaimid leasú ar choinníollacha chonarthaí maoinithe chlár chúram leanaí an

DCYA mar dhreasacht le caighdeáin cháilíochta a ardú don fhórsa saothair luath-óige mar a

leanas:

o Rátaí Caipitíochta níos airde a thabhairt isteach do leibhéal 8 agus do na cáilíochtaí thuas mar

44

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

spreagadh le cur le scileanna agus le conair ghairmiúil a chomhaontú don fhoireann.

o A chinntiú go bhfuil rátaí caipitíochta níos airde ceadaithe don fhoireann trí scála tuarastail

comhaontaithe don fhórsa saothair luath-óige ag teacht le cáilíochtaí, leibhéil taithí agus

freagracht poist.

- Plean comhtháite náisiúnta a fhorbairt le maoiniú imfhálaithe do leathadh amach oiliúint

Aistear agus creidiúnú Síolta, ag cur tacaíocht praiticiúil atá ríthábhachtach i bhfeidhm do

lucht oideachais luath-óige le taithí ardcháilíochta agus deiseanna a sholáthar do leanaí óga.

Cuirfear tacaíocht ar fáil dó sin trí fheidhmiú iomlán agus tréan an Plean Cigireachta Náisiúnta

2014 le cothabháil a dhéanamh ar chaighdeáin láidre.

(iv) Cur le maoiniú do Tusla

Tá Tusla i lár an aonaigh nuair a thagann sé chomh fada le leanaí atá leochaileach a chosaint

agus a chinntiú go bhfuil deis chothrom sa saol á cur ar fáil do gach leanbh. Déanfaimid

tuilleadh infheistíochta i mbonneagar caipitil agus in acmhainní reatha Tusla lena chur ar a

gcumas aire a thabhairt do riachtanais leanaí atá leochaileach. Cuideoidh na seirbhísí agus an

bonneagar seo le haire a thabhairt do sárleasanna leanaí agus tabharfaidh deis chothrom sa saol

dóibh. Cuirfimid ardú go sonrach ar mhaoiniú le haghaidh a thabhairt ar easnaimh i gcosaint

leanaí agus i seirbhísí leasa chomh maith le cláir phobail ar nós Ionaid Acmhainní Teaghlaigh do

sheirbhísí mí-úsáid baile agus cláir luath-idirghabhála.

-Cuirfimid ardú €30m ar a gcaiteachas reatha bliantúil.

(v) Ardú €2,000 ar Chreidmheasanna Cánach Cúramóirí Baile

Ar mhaithe lena chinntiú nach gcuirfear pionós go míchothrom ar mháithreacha agus

aithreacha a fhanann sa bhaile le haire a thabhairt do leanaí nó do thuismitheoir, déanfaimid

an Creidmheas Cánach Cúram Leanaí de €2,000 a mheaitseáil le Creidmheas Cánach €2,000 do

Chúramóirí Baile. Cinnteoidh an creidmheas seo go dtabharfar briseadh do gach teaghlach ó

thaobh na gcostas a bhaineann le clann a thógáil nó le haire a thabhairt do dhuine atá ag brath

orthu. Beidh buntáiste de thart ar €72m san ardú do theaghlaigh chun cuidiú leo déileáil leis an

gcostas maireachtála.

- Cuirfimid ardú ó €1,000 go €2,000 ar Chreidmheas Cúramóra Baile

(vi) Ardú €10 ar Shochar Linbh & cothabháil a dhéanamh air mar íocaíocht

uilíoch

Táimid tiomanta do chothabháil a dhéanamh ar sochar linbh mar íocaíocht uilíoch do gach

teaghlach. Tá an íocaíocht seo mar dhlúthchuid de bhuiséad an teaghlaigh agus cinntíonn go

mbainfidh gach cuid de shochaí na hÉireann leas ar an gcóras Leas Sóisialach. Cuideoidh ardú

íocaíochta le freastal ar rátaí boilscithe agus lena chinntiú go leanann sé ag cuidiú le teaghlaigh

ar fud na tíre.

- Déanfaimid cothabháil ar íocaíocht uilíoch sochar linbh agus cuirfimid ardú €10 in aghaidh na

míosa air, le costas bliantúil de €145m.

45

Córas Leas Sóisialach atá níos cothroime a chruthú

Ba chóir go ndéanfadh an córas leas sóisialach daoine a spreagadh le dul ag obair agus tacaíocht

a thabhairt do na daoine sin nach bhfuil in ann mar gheall ar aois, éagumas nó deacrachtaí

eacnamaíoch. Is ionann é agus an ráthóir i ndáil leis an leibhéal bunúsach macántachta a

leagaimid síos mar thír. Leathnóimid íocaíochtaí leas sóisialach agus láidreoimid riaradh

an chórais ar mhaithe lena chinntiú nach ngearrann sé pionós ar obair ach ina ionad sin go

spreagann sé obair.

Déanfaimid:

(i) €30 sa tseachtain d’ardú a chur ar an bpinsean stáit

Tá sraith mhór ciorruithe tógtha ag daoine scothaosta faoin rialtas seo. Chuir cur ar ceal an

liúntais Teileafóin, an t-ardú faoi chúig i muirear oidis, laghduithe in aonaid saor leictreachais

agus gáis, gearradh na ndeontas Oiriúnaithe Tí, deireadh a chur le deontas Báis, gearradh siar an

chárta leighis, as go mór do dhaoine scothaosta le hioncam seasta.

Tá Fianna Fáil tiomanta, mar chuid “d’Éire do chách” do Chonradh Maireachtála Neamhspleách

a chinnteoidh go mbeidh ar chumas daoine scothaosta fanacht ina gcuid tithe féin, a bhfuil a

saol caite acu ag obair leis na tithe sin a bheith acu. Is é an pinsean stáit an bonn d’airgeadas na

ndaoine scothaosta, tá siad ag brath ar an bpinsean chun billí a íoc agus ó thaobh maireachtála

ó sheachtain go seachtain. Tabharfaimid aitheantas don mhéid atá déanta acu ar son na tíre

agus don chostas maireachtála atá ardaithe le hardú €30 ar an bpinsean stáit thar chúig bliana

ag costas carnach bliantúil de €927m.

- Cuirfimid ardú €30 sa tseachtain ó €233 go €263 ar an bpinsean stáit. Clúdaíonn an t-ardú seo

pinsin ranníocach agus pinsin neamh-ranníocach araon.

(ii) Ardú €10 sa tseachtain ar shochair aoise oibre

Tá buille trom buailte ag na ciorruithe ar shochair aoise oibre le roinnt blianta anuas ar

theaghlaigh atá leochaileach. Ní mór dúinn tairseach ard macántachta a leagan síos do gach

saoránach agus “Éire do chách” á cur le chéile againn. Ba chóir go mbeadh tacaíocht á fháil ag

teaghlaigh ó chóras leas sóisialach leordhóthanach a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.

- Cuirfimid ardú ar shochair aoise oibre le hardú €10 ar gach íocaíocht aoise oibre ó €188 go

€198 sa tseachtain ar chostas de €436m.

(iii) Ardú go dtí 12 a chur ar uastairseach aoise Linbh Teaghlaigh

Aontuismitheora

Bhí an laghdú sa Liúntas do Theaghlaigh Aontuismitheora ó 17 go 7 mbliana thar a bheith

deacair ar theaghlaigh aontuismitheora. In ainneoin gealltanais an chórais cúram leanaí ar an

“tslí Lochlannach” ón Tánaiste Joan Burton, cuireadh tuismitheoirí aonair faoi bhrú uafásach ó

46

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

thaobh a gcuid leanaí a thógáil. Cuirfimid thart ar €23m ar ais i bpócaí na ndaoine sin atá faoi

bhrú, na tuismitheoirí aonair.

- Cuirfimid ardú ar uastairseach aois linbh ó seacht mbliana go dtí dhá bhliain déag don Scéim

Íocaíochta Aontuismitheora agus rachaimid i dtreo na scéime a chur ar ais ina ceart go

hiomlán má thugann acmhainní an deis dúinn é sin a bhaint amach.

(iv) Coimisiún Ioncaim Bunúsach a Bhunú

Thug an rialtas seo sraith buiséid isteach a bhí cúlchéimnitheach agus tá damáiste mór déanta

acu d’inneach bunúsach sóisialta na tíre. Roghnaigh Fine Gael agus an Lucht Oibre i lár na

géarchéime eacnamaíochta an t-ualach coigeartuithe a chur ar na daoine sin is lú a bhí in ann

glacadh leis. I gcomparáid leis sin chuir Fianna Fáil buiséid a bhí crua ach a bhí forásach ag

an am céanna i bhfeidhm agus chuir an t-ualach ba mhó ar na daoine ba shaibhre in Éirinn.

Beidh aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíocht an bheartais rialtais a rinne neamhaird de na

teaghlaigh ar ioncam íseal agus na daoine ó gach gné de shaol na hÉireann a chumasú le dul

chun cinn a dhéanamh mar thosaíocht ag ár bPáirtí agus sinn i rialtas.

- Bunóimid coimisiún le tuilleadh fiosraithe a dhéanamh ar indéantacht córas ioncaim

bunúsach a bhunú mar chuid den iarracht fhoriomlán le córas leas sóisialach don 21ú haois

atá níos cothroime a sholáthar. Tuairisceoidh an coimisiún laistigh de 12 mí le moltaí agus

tograí sonracha.

(v) Comhar Creidmheasa a threisiú agus na daoine is leochailí a chosaint ó

lucht iasachta atá cam

Tá formhór na gcustaiméirí atá ag iasachtóirí airgid ar ioncam íseal, a dhéanann na fadhbanna

atá acu i bhfad níos measa ar nós na rátaí ollmhóra is minic leis na hiasachtóirí airgid seo a

bhaint amach. Bunaíodh comhar creidmheasa an chéad lá riamh chun iasachtaí a chur ar fáil

ag rátaí úis inacmhainne do na daoine sin nach bhfuil ar a gcumas creidmheas a fháil in áit ar

bith eile. Ní mór an discréid a bhaineann le hiasachtaí beaga a chur ar fáil a thabhairt ar ais don

chomhar creidmheasa. Tá na ceanglais atá ann faoi láthair iomarcach agus tá bac tromchúiseach

curtha acu ar an gcomhar creidmheasa ó thaobh a ról sóisialta atá tábhachtach a chomhlíonadh.

Níor chóir go gcuirfeadh rialacháin teorainn ar théarmaí tagartha an comhar creidmheasa,

téarmaí tagartha atá forásach go sóisialta. Déanfaimid:

- A chinntiú go bhfuil bearta measúnaithe nach bhfuil chomh dian ag gabháil le hiasachtaí suas

go dtí €1,000. An rómhaorlathas a bhaineann le hiasachtaí den sórt sin a laghdú.

- Rialachán breise a thabhairt isteach le cosc a chur le hiompar mhí-úsáid lucht iasachta airgid.

Beidh rialachán níos fearr maidir leis an tsuim is féidir a fháil ar iasacht agus cé chomh minic

is féidir an iasacht a fháil, i gceist leis sin. Ba chóir teorainn a fhorchur bunaithe ar ioncam an

iasachtaí agus/nó teorainn a chur ar líon na n-iasachtaí in aghaidh an duine fásta, in aghaidh

an teaghlaigh. Ba chóir go mbeadh íostréimhse ama i gceist suas go dtí an chéad iasacht eile.

47

(vi) Athrú ó bhonn a chur ar an gCóras Achomharc Leas Sóisialach

Tá strus thar na bearta curtha ag moill fhada agus ag an bpróiseas nach bhfuil trédhearcach

ar dhaoine atá ag déanamh achomharc maidir le héilimh leas sóisialach a diúltaíodh nó

a laghdaíodh. Téann daoine aonair agus a gcuid teaghlach amú sa chóras uaireanta agus

faigheann siad amach nach bhfreagraíonn an córas dá gcuid riachtanas. Caithfear athrú a chur

ar sin.

- Cuirfimid an Oifig Achomharc Leas Sóisialach ar bhonn reachtúil neamhspleách, le

neamhspleáchas ón Roinn Coimirce Sóisialaí a chinntiú.

(vii) Scála aistritheach a thabhairt isteach do mheasúnuithe maidir le

híocaíocht leas sóisialach le fiúntas ó thaobh oibre a bhrath

Idir Liúntas Cuardaitheora Poist, Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh agus Íocaíocht Teaghlaigh

Aontuismitheora tá daoine curtha i sáinn na bochtaineachta. Beidh fíor-dhrochthionchar aige

seo ar theaghlaigh agus ar na glúine amach anseo a bheidh ag fás suas i gcultúr gan phoist. Tá

Fianna Fáil tiomanta d’obair a spreagadh agus luach saothair a thabhairt aisti seachas pionós

a ghearradh ó thaobh ciorruithe. Tabharfaimid luach saothair as obair ag druidim i dtreo scála

aistritheach a chur in áit ciorruithe airgeadais feadh líon réimsí ina bhfuil sé sin indéanta ó

thaobh riaracháin agus ó thaobh airgeadais. Déanfaimid:

- Fiosrú maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Three Day Rule (Riail na dTrí Lá) d’íocaíocht

Sochar Cuardaitheora Poist le córas a thugann aitheantas níos fearr do réaltacht an

mhargaidh saothair nua-aimseartha.

- Athbhreithniú a dhéanamh ar thairseach 38 uaire an chloig do Cháilíocht FIS, faoi réir é a

bheith indéanta ó thaobh acmhainní agus riaracháin, le súil scála aistritheach a chruthú

ar mhaithe leis an bhfíric a léiriú go bhféadfadh daoine a bheith ag obair (nó ar mian leo a

bheith ag obair) níos lú ná 19 uair an chloig in aghaidh na seachtaine agus a bhféadfadh an

riachtanas céanna a bheith acu le faighteoirí FIS reatha.

- Staidéar a dhéanamh ar an fhéidearthacht leathnú a chur ar an FIS le daoine féin-fhostaithe a

chlúdach, le solúbthacht níos fearr a thabhairt do theaghlaigh, go háirithe teaghlaigh aontuismitheora,

maidir le hobair a lorg.

48

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

Córas oideachais a chruthú do chách

Is é an t-oideachas an bealach is fearr le dul i ngleic le neamhionannas agus lena chinntiú go

bhfuil comhionannas deise scaipthe ar fud na tíre do na leanaí uile. Is cuid lárnach é dár samhail

eacnamaíochta atá tógtha ar fhórsa saothair ardoilte, ag mealladh infheistíochta agus ag cruthú

gnóthais agus seirbhísí nua. Cuirfidh Fianna Fáil béim ar oideachas mar thosaíocht náisiúnta.

Déanfaimid:

(i) Meánmhéideanna ranga ag leibhéal bunscoile a laghdú go dtí 23:1 faoi

2021

Cuirfimid tús le feabhas bunúsach a chur ar an gcóras oideachas trí aghaidh a thabhairt ar

fhadhb bhunúsach an phlódaithe sa seomra ranga. Níl ar chumas múinteoirí atá ag tabhairt

aghaidh ar ranganna atá san an-mhéid an difríocht pearsanta a dhéanamh atá riachtanas do

leanaí óga. Tá dul i ngleic le ranganna atá san an-mhéid le ham a thabhairt do mhúinteoirí le

hidirghníomhú le gach dalta aonair tábhachtach lena chinntiú go bhfuil an t-oideachas is fearr is

féidir á fháil acu. Déanfaimid:

- 5,500 múinteoir nua a fhostú (2,500 sa bhreis ar éileamh déimeagrafach) le cóimheas Dalta-

Múinteora a laghdú diaidh ar ndiaidh go 23:1, thar thréimhse an rialtais. Tabharfaimid

tosaíocht do laghduithe a dhéanamh do na leanaí is óige faoi 9 mbliana d’aois agus beidh an

tionchar is mó ag laghdú ranganna atá san an-mhéid ar thorthaí fadtéarmach do na leanaí.

- Cosaint ar scoileanna beaga ó chóimheas dalta-múinteora a chuirfeadh as dá

n-inmharthanacht.

(ii) Infheistíocht sa bhonneagar Scoile

Tá scoileanna fágtha i ndroch-chaoi agus ligthe i léig mar gheall ar easpa maoinithe thar

thréimhse an rialtais seo. Tá maoiniú bunúsach d’fhoirgnimh scoile agus trealamh IT ó lá go lá

imithe. Is ionann an scéim deontais oibreacha mionchaipitil agus meicníocht éifeachtach le

maoiniú a dhéanamh ar scoileanna lena gcuid foirgneamh agus trealamh a thabhairt suas chun

dáta.

- Cuirfimid deontas oibreacha Mionchaipitil ar bhonn buan, ceangailte ar bhealach

uathoibríoch le dímheas costais caipitil bliantúil a thabhaíonn gach aon scoil. Cuirfear an

scéim ar bhonn ilbhliantúil lena chinntiú go mbeidh ar chumas scoileanna pleanáil chun

cinn. Cinnteoidh sé sin go mbeidh airgead á fháil ag na scoileanna go léir le déileáil le

dímheas, agus nach mbeidh siad fágtha taobh thiar ag déileáil le bonneagar agus le trealamh

neamhdhóthanach. Cuirfimid ardú 10% ar chostas de €2.8m ar mheánluach bliantúil an

deontais freisin.

(iii) Saoroideachas a chinntiú do chách

Tá tuilleadh brú curtha ar thuismitheoirí an t-easnamh a dhéanamh suas trí “ranníocaíochtaí

deonach” mar gheall gur bhain an rialtas seo maoiniú de na bunscoileanna. Creidimid gur

49

chóir go mbeadh oideachas saor in aisce agus tá maoiniú neamhdhóthanach do scoileanna ag

déanamh damáiste do bhunsraith ár gcóras oideachais. Táimid tiomanta do dheireadh a chur

leis an ngá le haghaidh “ranníocaíochtaí deonacha” trína cinntiú go ndéanann an stát airgeadú

leordhóthanach ar oideachas.

- Cuirfimid ardú €42m go dtí na leibhéil roimh 2010 ar mhaoiniú caipitíochta do

bhunscoileanna.

(iv) Ceannaireacht agus Bainistíocht Scoile a Fheabhsú

Tá go leor príomhoidí faoi bhrú mór le freagrachtaí teagaisc agus níl ar a gcumas freastal ar

riachtanais riaracháin nó plean straitéiseach a chur i bhfeidhm mar gheall ar chiorruithe. Mar

thoradh air sin bíonn éifeachtúlacht foriomlán na scoile agus oideachas na leanaí thíos leis.

Teastaíonn cabhair bhreise óna príomhoidí sin, go háirithe i scoileanna beaga, lena chinntiú go

mbeidh ar a gcumas a gcuid dualgas a chomhlíonadh go leordhóthanach. Déanfaimid:

- Lá amháin riaracháin sa tseachtain a thabhairt do gach príomhoide. Beidh linn do mhúinteoirí

i gceist leis sin le cur in ionad na bpríomhoidí teagaisc ar a lá riaracháin. Cosnóidh sé seo

€10m ar bhonn bliantúil.

- Ceapfar 350 príomhoide cúnta chun cabhrú leis an struchtúr bainistíochta a athbhunú ar

chostas de €3m ar bhonn bliantúil.

(v) Foirne Luath-Idirghabhála a Bhunú i Scoileanna

Tá sé beartaithe ag Fianna Fáil foirne teiripe ildisciplíneach a thabhairt isteach i mbunscoileanna

agus meánscoileanna do leanaí le míchumas. Is pointe tosaithe nua a bheadh anseo don

oideachas in Éirinn maidir le leanaí le riachtanais speisialta. Tabharfar san áireamh anseo,

fisiteiripeoirí, teiripeoirí urlabhra agus teanga agus síciatraithe a bheadh fostaithe ag an Roinn

Oideachais. Roinnfear na Foirne Luath-Idirghabhála scoil-bhunaithe seo i gcnuasaigh idir

réamhscoileanna atá rannpháirteach i gclár ECCE agus Bunscoileanna laistigh do gach aon

limistéar geografach.

Trí chuairteanna a dhéanamh ar an láithreán d’fhéadfadh na foirne luath-idirghabhála measúnú

a dhéanamh ó thaobh leanaí a bhfuil moill forbartha acu, luath-idirghabháil a chur ar fáil do

na leanaí agus soláthródh an grúpa céanna teiripeoirí gairmiúla cúram dóibh. Bheadh foirne

ildisciplíneach teiripeoirí den sórt sin ar fáil do scoileanna príomhshrutha agus do scoileanna

speisialta araon.

- Bunóimid foirne luath-idirghabhála ildisciplíneach i réamhscoileanna agus i mbunscoileanna

agus fostóimid 300 teiripeoir nua do na foirne sin. Cosnóidh sé seo €14m ar bhonn bliantúil.

50

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

(vi) Athrú ó bhonn a chur ar Mheasúnú Riachtanais Speisialta agus cur le

Múinteoireacht bunaithe ar acmhainní

Ag cur le traidisiún bródúil Fianna Fáil maidir le hinfheistíocht a dhéanamh in oideachas

riachtanais speisialta, táimid tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar ionsaí an rialtais seo ar thacaíocht

Cúntóra Riachtanas Speisialta (SNA) agus ar uaireanta múinteoireachta bunaithe ar acmhainní.

100 bliain ón tiomantas bunaidh do “cherish all children of the nation equally” “comhchúram do

leanaí uile an náisiúin” cinnteoimid go ndéanfar forbairt ar ról an SNA mar Chúramóir Oideachais

a chabhraíonn leis an leanbh le forbairt agus fás. Déanfaimid:

- Uaireanta múinteoireachta bunaithe ar acmhainní a chur ar ais 100% mar atá molta ag an

gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ar chostas de €71m in aghaidh na bliana,

- Athrú ar struchtúr an SNA lena chinntiú go gcaitheann siad níos mó ama sa seomra ranga,

- 100 síceolaí breise a fhostú ar chostas de €7m ar bhonn bliantúil a chur I leith tacaíochtaí

foghlama agus teagaisc bunaithe ar riachtanas.

(vii) DEIS a leathnú agus cabhrú le scoileanna atá ag freastal ar phobail atá

faoi mhíbhuntáiste

D’éirigh le Fianna Fáil agus iad i rialtas, trí shraith tionscnaimh comhordaithe, cur le torthaí

oideachais do mhic léinn agus do phobal faoi mhíbhuntáiste go dtí an leibhéal is mó a

chonacthas riamh. Faraor, d’fhéach Fine Gael agus an Lucht Oibre ar thacaíocht do scoileanna

faoi mhíbhuntáiste mar sprioc a bhí éasca maidir le ciorruithe agus stop siad dul chun cinn sa

réimse seo. Déanfaimid:

- Plean comhordaithe a chur i bhfeidhm ar fud gach scéim chun cabhrú le scoileanna atá ag

freastal ar theaghlaigh agus ar phobail atá faoi mhíbhuntáiste,

- Deireadh a chur leis an tairseach ar leathnú clár DEIS chuig scoileanna nua agus cuirfimid

feabhas ar infheistíocht mar bhonn taca le scoileanna DEIS ar chostas de €7m in aghaidh na

bliana.

- Iompú droim ar ais ar chiorruithe agus cuirfimid ardú ar thacaíochtaí don Chlár Críochnaithe

Scolaíochta a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le lucht fágála scoile atá i mbaol ó thaobh a

gcuid oideachais a chríochnú, ar chostas de €5.5m ar bhonn bliantúil.

- Ardú 10% ar chostas de €3.9m ar an gclár béile scoile lena chinntiú go bhfuil cothú

leordhóthanach á fháil ag gach leanbh.

(viii) Teangacha Nua-Aimseartha agus Códú Ríomhaireachta a bheith

inrochtana ag leibhéal Bunscoile

Ní mór do leanaí ag leibhéal na bunscoile smaointeoireacht chriticiúil, cumas teangeolaíochta

agus litearthacht IT a fhorbairt ar mhaithe le fás agus na huirlisí lena ndéanamh inniúil

don fhórsa saothair dhomhanda a fhorbairt. Cabhróidh scileanna teanga agus códaithe le

fiontraíocht a chur chun cinn agus le gnóthais nua-thionscanta ar fud na tíre a chothú. Sa bhreis

air sin, cabhróidh sé le tuilleadh infheistíochta a mhealladh mar gheall ar ár bhfórsa saothair

ardoilte.

51

- Tabharfaimid isteach teangacha nua-aimseartha mar ábhar bhunscoile ar leithligh

agus bunóimid ciste le códú a chur chun cinn sa bhunscoil agus ar deireadh mar ábhar

Ardteistiméireachta bunaithe ar an tsamhail Iosraelach atá thar a bheith rathúil. Meastar

buiséad de 12.6m agus €3m faoi seach a bheith riachtanach ar bhonn bliantúil

(ix) A chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh ar a scoil áitiúil

Tá sochaí na hÉireann faighte níos éagsúla agus tá tuismitheoirí ag éileamh rogha níos fearr

d’oideachas a leanaí. Éilíonn cothromaíocht bhunúsach leathnú a chur ar phátrúnacht scoile

agus a chinntiú go bhfuil rochtain ag leanaí áitiúil ar a scoil áitiúil. Cinnteoimid go bhfuil

comhpháirtithe oideachais rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas tarmligin. Chomh maith leis

sin ní mór go léireoidh beartais iontrála scoile éagsúlacht shaibhir agus a chinntiú nach bhfuil

pionós míchothrom á chur ar leanaí mar gheall ar a sainchreideamh. Déanfaimid:

- Rannpháirtíocht le comhpháirtithe oideachais le cur chuige comhthoiliúil a leagan amach

agus le tuilleadh tarmligean scoileanna a leathadh amach níos faide ag teacht le héileamh

measúnaithe pobail

- Déanfaimid leasú ar iontráil scoile ar bhonn ceantair ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil

rochtain ag leanaí ar a scoil áitiúil beag beann ar a sainchreideamh agus ag cosaint cearta

reiligiúnach ag an am céanna.

(x) A chinntiú go bhfuil seirbhís threorach ag gach scoil

Bhí ról tábhachtach i gcónaí ag treoirchomhairleoirí ó thaobh cabhrú le daltaí le cinntí deacra

maidir le gairm ag pointe cinniúnach ina saol. Tá dea-theist láidir ag treoirchomhairleoirí i

gcabhrú le daoine óga trí na roghanna agus na deacrachtaí tábhachtach seo. Tá damáiste thar

na bearta déanta ag ciorruithe rialtais sa réimse seo ó thaobh an chabhair thábhachtach seo a

cheilt ar na mic léinn. Tá 51% de laghdú ollmhór i dtacaíocht comhairleoireachta duine le duine

i meánscoileanna le laghdú níos mó arís i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste mar thoradh ar

chinneadh Fine Gael agus an Lucht Oibre cead a thabhairt do scoileanna soláthar a dhéanamh

dá dtreoir féin.

- Cuirfimid soláthar treoirchomhairleora lasmuigh den chuóta ar ais do na scoileanna go léir ar

chostas de €30m ar bhonn bliantúil.

(xi) Cur le tacaíochtaí do leanaí ón Lucht Siúil

Baineann saincheisteanna tromchúiseach le míbhuntáiste oideachais do leanaí ón Lucht Siúil a

éilíonn gníomh tromchúiseach. Táimid tiomanta d’oidhreacht cultúrtha uathúil an Lucht Siúil a

chomhcheangal agus a chinntiú go sroicheann na torthaí leibhéil inchomparáide leis an bpobal

socraithe.

- Cuirfimid Seirbhís na Múinteoirí Cuartaíochta don Lucht Siúil ar ais. Beidh ceapadh 41

múinteoir breise i gceist leis sin ar chostas bliantúil de €1.9m.

52

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

(xii) Naisc iompar scoile a fheabhsú

Rinne ciorruithe rialtais ar an scéim iompar scoile teaghlaigh tuaithe a imeallú tuilleadh.

Cuireadh faoi chois prionsabal bunúsach comhionannas rochtain chuig oideachas. Is cuid

thábhachtach de sheirbhísí bunúsach pobail agus córas oscailte, inrochtana oideachais lena

chinntiú nach mbeidh teaghlaigh tuaithe faoi ualach ag costais bhreise lena gcuid leanaí a

thabhairt ar scoil.

- Cuirfimid an critéir cháilitheachta a bhí an don scéim iompar scoile ar ais mar a bhí roimh

2011, ag cinntiú ar an mbealach sin go mbeidh leanaí atá ag freastal ar scoil agus nach í a

scoil áitiúil atá i gceist (ach atá fós laistigh den scoilcheantar traidisiúnta) cáilithe le hiarratas a

dhéanamh ar iompar scoile. Cosnóidh sé seo €3.2m ar bhonn bliantúil.

(xiii) Reachtaíocht le leanaí a chosaint ó cibearbhulaíocht

Tá deiseanna as cuimse á gcur ar fáil ag na meáin shóisialta le bheith rannpháirteach le

daoine eile ach tá taobh eile atá dorcha tagtha chun cinn freisin. Tá údar imní ollmhór i measc

tuismitheoirí á chruthú ag cibearbhulaíocht, nach bhfuil an smacht acu lena gcuid leanaí a

chosaint ón mbagairt 24/7 a ghabhann le bulaíocht ar líne. Tá cur chuige comhoibríoch le

láithreáin mheáin shóisialta, a bhfuil go leor acu lonnaithe in Éirinn, ríthábhachtach le prótacail

shoiléire a leagan síos maidir leis an gcaoi le hábhar bhulaíochta a aithint agus fáil réidh leis.

Níor éirigh le reachtaíocht breith suas ar fhorbairt thapa na meán sóisialta agus ní mór an

reachtaíocht sin a thabhairt cothrom le dáta leis an mbagairt nua shonrach seo a léiriú. Ba chóir

prótacail le láithreáin na meán sóisialta a cheangal le smachtbhannaí críochnaitheach cion

coiriúil i gcoinne na mbulaithe mar bheart i ndáil le rogha dheiridh agus bacadh. Déanfaimid:

- Reachtaíocht a thabhairt isteach le cion coiriúil sonrach a dhéanamh den cibearbhulaíocht

agus oibreoimid leis an Rapóirtéir Speisialta um Chosaint Leanaí le prótacail nua a bhunú

chun déileáil le bulaíocht do láithreáin na meán sóisialta atá ag feidhmiú in Éirinn.

- Oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do scoileanna chun cabhrú leo cibearbhulaíocht a aithint

agus dul i ngleic léi mar chuid den údarás nua meabhairshláinte.

(xiv) A chinntiú go bhfuil Stair mar chuid lárnach de churaclam an Teastais

Shóisearaigh

Tá foghlaim maidir leis an am a caitheadh ríthábhachtach le tuiscint a fháil maidir le cé muid féin.

Ciallaíonn comóradh céad bliain Éirí Amach 1916 deis leis an gcuraclam staire a athneartú agus

béim a chur arís air. Chomh maith leis sin, níor chóir a bheidh ag súil go n-éireodh lenár ndaoine

óga sa domhan nua-aimseartha gan meas a bheith acu ar phríomhthéamaí stair na hEorpa

agus an domhain. Cinnteoimid go mbeadh eolas ag gach mac léinn a thagann tríd ár gcóras

oideachais ar na príomhimeachtaí a mhúnlaigh sinn mar náisiún chomh maith le heolas ar an

domhan níos leithne.

- Cinnteoimid go mbeidh Stair mar chuid lárnach de churaclam an Teastais Shóisearaigh

53

(xv) Táillí Mic Léinn a reo

Tá ardú a chur ar tháillí mhic léinn, i measc an liosta gealltanas a bhris an Rialtas, agus chuir an

t-ábhar breise ciniciúil seo go háirithe leis an gcruatan ollmhór ar mhic léinn. Chomh maith leis

sin chuir sé ualach breise ar thuismitheoirí a bhí faoi bhrú cheana féin agus a bhí ag streachailt le

maireachtáil agus tacaíocht a thabhairt ag an am céanna d’oideachas a gclann.

- Déanfaimid táillí ranníocaíochta mic léinn a reo ag a leibhéal reatha ar feadh na chéad cúig

bliana eile.

(xvi) Deontas d’Iarchéimithe a thabhairt isteach arís

Tá córas iarchéimí a mheallann agus a choinníonn na daoine óga is éirimiúla atá againn mar

chuid de chóras oideachais den scoth a chruthú agus fórsa saothair dhomhanda a fheistiú.

Bhí drochthionchar ag na ciorruithe ar an gcóras tacaíocht Iarchéime ar chaighdeán an

chórais oideachais. Chomh maith leis sin fágtar mic léinn ar ioncam íseal ar lár a bhfuil an

acmhainneacht acu agus nach bhfuil nach bhfuil na hacmhainní acu dul chun cinn agus staidéar

iarchéime a dhéanamh. Cosnóidh sé seo €47m ar bhonn bliantúil.

- Tabharfaimid an scéim deontais iarchéime ar ais arís ag leibhéil agus ar chritéir 2010.

(xvii) Cur le maoiniú agus le caighdeáin Ardoideachais

Léiriú an titim mhall i bhfeidhmíocht ár n-institiúidí tríú leibhéal i gcomparáid le táblaí

idirnáisiúnta, an tionchar atá ag faillí an rialtais sa réimse seo. Beidh na torthaí gan choinne

maoiniú ríthábhachtach a cheilt ar an earnáil seo le dul i mbun iomaíochta ar bhonn domhanda

le mothú ar feadh na mblianta atá le teacht. Tá córas ardoideachais atá láidir ríthábhachtach

ó thaobh taighde ar ardchaighdeán agus céimithe ardoilte a chur ar fáil atá riachtanach le

hinfheistíocht a mhealladh. Déanfaimid:

- Ardú €100m a chur ar mhaoiniú reatha na n-institiúidí Ardoideachais

- Maoiniú caipitil a ardú trí phacáiste €300 milliún i dtaighde agus in infheistíocht caipitil.

54

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

Ag tabhairt tacaíochta do chóras cúram sláinte atá á maoiniú go

poiblí

Dúirt Fine Gael agus an Lucht Oibre sa bhliain 2011 go gcuirfeadh siad leasú ó bhonn i bhfeidhm

i ndáil lenár gcóras sláinte a rachadh i ngleic leis na mórfhadhbanna uile. Ina leaba sin bhí siad i

gceannas ar chóras sláinte atá imithe ó smacht agus tá siad ag tabhairt faoi iarrachtaí anois nach

bhfuil mórán céille leo le cosc a chur ar fhadhbanna imeacht ó smacht roimh an toghchán. Tá

damáiste as cuimse déanta acu agus tá bainte acu ó sheirbhísí sláinte poiblí. Má chuirtear mian

Enda Kenny i bhfeidhm, sé sin Árachas Sláinte Uilíoch a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé seirbhísí

trína chéile tuilleadh. I gcomparáid leis sin déanfaidh Fianna Fáil infheistíocht sa tseirbhís,

oibreoidh le pearsanra tiomanta atá ag obair sa tseirbhís agus cinnteoidh go gcuirfear leasuithe i

bhfeidhm amach anseo a thabharfaidh tús áite d’othair agus do sheirbhísí.

Tá rogha shoiléir á tabhairt sa toghchán seo idir na daoine sin a leanfaidh orthu le bearta a

mbeidh drochthionchar acu agus Fianna Fáil atá tiomanta do chóras sláinte poiblí a fhorbairt a

rachaidh chun leasa do chách.

Déanfaimid:

(i) Seirbhís sláinte poiblí atá láidir a dhaingniú

Creideann Fianna Fáil i seirbhís cúram sláinte atá á maoiniú go poiblí agus atá á sheachadadh

go poiblí, seirbhís chúraim sláinte a chuireann béim ar othair seachas ar struchtúir. Ciallaíonn sé

sin ceannaireacht in ionad dearcadh claonta, leasú in ionad réabhlóid agus cur le láidreachtaí

na seirbhíse agus obair chrua a cuid foirne. Creidimid i seirbhís cúram sláinte atá á maoiniú go

poiblí, córas a leanann an rialtas le maoiniú leordhóthanach a dhéanamh uirthi. Is samhail níos

forásaí atá inti seo a chuireann caiteachas sláinte i lámha comhlachta atá tofa go daonlathach

seachas i lámha árachóirí sláinte phríobháideach. Cuirimid béim ar oibriú le foireann tiomanta

laistigh den chóras agus cuirfimid lena chuid láidreachtaí le seachadadh agus feabhsúchán i

ndáiríre a chur ar fáil d’othair. Déanfaimid:

- Seirbhís sláinte poiblí atá láidir don am atá romhainn a dhaingniú.

- Deireadh a chur leis an bpróiseas ó thaobh iarracht a dhéanamh árachas sláinte

príobháideach éigeantach a chur i bhfeidhm agus iontaobhais ospidéil a chosaint ó

phríobháidiú.

(ii) Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a fheabhsú

Bhunaigh Fianna Fáil an HSE mar gur theastaigh uainn soiléireacht a thabhairt maidir le róil

agus le cuntasacht – freagracht pholaitíochta don Aire agus freagracht bhainistíochta don

bhainistíocht. Rinne an HSE seachadadh ar dhul chun cinn ollmhór ar bhainistiú buiséid agus

chuir le leibhéal cáilíochta na seirbhísí sláinte. Teastaíonn ó Fhianna Fail béim níos mó a fheiceáil

á chur ar an tseirbhís seachas ar an fheidhmeannacht. Cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil acmhainní

mar fhachtóir sna deacrachtaí inár seirbhís sláinte, ní mór dúinn ráthaíocht a thabhairt freisin

go bhfuil siad á mbainistiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Mura bhfuil sé sin ag tarlú

55

ní mór bainisteoirí nach bhfuil ag feidhmiú go maith a athrú chuig poist atá i gcomhréir lena

n-acmhainní.

- Bunóimid grúpa maoirseachta neamhspleách le ráthaíocht a thabhairt maidir le

sárchleachtais i mbainistiú acmhainní agus lena cinntiú go gcuirtear an méid is fearr is féidir

le seirbhísí tosaigh a rachaidh chun leasa d’othair.

(iii) Amanna feithimh sceidealaithe a laghdú chuig an gcaighdeán idirnáisiúnta

de sé mhí trí athmhúscailt a dhéanamh ar an gCiste Náisiúnta um

Cheannach Cóireála

Tá brú as cuimse curtha ar an gcóras cúram sláinte mar gheall ar bheartas atá dírithe ar

phoiblíocht agus ar an easpa tiomantas maidir le tacú leis na seirbhísí reatha. Tá am feithimh atá

i bhfad ró-fhada agus contúirteach mar thoradh air sin, a bhfuil tionchar díreach aige ar shláinte

agus ar fholláine na n-othar atá i gceist. Déanfaimid:

- Sprioc a leagan síos agus a bhaint amach maidir le hamanna feithimh cóireála sceidealaithe a

laghdú chuig an gcaighdeán de thrí go sé mhí atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Chun straitéis

chomhleanúnach inchreidthe a fhorbairt chun é sin a bhaint amach, tionólfaimid tascfhórsa

speisialta le plean a chur ar fáil lena chinntiú go bhfuil cúram lae / cúram othar cónaitheach

go léir atá sceidealaithe á seachadadh laistigh de sprioc de shé mhí atá aitheanta go

hidirnáisiúnta.

- Stop a chur le haon iarracht eile a dhéanann Fine Gael le hionramháil a dhéanamh ar fhigiúirí

trína chinntiú go bhfuil caighdeán atá leagtha síos ag noirm agus ag measúnú idirnáisiúnta

curtha ar bhonn leanúnach thar thréimhse iomlán an rialtais.

- An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála a chur i ngníomh arís le caiteachas bliantúil de

€100m ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar amanna feithimh láithreach.

(iv) Teorainn Ama Sé Uaire an Chloig a Bhaint Amach i Rannóga Éigeandála

Ní mór dul i ngleic leis na fadhbanna leanúnacha inár Rannóga Éigeandála láithreach bonn agus

deireadh a chur leo. Molann tuarascáil HIQA na bliana 2012 ar Ospidéal Thamhlachta gur chóir

go mbeadh an t-am a chaitheann othair i rannóg éigeandála níos lú ná sé huaire an chloig. Ba

chóir an t-am seo a thomhas ó am go ham ón am a sroicheann an t-othar an Rannóg Éigeandála

go dtí an t-am a bhfágann an t-othar an Rannóg Éigeandála.

- Moltaí Tuarascáil an Chláir Náisiúnta Míochaine Éigeandála a seoladh i mí an Mheithimh 2012

a chur i bhfeidhm.

- Anailís a dhéanamh maidir le cad atá riachtanach le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist

toilleadh agus plean do 400 leaba bhreise ospidéil a chur ar fáil san áit is mó a dteastaíonn

siad faoi Bhuiséad 2017. Cosnóidh sé seo €400m i gcaiteachas caipitil agus €122.4m breise i

gcostais reatha.

- Aonaid mheasúnaithe míochaine 7 lá a chruthú le feabhas a chur ar amanna feithimh othair

agus díriú ar leithdháiltí foirne de chomhairligh agus altraí breise chuig réimsí criticiúla i

Rannóga Éigeandála ar chostas de €11m ar bhonn bliantúil.

56

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

(v) Muirir Oidis a Chur ar Ceall

Gheall an rialtas muirir oidis a chuir ar ceall. D’fhógair Aire Sláinte Fine Gael go rabhthas á gcur

ar ceall faoi lár 2011. Ach is amhlaidh a méadaíodh muirir oidis faoi cheathrair go €2.50. Tá

tionchar díréireach aige sin ar ghrúpaí ar ioncam seasta ar nós pinsinéirí. Beidh deireadh a

chur le muirir oidis mar phríomhsprioc ag Fianna Fáil mar atá mionsonraithe sa “Chonradh ar

Mhaireachtáil Neamhspleách do dhaoine scothaosta”.

- Cuirfimid muirir oidis ar ceall ar bhonn céimnithe. Cosnóidh sé sin €120m nuair a bheidh sé

curtha i bhfeidhm go hiomlán.

(vi) Tairseach na Scéime Íocaíochta Drugaí a laghdú ó €144 in aghaidh na

míosa go €100 in aghaidh na míosa

Tá gnáth theaghlaigh nach bhfuil i dteideal Cárta Leighis nó nach bhfuil acu ach cárta cuairt

dochtúra faoi réir ag costais arda drugaí. Tógann an Scéim Íocaíochta Drugaí reatha €144 sa

mhí ó theaghlaigh atá ag obair agus atá ag streachailt le costais cheana féin. Tá laghdú a chur ar

thionchar airgeadais drugaí atá riachtanach chun le déileáil le breoiteachtaí éagsúla mar chuid

thábhachtach de chostais a ghearradh do theaghlaigh.

- Laghdóimid tairseach na Scéime Íocaíochta Drugaí le €44, síos ó €144 go €100 ar chostas de

€44m sa bhliain.

(vii) 500 Comhairleach breise a earcú

In Éirinn tá thart ar dhá thrian den líon comhairleach ann agus a moladh i dTuarascáil an

Tascfhórsa Náisiúnta ar Fhoireann Míochaine os cionn deich mbliana ó shin. Tá an líon is lú

comhairligh againn ar bhonn per capita freisin. Chomh maith leis sin i roinnt speisialtachtaí, tá

aon trian go leath an líon comhairligh ar bhonn per capita in Éirinn i gcomparáid le noirm molta.

- Earcóimid 500 comhairleach breise thar cúig bliana, le béim faoi leith ar geiriatraithe,

obstatraithe, néareolaithe, réamaiteolaithe, ortódóntóirí agus leigheas éigeandála. Cosnóidh

sé seo €85m ar bhonn bliantúil.

(viii) 4,000 d’fhoireann altranais breise a fhostú

Tá earcú altraí breise ríthábhachtach, le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna géarchúraim agus

leathnú cúram príomhúil agus cúram pobail araon. Tá ardú suntasach riachtanach, go háirithe

do Rannóga Éigeandála agus d’Fhoirne Idirghabhála Pobail.

- Earcóimid 4,000 altra breise thar na chéad cúig bliana eile ar chostas de €180m.

(ix) 50 déidlia breise a fhostú

Tá an drochbhail atá curtha ag an rialtas seo ar an tSeirbhís Sláinte imithe trí gach gné de

chúram. Tá an brú atá ag dul i méid ar sholáthar fiaclóireachta mar shampla soiléir de sin. Tá

Fianna Fáil tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh agus an tseirbhís sláinte a athbhunú ar fud

57

a cuid gnéithe uile lena chinntiú go mbeidh rochtain ag othair ar chúram ar ardchaighdeán.

Déanfaimid:

- 50 déidlia breise a fhostú ar chostas de €3.5m.

- A chinntiú go mbeidh ar chumas leanaí atá ag fanacht le tréimhsí fada le cóireáil fiaclóireachta

agus le cóireáil ortadóntach iarratas a dhéanamh ar an gCiste Náisiúnta um Cheannach

Cóireála.

(x) Amanna Feithimh Othar Seachtrach agus Scanadh Diagnóiseach a Laghdú

Cé go bhféadfadh earcú comhairligh breise tionchar suntasach a bheith aige ar liostaí feithimh

othar seachtrach, ní acmhainní breise amháin atá i gceist. Déanfaimid:

- Rialacha a leagan síos go mbeidh ar gach ospidéal amanna comhairleoireachta ó 8am go 8pm

a bheith acu agus iad a chur i bhfeidhm.

- Amanna feithimh do scanadh diagnóiseach chomh maith le liostaí feithimh eile a fhoilsiú ar

bhonn míosúil. Ní mór scanadh diagnóiseach a chur ar fáil in ospidéil phoiblí freisin seacht lá

na seachtaine.

(xi) Ospidéil Ceantair a leathnú

Is ionann an gréasán ospidéil ceantair agus sócmhainn ar chóir dúinn úsáid iomlán a bhaint aisti.

Is mian linn cur an méid is féidir le saoráidí atá ann cheana le bheith mar sholáthróir éifeachtach

seirbhísí d’othair. Is féidir úsáid a bhaint as ospidéil ceantair ar mhaithe le cóireáil do riochtaí

leighis atá réasúnta mion. D’fhéadfadh an cineál luath-idirghabhála agus na cóireála seo cuidiú

go mór le fáil réidh leis an ngá le hothair a ligean isteach níos déanaí in ospidéal géarmhíochaine

- Tabharfaimid faoi staidéar faoi dheireadh na bliana 2016 le hanailís a dhéanamh ar an

mbealach a mbeimid in ann ardú suntasach a chur ar ról na n-ospidéal ceantair nó na

n-ospidéal pobail maidir le brú a bhaint den chóras ospidéil.

(xii) Cúram Éigeandála Otharchairr agus Cúram Éigeandála Réamhospidéil a

Fheabhsú

Mar chéad fhreagróir tá ról ríthábhachtach ag an ngréasán otharcharr agus ag oibrithe ó

thaobh saol duine eile a shábháil. Ní mór aghaidh a thabhairt ar líon saincheisteanna le

hacmhainneacht iomlán na seirbhíse a bhaint amach, ar nós athsholáthar an fhlít agus cur le

líon na foirne. Ní mór don tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus do Bhriogáid Dóiteáin Bhaile

Átha Cliath dul i ngleic le neamhéifeachtúlachtaí agus comhphleananna gnímh a thabhairt

chun cinn le feidhmíocht a fheabhsú. Maidir le todhchaí Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath

ó thaobh seirbhís otharchairr a sholáthar, ní mór tabhairt faoi chomhairliúchán ceart idir an

HSE, Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath agus na paraimhíochaineoirí atá ag feidhmiú ar an

talamh sula ndéantar aon iarracht leis an mbriogáid dóiteáin a thógáil ó sholáthar otharcharr.

Déanfaimid:

58

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

- A chinntiú go ndéantar plean fórsa saothair cuimsitheach a fhorbairt agus go ngníomhófar ar

an bplean sin le cur le scileanna fórsa saothair práinnfhreagartha nua-aimseartha. Brostóimid

é seo ar bhonn práinne.

- Infheistíocht in uasghrádú an fhlít otharcharr chun é a dhéanamh oiriúnach don chuspóir.

Cuideoidh 20 otharcharr éigeandála agus 211 foireann bhreise lena chinntiú go bhfuil an flít

agus an fhoireann feistithe go hiomlán ar chostas bliantúil de €16.92m.

- Cothabháil a dhéanamh ar chaighdeáin agus ar spriocamanna lena chinntiú go bhfuil seirbhís

leordhóthanach a chur ar fáil do gach saoránach ar fud na hÉireann mar chuid dár ráthaíocht i

ndáil le seirbhísí poiblí.

(xiii) Seirbhísí Máithreachais a Láidriú

Fáiltíonn Fianna Fáil agus tacaíonn leis an Straitéis Náisiúnta Máithreachais nua-fhoilsithe. Cé go

bhfuil sé soiléir go mbaineann formhór de mhná torracha ar fud na tíre leas as ardchaighdeán

cúraim, tá sé níos soiléire freisin go bhfuil ár mbonneagar náisiúnta máithreachais faoi strus agus

go dteastaíonn athbhreithniú tromchúiseach agus infheistíocht ón mbonneagar. Teastaíonn

díospóireacht cheart uainn maidir le cibé an bhfreastalaíonn an bonneagar atá i bhfeidhm

faoi láthair ar riachtanais na tíre sna blianta atá romhainn. Tá an cóimheas is ísle obstatraithe in

aghaidh an othair san OECD sa tír seo agus - teastaíonn infheistíocht i seirbhísí máithreachais

agus i seirbhísí nua-naíoch ar fud na tíre. Ní mór go mbeidh soláthar seirbhísí máithreachais ar

ardchaighdeán atá faoi stiúir obstatraí, atá inrochtana agus sábháilte ar fáil do gach máthair

agus do gach leanbh, beag beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu, mar chuspóir lárnach do

bheartas sláinte poiblí. Déanfaimid:

- Clár náisiúnta do mháithreacha agus do naíonáin a bhunú.

- A chinntiú go bhfuil seirbhísí faoi stiúir obstatraí mar thosaíocht agus feidhmeoimid iad in

ospidéil mháithreachais ar fud na tíre.

- Infheistíocht i mbonneagar laistigh d’ionaid atá ann cheana do réimsí péidiatraiceach agus

nua-naíoch. A chinntiú go bhfuil na seirbhísí máithreachais atá ann cheana á gcosaint agus

á bhfeabhsú. Ní mór go mbeidh seirbhísí sláinte agus máithreachais atá ar ardchaighdeán

ar fáil do dhaoine atá lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Comhaontaímid i mBaile Átha Cliath le

moltaí leis na hospidéil mháithreachais a athlonnú i láithreáin atá níos oiriúnaí.

- Foirne speisialtóra chun déileáil le bás a chruthú i ngach aonad mháithreachais chun déileáil

le cásanna tragóideacha nuair a fhaigheann naíonán bás.

Measann an HSE go bhfuil €14.5m riachtanach ar bhonn bliantúil le seirbhísí máithreachais a

thabhairt suas go dtí na caighdeáin atá riachtanach.

(xiv) Athchothromú a dhéanamh ar an mBuiséad Sláinte i dtreo Cúram

Príomhúil

Feictear go bhfuil ról ríthábhachtach ag cúram príomhúil agus ag cúram pobail atá láidir agus

gníomhach i bhfeabhas a chur ar thorthaí sláinte agus i dteorainn a chur ar chostais. Beidh

cúram sláinte príomhúil agus cúram sláinte pobail atá láidir luachmhar ó thaobh cosc a chur ar

59

fhorbairt riochtaí a bhféadfadh dianchúram ospidéil a bheith i gceist leo ar deireadh. Cuirfidh

sé an timpeallacht cheart ar fáil freisin maidir leis an othar a scaoileadh abhaile ón ospidéal

níos luaithe. Ó dhearcadh an othair, cabhraíonn sé leis an gcaighdeán saoil a fheabhsú agus

laghdaíonn strus nach bhfuil gá leis a bhaineann le dul isteach san ospidéal. Is laistigh de na

cúinsí seo ba chóir dúinn a bheith ag déanamh iarracht le freastal 90-95% ar riachtanais na

seirbhísí sláinte agus riachtanais seirbhísí sóisialta pearsanta go léir. Déanfaimid:

- Athchothromú ar an gcion dár mbuiséad sláinte a bheidh ag dul chuig cúram príomhúil chuig

binsemharc idirnáisiúnta.

- Post an Aire Stáit ar an gComh-Aireacht (an “sárshóisearach”) a shannadh go hAire Cúram

Príomhúil agus Cúram Sláinte.

- Clár sonrach a thabhairt isteach le hathchothromú a dhéanamh ar ár seirbhís sláinte i dtreo

cúram príomhúil gach uile bhliain mar chuid de phleananna bliantúla na seirbhíse sláinte.

- Spriocanna a leagan síos do:

• Líon na GPanna, foirne altranais agus foirne eile atá riachtanach leis na seirbhísí a chur ar fáil.

• Leathnú agus sannadh a dhéanamh ar sheirbhísí a bhíonn ar siúl in ospidéil faoi láthair mar

chúram príomhúil.

• Torthaí othair.

• Bainistíocht cláir cúraim galar ainsealach.

• Na tacaíochtaí IT atá riachtanach do chúram othair a fhorbairt.

(xv) Tacaíocht a thabhairt do Chleachtadh Ginearálta

Ní mór go mbeidh an Dochtúir Teaghlaigh (GP) i gcroílár an chúraim phríomhúil. Tá meas ag

Fianna Fáil ar ár nDochtúirí Teaghlaigh, tá meas acu ar an obair a dhéanann siad agus creideann

siad nach mór na hacmhainní cearta a chur ar fáil do sheirbhísí na nDochtúirí Teaghlaigh.

Glacann Fianna Fáil leis go bhfuil go leor cleachtais Dochtúirí Teaghlaigh ag feidhmiú ag leibhéil

neamh-iniompartha glanioncaim tar éis dóibh freastal ar costais cleachtais atá dosheachanta.

Meastar go bhfuil thart ar aon chleachtas amháin as 12 cleachtas faoi réir ag baol airgeadais

agus go bhféadfadh siad dúnadh síos. De réir meastachán an HSE féin, tá an tír seo ag tabhairt

aghaidh ar ghanntanas de idir 493 agus 1,380 Dochtúir Teaghlaigh faoi 2025 mura dtógtar

céimeanna éigeandála le haghaidh a thabhairt ar an easnamh. Déanfaimid:

- Líon na nDochtúirí Teaghlaigh a ardú go dtí 250 faoi 2021 ar chostas de €40m ar bhonn

bliantúil,

- A chinntiú go mbeidh rochtain ag na pobail go léir ar chúram an Dochtúra Teaghlaigh (GP)

a bheidh ceangailte lenár Ráthaíocht Seirbhísí Poiblí. Beidh tionchar dearfach aige seo ar

phlódú ospidéil agus ar an mbrú atá ar Rannóga Éigeandála atá a ag cur thar maoil cheana

féin.

- Idirbheartaíocht maidir le conradh nua do Dhochtúirí Teaghlaigh (GP) le héascú a dhéanamh

ar an athchothromú i dtreo cúram príomhúil,

- Ardú go dtí €25,000 a chur ar liúntas na nDochtúirí Teaghlaigh (GP) ar mhaithe le tuilleadh

dochtúirí a mhealladh le cleachtais a shocrú suas i gceantair thuaithe na hÉireann trína

60

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

dhéanamh inmharthana go tráchtálach ar chostas de €1.5m ar bhonn bliantúil.

- Dreasachtaí nua a fhiosrú le Dochtúirí Teaghlaigh a mhealladh le hoibriú go haois 70.

(xvi) Cúram Dochtúirí Teaghlaigh (GP) saor in aisce a leathnú

Más mian linn cúram príomhúil a dhéanamh níos láidre agus é a neadú mar chéad phointe

teagmhála i gcúram sláinte, ní mór dúinn é a dhéanamh níos inrochtana. Is mian le Fianna Fáil

an cúram Dochtúra Sláinte (GP) a leathnú ar bhonn ioncaim agus ní ar bhonn aoise. Ach fós níl

duine ar bith, cibé sa rialtas nó sa fhreasúra, in ann a rá go cinnte cá mhéad a chosnóidh sé ag an

nóiméad seo. In ainneoin líon ceisteanna parlaiminte a ardaíodh, ní raibh an Roinn Sláinte nó an

HSE in ann meastachán a sholáthar go dtí seo. Ní mór dúinn a thabhairt ar aird freisin an bealach

inar tháinig dúbailt ar an gcéad meastachán do Chúram Dochtúra Teaghlaigh (GP) saor in aisce

tar éis comhaontú conartha leis na Dochtúirí Teaghlaigh (GP) mí Aibreáin seo caite.

Dá bhrí sin, sula leanfaimid orainn leis seo, is mian le Fianna Fáil conradh Dochtúra Teaghlaigh

(GP) a fheiceáil curtha i bhfeidhm, a bhfuil comhaontú na Dochtúirí Teaghlaigh (GP) le cúram

Dochtúra Teaghlaigh (GP) do chách san áireamh ann. Tabharfaimid faoi luacháil a dhéanamh

freisin ar thionchar na scéime faoi 6 bliana, go háirithe ó thaobh amanna feithimh le Dochtúir

Teaghlaigh (GP) a fheiceáil.

Déanfaimid:

- Idirbheartaíocht ar chonradh nua do na Dochtúirí Teaghlaigh (GP) agus ina dhiaidh sin

tabharfaimid pleananna chun cinn le cúram Dochtúirí Teaghlaigh (GP) a leathnú.

(xvii) Cártaí Leighis a Leathnú

Bhí Fianna Fáil chun tosaigh, le linn na Dála deiridh, ó thaobh léiriú a dhéanamh ar an mbealach

ina raibh an rialtas ag díriú ar dhaoine ar chártaí leighis lánroghnach, go háirithe ó 2012 go 2014.

Bhí an t-athrú ó bhonn agus an bealach ar chúlaigh an rialtas as seo mar theistiméireacht ar ár

láidreacht sa fhreasúra. Creidimid gur féidir níos mó a dhéanamh, áfach, go háirithe do leanaí le

míchumas.

Déanfaimid:

- Cárta leighis a sholáthar do gach leanbh atá ag fáil Liúntas Cúram Baile.

- A chinntiú go ndéantar cothabháil i ndiaidh an toghcháin ar chóras atá níos daonnúla do

na cártaí leighis lánroghnach atá i bhfeidhm ag druidim leis an toghchán, agus go mbeidh

cárta leighis lánroghnach á fháil ag daoine le breoiteacht tromchúiseach atá á bhfágáil ar an

ngannchuid ó thaobh airgid.

Cosnóidh na bearta seo €57m in aghaidh na bliana.

(xviii) Údarás Náisiúnta Meabhairshláinte nua a Bhunú

Tá saincheisteanna meabhairshláinte ag leanúint ar bhealach ciúin le damáiste ollmhór a

dhéanamh in Éirinn. Tá an tionchar atá ag dúlagar, ag imní agus ag andúil mar fhadhb atá

fite fuaite sa tsochaí. Níl ar chumas aon teaghlach a theacht as cineál éigin den tsaincheist

61

a bhaineann le meabhairshláinte. Lasmuigh de na staitisticí scanrúil maidir le leibhéil

féinmharaithe, tá go leor daoine ag fulaingt ó lá go lá mar gheall ar an dobrón a bhaineann le

dúlagar. Thugamar go rathúil faoi dhúshláin chontúirteacha mar seo san am a caitheadh. Thug

an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre aghaidh caol díreach ar an ardú ar bhásanna

mar thoradh ar thimpiste bóthar a rinne damáiste do ghlúin tiománaithe. Teastaíonn cur chuige

comhbheartaithe náisiúnta den chineál céanna uainn anois le tabhairt faoi fíor-dhrochthionchar

saincheisteanna meabhairshláinte. Déanfaimid:

- Údarás Náisiúnta Meabhairshláinte reachtúil nua a bhunú a mbeidh sé mar chúram orthu clár

náisiúnta iomlán a stiúradh le dearcadh dearfach i leith meabhairshláinte a chur chun cinn

agus eachtraí féindochair agus féinmharaithe a laghdú.

• An tÚdarás Náisiúnta Meabhairshláinte fócas a chur ar mheabhairshláinte trí eagraíocht

a bhfuil cóireáil don mheabhairshláinte agus don chrá croí agus cur chun cinn

meabhairshláinte atá dearfach mar fhócas aonair acu. Imfhálú cinnte ar mhaoiniú a

sholáthar dár seirbhísí meabhairshláinte freisin.

• Leasú agus athstruchtúrú ar an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc (NOSP) mar rannán

ar leith laistigh den Údarás Meabhairshláinte mar chuid den tionscnamh seo. Beidh buiséid

imfhálaithe ag an oifig seo; spriocanna feidhmíochta agus córas fostaíochta neamhspleách

le hionchur soiléir idir-rannach ag leibhéal rialtais agus ag leibhéal ard-rúnaí. Cuirfimid

feabhas freisin ar mhéid agus ar ról NOSP le tabhairt faoi nithe ar nós straitéis náisiúnta nua

a fhorbairt agus líne chabhrach náisiúnta 24 uaire an chloig a chruthú.

Tá maoiniú breise iomlán €225m curtha in áirithe againn le níos mó airgid a chaitheadh ar

mheabhairshláinte.

(xix) Deireadh a Chur le Caitheamh Tobac

Tá níos lú ná 1 as 5 duine fásta ag caitheamh tobac in Éirinn anois. Is ionann é seo agus díol

suntais agus is é seo an chéad uair ar tháinig titim faoi leibhéal 20 faoin gcéad ar chaitheamh

tobac. Is é an chéad sprioc eile ná dul síos go 10 faoin gcéad.

- Tacóimid le haidhm 5 faoin gcéad faoi 2025 agus díreoimid iarrachtaí le srian a chur le

caitheamh tobac ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, áit a bhfuil na rátaí is

airde. Cuimseoidh sé seo arduithe i ndleacht máil ar tháirgí tobac.

(xx) Oifig Rialaithe Alcóil a Bhunú

Aithníonn Fianna Fáil go bhfuil saincheist maidir le hól ag cruthú díobháil in Éirinn. Tugadh

cóiríocht in 2012 do os cionn 8,000 duine a raibh fadhb acu le húsáid alcóil in Éirinn. Tá baint

ag alcól le 2,000 leaba a bheith in úsáid gach uile oíche in ospidéil dianchúraim na hÉireann, tá

baint ag fadhbanna alcóil leis an gceathrú cuid de dhaoine a thagann chuig rannóga éigeandála

agus le os cionn de leath na ndaoine atá ag freastal ar ionaid sainchóireála andúil.

- Bunóimid Oifig Rialaithe Alcóil agus é mar aidhm ag an oifig sin aghaidh a thabhairt go

62

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

hiomlán ar na tiománaithe éagsúla agus ar dhroch-iarmhairtí úsáid alcóil in Éirinn. Cosnóidh

sé seo €1.7m ar bhonn bliantúil. Chomh maith le cuid dár dtiomantas maireachtáil go folláin

a chur chun cinn, gheobhaimid réidh de réir a chéile le hurraíocht chuideachtaí alcóil ar

imeachtaí spóirt.

(xxi) Ag Dul i nGleic le Galar Scamhóige agus le Plúchadh

Tacaíonn Fianna Fáil le forbairt Chláir Chliniciúla Náisiúnta don phlúchadh agus do ghalar

scamhóige toirmeascach agus aithníonn an bealach a n-éiríonn leo i suíomh cúraim thánaistigh.

Déanfaimid:

- Aghaidh a thabhairt i gceart ar riachtanas na n-othar seo, le cur an méid is féidir lena

gcaighdeán saoil agus lena gcoinneáil ón ospidéal ar feadh achar níos faide, déanfaidh

Fianna Fáil feidhmiú Straitéis Náisiúnta maidir le Galar Riospráide a leathadh amach chun dul

i ngleic le galair scamhóige, lena n-áirítear fiobróis chisteach laistigh d’acmhainní atá ann

cheana.

- Moltaí an Chláir Náisiúnta maidir le Plúchadh a chuimsiú agus a chur i bhfeidhm.

(xxii) Cúram Ailse a Fheabhsú

Chuir Fianna Fáil nuair a bhí siad i Rialtas feabhsúcháin leanúnach ar chúram ailse a chuidigh leis

na mílte daoine. Déanfaimid:

- Straitéis náisiúnta nua ailse a thabhairt chun cinn agus othair le hailse nó daoine ón

teaghlach a thabhairt san áireamh ar ghrúpa athbhreithnithe na straitéise lena gcuid tuairimí

a thabhairt chun díospóireachtaí maidir le cóireáil. Aithníonn Fianna Fáil an ceangal idir

éagothroimí sláinte agus ailse agus cinnteoimid go léireofar é seo sa Straitéis Náisiúnta Ailse

nua.

- A aithint gur chóir ríomh-atreorú a leathnú chuig gach cineál ailse agus thabharfaí é seo

isteach ar bhonn céimnithe in éineacht le clár oideachais Dochtúra Teaghlaigh (GP) maidir le

comharthaí agus siomptóim ailse.

- Leathnú ar Fhoirmeacha agus ar Threoirlínte Náisiúnta d’Aththreorúchán Dochtúirí Teaghlaigh

(GP) le níos mó ailse a thabhairt san áireamh.

- Tabhairt faoin ualach cúraim a aistriú ó dhianchúram go dtí suíomh pobail agus cuir le

scileanna Dochtúirí Teaghlaigh (GP) agus altraí cleachtais ionas go mbeifear in ann thabhairt

faoi roinnt de na seirbhísí sa phobal.

(xxiii) Feabhas a Chur ar Chúram maidir le Néaltrú

Is mian le formhór na ndaoine atá ag maireachtáil le néaltrú agus lena gcuid teaghlach cúram a

fháil ag baile. Táimid tiomanta do chinntiú go mbeidh sé seo indéanta agus cuirfimid le soláthar

pacáistí dianchúraim baile lena baint amach. Déanfaimid:

- Pacáiste dianchúraim baile a leathnú bliain ar bhliain trí €10 milliún agus le 190 pacáiste ar

bhonn bliantúil a rachaidh chun leasa do 250 dhuine gach aon bhliain.

63

- Maoiniú a dhéanamh ar an Straitéis Náisiúnta maidir le Néaltrú agus cuirfimid i bhfeidhm í.

- A chinntiú go bhfuil gréasán comhairleoirí néaltraithe pobal-bhunaithe le fáil ar bhonn

náisiúnta le hoibrí cúram príomhúil sannta le comhordú a dhéanamh ar chúram a dhéanamh

do dhaoine le néaltrú agus a gcúram leanúnach a chinntiú.

- Oibrí cúram príomhúil a shannadh le comhordú a dhéanamh ar chúram do dhaoine le néaltrú

agus a gcúram leanúnach a chinntiú.

- A chinntiú go bhfuil ar chumas duine ar bith a diagnóisíodh le néaltrú iarratas a dhéanamh ar

chúntóir baile nó ar phacáiste cúram baile, lena n-áirítear pacáistí dianchúraim.

- Aonaid tiomanta néaltraithe a bhunú in ionaid chúraim cónaithe atá á dtógáil nó a bhfuil

uasghrádú a dhéanamh orthu sa tréimhse chúig bliana atá amach romhainn.

(xxiv) Seirbhísí Athshlánaithe Néareolaíochta

Ní mór athshlánú néareolaíochta a aithint mar ghné ar leith de sheirbhís mhíchumais a

ndéanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seachadadh air.

- Táimid tiomanta an Beartas Náisiúnta agus Straitéis Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí

Athshlánaithe Néareolaíochta a foilsíodh in 2011 a chuir i bhfeidhm in Éirinn.

(xxv) Ag Troid in aghaidh na Daille

Táimid tiomanta do Straitéis Náisiúnta Amhairc a fhorbairt chun troid in aghaidh na daille agus

cailliúint amhairc. Déanfaimid:

- An straitéis seo atá bunaithe ar chomhordú agus ar lánpháirtiú seirbhísí, ar fhócas ar chosc

agus ar luath-idirghabháil a fhorbairt, tacaíocht a thabhairt don phobal i gcoitinne le tuiscint

níos fearr a fháil ar shláinte mhaith súl agus ar an mbaol a bhaineann le cailliúint amhairc.

- An Bord Taighde Sláinte a threorú leis an athbhreithniú reatha ar bhearnaí agus ar dheiseanna

taighde in Éirinn maidir leis an tsaincheist maidir le cailliúint amhairc agus galar súl a fhoilsiú.

(xxvi) 250 foireann bhreise teiripe HSE a earcú, ardú iomlán de 550 teiripeoir

Ní féidir glacadh le hamanna feithimh do mheasúnuithe agus do sheirbhísí araon do theiripí

atá ríthábhachtach. Clúdaíonn sé seo raon leathan grúpaí, lena n-áirítear leanaí le riachtanais

urlabhra agus teanga, fisiteiripeoirí do dhaoine le stróc agus teiripeoirí saothair do dhaoine le

ríochtaí dúshlánacha saoil. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rochtain ag leanaí le deacrachtaí

urlabhra agus teanga ar theiripe roimh dhul ar scoil.

- Earcóimid 250 teiripeoir breise ar chostas de €11.74m ar bhonn bliantúil. Chomh maith leis

sin, mar atá leagtha amach sa chuid ar oideachas, bunófar foirne luath-idirghabhála nua i

scoileanna le 300 teiripeoir breise a fhostú.

(xxvii) Maoiniú don Scéim Fair Deal a Ardú

Éilíonn brú déimeagrafach ar an Scéim Fair Deal acmhainní breise ar mhaithe lena chinntiú

go mbeidh sé ar chumas daoine scothaosta nach bhfuil in ann maireachtáil ag baile níos mó

64

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

cóiríocht a fháil i dTeach Altranais. Dé réir mar a théann an daonra in aois agus a thagann ardú ar

éileamh, ní mór dúinn cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh i leith daoine scothaosta a lánpháirtiú

sa phobal. Tá Fianna Fáil tiomanta i leith a “Chonradh maidir le Maireachtáil go Neamhspleách

do Dhaoine Scothaosta” i ndáil le tacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta le maireachtáil

ina gcuid tithe féin chomh fada agus is féidir. Ní bheidh sé sin indéanta, áfach, i líon suntasach

cásanna agus tá acmhainní riachtanach lena chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar na daoine

scothaosta go léir.

- Infheisteoimid €160m breise ar bhonn bliantúil sa Scéim Fair Deal ar mhaithe lena chinntiú

go bhfuil maoiniú leordhóthanach á dhéanamh ar an scéim thar na chúig bliana atá amach

romhainn.

(xxviii) Maireachtáil Fholláin a chur chun cinn agus dul i ngleic le Murtall

Tá cur chun cinn stíl maireachtála ríthábhachtach chun dul i ngleic le costas sláinte fadtéarmach

agus cur ar chumas daoine saol a mhaireachtáil atá gníomhach agus fada. Ní mór tús a chur

le cúram sláinte tamall fada roimh bhreoiteacht stíle beatha a thabhairt faoi deara. Ní mór é

sin a dhíriú ar aois an pháiste suas chomh fada le seanaois. Tá ról tábhachtach ag an rialtas in

oideachas, i ndreasachtaí eacnamaíoch agus i dtimpeallacht fhisiciúil atá soiléir a sholáthar a

dhéanann spreagadh ar ghníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí fisiciúla. Déanfaimid:

- Cáin ar dheochanna atá milsithe le siúcra a thabhairt isteach. Chuirfeadh sé seo sé cent ar an

meán ar channa cola. Tabharfaidh sé sin isteach €71m ar bhonn bliantúil de réir meastacháin

na Roinne Airgeadais.

- Clár nua oideachais bia sláintiúil do bhunscoileanna a bhunú chun cabhrú le nósanna

cócaireachta agus ithe go sláintiúil ar feadh an tsaoil a spreagadh.

- Leasú a dhéanamh ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 chun toilleadh na nÚdarás

Áitiúil a láidriú i leith talamh Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (CPO) ar mhaithe le húsáid

caitheamh aimsire.

- Rialacháin Phleanála Náisiúnta nua a eisiúint chun criosanna “Ná Friochtar” a chruthú ina aice

le bunscoileanna agus le meánscoileanna.

- Fáil réidh de réir a chéile le hurraíocht cuideachtaí alcóil ar imeachtaí spóirt.

- Cód Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a leathnú le cosc a chur ar fhógraíocht teilifíse ar

bhia atá ard ó thaobh saille, salainn agus siúcra (HFSS) suas go dtí 9pm.

(xxix) Cógaiseoirí Pobail a Neartú

Tá cógaiseoirí pobail díocasach le ról níos mó a bheith acu i gcúram sláinte in Éirinn agus

tacaíonn Fianna Fáil leo san aidhm sin. Bíonn vacsaíniú agus seirbhísí leighis eile níos leithne á

dtairiscint ag cógaiseoirí i dtíortha eile. Déanfaimid:

- Cead a thabhairt le leathnú a dhéanamh ar sheirbhísí vacsaíniú cógaslainne ar an mbealach

céanna le raon níos leithne vacsaíniú a thabhairt san áireamh.

- Scéim Mion-Easláinte a chur i bhfeidhm le cead a thabhairt d’othair cártaí leighis cóireálacha

65

saor in aisce a fháil do bhreoiteachtaí coitianta go díreach ón gcógaslann áitiúil.

- Clár scrúdú sláinte nua cógaslann-bhunaithe a leathadh amach a mbeadh buntáistí

suntasacha aige i dtéarmaí baint amach, inrochtaineacht agus éifeachtúlacht costais. Beidh

an Scéim seo laistigh d’acmhainní atá ann cheana.

(xxx) Costas Drugaí

In ainneoin coigilteas suntasach le os cionn deich mbliana anuas, leanann costas drugaí de

bheith ard ar an HSE. Thacaigh Fianna Fáil agus rinne tairiscint rith an Bhille Sláinte (Praghsáil

agus Soláthar Earraí Leighis) tríd an Dáil deiridh a bhrostú. Creidimid gur chóir an tasc a

thabhairt don tSeirbhís Náisiúnta Soláthair le bainistíocht a dhéanamh ar cheannach cógais thar

ceann an HSE. Ní mór go mbeidh cruinnithe díreacha idir an Oifig Náisiúnta Soláthair agus na

cuideachtaí cógaisíochta ábhartha i gceist leis sin. Déanfaimid:

- An tasc a thabhairt don Oifig Náisiúnta Soláthair le bainistíocht a dhéanamh ar cheannach

cógais thar ceann an HSE.

- Cead a thabhairt d’othair aistriú, nuair is iomchuí agus faoi réir ag an Údarás Rialála Táirgí

Sláinte, ó chógais atá acu faoi láthair go dtí cógais atá níos inacmhainne, ach atá chomh

héifeachtach céanna.

(xxxi) Caiteachas Caipitiúil a Spriocdhíriú

Sa bhreis ar an ardú ar leapacha ospidéil atá leagtha amach i bpointí níos túisce, tá Fianna Fáil

tiomanta d’fheidhmiú an chláir infheistíochta caipitil €3 billiún a fógraíodh san fhómhar seo

caite. Déanfaimid:

- Ospidéal Náisiúnta na Leanaí a chríochnú.

- Tacú le hathlonnú ospidéil máithreachais Bhaile Átha Cliath. D’fhéadfadh athlonnú seirbhísí ó

ospidéil áirithe i mBaile Átha Cliath deiseanna a chur ar fáil leis na suíomhanna atá fágtha acu

a úsáid chun críocha eile laistigh den chóras sláinte.

(xxxii) Athchóiriú a dhéanamh ar an mBuiséad Sláinte

Tá Fianna Fáil tiomanta do thabhairt isteach maoiniú ilbhliantúil dár sheirbhísí sláinte agus

creidimid gur chóir tús a chur leis sin le Buiséad 2017. Ní féidir linn pleanáil a dhéanamh go

réasúnach go fadtéarmach mar gheall ar na buiséid ghearrthéarmach. Ní mór don HSE agus do

phleanálaithe eile seirbhíse oibriú le níos mó cinnteachta. Déanfaimid:

- A chinntiú go bhfuil creat airgeadais cúig bliana ann inar féidir pleanáil chun cinn go réadúil

agus go ciallmhar laistigh de.

- Trédhearcacht níos fearr agus comhairleoireacht níos fearr ar an bpróiseas buiséadach a chuir

i bhfeidhm.

- Ard-Stiúrthóir an HSE, na hAirí agus oifigigh ón Roinn Sláinte a stiúradh le tabhairt faoi

chomhairliúchán iomlán agus oscailte leis an gComhchoiste Oireachtais ar Shláinte maidir le

cad atá riachtanach le freastal ar éileamh déimeagrafach agus ar riachtanais nach bhfuiltear

ag freastal orthu.

66

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

Athchóiriú na hEarnála Poiblí

Tá infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí poiblí mar phríomhthosaíocht ag Fianna Fáil agus iad i

Rialtas. Ní mór dúinn a chinntiú, áfach, go bhfuil luach ar airgead á fháil ag an gcáiníocóir agus

go bhfuil na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag déanamh difríocht i ndáiríre ar an talamh. Sa bhreis

air sin, ní mór aitheantas iomlán a thabhairt d’obair agus do choinníollacha pá seirbhísigh

poiblí a rinne a míle dícheall le seirbhísí a bhí ríthábhachtach a choinneáil ag imeacht le linn na

géarchéime. Cinnteoidh “Éire do chách” go gcuirfidh seirbhísigh poiblí atá tiomanta le seirbhísí

poiblí atá láidir.

Déanfaimid:

(i) Pá agus coinníollacha atá cothrom a bhaint amach do sheirbhísigh poiblí

Le linn ama ina raibh rudaí thar a bheith deacair sa tír, bhí ról lárnach ag seirbhísigh poiblí i

gcoinneáil feidhmeanna an stáit ag imeacht agus ag seachadadh seirbhísí a bhí ríthábhachtach

do dhaoine ar fud na hÉireann. Bhí íobairtí airgeadais na n-oibrithe sin ríthábhachtach freisin

ó thaobh cobhsú a dhéanamh ar an Státchiste. De réir mar atá feabhas ag teacht ar fhigiúirí an

Státchiste tá sé tábhachtach aitheantas leordhóthanach a thabhairt do ghnáth sheirbhísigh

poiblí as an obair atá déanta acu. Bainfimid úsáid as cuid den mhaolán spás fioscach de €2.5bn

inár gclúdach airgeadais foriomlán le freastal ar chomhaontuithe pá amach anseo atá faoi réir

ag idirbheartaíocht tar éis teacht chun críche chomhaontú Bhóthar Lansdún. Beimid faoi réir

treorach ag na prionsabail seo a leanas in aon phléití amach anseo laistigh de na teorainneacha

airgeadais seo. Déanfaimid:

- Comhaontú Bhóthar Lansdún a chur i bhfeidhm go hiomlán.

- Comhaontuithe pá amach anseo a dhíriú ar lucht ísealioncaim agus ar lucht meánioncaim.

- Na Bearta Airgeadais Éigeandála sna hAchtanna ar Mhaithe le Leas an Phobail a aisghairm

le linn an chéad dá bhliain atá amach romhainn agus filleadh ar ghnáthmheicníochtaí

caidreamh tionsclaíoch, maidir le pá agus coinníollacha a leagan síos.

- A chinntiú go bhfuil feabhsúcháin i nglanphá seirbhísigh poiblí ag teacht le feabhsúcháin

ginearálta pá san eacnamaíocht.

- Rannpháirtíocht le hionadaithe seirbhísigh poiblí atá ar scor san idirbheartaíocht le déanaí.

- Comhionannas cóiríochta a dhaingniú do sheirbhísigh poiblí nua-earcaithe.

- Úsáid a bhaint as an ERSI le costas pá agus bearta pinsin a fhíorú go seachtrach agus maidir le

spriocanna a bhaint amach i gcomhaontuithe amach anseo.

(ii) Athchóiriú a dhéanamh ar struchtúr ranna rialtais

Éilíonn an meath i seirbhísí poiblí faoi mhaoirseacht an rialtais seo freagra airgeadaíochta agus

eagraíochtúil substaintiúil. Déanfaimid athstruchtúrú, lasmuigh dár bpacáiste cuimsitheach

infheistíochta, ar ranna rialtais, ionas go mbeidh siad níos freagraí do riachtanais Éire nuaaimseartha.

Coinneoimid an líon reatha de 13 Aire Sóisearach agus 15 post comh-aireachta.

Déanfaimid:

67

- Athchóiriú ar an Roinn Coimirce Sóisialaí agus beidh sí aitheanta mar an Roinn Coimirce

Sóisialaí, Míchumais & Comhionannais. Tógfaidh sé seo míchumas amach as an réimse cirt atá

míchuí agus cuirfear isteach i roinn nua é a aithníonn an gá atá le huilechuimsitheacht.

- Roinn nua a chruthú do Thithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil. Cuirfear mar dhualgas

ar an roinn seo dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta agus deireadh a chur leis an

rómhaorlathas a bhaineann le hilghníomhaireachtaí.

- Roinn nua a bhunú d’Athrú Aeráide. Beidh an roinn seo i gceannas ar an mbeartas athrú

aeráide. Tabharfaidh sé na ranna Comhshaoil, Cosaint Tuilte, Fuinneamh, Iompar, Acmhainní

Nádúrtha agus Oidhreachta atá ann faoi láthair le chéile.

- Roinn nua Gnóthaí Pobail, Tuaithe, Gaeltachta agus Oileáin a shocrú suas chun seirbhísí poiblí

a stiúradh agus sraith seirbhísí bunúsach náisiúnta a chinntiú.

- Stádas Comh-Aireachta Sárshóisearach a dhaingniú don Aire Cúram Príomhúil agus Cúram

Sóisialta, lena n-áirítear daoine scothaosta.

(iii) Seirbhísí Poiblí a dhéanamh níos éasca le húsáid

Ba chóir go mbeadh seirbhísí poiblí freagrach do riachtanais na ndaoine ar a bhfuil siad ag

freastal mar a bheadh aon chuideachta san earnáil phríobháideach. Oibreoimid lena chinntiú go

bhfuil na seirbhísí atá ann faoi láthair agus na cláir amach anseo deartha le cur an méid is féidir

le héascú úsáide agus rochtain IT go háirithe. Déanfaimid:

- Rochtain oscailte a thabhairt don phobal ar bhonn 24/7 chuig an méid seirbhísí rialtais agus

is féidir. Ba chóir go mbeadh cláir nua deartha ionas gur féidir iad a roinnt ar fud comhlachtaí

poiblí.

- Sonraí feabhsaithe a leathadh amach lena chinntiú nach n-iarrfar ar aon saoránach an t-eolas

céanna a chur ar fáil faoi dhó. Ba chóir go mbeadh córais IT deartha le fáil réidh le dúbailt ar

fud an chórais ina iomláine.

- Rannpháirtíocht na foirne ar bhonn bliantúil i suirbhéanna chun an córas a fheabhsú.

- A chinntiú go bhfuil cúnamh digiteach ar fáil i gcónaí do dhaoine nach bhfuil ar líne, go

háirithe do dhaoine scothaosta.

(iv) Feidhmíocht agus Cuntasacht na Seirbhíse Poiblí a Fheabhsú

Ní mór dúinn meicníochtaí soiléire a chur ar fáil d’athbhreithniú feidhmíochta agus solúbthacht

níos fearr sa tseirbhís phoiblí ar mhaithe le seachadadh a dhéanamh ar luach ar airgead ar fud na

seirbhísí poiblí. Ba chóir go mbeadh tionchar ag gach euro a chaitear. Déanfaimid:

- Tús a chur le hathbhreithniú feidhmíochta atá soiléir d’ard-rúnaithe agus d’ard-rúnaithe cúnta.

- Deis a thabhairt le haghaidh solúbthacht níos fearr foirne ar fud Ranna agus gníomhaireachtaí

de réir mar is gá.

- Cairteacha seirbhísí do chustaiméirí a chaighdeánú ar fud na seirbhíse poiblí.

- Téarmaí tagartha Oifig an Ombudsman a leathnú chuig monaplachtaí leathstáit

68

Na costais atá ar theaghlaigh a laghdú & na seirbhísí a

mbíonn siad ag brath orthu a fheabhsú

(v) Ionadaíocht chothromaithe Inscne ar fud na seirbhíse poiblí a fheabhsú

Cé gur mná iad formhór oibrithe na hearnála poiblí, is ag na fir atá formhór na bpost sinsearach.

Ní mór aghaidh a thabhairt arís air seo ionas go léireoidh na poist shinsearacha sa tseirbhís

phoiblí an chothromaíocht inscne sa tsochaí. Sa bhreis air sin, ba chóir go dtaispeánadh

ceapacháin bord stáit an bealach le cothromaíocht inscne a dhaingniú.

- Cuirfimid feabhas ar chomhionannas inscne ag leibhéil ardbhainistíochta na seirbhíse poiblí

agus leanfaimid le feidhmiú i dtreo spriocanna cothromaíochta inscne i gceapacháin boird

stáit.

69

70

Éire do Chách.

3

Dul i ngleic le coireacht &

seirbhísí pobail a fhorbairt

71

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

Rachaimid i ngleic le coireacht go díreach agus cosnóimid seirbhísí pobail mar a leanas

Áiteanna cónaithe agus pobail a choinneáil slán

• An líon Gardaí a mhéadú go 15,000 agus an líon chomhaltaí Gardaí Chltaca a mhéadú go

2,500

• Pianbhreitheanna sainordaitheacha a fhorchur mar gheall ar ionsaithe ar dhaoine scothaosta

• Pianbhreitheanna níos déine agus clibeáil leictreonach a chur i bhfeidhm i gcás buirgléirí

• Formhuirear Íospartaigh a thabhairt isteach le go mbeidh ar choirpigh íoc as a gcoireanna

Ráthaíocht Seirbhísí Pobail do gach Saoránach a Bhunú

• Aire Rialtais nua do Thacaíocht & Forbairt Pobail a chruthú

• Bearta sonracha do sheirbhísí Oideachas, Sláinte & Iompair ar fud na tíre a leagan amach

• Méadú a dhéanamh ar mhaoiniúchán LEADER & cláir RAPID agus CLAR a atosú

“Conair chuig Uilechuimsitheacht” a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas

• Aire Míchumais, ar leibhéal Comh-Aireachta, a chruthú

• Aitheantas a thabhairt don chostas maireachtála trí Íocaíocht Mhíchumais bhreise €10 a chur

ar fáil

• Tacaíochtaí cúnaimh fostaíochta a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas

Lár 849 mbaile, gcathair & bpríomhchathair na hÉireann a athbheochan

• Foirne baile a fhorbairt chun dul i gceannas ar athruithe i lár bailte

• Gréasán na nOifigí Poist a chosaint agus a neartú

• Aonad Oird Phoiblí le haghaidh Lárchathair Bhaile Átha Cliath a bhunú

• Rannán nua Póilíneachta Iompair a chruthú laistigh den Gharda Síochána

An gréasán bóithre a fheabhsú agus iompar poiblí a chosaint

• Coimisiún Náisiúnta Iompair Phoiblí a chur ar bun

• Úsáid feithiclí leictreacha a chur chun cinn agus a leathnú

• Méadú a dhéanamh ar an maoiniúchán do bhóithre

• Straitéis nua maidir le rotharbhealach náisiúnta a chruthú

• An caiteachas ar chosaint ar thuiliú a mhéadú & múnla nua a bhunú i ndáil le hárachas tuile

Cumhacht a thabhairt do dhaoine áitiúla maidir le cinntí áitiúla

• Comhairlí pobail agus Comhairlí Baile a fhorbairt i ngach baile agus i ngach sráidbhaile in

Éirinn

72

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

• Ciste pobail a bhunú chun úinéireacht a ghlacadh ar shócmhainní áitiúla agus iad a bhainistiú

• Méara díthofa Bhaile Átha Cliath a chumhachtú

• Tionscnamh athchóirithe polaitíochta “Oireachtas don 21ú hAois” a sheoladh

Tá spiorad láidir pobal ann in Éirinn mar aon le mórtas domhain, seasmhach sa náisiún. Chuidigh

an neart sin linn leanúint ar aghaidh agus teacht aniar a dhéanamh d’ainneoin na ndúshlán

a bhí le sárú againn mar thír. Chun bisiú a dhéanamh, áfach, ní mór do phobail a bheith

sábháilte agus ní mór croísheirbhísí an stáit a bheith ar fáil acu. Tá “Éire do chách” bunaithe ar an

gcroíthosaíocht sin.

Mar thoradh ar an méadú mór ar an gcoireacht ar fud na tíre agus ar an bhfaitíos méadaithe

roimh bhuirgléireacht, tá míshuaimhneas mór ann i bpobail ar fud na hÉireann. Tá an meon láidir

pobail a d’fhóin chomh maith sin d’Éirinn á chur i mbaol ag plá na coireachta agus na heagla.

Tá rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre tar éis ligean don scéin fhairsing sin méadú tríd

an íosghrádú atá déanta acu ar an nGarda Síochána agus tríd an drochbhainistiú ollmhór atá

déanta acu ar an gceartas in Éirinn.

Gné shainiúil den rialtas seo is ea an neamart atá déanta i bpobail. Sa bhliain 2011, chuir Fine

Gael agus Páirtí an Lucht Oibre deireadh le forbairt phobail agus leis an gcomhrac i gcoinne

drugaí mar fhreagrachtaí comh-aireachta tar éis an stádas sin a bheith ag na nithe sin ar feadh 20

bliain. Ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh le roinnt clár rathúil agus neamart agus neamhshuim a

bhí ann mar bheartas. Mar thoradh díreach ar bheartais an rialtais, tá méadú coireachta ann, tá

méadú ar úsáid drugaí contúirteacha agus tá easpa forbartha pobail ann. Contrártha dó sin, tá

Fianna Fáil tiomanta i leith plean cuimsitheach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le coireacht

agus chun ár gcuid pobal a chosaint.

Beidh fíor-athchóiriú polaitíochta ann mar chuid de “Éire do Chách” trína dtabharfar cumhacht

d’institiúidí daonlathacha a bheidh freagrach do phobail agus trína mbunófar caighdeáin

nua le haghaidh seirbhísí ar fud na tíre. Is ionann infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí pobail,

agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí sin, agus a rá go ndéanfar bonn maith a chur faoinár

n-earnáil bhríomhar Ealaíon agus go ndéanfar ár dteanga náisiúnta a chosaint agus a fheabhsú.

Mar pháirtí arb é a chroíchuspóir fós athaontú an Oileáin seo mar aon stát amháin, táimid

tiomanta go hiomlán i leith naisc thrasteorann a neartú agus institiúidí agus acmhainn mhór

chomhaontú Aoine an Chéasta a athbheochan. Faoi Fhianna Fáil, beidh ról láidir ag Éirinn i

ngnóthaí an Aontais Eorpaigh (EU) & i ngnóthaí domhanda.

Thar aon ní eile, is é atá sa ghealltanas atá á thabhairt mar chuid de “Éire do Chách” ná go

dtabharfar cuidiú do phobail an chuid mhór dúshlán, a bhfuil a líon ag méadú agus nach mór

do phobail déileáil leo, a shárú lena chinntiú go leanfaidh Éire de bheith ina háit an-mhaith chun

cónaí ann agus chun clann a thógáil ann.

73

Áiteanna Cónaithe agus Pobail a Choinneáil Slán

Le cúig bliana anuas, tá cuid mhór damáiste déanta ag an rialtas seo ar chumas an Gharda

Síochána ár gcuid pobal a chosaint. Tá beartais Airí ina gcúis dhíreach leis an mbonn a

bhaint den phrionsabal gur ceart do Ghardaí a bheith chomh gar agus is féidir do na pobail

dá bhfónann siad. Tá rún daingean ag Fianna Fáil deireadh a chur leis an mbeartas sin agus

dianfheachtas a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le coireacht i ngach cuid den tír.

Déanfaimid:

(i) An líon Gardaí a mhéadú go 15,000 agus an líon Gardaí Cúltaca a mhéadú

go 2,500

Tá líon chomhaltaí an Gharda Síochána laghdaithe ag an rialtas seo go leibhéal faoi bhun

13,000 agus, chomh maith leis sin, tá 139 stáisiún Garda dúnta acu. De bharr an fórsa a laghdú

chuig na leibhéil chontúirteacha ísle sin, tá sábháilteacht agus slándáil pobal ar fud na hÉireann

curtha i mbaol. Ní mór an líon Gardaí a mhéadú go suntasach chun dul ar an ionsaí i gcoinne na

gcoirpeach. Déanfaimid:

- An líon Gardaí a mhéadú go 15,000 chun comhrac a dhéanamh i gcoinne coireachta ar fud na

hÉireann. Cosnóidh sé seo €40m in aghaidh na bliana.

- A cheangal go bhfoilseofar plean póilíneachta ina dtaispeánfar conas a dhéanfar an líon

méadaithe Gardaí a spriocdhíriú ar thosaíochtaí.

- Cúltaca an Gharda a dhúbailt go 2,500 ar chostas €3.5 mar chomhlánú agus mar thacaíocht

d’obair an phríomhfhórsa agus chun teagmháil idir na Gardaí agus an pobal a spreagadh. De

bhreis air sin, cuirfear scéim oiliúna speisialta luathaithe i bhfeidhm do chomhaltaí Chúltaca

an Gharda a roghnaítear chun dul isteach sa phríomhfhórsa lena chinntiú gur féidir iad a chur

ar na sráideanna a luaithe is féidir.

(ii) Méadú níos mó ná 200 a dhéanamh ar an líon Gardaí Pobail

Is é caidreamh láidir pobail is bonnchloch d’fhórsa éifeachtach póilíneachta. Ach tá an

éagothromaíocht idir líonta Gardaí pobail in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ag déanamh

damáiste do naisc áitiúla leis an bhfórsa. Ní mór dúinn gach ceantar Garda a chlúdach lena

chinntiú go mbíonn Garda pobail lonnaithe sa cheantar, agus naisc láidre aige/aici leis an bpobal

áitiúil.

- Bainfimid úsáid as cuid den 2,000 Garda breise atá le hearcú, agus as athruithe eagrúcháin

chomh maith, chun méadú 200 a dhéanamh ar an líon Gardaí Pobail lena chinntiú go bhfuil

clúdach dóthanach ann i ngach ceantar.

(iii) Tuarascáil ó Chigireacht an Gharda Síochána maidir le hathoscailt stáisiún

Garda a thionscnamh

Is beartas mícheart é 139 stáisiún Garda a dhúnadh, gan trácht ar an ionchas go ndéanfar

líon gan áireamh stáisiún beag eile ar fud na hÉireann a dhúnadh, ós rud é go gcuireann sé

slándáil phobal agus tithe cónaithe i mbaol. Thug an cinneadh chun solas gorm an stáisiúin

74

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

áitiúil a mhúchadh teachtaireacht shoiléir do choirpigh, ar teachtaireacht í as ar lean sruth

buirgléireachtaí i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre. Ní dhearna an tsábháil

shuarach a bhí ann mar thoradh ar dhúnadh na stáisiún sin an tionchar fíordhochrach ar na

pobail ar fhóin siad dóibh a dhlisteanú.

- Tionscnóimid tuarascáil ó Chigireacht an Gharda Síochána maidir leis an 139 gceantar

stáisiúin chun tionchar na ndúntaí a thomhas agus chun moltaí a dhéanamh i dtaobh an

ceart an stáisiún a athoscailt nó, i gcás an foirgneamh a bheith díolta, an ceart stáisiún nua

a bhunú. Éascófar ionchur ón bpobal. Déanfar an tuarascáil a ullmhú, agus moltaí a chur á

bhfeidhmiú, laistigh de 12 mhí. De bhreis air sin, má bhíonn cás ann an gá gníomh láithreach

a dhéanamh maidir leis, soláthrófar acmhainní do Choimisinéir an Gharda chun stáisiúin

áirithe a athoscailt.

(iv) Plean nua Fórsa Saothair do na Gardaí chun Gardaí a scaoileadh saor le

dul ag obair ar an líne thosaigh

Agus torthaí Thuarascáil Chigireacht an Gharda Síochána á gcur san áireamh, is léir go bhfuil

gá le méadú ar an líon foirne sibhialtach a úsáidtear san fhórsa chun maolú a dhéanamh ar

ualach na ndualgas riaracháin atá le comhlíonadh ag Gardaí. Mar thoradh ar phleanáil nua fórsa

saothair agus ar eisfhoinsiú dualgas neamhriachtanacha áirithe nach bhfuil gá le hoifigeach faoi

mhionn chun iad a chomhlíonadh, scaoilfear Gardaí saor lena gcur ar ais ar na sráideanna, agus

iad le feiceáil go soiléir ina bpobail ag dul i ngleic le coireacht.

- Tionscnóimid plean nua Fórsa Saothair do na Gardaí agus é mar aidhm aige méadú a

dhéanamh ar shibhialú, is é sin, suas go 1,000 post a shibhialú chun níos mó Gardaí a chur

ar ais ar na sráideanna chun pobail a chosaint. Déanfar aon fhoireann bhreise a athlonnú

ó phoist láithreacha seirbhíse poiblí nach bhfuil gá leo a thuilleadh. De bhreis air sin,

oibreoimid chun moltaí na tuarascála dar teideal “Changing Policing in Ireland” a chur

i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le struchtúr eagrúcháin an fhórsa chun uasmhéadú a

dhéanamh ar éifeachtúlacht.

(v) Pianbhreitheanna a dhéanamh níos déine agus bearta chun stop a chur le

buirgléirí a dhéanann coir athuair

Tá teaghlaigh agus daoine scothaosta ag maireachtáil faoi scáth na himní mar gheall ar an

méadú ar choireacht. Níl aon fhaitíos ar bhuirgléirí cruthanta coir a dhéanamh mar gheall ar

phianbhreitheanna trócaireacha agus ar an líon íseal Gardaí atá ann. Tabharfaimid sraith beart

sonrach isteach chun dul i ngleic le buirgléireachtaí ar fud an stáit. Déanfaimid:

- Pianbhreith shainordaitheach 3 bliana a fhorchur i leith buirgléirí agus pianbhreith

shainordaitheach 7 mbliana i gcás tríú ciontú i mbuirgléireacht,

- Dícháiliú ó thiomáint a chur i bhfeidhm i gcás daoine a chiontaítear i leith gluaisteán a

thiomáint chun críoch gadaíochta,

- Clibeáil Leictreonach a leathadh amach do chiontóirí a dhéanann cion athuair le linn a bheith

ar bannaí. Cosnóidh sé seo €3m in aghaidh na bliana

75

- CCTV ardchaighdeáin aitheanta feithicle a shuiteáil ag gach acomhal mótarbhealaí chun dul i

ngleic le baiclí soghluaiste atá ag déanamh ionsaí ar cheantair thuaithe na hÉireann. €4m atá

sa chostas caipitiúil a ghabhann leis seo.

Beidh na bearta sin ina gcuidiú maidir lena chinntiú go mbeidh na huirlisí dlíthiúla agus na

huirlisí teicneolaíochta ag na Gardaí chun dul i ngleic go héifeachtach le gadaíocht i dtithe

cónaithe. Trí líon chomhaltaí an Gharda Síochána a mhéadú go 15,000 cinnteofar go mbeidh

Gardaí ann i bpobail áitiúla chun cosc a chur ar bhuirgléireachtaí amach anseo agus tabharfar

teachtaireacht shoiléir do choirpigh.

(vi) Comhairle nua pianbhreithe a bhunú chun pianbhreitheanna

comhsheasmhacha a chinntiú

Tá muinín an phobail as an gcóras ceartais ina cuid dhílis de phróiseas cumasaithe an chórais i

ndáil lena chuid oibre a dhéanamh. Déanann pianbhreitheanna neamhsheasmhacha agus easpa

faisnéise faoi chinntí dochar d’iontaoibh an phobail as an gcóras ceartais. Tabharfaimid cuidiú

maidir lena chinntiú go mbíonn comhsheasmhacht níos mó ann i ndáil le pianbhreitheanna i

leith cionta tromaí amhail éigniú agus gadaíocht.

- Bunóimid comhairle pianbhreithe Bhreithiúnach chun faisnéis chruinn maidir le treoirlínte

faoi phianbhreitheanna a scaipeadh agus chun cabhrú le breitheanna pianbhreitheanna córa

a fhorchur ar choirpigh. Beidh sé de chúram ar an gcomhairle freisin an pobal agus na meáin

a chur ar an eolas faoi chaighdeáin a bhaineann le forchur pianbhreitheanna. Cosnóidh sé

seo €2m in aghaidh na bliana.

(vii) Pianbhreitheanna sainordaitheacha a chur i bhfeidhm i ndáil le hionsaithe

ar dhaoine scothaosta agus ar oibrithe éigeandála

Chomh maith le comhairle nua pianbhreithe a bhunú, déanfaimid pianbhreitheanna níos déine

a chur i bhfeidhm dóibh siúd a chiontaítear i gcoireanna an-ghránna. Tá sé tábhachtach go

dtabharfar teachtaireacht shoiléir láidir do choirpigh á rá nach nglacfar le hionsaithe ar dhaoine

scothaosta agus go ngearrfar dianphionós i leith ionsaithe den sórt sin. Is amhlaidh an scéal i

gcás oibrithe éigeandála a bhíonn ar an líne thosaigh le linn dóibh pobail a chosaint agus cuidiú

le híospartaigh. Leagfaidh pianbhreitheanna sainordaitheacha béim ar thromchúis ionsaithe ar

phearsanra den sórt sin.

- Déanfaimid an bille um ionsaithe ar dhaoine scothaosta a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go

ngearrfar pianbhreith shainordaitheach 3 bliana ar dhaoine a chiontaítear sa choir ghránna

ionsaí ar phinsinéir. Tiocfaidh ionsaithe ar oibrithe éigeandála faoi réir na pianbhreithe

sainordaithí sin freisin.

(viii) Bearta níos déine maidir le coireacht scine

Is ionann an méadú ar choireacht scine ar fud na tíre agus léiriú ar an tslí ina bhfuil iompar

scine inghlactha ag daoine i gceantair áirithe. Leagann brúidiúlacht ionsaithe le scian, agus

76

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

an tionchar uafásach a bhíonn acu ar íospartaigh, béim ar an ngá le deireadh a chur leis an

gcleachtas seo agus le cuidiú a thabhairt maidir le pobail a chosaint. Ní mór dúinn deireadh a

chur leis an bplá seo agus ár gcuid sráideanna a ghlacadh ar ais ar mhaithe le gach duine, de ló

agus d’oíche.

- Tabharfaimid isteach pianbhreith shainordaitheach 12 mhí mar gheall ar scian a iompar go

poiblí.

(ix) Struchtúr nua Cúirte Pobail a thabhairt isteach

De réir taithí idirnáisiúnta i Stáit Aontaithe Mheiriceá (USA) agus sa Ríocht Aontaithe (UK), is

léir gur féidir le cúirteanna pobail laghdú a dhéanamh ar leibhéil athdhéanta coireanna agus

cuidiú a thabhairt maidir lena chinntiú gur féidir le pobail atá thíos le coireacht sásamh a fháil.

Tugann siad daoine a chúisítear i gcoireanna íseal-leibhéil os comhair na cúirte sa cheantar inar

tharla na teagmhais agus, sa dóigh sin, bíonn méid níos mó éifeachtúlachta, infheictheachta

agus cuntasachta ann. Ina theannta sin, cuireann siad feabhas ar shábháilteacht an phobail

agus briseann siad an timthriall athdhéanta coireanna trí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna, ar

andúil, ar mheabharghalar, ar easpa scileanna oibre etc. a bhíonn i gceist i gcás roinnt ciontóirí

íseal-leibhéil.

- Tabharfaimid isteach córas Cúirteanna Pobail laistigh de chóras na Cúirte Dúiche, agus é

dírithe ar chomharsanachtaí, agus aghaidh shonrach á tabhairt ar fhadhbanna atá ag pobail

áirithe trí dhíriú ar choireanna ‘caighdeán saoil’ amhail drugaí a shealbhú, cionta oird phoiblí,

mionghadaíocht, striapachas agus loitiméireacht. Maolóidh sé seo an brú ar an gcóras

príosúin agus laghdóidh sé an ráta atitimeachais tríd an gcoireacht a stopadh ina tús.

(x) Dlí agus formhuirear nua Íospartaigh a thabhairt isteach

Creidimid gur gá tacú go hiomlán le híospartaigh na coireachta. Sa chóras ceartais, is rómhinic

a dhealraítear go bhfuil na máite uilig ag coirpigh agus ag athchiontóirí agus, ag an am céanna,

nach dtugtar aitheantas do ghnáthdhaoine atá thíos le coireacht. Déanfaimid:

- Ceart a chur ar fáil do dhaoine chun ráiteas pearsanta a dhéanamh sula ngearrtar pianbhreith

agus ag éisteachtaí parúil agus, chomh maith leis sin, a chinntiú go dtabharfaidh An Garda

Síochána agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) níos mó fianaise d’íospartaigh maidir

le seoladh an ionchúisimh.

- Formhuirear nua íospartaigh a chur i bhfeidhm. Beifear ag súil go ndéanfaidh coirpigh a

chiontaítear i gcion formhuirear nua íospartaigh a íoc. Déanfar táillí ón muirear a bheidh

le tobhach ar choirpigh chiontaithe a chur ar leataobh i gcomhair Ciste nua Tacaíochta

Íospartaigh chun cabhrú le grúpaí tacaíochta íospartaigh.

(xi) Foireann Náisiúnta Imscrúdaithe Mórchoireanna a Bhunú

Lasmuigh den phríomhchathair tá easpa saineolais agus acmhainní ann do chuid mhór d’fhórsa

an Gharda Síochána le linn dóibh coireanna tromaí amhail dúnmharú a imscrúdú. Tá gá le

77

haonad náisiúnta chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag na Gardaí, ar fud na tíre, ar acmhainní

fónta chun gach coir a imscrúdú, lena n-airítear na coireanna is tromaí.

- Bunóimid foireann náisiúnta mórchoireanna chun coireanna tromaí a imscrúdú ar fud na tíre.

Scaoilfidh sé sin acmhainní Gardaí áitiúla chun déileáil le coireanna eile.

(xii) Aonad nua Coireachta Tromaí & Eagraithe a chur ar bhun

Tá baiclí dea-eagraithe agus an-soghluaiste atá ag oibriú ar fud na hEorpa chun tosaigh sna

buíonta gáinneála ar dhrugaí agus ar ghnéas atá ann sa tír seo. Imríonn coireanna den sórt sin

tionchar uafásach ar leibhéal áitiúil inár gcuid pobal. Mar gheall ar ardchumas eagrúcháin na

mbaiclí sin, agus mar gheall ar an mbrúidiúlacht amach is amach a bhaineann leo, ní mór don

Gharda Síochána cur chuige dian comhordaithe a ghlacadh.

- Bunóimid Aonad Coireachta Tromaí & Eagraithe chun bheith i gceannas ar an gcomhrac

i gcoinne gréasán coireachta atá ag oibriú in Éirinn. Ina theannta sin, comhoibreoidh

an tAonad le Interpol agus le gníomhaireachtaí eile póilíneachta. Déanfaimid rannóg

Cibearchoireachta a bhunú laistigh den aonad agus é de chúram orthu dul i ngleic le

coireanna den sórt sin agus beidh dóthain acmhainní acu chun ciontóirí a aimsiú agus a

ionchúiseamh.

(xiii) €300m a infheistiú in “Sráideanna Sábháilte”, is é sin, córas nua IT maidir

le hanailísiú coireachta, agus i gClár Gluaisteán Gardaí

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh na hacmhainní agus an teicneolaíocht atá ag

teastáil chun coireacht a chomhrac ag na Gardaí. Le go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag

daonchumhacht an Gharda Síochána, tá sé riachtanach leas a bhaint as Sonraí Móra chun íomhá

níos cruinne a fháil i ndáil le treochtaí coireachta agus ionaid gheografacha. Léiríonn taithí

idirnáisiúnta i gcathracha de chuid na Stát Aontaithe (US) go bhfuil féidearthacht ann maidir le

feabhas a chur ar naisc idir anailísiú sonraí agus póilíneacht ar an láthair. I gceantair thuaithe

agus i gceantair uirbeacha na hÉireann, beidh anailísiú feabhsaithe IT, agus acmhainní amha

amhail gluaisteáin mhórchumhachta mar thaca leis, ina gcuidiú maidir le coireacht a chomhrac

ar bhealach níos éifeachtaí. Déanfaimid:

- Maoiniúchán caipitiúil breise €50m a leithroinnt do chláir láithreacha IT agus gluaisteán

Gardaí chun méadú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ar fáil ag na Gardaí. Beidh córas

nua Bainistíochta Acmhainní an Gharda Síochána ina chuidiú maidir le hacmhainní a chur

chuig na háiteanna a bhfuil an gá is mó leo agus, mar thaca leis sin, beidh teicneolaíocht

shoghluaiste ar fáil sna gluaisteáin.

- Infheistíocht a dhéanamh i gclár ilbhliantúil infheistíochta i bhfeithiclí chun a chinntiú go

ndéantar an flít a uasghrádú de shíor agus a choimeád cothrom le dáta agus beidh IT den

chineál is nua-aimseartha ann chun a chumasú d’oifigigh líne tosaigh gníomhú go gasta agus

go héifeachtach.

78

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

Ráthaíocht Seirbhísí Pobail a Bhunú

Le go mbeidh rath ar ár gcuid pobail san fhadtéarma, ní mór rochtain a bheith acu ar raon

seirbhísí bunúsacha. Creidimid go bhfuil sé riachtanach anois an croíchonradh idir pobail agus

an stát a shainiú i dtaca leis na seirbhísí a meastar ina leith gur seirbhísí riachtanacha iad. De

bhreis air sin, tá gá le cur chuige athchóirithe maidir le seirbhísí pobail a phleanáil, a sholáthar

agus a fhormhaoirsiú. De bhreis air sin, creidimid, maidir le fadhbanna sóisialta atá fréamhaithe

in áiteanna éagsúla, amhail mí-úsáid thromchúiseach drugaí agus timthriallta míbhuntáiste,

nach mór idirghabháil ar an leibhéal pobail a bheith ann sular féidir aghaidh a thabhairt orthu.

Déanfaimid:

(i) Aire nua Comh-Aireachta a chruthú i ndáil le Tacaíocht Pobail agus Gnóthaí

Tuaithe & Gaeltachta

Leigheasfaidh Fianna Fáil an neamart mór atá déanta i bpobail ag an rialtas seo. Déanfaimid:

- Aire Tacaíochta Pobail agus Gnóthaí Tuaithe & Gaeltachta a chruthú chun a chinntiú go

mbíonn guth ag pobail ag an mbord a bheidh á chruthú againn. Post iomlán Comh-Aireachta

a bheidh ann trína gcinnteofar go mbíonn saincheisteanna tábhachtacha pobail ina gcuid

lárnach de phríomhchinntí an rialtais. Beidh sé mar chúram de chuid an phoist nua Comh-

Aireachta spriocanna a fhorbairt don Ráthaíocht Seirbhísí Pobail, tomhas a dhéanamh ar an

dul chun cinn maidir leis na spriocanna sin agus a chinntiú go mbainfear na spriocanna sin

amach.

- A chinntiú go mbeidh an tAire i gceannas ar chomhordú tras-Rannach sa chomhrac i gcoinne

leathnú drugaí contúirteacha agus i gcoinne an damáiste a dhéantar dá mbarr.

- Freagracht as gnóthaí Gaeltachta a thabhairt don Roinn agus as an straitéis 20 bliain don

Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

(ii) Bearta sonracha a leagan amach i ndáil le hOideachas, Sláinte agus

Iompar agus i ndáil le príomhsheirbhísí pobail

Tá dearmad á dhéanamh ar phobail tuaithe agus ar cheantair leochaileacha uirbeacha. Tá

seirbhísí bunúsacha an stáit i réimsí na slándála, na sláinte agus an iompair á laghdú de réir a

chéile mar thoradh ar fhaillí an rialtais agus, ag an am céanna, tá saol gnó cheantair thuaithe

na hÉireann á thachtadh mar thoradh ar ualach na rátaí tráchtála, mar thoradh ar mheath ar

lárcheantair bhailte agus mar thoradh ar earnáil talmhaíochta atá faoi bhrú.

Ní mór dianiarracht spriocdhírithe a bheith ann ag leibhéal an rialtais chun stop a chur ar an

meath ar sheirbhísí pobail agus chun soláthar earraí riachtanacha poiblí a neartú.

- Leagfaimid amach bearta i réimsí tábhachtacha amhail Seirbhísí Sláinte, soláthar Oideachais,

an gréasán iompair, rochtain ar cheartas agus tacaíochtaí Garda. Déanfar bearta ar leithligh,

ó ranna éagsúla, a chur faoi phromhadh pobail faoin Ráthaíocht Seirbhísí Pobail chun cur

chuige teoranta neamhchomhtháite a sheachaint.

79

(iii) Méadú a dhéanamh ar mhaoiniúchán LEADER & cláir RAPID agus CLAR a

atosú

Tá clár LEADER ina chuid dhílis den earnáil phobail i ngach ceantar tuaithe in Éirinn agus

cuireann sé seirbhísí riachtanacha ar fáil amhail tacaíochtaí a bhaineann le cúram leanaí, áineas

tuaithe agus fiontraíocht. Ar an dóigh chéanna, bhí ról tábhachtach ag clár RAPID i ndáil le

hinfheistíocht a raibh géarghá léi i gceantair thuaithe a sholáthar. Ba é CLAR a chumasaigh

forbairt bonneagair i gceantair iargúlta nach bhfaigheadh maoiniúchán thairis sin. Déanfaimid:

- Méadú a dhéanamh ar mhaoiniúchán LEADER chuig €350m ar feadh an chuid den chlár

forbartha tuaithe (RDP) atá fágtha. Is ionann sin agus maoiniúchán breise €20 milliún i

gcomparáid leis an maoiniúchán atá ann faoi láthair,

- Scéim CLÁR a atosú agus clár RAPID a chur ar fáil arís chun cabhair a thabhairt i ndáil le pobail

imeallacha i gceantair thuaithe agus i gceantar uirbeacha in Éirinn a fhorbairt ar chostas

€23m agus €6m faoi seach.

(iv) Neamhspleáchas a thabhairt ar ais do Chlár LEADER

Gné thábhachtach den rath agus don éifeachtacht a bhí ag clár LEADER ab ea an

neamhspleáchas a bhí aige le linn a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích. In ainm soiniciúil an

athchóirithe, tá an rialtas tar éis an neamhspleáchas sin a chur i mbaol trí leibhéal breise

rialúcháin ag údaráis áitiúla a chur isteach sa chlár. Rinne sé sin damáiste don chur chuige ón

mbun aníos i leith na gcuideachtaí lenar bhain an scéim, ar chuige é a raibh pobail i gceannas air

go bunúsach.

- Oibreoimid le pobail chun neamhspleáchas a thabhairt ar ais do chlár LEADER trí dheireadh a

chur leis an gceangal idir é agus údaráis áitiúla.

(v) Tacú leis an Earnáil Phobail agus Dheonach

Beidh sé mar chúram de chuid an phoist nua comh-aireachta formhaoirseacht a dhéanamh ar an

earnáil mhéadaitheach phobail agus dheonach in Éirinn. Déanfaimid:

- Cuirfear de chúram ar an Aire nua a chinntiú go bhfuil an earnáil á maoiniú agus a rialáil

go leordhóthanach le go mbeidh sí in ann feidhmiú i gcroílár ár gcuid pobal agus seirbhísí

fíorthábhachtacha a sholáthar.

- Straitéis nua don earnáil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

80

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

“Conair chuig uilechuimsitheacht” a chruthú do dhaoine faoi

mhíchumas

Mar chuid de “Éire do chách” a bhunú, ní mór a chinntiú go bhfaigheann daoine faoi

mhíchumas tacaíocht chun barr a gcumais a bhaint amach. Tá sé mar aidhm ag ár “Conair chuig

Uilechuimsitheacht” daoine faoi mhíchumas a chur ag croílár an phobail, agus ról gníomhach

á chur ar fáil dóibh ina gceantair féin. Clúdaíonn “Conair chuig Uilechuimsitheacht”, ar beartas

cuimsitheach é do dhaoine faoi mhíchumas, réimsí éagsúla agus beidh sé ina chuidiú maidir

lena chinntiú nach ionann míchumas agus bac ar pháirt a ghlacadh sa phobal.

Déanfaimid:

(i) Íocaíocht Mhíchumais bhreise nua €10 a chruthú i ndáil leis an Liúntas

Míchumais, leis an Liúntas Cúramóra, leis an bPinsean Easláine agus

leis an bPinsean Dall

Is ionann an costas míchumais dóibh sin a bhfuil míchumas orthu, agus dóibh sin a thugann

cúram do dhaoine faoi mhíchumas, agus ualach suntasach ar a n-ioncam seachtainiúil. Níl sna

costais téimh níos airde de bharr soghluaisteachta laghdaithe, sna costais iompair níos airde,

sna costais liachta agus sna riachtanais speisialta cothaithe ach cuid de na costais bhreise nach

mór do dhaoine faoi mhíchumas iad a íoc. Croíchuid dár “Conair chuig Uilechuimsitheacht” is

ea an íocaíocht i leith míchumais a scaradh ó na sochair leasa shóisialaigh aoise oibre eile agus

íocaíocht bhreise a chur léi.

- Tabharfaimid isteach íocaíocht bhreise €10 i leith an chostais a ghabhann le míchumas.

Bainfidh an méadú €10 sin leis an Liúntas Míchumais, leis an Liúntas Cúramóra, leis an

bPinsean Dall agus leis an bPinsean Easláine. Tá sé seo de bhreis ar an méadú €10 ar

íocaíochtaí aoise oibre agus, dá bharr sin, beidh méadú €20 ann do dhaoine faoi mhíchumas

agus dá gcúramóirí. Cosnóidh sé seo €123m in aghaidh na bliana.

(ii) Aire Míchumais a chruthú sa Chomh-Aireacht

Tá ceannaireacht láidir thar a bheith tábhachtach i dtaca le gnéithe díchosúla den bheartas

maidir le míchumas. Mar chuid dár “Conair chuig Uilechuimsitheacht” cinnteoimid go mbíonn

guth ag cúrsaí míchumais ag bord na comh-aireachta.

- Athróimid ról an Aire Coimirce Sóisialaí agus tabharfar Aire Coimirce Sóisialaí, Michumais

& Comhionannais ar an aireacht sin. Beidh an tAire sin freagrach as uilechuimsitheacht

do dhaoine faoi mhíchumas a chur ar aghaidh agus a chomhordú agus, ag am céanna, as

a chinntiú go dtuigtear gur saincheist thras-rannach í an míchumas, a bhfuil cur chuige

Rialtais uile ag teastáil ina leith, agus go bhfuil freagracht ar gach Roinn ar leith i ndáil leis an

mbeartas maidir le huilechuimsitheacht do dhaoine faoi mhíchumas.

81

(iii) An Beartas maidir le Míchumas a aistriú chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí

Ní socrú oiriúnach é an socrú reatha ar dá réir a dhéileáiltear leis an mbeartas maidir le

míchumas sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tugadh an socrú sin isteach tráth a raibh

an phríomhbhéim ar reachtaíocht chomhionannais. Le himeacht aimsire, tá an míchumas tagtha

chun bheith ina shaincheist thánaisteach agus, dá dhroim sin, is beag dul chun cinn atá déanta i

réimse an mhíchumais le cúig bliana anuas.

- Cuirfear an beartas maidir le míchumas faoi chúram na Roinne Coimirce Sóisialaí. Is sa Roinn

sin a dhéantar cuid mhór cinntí a dhéanann difear do dhaoine faoi mhíchumas agus, mar

thoradh air sin, creidimid gur ceart an beartas maidir le míchumas a chur faoi chúram na

Roinne sin.

(iv) Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas

a dhaingniú faoi dheireadh na bliana 2016

Chun a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas ról gníomhach iomlán a bheith acu i saol na

hÉireann ní mór creat dlíthiúil atá láidir agus daingean a chruthú i ndáil le cearta míchumais.

- Mar cheann amháin dár gcéad tosaíochtaí oibreoimid chun Coinbhinsiún na Náisiún

Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) a dhaingniú. Aithnímid gur

céim fíorthábhachtach é sin agus ní mór é a dhéanamh le gur féidir linn ár n-aidhm a bhaint

amach maidir le deireadh a chur le hidirdhealú agus comhionannas a bhaint amach dár gcuid

saoránach go léir.

(v) Feabhas a chur ar an bPróiseas Iarratais a bhaineann le hÍocaíochtaí

Cúramóirí agus Míchumais

Déanfar na próisis a bhaineann le híocaíochtaí cúramóra a athrú chun a chumasú d’iarratasóirí

níos mó faisnéise a sholáthar faoin leibhéal cúraim atá á thabhairt. Bíonn cáilitheacht chun

Liúntas Míchumais a fháil ag brath ar chumas chun oibre. Ach déantar cinntí go príomha ar

bhonn measúnú liachta. I gcuid mhór cásanna, ní thugann sé sin, as féin, measúnú cruinn ar

chumas duine chun oibre.

- Tabharfaimid deis do dhaoine tuairisc a thabhairt ar conas a imríonn a míchumas tionchar ar

a saol ó lá go lá. Tabharfaimid treoir don Roinn oibriú leis an nGluaiseacht Mhíchumais agus

le soláthróirí deonacha seirbhísí míchumais d’fhonn córas cóir cuimsitheach a fhorbairt chun

cumas daoine chun oibre a mheasúnú.

(vi) Feabhas a chur ar Bhearta Gníomhachtaithe Fostaíochta Príomhshrutha

Cuirfimid tús le próiseas trína gcuirfear deireadh le daoine faoi mhíchumas a eisiamh ó chláir

fostaíochta príomhshrutha agus, go sonrach, tabharfaimid aghaidh ar an tslí ina ndéantar

daoine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu a eisiamh ó chlár MOMENTUM.

- Déanfaimid clár MOMENTUM a mhéadú 20%, nó 1,200 áit bhreise a chur ar fáil, ar bhonn

82

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

saorálach do dhaoine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu. Cosnóidh sé seo €4m in aghaidh

na bliana.

(vii) An Scéim Fóirdheontais Pá

Soláthraíonn an Scéim Fóirdheontais Pá dreasachtaí airgeadais d’fhostóirí earnála príobháidí

chun daoine faoi mhíchumas a fhostú. Tá an scéim Sochair Cumais Pháirtigh (PCB) ann do

dhaoine a bhfuil sochar tinnis á fháil acu, le sé mhí ar a laghad, nó a bhfuil pinsean easláine á

fháil acu, ar daoine iad a bhfuil cumas éigin chun oibre acu fós agus ar mian leo a bheith ag

obair. Ach ní féidir leo sin a bhfuil Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu leas a bhaint as an Scéim

Fóirdheontais Pá. Trí leathnú a dhéanamh air, tabharfar spreagadh i leith daoine faoi mhíchumas

a fhostú agus beidh sé níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh sa mhargadh

saothair.

- Tá sé beartaithe againn an Scéim Fóirdheontais Pá a leathnú chucu sin a bhfuil Sochar Cumais

Pháirtigh á fháil acu. Cosnóidh an beart seo €11m.

(viii) Fostú Daoine faoi Mhíchumas a Chur Chun Cinn agus Tacaíocht a

Thabhairt ina leith sin

Mar chuid dár mbeartas maidir le feabhas a chur ar rochtain ar Bhearta Gníomhachtaithe

fostaíochta príomhshrutha, déanfar fostaíocht do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn

agus méadófar an fheasacht ar na scéimeanna atá ar fáil d’fhostaithe agus d’fhostóirí araon chun

tacú le daoine faoi mhíchumas fostaíocht a fháil agus chun daoine faoi mhíchumas a choimeád i

bhfostaíocht. Déanfaimid:

- Maoiniúchán don Chiste Cóiríochta Réasúnaí a mhéadú €250,000 chun cabhrú le fostóirí

éascaíocht a dhéanamh do dhaoine faoi mhíchumas.

- Feachtas scaipthe faisnéise a sheoladh chun fostaithe agus fostóirí a chur ar an eolas faoin

raon scéimeanna atá ar fáil d’fhostaithe agus d’fhostóirí araon. Chuige sin, leagfaimid síos

spriocanna bliantúla maidir le rannpháirtíocht sna scéimeanna.

(ix) Conarthaí Rialtais do Sheirbhísí Tacsaí a bhronnadh ar Chuideachtaí ag a

bhfuil Flít Gluaisteán atá oiriúnach do Dhaoine faoi mhíchumas

Creideann Fianna Fáil gur ceart don Rialtas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le spreagadh a

thabhairt don earnáil náisiúnta tacsaí i leith feithiclí níos sorochtana do dhaoine faoi mhíchumas

a chur ar fáil.

- Sonróimid go mbeidh ceann amháin de na critéar a bhaineann le conarthaí rialtais do

sheirbhísí tacsaí a bhronnadh bunaithe ar chéatadán áirithe de na feithiclí i bhflít cuideachta

atá oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas.

83

(x) An Deontas Oiriúnaithe Tí a thabhairt ar ais

Tá gearradh siar mór déanta ar an Deontas Oiriúnaithe Tí agus ar an Deontas Cúnaimh

Soghluaisteachta agus bhí tionchar dochrach aige sin ar dhaoine faoi mhíchumas. Tá na

deontais sin thar a bheith tábhachtach lena chumasú do dhaoine faoi mhíchumas fanacht ina

dtithe cónaithe féin.

- Déanfaimid an Deontas Oiriúnaithe Tí agus an Scéim Chúnaimh Soghluaisteachta a thabhairt

ar ais chuig na leibhéil a bhíodh ann. Cosnóidh sé seo €46m in aghaidh na bliana.

(xi) Méadú 1.5m a dhéanamh ar Uaire Cúnaimh Phearsanta

Is ionann an tseirbhís Chúnaimh Phearsanta agus líne tharrthála do dhaoine faoi mhíchumas

chun cabhrú leo a chinntiú gur féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail. Tá

leathnú agus feabhsú na seirbhíse thar a bheith tábhachtach i dtaca leis an “Conair chuig

Uilechuimsitheacht” agus i dtaca le “Éire do Chách” a bhunú.

- Déanfaimid méadú 1.3m ar Uaire Cúnaimh Phearsanta, ar chostas iomlán €35m.

(xii) An Scéim Chúnaimh Phearsanta a chur ar bhonn reachtúil

Tá an Scéim Chúnaimh Phearsanta ina hacmhainn fhíorthábhachtach do dhaoine faoi

mhíchumas. Ní mór an scéim a dhaingniú lena chinntiú go mbeidh ról fadtéarmach aige i réimse

an chúnaimh míchumais.

- Rithfimid reachtaíocht chun an scéim chúnaimh phearsanta a chur ar bhonn reachtúil.

(xiii) Láithreacha Comhchónaithe

Tacaímid leis an múnla nua do thacaíocht chónaitheach sa phobal príomhshrutha. De réir an

mhúnla sin, samhlaítear go mbeidh daoine a bhfuil cónaí orthu i láithreacha comhchónaithe ag

bogadh chuig tithíocht scaipthe i bpobail, ar tithíocht í a bheidh á cur ar fáil go príomha ag na

húdaráis tithíochta thar thréimhse seacht mbliana. Ach tá an dul chun cinn ina leith sin mall agus

ní dhearna Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) tosaíocht a leagan amach ach amháin

i gcás aistriú 150 duine ó láithreacha comhchónaithe sa bhliain 2015, agus níor bhain siad an

sprioc sin amach fiú amháin. Léiríonn sé sin an easpa tiomantais atá ann ndáiríre, i gcás Fhine

Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, chun daoine a bhogadh amach as láithreacha comhchónaithe.

Déanfaimid:

- €20 milliún breise a leithroinnt agus luathú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le

daoine a bhogadh ó chóiríocht nach bhfuil oiriúnach ina lán cásanna chuig cóiríocht sa

phobal.

84

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

Lár bhailte, chathracha & phríomhchathair na hÉireann a

athbheochan

Tá méadú tagtha, le blianta beaga anuas, ar bhrúnna fadtéarma ar lárcheantair ár gcuid

bailte agus cathracha. Creidimid go bhfuil lárcheantair thráchtála riachtanach le go mbeidh

pobail láidre ann. Dá bhrí sin, cuirfimid raon tionscnamh i bhfeidhm chun na ceantair sin a

athbheochan.

Déanfaimid:

(i) Foirne Baile a chruthú chun dul i gceannas ar athbheochan lárcheantair

bhailte

Tá ceannaireacht i ngach earnáil de shaol baile ina gné fhíorthábhachtach den tslí ina dtugtar

aghaidh ar na dúshláin atá le sárú ag bailte na hÉireann. Mar gheall ar athruithe i réimse na

tráchtála, ar theip an rialtais téarnamh cóir a chinntiú ar fud na tíre agus ar sheirbhísí laghdaithe

stáit, tá cuid mhór saincheisteanna ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Beidh ar gach

baile ar leith a chur chuige ar leithligh féin a ghlacadh maidir leis na cúinsí uathúla atá ann.

Déanfaimid:

- Foireann bhaile a chruthú i ngach baile de chuid na hÉireann, agus ionadaithe ón saol

polaitíochta, ó ghrúpaí pobail, ón earnáil ghnó, ón nGarda Síochána agus ó ranna rialtais

páirteach ann, agus, ina theannta sin, athbhunófar comhairlí baile. Beidh sé de chúram

ar na grúpaí sin plean eacnamaíochta a dhréachtú ina gcuimseofar amscála soiléir i ndáil

le hathbheochan lárcheantair na mbailte. Beidh sé de chúram ar an bhFoireann Bhaile

Measúnacht Mhaorlathais a dhéanamh a mhéid a bhaineann le hualach na rialála nach mór

dá mbailte déileáil leis.

- Beidh sé de chúram ar Fhoirne Baile dul i mbun “Tionscnamh Siopaí Folmha” trína

sainaithneofar aonaid fholmha agus trína n-oibreofar le grúpaí pobail áitiúla a bhfuil spás ag

teastáil uathu chun a chinntiú go mbaintear úsáid as aonaid den sórt sin.

(ii) Athrú a dhéanamh ar na dlíthe pleanála a bhaineann le pleanáil lárcheantar

baile

Tá bailte ina gcuid de chreatlach shochaí na hÉireann. Ach tá an rialtas seo tar éis gréasán na

n-oifigí poist a laghdú, 139 stáisiún Garda a dhíol, glacadh le dúnadh 160 brainse bainc agus

ligean d’aonaid fholmha tráchtála a lorg a fhágáil ar bhailte na tíre mar a bheadh forba iontu.

Croíchuid d’fhorbairt bailte is ea an gá lenár gcuid bailte agus sráidbhailte a athbheochan. Tá

dlíthe pleanála róshriantacha ag cur cosc ar sholúbthacht i dtaca le húsáid foirgneamh agus

ag cur cosc ar an gcumas chun déileáil, ar bhealach níos tapa, le cúinsí eacnamaíochta agus

tráchtála atá athraithe go mór. Déanfaimid:

- Na dlíthe pleanála a athrú chun ceadanna pleanála solúbtha a éascú le gur féidir aonaid

tráchtála folmha a athrú ina n-aonaid chónaitheacha d’fhonn daoine a mhealladh ar ais chun

85

cónaí i lárcheantair bhailte. Spreagfaidh solúbthacht maidir le húsáid talún infheistíocht

fheabhsaithe agus spreagfaidh sé líon níos mó daoine chun teacht isteach i lárcheantair

bhaile.

- Na Treoirlínte maidir le Pleanáil Mhiondíola a athbhreithniú chun béim a leagan ar an ngá

le díriú ar fhorbairt i lárcheantair bhaile. Cuirfimid Treoirlínte níos déine maidir le Pleanáil

Mhiondíola i bhfeidhm, agus beidh spás urláir laghdaithe ann chun srian a chur le forbairt

lasmuigh den bhaile.

- A chinntiú gur eisceachtaí iad forbairt lasmuigh den bhaile, agus “údarú” speisialta ón mBord

Pleanála a bheith ag teastáil ina leith.

(iii) Sráideanna a Choinneáil Sábháilte

Tá cuid mhór lárcheantar i mbailte agus i gcathracha tar éis teacht chun bheith ina n-áiteanna

contúirteacha ós rud é go bhfuil iompar frithshóisialta agus mionchoireacht ar siúl iontu go

forleathan, go háirithe ionsaithe meisciúla. Tá an imní atá ar dhaoine ina leith sin tar éis cuid

mhór daoine a dhíbirt amach as lárcheantair bhaile a d’fhéadfadh a bheith ina moil shóisialta

don phobal ar fad murach sin. Táimid tiomanta i leith na sráideanna a choinneáil sábháilte do

theaghlaigh agus dár ndaoine scothaosta gach tráth agus i leith a chinntiú gurb ionann lár an

bhaile agus pointe comhtheagmhála don phobal ar fad.

Déanfaimid:

- Leathnóimid tionscnamh na mbratach corcra chuig gach baile lena chinntiú go mbíonn na

caighdeáin is airde agus is féidir acu agus gur áiteanna fáilteacha iad do theaghlaigh. Is é atá

sa Bhratach Chorcra ná scéim creidiúnaithe trína dtugtar aitheantas do shármhaitheas i ndáil

le tarraingt agus bainistiú lár an bhaile nó na cathrach san oíche.

- Creat nua a chruthú chun cabhair a thabhairt maidir le scéimeanna faire comharsanachta

(NWS) mar bheart nuálach chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne coireachta i ngach

ceantar cónaitheach, lena n-áirítear daoine a chónaíonn i lárcheantar baile.

- Comhairle náisiúnta faire comharsanachta a bhunú chun malartú dea-chleachtais a éascú.

Beidh ionadaithe ón státseirbhís agus ó na Gardaí ar an gcomhairle náisiúnta sin.

Beidh na bearta sin, chomh maith leis an méadú ar an líon Gardaí agus ar infheictheacht ar an

láthair, ina gcuidiú maidir le stop a chur le hiompar frithshóisialta agus maidir le timpeallacht

shábháilte a chruthú i lárcheantar bailte do gach aoisghrúpa.

(iv) Gréasán na nOifigí Poist a chosaint agus a neartú

Tá an oifig phoist áitiúil ag croílár pobal agus bailte tuaithe. Bíonn ról eacnamaíochta acu

maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh a sholáthar agus is nasc sóisialta as cuimse iad do

dhaoine a chónaíonn i gceantair iargúlta. Tá tionchar tánaisteach oifigí poist ina chuid dílis de

bhaile fuinniúil. Tá bagairt ar inmharthanacht ghréasán na n-oifigí poist mar gheall ar ioncam

laghdaitheach agus ar phátrúin athraitheacha cumarsáide. Is measa an scéal ós rud é go

bhfuil neamart an rialtais tar éis todhchaí na n-oifigí poist a chur i mbaol agus tá cuid mhór

éiginnteachta ann ina leith anois. Táimid tiomanta i leith gréasán na n-oifigí poist a chosaint.

Déanfaimid:

86

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

- Tacú le gréasán na n-oifigí poist trí leathnú a dhéanamh ar sheirbhísí Oifig an Phoist ionas

go mbeidh siad ag gníomhú mar lároifigí i gcomhair íocaíochtaí agus muirear stáit e.g.

mótarcháin, muirir údarás áitiúil, muirir ospidéil agus seirbhísí baincéireachta. Cinnteoimid

go dtiocfaidh oifigí poist chun bheith ina moil i gcomhair seirbhísí stáit comhroinnte chomh

maith le bheith ina moil chun rochtain a fháil ar leathanbhanda agus chun seirbhísí priontála

a chur ar fáil.

- Conradh na Roinne Coimircí Sóisialaí le An Post a fhadú.

(v) Aonad Oird Phoiblí le haghaidh Lárchathair Bhaile Átha Cliath a chruthú

Tá plá an iompair fhrithshóisialta, na mionchoireachta agus na mí-úsáide drugaí ag fágáil loirg,

mar a bheadh forba ann, ar lár na cathrach. Déanann sé sin damáiste an-mhór do ghnóthaí,

don turasóireacht agus do ghníomhaíochtaí laethúla sa cheantar. Tá gá le haonad speisialaithe

spriocdhírithe sa Gharda Síochána lena chinntiú go gcoinnítear na sráideanna i lár na cathrach

sábháilte de ló agus d’oíche.

- Cruthóimid Aonad sonrach Oird Phoiblí Lárchathrach chun fónamh do lár chathair Bhaile

Átha Cliath, agus déanfar sin laistigh de na hacmhainní breise a bhfuil foráil déanta againn

ina leith.

(vi) Rannóg Póilíneachta Iompair Phoiblí a chur ar bun

Tá saincheisteanna slándála sa réimse iompair phoiblí ina saincheist thábhachtach i mBaile

Átha Cliath, go háirithe ar sheirbhísí Luas agus ar sheirbhísí bus go mall san oíche. Tá iompar

frithshóisialta agus imeaglú ann go forleathan. Chun ról an iompair phoiblí i gcroílár shaol na

cathrach a choinneáil, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh iompar poiblí ina mhodh taistil

atá sábháilte agus daingean do gach aoisghrúpa gach tráth.

- Bunóimid rannóg shonrach póilíneachta iompair phoiblí laistigh den Gharda Síochána.

87

An gréasán bóithre a fheabhsú agus iompar poiblí a chosaint

Rinne na mórfheabhsúcháin a chuir Fianna Fáil i gcrích i réimsí an ghréasáin bóithre agus

an iompair phoiblí difear mór i dtaca le fás cothromaithe eacnamaíochta a chur chun cinn. I

gcomparáid leis sin, tá damáiste suntasach déanta mar thoradh neamart na mblianta atá go

díreach imithe tharainn. De bharr tuilte a bhí ann le déanaí, tá dochar an-mhór déanta do

bhonneagar a bhí faoi bhrú cheana féin i líon mór áiteanna sa tír. Ní mór an staid sin a chur ina

cheart agus tacaíocht leordhóthanach agus árachas a chur ar fáil do theaghlaigh a bhí thíos

leis. Ciallaíonn forbairt seirbhísí pobail bonneagar láidir a chur i bhfeidhm chun tithe cónaithe a

nascadh lena chéile.

Déanfaimid:

(i) Coimisiún Bonneagair Náisiúnta a bhunú

Ní mór d’Éirinn déileáil le tionscadail bhonneagair ar bhealach fadtéarmach agus riachtanais

na tíre seo sa chéad atá romhainn. Tá sé sin tábhachtach go háirithe mar thoradh ar na dúshláin

throma a bhaineann le hathrú aeráide agus ar an ngá leis an mbonneagar a uasghrádú chun

déileáil le héileamh méadaitheach. Chuige sin, tá gá le pleanáil agus infheistíocht fhadtéarmach.

Trí Choimisiún Bonneagair Náisiúnta a bhunú, agus é mar chúram air pleanáil chun cinn a

dhéanamh do thréimhse 25 bliana breise, i gcomparáid le timthriall teoranta reatha 5 bliana na

bpleananna caipitiúla, dhéanfaí ár gcuid riachtanas fadtéarmacha a áirithiú.

- Cuirfimid Coimisiún Bonneagair Náisiúnta neamhspleách ar bun trí athchóiriú a dhéanamh

ar Bhonneagar Iompair Éirinn agus trí leas a bhaint as taithí na Roinne Iompair, an Údaráis

Náisiúnta Iompair, an Údaráis Fuinnimh Inmharthana agus na nÚdarás Áitiúil chun creat nua

a leagan amach maidir le forbairt an réimse iompair in Éirinn sna blianta atá romhainn. Beidh

sé de chúram ar an gcoimisiún formhaoirseacht a dhéanamh ar phleananna fadtéarmacha a

mhéid a bhaineann le sraith spriocanna:

• Leibhéal 4% den olltáirgeacht intíre (GDP) a bhaint amach le haghaidh Infheistíochta i

mBonneagar

• Éire a dhícharbónú

• Gréasán iompair láidir i gcomhréir le forbairt réigiúnach

• A chinntiú go bhfuil Éire ina náisiún IT ag a bhfuil nascacht teileachumarsáide

• Meascán fuinnimh atá daingean agus cothromaithe

- Déanfar tuarascálacha an Choimisiúin a leagan faoi bhráid an Oireachtais agus déanfar

grinnscrúdú orthu. Beidh ar Ranna Rialtais pleananna a tharraingt suas ar bhonn mholtaí de

chuid an Choimisiúin atá glactha ag an Oireachtas.

(ii) DART Faoi Thalamh

Tá sé ráite ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) gurb ionann tionscadal an DART Faoi Thalamh

agus an “lúb ar lár” i mbonneagar iarnróid na tíre. Tá sé sin amhlaidh mar gheall ar na tairbhí

88

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

móra a bheadh aige maidir leis na línte iarnróid atá ann i mBaile Átha Cliath a cheangal le chéile

agus maidir le cumas an bhonneagair iarnróid atá ann faoi láthair a mhéadú. Dhéanfadh an

tollán ó stáisiún Uí Chonghaile do stáisiún Heuston acmhainneach an ghréasáin iarnróid i mBaile

Átha Cliath a mhéadú faoi thrí agus na línte iarnróid go léir i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath a

nascadh le chéile den chéad uair riamh le go mbeadh gréasán comhtháite iarnróid ann agus,

chomh maith leis sin, bheadh sé in ann feidhmiú mar mheitreo faoi thalamh do Lár na Cathrach.

- Creidimid go bhfuil tionscadal an DART Faoi Thalamh riachtanach i ndáil le neart

eacnamaíochta na príomhchathrach sa todhchaí agus i ndáil le saol laethúil mhuintir na

cathrach a fheabhsú, agus sa chéad rialtas eile beidh Fianna Fáil tiomanta i leith an tionscadal

seo a atosú mar ábhar tosaíochta. Tionscadal caipitiúil fadtéarmach a bheidh ann.

(iii) An M20 ó Chorcaigh go Luimneach

Tá nascadh an dara agus an tríú cathair is mó sa tír ina chuid an-tábhachtach den bhonneagar i

Réigiún an Iardheiscirt. Is nasc ríthábhachtach é chun laghdú ollmhór a dhéanamh ar amanna

taistil agus chun fás eacnamaíochta a spreagadh ar fud an réigiúin. Is minic a bhíonn an bealach

reatha plódaithe agus cuireann baill dhubha tiomána bac ar infheistíocht ar fud an réigiúin.

Samhlaímid go dtógfadh an tionscadal 10 mbliana ar a laghad lena chríochnú fiú amháin dá

dtabharfaí údarú láithreach ina leith.

(iv) Méadú a dhéanamh ar mhaoiniúchán do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla

Chun aghaidh a thabhairt ar an neamart atá déanta sa ghréasán bóithre le roinnt blianta

anuas tá gá le hinfheistíocht shuntasach. Ón mbliain 2013 go dtí an bhliain 2016, tá caiteachas

cothabhála ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla tuairim is 48% faoi bhun an leibhéil atá ag

teastáil chun na bóithre a choinneáil i riocht maith. Tá gá le gníomh suntasach chun déileáil le

méadú an líon poll i mbóithre, leis an meath struchtúrach agus le fíor-dhrochbhail na mbóithre

ar fud na hÉireann.

- Déanfaimid an maoiniúchán i bhfoirm deontas do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla a

mhéadú €50m in aghaidh na bliana.

(v) An Scéim Feabhsúchán Áitiúil a thabhairt ar ais

Bhí an Scéim Feabhsúchán Áitiúil ina foinse thábhachtach maoiniúcháin do bhóithre agus do

bhóithríní iargúlta a raibh neamart déanta iontu agus nach raibh glactha faoi chúram ag an

Údarás Áitiúil. I gcás pobal i gceantair imeallacha, tá gá le hinfheistíocht íseal, ar infheistíocht

thábhachtach í, chun déileáil le díghrádú na nasc tábhachtach seo.

- Déanfaimid athinfheistíocht sa Scéim Feabhsúchán Áitiúil chun feabhsúcháin ar bhóithre

agus ar bhóithríní áitiúla a mhaoiniú ar chostas €4.5m in aghaidh na bliana.

89

(vi) Méadú a dhéanamh ar an Infheistíocht i gCosaint ar Thuiliú agus Clár

CFRAM a chur i bhfeidhm go hiomlán

Mar thoradh ar dhálaí luaineacha aimsire tá léiriú an-soiléir faighte againn ar chosaintí

neamhdhóthanacha ar thuiliú i bpobail ar fud na hÉireann. Ní mór struchtúr cosanta marthanach

ar thuiliú a chur ar fáil chun gur féidir dúshláin amach anseo a sheasamh agus chun na pobail

lena mbaineann a chosaint ar bhagairtí dosheachanta amach anseo.

- Déanfaimid an infheistíocht i gcosaintí ar thuiliú a mhéadú €100m go suim níos mó ná €500m

sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2021 agus cuirfimid clár CFRAM i bhfeidhm chun a chinntiú

go dtógfar bonneagar marthanach.

(vii) Buanchlár comhordaithe bainistíochta éigeandála a chur i bhfeidhm

Ós rud é nach raibh oiriúnú na forbairt déanta i ndáil le comhordú na ngníomhartha ag gach

céim de bhainistíocht éigeandála, imríodh tionchar suntasach diúltach le linn an tuilithe

a bhí ann le déanaí. Tá straitéisí tábhachtacha gan athrú le cúig bliana anuas d’ainneoin

na minicíochta méadaithí agus an tionchair níos troime a bhaineann le móréigeandálaí.

Déanfaimid:

- Cuirfear an tIonad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí ar bhonn reachtúil agus foilseofar

straitéis náisiúnta athbhreithnithe faoi dheireadh na bliana 2016.

- Cruthófar tairseach chomhtháite faisnéise éigeandála mar phointe aonair rochtana do

dhaoine le linn éigeandála. Mar chuid de sin beidh rabhaidh agus faisnéis ann ó raon iomlán

gníomhaireachtaí.

- Suirbhéanna rialta a reáchtáil faoi ullmhacht an phobail i leith éigeandálaí agus faoin tuiscint

atá ann ar róil na ngníomhaireachtaí stáit lena mbaineann.

- Feachtas faisnéise don phobal a sheoladh agus é dírithe ar laghdú a dhéanamh ar thionchar

éigeandálaí agus ar chur chun cinn iompair shábháilte le linn éigeandálaí.

- Faisnéis sábháilteachta a bheidh le húsáid le linn éigeandálaí a chur san áireamh i gcuraclaim

scoile.

(viii) Múnla nua a thabhairt isteach i ndáil le hárachas tuile do Thithe Cónaithe

agus do Ghnóthaí

Mar thoradh ar na tuilte i mí na Nollag, tá na céadta tithe cónaithe scriosta agus tá daoine

fágtha gan árachas. Tá stoirmeacha atá ag éirí níos luainí agus níos fíochmhaire ag bagairt scrios

airgeadais a tharraingt ar na teaghlaigh lena mbaineann má thuiltear a dtithe cónaithe arís. Ní

mór na teaghlaigh agus na pobail sin a chosaint ar thuiliú amach anseo.

- Oibreoimid leis an tionscal árachais chun teacht ar chomhaontú faoi cuideachta nua

neamhbhrabúis, “Cosaint ar Thuiliú”, agus í bunaithe ar mhúnla na Ríochta Aontaithe (UK), is

é sin, Flood Re. Déanfar an chuideachta sin a mhaoiniú trí thobhach ar chuideachtaí árachais

agus cuirfidh sí árachas ar fáil i leith tithe cónaithe nach féidir clúdach a fháil ina leith faoin

gcóras árachais reatha.

90

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

(ix) Gníomhaireacht nua, Gníomhaireacht Abhainn na Sionainne, a chruthú

Is í Abhainn na Sionainne an abhainn is faide dá bhfuil ann in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór agus

síneann sí trasna thart ar 360km agus trí 18 gcontae. Tá líon mór comhlachtaí agus údarás ann

feadh fhad Abhainn na Sionainne agus, dá bhrí sin, is deacair teacht ar chur chuige comhtháite.

Léiríonn an scriosadh a bhí ann mar gheall ar na tuilte a bhí ann le déanaí an gá soiléir le húinéirí

tí a chosaint feadh bhruacha Abhainn na Sionainne. Tá cur chuige nua ag teastáil uainn chun

bainistíocht a dhéanamh ar an abhainn, ar cur chuige é a chuireann deireadh leis na maorlathais

éagsúla atá ann faoi láthair. Ní i dtogra an rialtais ach comhlacht den chineál céanna comhlachta

ar chuir sé deireadh leis sa bhliain 1994 agus mionathrú déanta air.

- Rithfimid reachtaíocht chun gníomhaireacht Abhainn na Sionainne a chruthú agus déanfar

amhlaidh ar bhonn cost-neodrach trí fheidhmeanna atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag

gníomhaireachtaí éagsúla a tharraingt le chéile.

(x) Comaitéireacht Seachbhuaice a Spreagadh: Dreasacht Sábhála Táillí Dola

a thabhairt isteach

Tá an ráta méadaitheach brú tráchta ina bhagairt ar iomaíochas eacnamaíochta agus ar

chaighdeán na beatha do chomaitéirí agus d’áitritheoirí. Tá roinnt smaointe nuálacha beartais

ag Fianna Fáil chun laghdú a dhéanamh ar bhrú tráchta ar ár gcuid mótarbhealaí, go háirithe na

mórbhealaí artaireacha a nascann lárionaid uirbeacha le bailte comaitéireachta amhail an M50,

an M1, an M6, an Nasc Thoir agus Tollán an Chalafoirt. Déanfaimid:

- Dreasacht Sábhála Táillí Dola a thabhairt isteach i leith taisteal a dhéanamh ag uaire

seachbhuaice. Gheobhaidh tiománaithe feithiclí a úsáideann clib leictreonach luaíocht as

a gcuid turas a dhéanamh ag uaire seachbhuaice seachas ag buaicamanna agus gheofar

sin trí chreidmheas bliantúil cánach. Beidh tiománaithe in ann faoiseamh cánach a éileamh

maidir le 20% dá gcostais dola i ndáil le turas a dhéantar le linn tréimhsí taistil seachbhuaice

(i rith na seachtaine) Ar bhonn na gcostas a ghabhann le turas fillte comaitéireachta ar an

M50, d’fhéadfadh comaitéir ar leithligh a bhaineann leas as an scéim seo €200 sa bhliain

ar an meán a shábháil. Is é is aidhm don scéim seo ná spreagadh a thabhairt do líon níos

mó úsáideoirí na bpríomh-dholabhealaí artaireacha i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath an

chomaitéireacht a dhéanamh le linn tráthanna seachbhuaice. Meastar go gcosnóidh sé seo

€7m sa bhliain.

(xi) Gluaisteáin leictreacha a chur chun cinn, agus a líon a mhéadú, chun

cabhair a thabhairt i ndáil le dul i ngleic le hathrú aeráide

Chun dul i ngleic le hathrú aeráide, tá gá le smaointeoireacht nua agus cur chuige nua maidir

le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus maidir le truailliú a laghdú. Tá sé de chumas ag gluaisteáin

leictreacha, san fhadtéarma, astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú go mór agus cabhair a

thabhairt d’Éirinn maidir lena cuid spriocanna 2013 a bhaint amach. Tionscnóimid sraith beart

a bheidh dírithe ar líon na nGluaisteán Leictreacha a mhéadú chun cabhair a thabhairt maidir

91

leis an sprioc 10% i ndáil le húsáid feithiclí leictreacha a bhaint amach le linn ré an chéad rialtais

eile. Cuirfimid sraith beart i bhfeidhm chun úsáid Gluaisteán Leictreach agus an t-athrú ó úsáid

mótarfheithiclí peitril a chur chun cinn. Beidh an earnáil phoiblí i gceannas ar na bearta sin.

Déanfaimid:

- Mótarcháin a tharscaoileadh i ndáil le Gluaisteáin Leictreacha ar chostas €1.3m

- Tarscaoileadh táillí dola mótarbhealaigh a thabhairt isteach ar chostas €0.6m

- Pointí luchtaithe saor in aisce a chur ar fáil do Ghluaisteáin Leictreacha ar chostas €2.3m

- Leanúint de dheontais Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) chun an líon

gluaisteán leictreach atá á dhíol a mhéadú, ar chostas €4.5m

(xii) Méadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as Sonraí Móra i ndáil le

pleanáil iompair

Cumasóidh Sonraí Móra d’Údaráis Áitiúla tuiscint níos soiléire a fháil, i bhfíor-am, ar threochtaí

agus ar athruithe a bhaineann le cúrsaí iompair. Déanfaimid:

- Úsáid a bhaint as an dul chun cinn mór atá déanta maidir le leas a bhaint as faisnéis agus

trí láithreán gréasáin a oireann don úsáideoir a chruthú don ghnáthshaoránach chun aird a

tharraingt ar shaincheisteanna agus ar ábhar imní cinnteofar go bhfuil an beartas bunaithe ar

fhianaise shoiléir.

- Úsáid a bhaint as Léarscáileanna Cliste ina gcuimsítear sraitheanna éagsúla faisnéise agus

ligfidh sé sin d’údaráis áitiúla agus do sholáthróirí eile seirbhíse forbairtí mór a phleanáil

in éineacht lena chéile gan ach an leibhéal is ísle suaite a bheith ann. Trí fhaisnéis chruinn

fíor-ama maidir le hiompar poiblí a chur ar fáil ar bhonn náisiúnta agus, mar chuid de sin,

trí dhéileáil leis na fadhbanna a bhaineann le hamanna imeachta míchearta, cabhrófar lena

chinntiú go bhfuil sé níos éasca do gach úsáideoir úsáid a bhaint as iompar poiblí.

(xiii) Leanúint de thacaíocht a thabhairt d’aerfoirt réigiúnacha

Is cuid lárnach dár ngréasán náisiúnta iompair é an gréasán aerfort réigiúnach. Tá sé riachtanach

infheistíocht idirnáisiúnta a mhealladh agus a choinneáil chomh maith le naisc iompair a neartú.

- Táimid tiomanta i leith tacaíocht leanúnach státchiste a thabhairt do na ceithre aerfort

réigiúnacha i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le gnóthaí áitiúla. De bhreis air sin, déanfaimid

na trí aerfort stáit atá faoi úinéireacht an stáit a choimeád ar bun.

(xiv) Straitéis Nua maidir le Rotharbhealach Náisiúnta a thabhairt isteach

Chun líon níos mó daoine a spreagadh chun úsáid a bhaint as rothair tá gá le rotharbhealaí ar

bhealaí fíorshábháilte iad seachas píosaí breise a chuirtear le gnáthbhóithre.

- Táimid tiomanta i leith an líon glasbhealaí a mhéadú d’fhonn gníomhaíocht turasóireachta

a leathnú ar fud na tíre agus is deis iontach é sin maidir le tuilleadh ceantar tuaithe a chur ar

fáil do turasóireacht atá inbhuanaithe ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Beidh Údaráis Áitiúla

92

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

chun tosaigh maidir leis na bealaí sin a shainaithint agus a fhorbairt i gcomhairle le pobail

áitiúla. Soláthróimid maoiniúchán caipitiúil €2m dó seo.

(xv) An córas iompair phoiblí a chosaint

Mar chuid lárnach de chóras inbhuanaithe iompair bíonn iompar poiblí sorochtana ann. Tá

iompar poiblí ina sheirbhís pobail riachtanach. In aois an athraithe aeráide, tá sé an-tábhachtach

ár mbonneagar iompair phoiblí a fhorbairt le gur féidir astaíochtaí a laghdú agus forbairt amach

anseo a chur ar chonair inbhuanaithe.

- Leanfaimid d’infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí iompair phoiblí agus d’fhóirdheontas na

hOibleagáide Seirbhíse Poiblí, i gcás CIÉ, a mhéadú chuig leibhéil na bliana 2011. Cosnóidh sé

sin €28.54 in aghaidh na bliana i bhfoirm caiteachais bhreise agus beidh sé faoi réir ceanglais

go ndéanfar táillí iompair phoiblí a choigeartú dá réir sin.

(xvi) Iompar Poiblí a dhéanamh níos iontaofa, níos inacmhainne agus níos

tarraingtí

Mar chuspóir lárnach fadtéarmach, tacaíonn Fianna Fáil le hathrú a dhéanamh ar chion na dturas

comaitéara i ngluaisteán príobháideacha agus le spreagadh a thabhairt do dhaoine iompar

poiblí a úsáid, siúl chuig áiteanna agus rothaíocht a dhéanamh. Chuige sin, tá gá le córas iompair

phoiblí de chineál níos iontaofa, níos inacmhainne agus níos tarraingtí lena úsáid a bheith

ann ar fud na tíre agus laistigh dár gcathracha. Bainfimid úsáid as an infheistíocht san iompar

poiblí agus as méadú na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) chun na haidhmeanna sin a bhaint

amach. Déanfaimid:

-Cinnteoimid Iontaofacht trí infheistíocht spriocdhírithe i lánaí bus a chur ar fáil agus trí

dheireadh a chur le ‘caolais bhóthair’, agus trí chomharthaí tosaíochta a chur ar fáil ag

acomhail agus trí Fhaisnéis Fíor-Ama Paisinéara (RTPI) a chur ar fáil.

- Cuirfear feabhas ar Inacmhainneacht trí tháillí a choimeád ag an leibhéal céanna ar feadh

trí bliana agus trí tháillí laghdaithe a thabhairt isteach do mhic léinn tríú leibhéal agus do

dhaoine óga suas go haois 25 bliana chun spreagadh a thabhairt do dhaoine, le linn a gcuid

blianta múnlaitheacha, i leith úsáid a bhaint as iompar poiblí.

- Méadófar Tarraingteacht trí ardáin íocaíochta éasca Soghluaiste/Fóin Póca, íocaíochtaí WiFi

agus Pacáiste Sábhála Cánach i leith Úsáideoirí ‘Páirceáil agus Taisteal’ a chur ar fáil agus trí

Slándáil Iompair a chur ar fáil ar Bhusanna, ar an DART agus ar Thraenacha.

93

Cumhacht a thabhairt do dhaoine áitiúla maidir le cinntí áitiúla

Le blianta beaga anuas, tá tuilleadh maolaithe déanta ar an daonlathas áitiúil in Éirinn agus is

in Éirinn atá ceann de na córais rialtais áitiúil is laige dá bhfuil ann sa domhan daonlathach faoi

láthair. Creidimid go bhfuil gá le sraith gníomhartha chun a chumhachtú do dhaoine áitiúla a

bheith páirteach i bhforbairt phobail.

Déanfaimid:

(i) Comhairlí Baile a bhunú i mbailte ina bhfuil daonra os cionn 7,500 agus

struchtúr nua a chruthú le haghaidh Comhairlí Pobail deonacha

Ní raibh bonn ná barr leis an gcinneadh chun deireadh a chur le Comhairlí Baile mar chuir chuige

i leith ár gcuid institiúidí daonlathacha ná ní dhearnadh fíormhachnamh ina leith. Mar thoradh

ar dheireadh a bheith curtha le comhairlí baile tá laghdú ollmhór tagtha ar an gcóimheas

daonra/comhairleoir go dtí 1:4800 agus is é sin an cóimheas is airde dá bhfuil ann sa Domhan

Iartharach. Is féidir an tsraith sin rialtais a chur ar fáil gan costais shuntasacha a thabhú i ndáil le

hionadaíocht. Déanfaimid:

- Comhairlí baile foirmiúla a bhunú i ngach baile ina bhfuil daonra os cionn 7,500 agus

athshocrú a dhéanamh ar na rátaí a bhí ann roimhe seo i gcás roinnt bailte a bhí faoi bhun

na tairsí sin. Beidh 72 chomhairle bhaile ann san Iomlán ar fud na tíre. Ní bhfaigheadh aon

Chomhairleoir Baile, lena n-áirítear an Méara, aon phá agus ní bheadh rochtain acu ach

amháin ar chostais theoranta bhunúsacha. Meastar go gcosnóidh sé seo €15m.

- Cruthóimid múnla nua le haghaidh comhairlí pobail. Is ionann an córas sin, a oibrítear

ar bhonn rannpháirtíocht dheonach gan aon chostais i ndáil le hionadaíocht, agus an

bhunchloch agus an chéad sraith dár bhfís maidir le struchtúr nua do rialtas áitiúil. Beidh an

múnla bunaithe ar an struchtúr measartha neamhfhoirmiúil atá ann cheana féin i ndáil le

Comhairlí Pobail ar fud na tíre. Trí ról foirmiúil reachtach lena ngabhann dualgais shoiléire a

thabhairt dóibh, agus tar éis iad a chur ar bun i bpobail ar fud na tíre, beidh fíorchineachadh

cumhachta do na saoránaigh curtha i bhfeidhm. Cuirfear ar bun iad as acmhainní láithreacha

na n-údarás áitiúil.

(ii) Coiste Sócmhainní Pobail a bhunú chun úinéireacht a ghlacadh ar

shócmhainní áitiúla agus iad a oibriú

Tá sócmhainní criticiúla áitiúla ina gcuid dhílis de chreatlach sóisialta pobal. Tá aonaid

neamhthráchtála amhail linnte snámha, páirceanna peile, staidiamaí etc. ina gcuid dár bpobail

agus dár mothúchán gur cuid d’áit áirithe sinn. Is ionann cailleadh aon sócmhainn den sórt

sin agus buille mór d’aon sráidbhaile nó d’aon bhaile. Is ceart deis a thabhairt do phobail na

sócmhainní sin a cheannach agus a oibriú mar chomharchumann seachas iad a chailleadh ar fad.

- Bunóimid Ciste Sócmhainní Pobail a bheidh bunaithe ar chiste tosaigh €15m a chuirfear

ar leataobh chun tionscadal píolótach a chur i ngníomh chun ligean do chomhairlí baile

agus do chomharchumainn a fháil ar iasacht lena ngabhann ráta íseal úis chun sócmhainní

94

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

áitiúla a cheannach, agus gheofar an tsuim sin €15m ón gcáin nua ar dheochanna atá

milsithe le siúcra. Déanfar na sócmhainní luachmhara pobail atá cáilithe a thaifeadadh i gClár

Bonneagair Áitiúil de réir mar a chinnfidh an Roinn Comhshaoil ach deis a bheith ag úinéirí

maoine achomharc a dhéanamh i gcoinne iad a bheith san áireamh. Má bhíonn maoin áirithe

ar an gclár, beidh ar úinéirí talún fógra sé seachtaine a thabhairt i gcás ina mbeartaíonn siad í

a dhíol. Má léiríonn an grúpa pobail spéis i gceannach, beidh 4 mhí bhreise ar fáil chun ligean

don ghrúpa pobail airgead a aimsiú agus tairiscint a ullmhú. Féadfaidh an t-úinéir talún an

talamh a dhíol ina dhiaidh sin ar an margadh oscailte leis an tairgeoir is airde.

(iii) Ceart Pobail a chruthú maidir le talamh éileamh ar ais

Ar fud na gceantar tuaithe agus cathrach, tá méid mór talún foilmhe gan úsáid i seilbh

comhlachtaí poiblí amhail ranna rialtais, údaráis áitiúla agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

D’fhéadfaí úsáid a bhaint as an talamh sin le haghaidh tithíochta nó páirceanna poiblí seachas í

a bheith díomhaoin. Is ceart deis a bheith ag pobail agus ag daoine aonair chun an talamh sin a

cheannach agus í a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí.

- Bunóimid ceart pobail maidir le talamh a éileamh ar ais. Faoin sásra sin, féadfaidh comhairle,

Cumann Tithíochta Deonaí nó grúpa spóirt pobail iarratas a dhéanamh chuig an Aire

Comhshaoil faoin gCeart Pobail maidir le talamh a éileamh ar ais. Déanfaidh an tAire

breithniú i dtaobh an bhfuil pleananna ag an gcomhlacht poiblí chun an talamh a fhorbairt

nó an dteastaíonn sí ón gcomhlacht poiblí chun críoch straitéiseach. Murab amhlaidh an

scéal, is féidir leis an Aire iallach a chur ar an gcomhlacht iomchuí an talamh a dhíol. Má

éiríonn le hiarratas na heagraíochta pobail, is féidir léi leas a bhaint as an gCiste Sócmhainní

Pobail chun tairiscint a ullmhú maidir leis an talamh a bheidh le díol ar an margadh oscailte

ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(iv) Méaraí Dírthofa

Ní raibh croístraitéis bhunúsach ag Baile Átha Cliath riamh. Le gur féidir Méara a dhírthoghadh,

tá gá le hathbhreithniú leathan ar chumhachtaí agus, chomh maith leis sin, tá gá le soiléire

reachtach maidir le ról poist den sórt sin. I bprionsabal, creidimid gur féidir le Méara dírthofa ról

tábhachtach a chomhlíonadh. Is féidir an múnla a bhunófar a úsáid, ar bhonn dea-chleachtais, i

gcathracha eile in Éirinn.

- Déanfaimid togra mionsonraithe a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le ról Méara dhírthofa

agus déanfar amhlaidh roimh dheireadh na bliana 2017. I gcás ina gcinntear go bhfuil

tabhairt isteach poist den sórt sin indéanta, seolfaimid pobalbhreitheanna cathrach ar fud

na hÉireann chun tacaíocht an phobail i leith an togra a thomhas. I gcás ina mbíonn toradh

dearfach ar phobalbhreitheanna, leanfaimid ar aghaidh láithreach chun oifig nua Méara a

bhunú agus toghcháin a sheoladh.

95

(v) An Cháin Mhaoine Áitiúil a athinfheistiú sa cheantar áitiúil

Staid airgeadais a thaispeánann an amhlaidh go bhfuil córas rialtais áitiúil fíor-neamhspleách

agus láidir. Thug an rialtas cáin maoine áitiúil isteach á éileamh go n-úsáidfí í chun seirbhísí

áitiúla a mhaoiniú. Le fírinne, baineadh úsáid as an bhfáltas sin chun Uisce Éireann a chur ar bun

agus a reáchtáil agus chun na laghduithe uafásacha sa deontas rialtais áitiúil a chlúdach. Tá gá le

solúbthacht agus le discréid chun a chinntiú go bhfuil fíor-ról ag daoine áitiúla chun deimhin a

dhéanamh de go ndéantar airgead a bhailítear go háitiúil a chaitheamh go háitiúil.

- Cinnteoimid go gcumhachtófar d’údaráis áitiúla dul i gcomhairle le daoine áitiúla i dtaobh

cén áit a chaithfear méid áirithe airgid áitiúil. Chiallódh sé sin go ndéanfaí sásra buiséadaithe

rannpháirteach nua a oibriú trí chomhairle pobail agus Baile.

(vi) Tacaíocht dhíreach a thabhairt do ghrúpaí áitiúla pobail agus spóirt

Is réimse tábhachtach é seo i dtaca le feabhas a chur ar chaighdeán na beatha do chónaitheoirí

áitiúla. Is ionann clubanna agus grúpaí áitiúla spóirt agus cultúir agus cnámh droma na gceantar

ina bhfuil siad lonnaithe agus tugann siad deis d’oibrithe deonacha barr a gcumais a bhaint

amach le linn a gcuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích. Is féidir leis an rialtas cuidiú le grúpaí den

sórt sin agus smacht níos mó a thabhairt do dhaoine áitiúla trí shraith beart a chur i bhfeidhm.

Déanfaimid:

- Athchóiriú a dhéanamh ar chóras an tobhaigh forbartha le gur féidir laghduithe a thabhairt

do chlubanna áitiúla spóirt a dheonann talamh nó a rannchuidíonn leis an bpobal áitiúil. Is

ceart comhpháirtíochtaí idir clubanna áitiúla, an chomhairle phobail agus an tÚdarás Áitiúil a

bheith ina gcuid dhílis den rannchuidiú poiblí le pleananna forbartha.

- Iniúchadh iomlán a dhéanamh ar mhaoin atá ag nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht

Sócmhainní (NAMA) chun talamh a bheadh oiriúnach lena úsáid ag grúpaí áitiúla spóirt agus

pobail a shainaithint. Is ceart go mbeadh údaráis áitiúla i gceannas ar phleananna a fhorbairt

maidir le talamh den sórt sin a fháil agus a fhorbairt go dóthanach. Is ceart an obair sin a

chomhordú i gcomhar le haonad aistrithe (NAMA) i ngach Údarás Áitiúil.

- Cáin nua a ghearradh ar dheochanna atá milsithe le siúcra agus beidh an fáltas ón gcáin

sin ar fáil lena chaitheamh i bpobail ar fud na tíre i ndáil le tionscadail a bhaineann le

gníomhaíochtaí de chineál spóirt agus fisiciúil.

(vii) Craolachán Pobail a Neartú

Aithníonn Fianna Fáil an luach a bhaineann le hearnáil bhríomhar láidir craolacháin in Éirinn.

Go háirithe, ní mór rannchuidiú stáisiún raidió neamhspleách agus áitiúil i bpobail áitiúla ar fud

na tíre a chosaint agus ní mór ligean dóibh bláthú. Tá ról fíorthábhachtach acu i saol an phobail

áitiúil sa raon gníomhaíochtaí ó spórt go polaitíocht. Mar thoradh ar an dul chun cinn atá déanta

le blianta beaga anuas maidir le cúrsaí teicneolaíochta, tá athrú ollmhór tagtha ar an mbealach

a bhfaighimid rochtain ar ábhar craolacháin agus tá muirear atá bunaithe ar úinéireacht teilifíse

seanchaite anois. Is ceart úsáid a bhaint as ioncam breise a gheofar as athshainiú na táille

ceadúnais chun an costas ar thomhaltóirí atá faoi bhrú airgid a laghdú. Tá Fianna Fáil tiomanta

96

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

i leith deimhin a dhéanamh de go ndéanfar rannchuidiú stáisiún neamhspleách agus áitiúil

le craolachán seirbhíse poiblí a aithint agus táimid tiomanta freisin i leith inbhuanaitheacht

stáisiún den sórt sin a áirithiú do na glúnta a bheidh ann amach anseo.

- Cinnteoimid go ndéanfar cuid d’aon táille chraolacháin phoiblí a chur ar leataobh chun

soláthar clár seirbhíse poiblí ag stáisiúin raidió neamhspleácha agus áitiúla a spreagadh agus

a éascú. Beidh maoiniúchán Údarás Craolacháin na hÉireann ina chuid de seo.

(viii) Straitéis náisiúnta maidir leis na hEalaíona a chruthú do chách

Té réimse bríomhar Ealaíon agus Cultúir lárnach do shaol maith agus do phobal láidir bríomhar.

Tá traidisiún láidir ceoil, damhsa, amharclannaíochta, ealaíne agus scannánaíochta ag Éirinn

agus tá tionchar domhanda aici i gcónaí i ndáil le raon leathan gníomhaíochtaí sna réimsí

sin. Taobh amuigh den ról tráchtála agus den acmhainn turasóireachta atá ann, tá ról níos

tábhachtaí fós le comhlíonadh ag an earnáil Ealaíon maidir le pobail agus daoine a tharraingt le

chéile. Tacaíocht thábhachtach rialtais is ea spás a chruthú inar féidir le pobail iad féin a chur in

iúl agus d’ealaíontóirí ábalta rath a bhaint amach agus bláthú.

- Ceapfaimid ár straitéis Ealaíon ar bhonn trí phrionsabal:

• Neamhspleáchas an phobail ealaíon a chosaint;

• Múnla maoiniúcháin atá cobhsaí, inbhuanaithe agus daingean a chinntiú do na healaíona;

• Rannpháirteachas iomlán agus tairbhe iomlán a chinntiú don phobal a mhéid a bhaineann

le húsáid an mhaoiniúcháin ón Stát.

- Chun straitéis uilechuimsitheach Ealaíon, ina n-áirítear gach pobal, a chur i bhfeidhm,

déanfaimid an méid seo a leanas:

• A chinntiú go gcuireann Údaráis Áitiúla plean gnímh áitiúil ealaíon i bhfeidhm, ar plean é a

théann chun tairbhe do phobail agus d’ealaíontóirí áitiúla agus a thugann na healaíona go

díreach os comhair an phobail;

• Féinriail Chultúr Éireann a athbhunú mar eintiteas neamhspleách agus méadú €2.3m sa

bhliain a dhéanamh ar an maoiniúchán chun ealaíona agus cultúr na hÉireann a chur chun

cinn ar bhonn idirnáisiúnta;

• Cosaint a thabhairt do “prionsabal na neamhthuilleamaíochta” ar dá réir a dhéantar uathriail

pholaitíochta na Comhairle Ealaíon a chur chun cinn maidir le eisíoc maoiniúcháin stáit le

healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon;

• Neamhspleáchas na bhForas Cultúir Náisiúnta a ráthú;

• An soláthar atá ann do chúrsaí ealaíon inár gcóras oideachais a fheabhsú agus, go háirithe,

méadú a dhéanamh ar an soláthar atá ann do cheol i mbunscoileanna trí mhaoiniúchán

méadaithe a chur ar fáil i leith na tacaíochta a thugann an Chomhairle Ealaíon do na

hEalaíona i gcláir scoile. Déanfaimid maoiniúchán breise €2m a leithroinnt in aghaidh na

bliana chun na críche sin;

• Méadú €10m sa bhliain a dhéanamh ar mhaoiniúchán na Comhairle Ealaíon,

• Méadú €5m sa bhliain a dhéanamh ar an maoiniúchán don Chomhairle Oidhreachta.

97

(ix) Ár dteanga náisiúnta a chosaint & a fhorbairt

Is seoid chultúir as cuimse í ár dteanga náisiúnta. Tar éis céad bliain ó bunaíodh ár bPoblacht, tá

tábhacht ar leith ag an ngá le hathnuachan a dhéanamh ar na hiarrachtaí chun úsáid na Gaeilge

a dhaingniú agus a fhorbairt. Ar an drochuair, níl aon fhíorthiomantas ag an rialtas reatha i leith

na teanga ná i leith cosaint a thabhairt do chearta teanga. Tá ísliú céime tugtha do stádas na

Gaeilge, ar bhonn leanúnach ag Fine Gael agus ag Páirtí an Lucht Oibre Ní mór ceannaireacht

agus maoiniúchán leanúnach a bheith ann chun straitéis uaillmhianach don Ghaeilge a chur i

bhfeidhm go rathúil. Déanfaimidne an cheannaireacht sin a léiriú agus sinn i mbun an rialtais.

Déanfaimid:

- Aire sinsearach a cheapadh agus freagracht phríomha air/uirthi as gnóthaí Gaeltachta agus

Gaeilge.

- Coiste iomlán Oireachtais a bhunú agus freagracht air as gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge.

- Aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí maoiniúcháin atá ag Foras na Gaeilge agus ag

Údarás na Gaeltachta trí acmhainní breise a chur ar fáil. Déanfaimid €3m breise sa bhliain a

leithroinnt maidir le cur i bhfeidhm leanúnach na straitéise don Ghaeilge agus úsáidfear €3m

den chaiteachas reatha le haghaidh tionscadal faoi Údarás na Gaeltachta.

- Tabharfar tacaíocht d’oifig an Choimisinéara Teanga, cosnófar a neamhspleáchas, agus

tabharfar isteach reachtaíocht chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú agus chun

reachtaíocht teanga a dhéanamh níos éifeachtaí.

- Cinnteofar go leanann an Ghaeilge de bheith i gcroílár Churaclam an Teastais Shóisearaigh

agus na hArdteistiméireachta. De bhreis air sin, táimid tiomanta freisin i leith scrúdú

a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtabharfar isteach dara rogha teanga san

Ardteistiméireacht agus sa Teastas Sóisearach chun freastal go sonrach ar riachtanais

cainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile agus chun a chinntiú go mbíonn saoirse agus

acmhainní ag scoileanna Gaeltachta chun Gaeilge a mhúineadh do chainteoirí dúchais ar

mhodh atá oiriúnach agus éifeachtach.

- Cuirfear leis an aitheantas oifigiúil atá ag an nGaeilge mar theanga oibre de chuid an AE.

Oibreoimis chun a chinntiú go bhfuil cothroime gradaim iomlán ag an nGaeilge i gcomparáid

le teangacha eile de chuid an AE.

(x) Tionscnamh athchóirithe “Oireachtas don 21ú hAois” a chur i bhfeidhm

Déanfaimid athchóiriú ar an Oireachtas le go n-oirfidh sé d’Éirinn sa 21ú haois trí roinnt beart

cuimsitheach a bheidh leagtha amach inár dtionscnamh “Oireachtas don 21ú hAois”.

Sa chéad Dáil eile déanfaimid an méid seo a leanas:

- Oifig nua Formhaoirseachta Beartais agus Eacnamaíochta a bhunú faoi choimirce na

Comhairle Comhairlí Buiséadaí. Oibreofar an oifig sin ar bhealach atá comhchosúil leis an

Congressional Budget Office i Stáit Aontaithe Mheiriceá (USA) nó san Office for Budget

Responsibility sa Ríocht Aontaithe (UK). Beidh cumhacht ag an oifig costáil neamhspleách

a dhéanamh ar thograí beartais a dhéanann páirtithe polaitíochta. €2m sa bhliain a bheadh

98

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

ann mar leithroinnt bhliantúil bhuiséid chuige sin.

- Reachtaíocht a leasú chun ligean do dhaoine nach comhaltaí den Oireachtas iad post mar

Aire Stáit a shealbhú (tugtar ‘Rúnaí Stáit’ ar an bpost sin sa chuid is mó tíortha).

- A chinntiú gur ceart go mbeadh ar dhuine atá molta ag an Taoiseach chun oifig den sórt sin

a shealbhú láithriú os comhair éisteachta daingniúcháin i gcoiste agus go mbeadh vóta ina

leith sa Dáil laistigh de cheithre seachtaine ón tráth a moltar é/í.

- Oifig na gComhairleoirí Dlí a neartú agus a chumhachtú di tuairimí neamhspleácha a fhoilsiú

faoi nithe ar ina leith nach bhfuil tuairim an Ard-Aighne ar fáil.

- Athchóiriú a dhéanamh ar Bhuan-Orduithe na Dála chun neamhspleáchas an rialtais a neartú.

- A chinntiú go ndéantar cathaoirligh na gcoistí go léir a leithroinnt idir grúpaí ar bhonn

phróiseas leithroinnte cionmhaire d’Hondt.

- Socrú a dhéanamh go ndéanfaidh an coiste a mbeidh formhaoirseacht á déanamh aige

ar ranna rialtais athbhreithniú ar obair na roinne a fhoilsiú, agus é bunaithe ar thaighde a

bheidh déanta ag an Oifig Formhaoirseachta Beartais agus Eacnamaíochta.

De bhreis air sin, creidimid gur ceart go mbeadh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh ar

athchóirithe de chineál radacach ar ár gcóras polaitíochta a d’fhágfadh go mbeadh sé i

gcomhréir le daonlathais inchomparáide eile agus go mbeadh an réimse polaitíochta agus

rialtais níos saineolaíche, níos éifeachtaí agus níos neamhspleáiche. Déanfaimid:

- Reifreann a mholadh chun córas liosta mheasctha/PR-STV a thabhairt isteach.

- Tús a chur le hathchóiriú na comh-aireachta chun an rialtas a scaradh ón bparlaimint agus,

go háirithe, chun cead a thabhairt saineolaithe seachtracha a cheapadh mar Airí agus chun

gur féidir malartaigh a chur in ionad Airí san Oireachtas. Leanfaí den cheanglas ar dá réir nach

mór d’Airí ceadú a fháil ón Dáil, freastal a dhéanamh, ceisteanna a fhreagairt agus páirt a

ghlacadh i ndíospóireachtaí ach ní bheadh vóta acu.

- Cead a thabhairt maidir le daoine nach comhaltaí den Oireachtas iad a cheapadh chun

fónamh mar airí.

- Moltaí an Ghrúpa Oibre ar Leasú an tSeanaid 2015 a chur i bhfeidhm.

99

Pobal láidir uile-Éireann a bhunú

Le cúig bliana anuas tá staid parailíse ann in Stormont gan trácht ar fhaillí chomhráthóirí

chomhaontú Aoine an Chéasta, is é sin le rá, rialtais na hÉireann agus na Breataine. Is féidir

mothúchán forleatach na míbhaile a bhfuil an bonn bainte d’acmhainn Thuaisceart Éireann aici

le feiceáil i ndíghrádú na n-institiúidí Thuaidh-Theas ag an rialtas seo. Tá gá práinneach leis na

hinstitiúidí a bunaíodh leis an gcomhaontú a athspreagadh agus le síocháin bhuan a bhunú i

dTuaisceart Éireann. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil níos mó i gceist leis an bpróiseas síochána

ná deireadh a bheith curtha le foréigean.

Bhí Fianna Fáil tiomanta i gcónaí, agus táimid fós tiomanta, i leith aontacht stairiúil ár n-oileáin

mar stát aonair a bhaint amach. Murab ionann agus an rialtas seo, ní dhéanfaidh Fianna Fáil

saincheist Thuaisceart Éireann a dhíghrádú riamh. Ciallaíonn Éire do Chách comhar leathan

marthanach a bheith ann idir an dá thaobh den teorainn agus iarracht a dhéanamh teacht ar

aontú ár bhfearainn ar mhodh síochánta, comhthoiliúil.

Déanfaimid:

(i) Crios Forbartha Eacnamaíochta a bhunú thart ar an teorainn chun fás a

chothú i réigiún na teorann

Tá sraith bagairtí agus deiseanna sainiúla ann i gcrios na Teorann. Mar thoradh ar thionchar na

dTrioblóidí ar an mbonneagar, agus mar thoradh ar leithlisiú geografach, cruthaíodh meascán

uathúil saincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Is ionann aitheantas a thabhairt

don tsraith áirithe riachtanas sin agus a rá nach mór crios nua forbartha trasteorann a fhorbairt

chun an geilleagar sa cheantar sin a athbheochan. Tá ciste tosaigh €3.5m curtha ar leataobh

againn don Chrios.

- Bunóimid Crios Forbartha Trasteorann ina gcuimseofar roinnt gnéithe nua:

• Beidh Fóram Chrios Forbartha na Teorann ann chun aghaidh a thabhairt ar

shaincheisteanna a thagann chun cinn idir na comhlachtaí iomchuí

• Beidh Daoine Mór le Rá i réimse an Tionscail ann chun gnó a chur chun cinn agus chun

infheistíocht a mhealladh

• Beidh Tuarascáil Bhliantúil ann chun trédhearcacht a chinntiú

• Déanfar infheistíocht chomhtháite i mbonneagar amhail an A5 agus Droichead Chaol Uisce

a chríochnú.

• Beidh Cur Chun Cinn trádála Trasteorann ann i gcomhar le Intertrade Ireland, le Invest NI

agus leis an Údarás Forbartha Tionscail (IDA).

(ii) Comhthionscnaimh de chuid Intertrade Ireland, an Údaráis Forbartha

Tionscail (IDA) agus Invest NI a sheoladh chun infheistíocht

idirnáisiúnta a mhealladh

Le comhaontú Theach Stormont, leagadh amach creat nua i ndáil leis an ráta cánach corparáide

100

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

i dTuaisceart Éireann a laghdú chuig an ráta céanna atá ann sa Phoblacht, is é sin, 12.5%. Is deis

é sin don Phoblacht agus is dúshlán é freisin. Tá acmhainn shuntasach forbartha ag an Údarás

Forbartha Tionscail (IDA) agus tá clú domhanda bainte amach aige i ndáil lena chumas chun

infheistíocht idirnáisiúnta a mhealladh go hÉirinn. Trí leas a bhaint as an taithí sin agus trí chur

leis an obair atá déanta ag Intertrade Ireland agus ag Invest NI, beidh deis ann chun infheistíocht

a mhealladh ó áiteanna ar fud oileán iomlán na hÉireann.

- Seolfaimid tuilleadh comh-mhisean trádála, agus an tÚdarás Forbartha Tionscail, Invest NI

agus Intertrade Ireland páirteach iontu, chun geilleagar uile-Éireann a mhargú agus chun

tuilleadh infheistíochta mhealladh ó áiteanna ar fud na hÉireann.

(iii) An Chonair Thoir a fhorbairt sa Straitéis Náisiúnta Spásúlachta nua

Is ceart go mbeadh na naisc idir moil eacnamaíochta Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste

ina gcuid lárnach de phleanáil spásúlachta ar an oileán. Chun fás a spreagadh agus chun

infheistíocht a éascú, tá sé riachtanach iarrachtaí comhordaithe chun bóithre, an córas iarnróid

agus an córas iompair phoiblí a nascadh le chéile. Croíchuid de sin is ea uasmhéadú a dhéanamh

ar úsáid Aerfort Bhaile Átha Cliath mar phríomh-mhol idirnáisiúnta don réigiún ar fad. Is

ionann an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta nua agus deis iontach chun a chinntiú go mbíonn

smaointeoireacht chomhtháite ann sa Tuaisceart agus sa Deisceart maidir leis an bpleanáil

fhadtéarmach don réigiún.

- Cinnteoimid go neartófar an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta nua le go mbeidh uasmhéadú

chumas na Conaire Thoir mar spreagthóir fáis san áireamh ann.

(iv) Maoiniúchán a fháil chun an A5 a chríochnú go hiomlán

Mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006, rinne Rialtas na Breataine maoiniúchán

£330m a chur ar leataobh go sonrach chun an A5 ó Dhoire go hAchadh na Cloiche a thógáil. Tá

an bóthar nua sin ina chuid dhílis den obair a bhaineann le geilleagar trasteorann níos láidre a

bhunú idir Doire agus Dún na nGall. Ach tharla moilleanna airgeadais agus bacainní pleanála

i leith an tionscadail. Ní dhearnadh an maoiniúchán atá riachtanach don tionscadal a chur i

leataobh i gcomhaontú athnuaite Theach Stormont. Le linn ré an chéad rialtais eile, déanfaimid

€98m a infheistiú chun an tionscadal a fhorbairt.

- Tabharfaimid tús áite d’obair i gcomhar le Rialtas na Breataine agus le Feidhmeannas

Thuaisceart Éireann, chun a chinntiú go dtógfar an A5 agus go mbaintear amach a chumas

iomlán feadh réigiún na teorann.

(v) Droichead Chaol Uisce a thógáil

Tá droichead Chaol Uisce idir Corr na Muclach, gar don Ó Méith, Co. Lú, agus Caol Uisce, gar don

Phointe, Co. an Dúin, ina chuid an-tábhachtach den bhonneagar ó thaobh forbairt a dhéanamh

ar an ngeilleagar i gContaetha an Dúin agus Lú. Is ionad mór sa cheantar é freisin i dtaca le cúrsaí

athmhuintearais de.

101

- Táimid tiomanta i leith droichead Chaol Uisce a thógáil. I rith na bliana 2016, tar éis pléite le

Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus leis an gCoimisiún Eorpach, cuirfimid bailchríoch ar

an maoiniúchán atá ag teastáil. Tá €20m curtha ar leataobh againn don tionscadal seo.

(vi) Seirbhísí Sláinte comhroinnte a mhéadú

Ar oileán ina bhfuil daonra corradh beag le 6m duine, tá acmhainn an-mhór ann maidir

le seirbhísí comhroinnte i dtaca le fíorbharainneachtaí scála a bhaint amach. Seachas

infheistíochtaí agus acmhainní a dhúbailt, ní mór dúinn bealach nua a aimsiú chun an leas is

mó is féidir a bhaint as seirbhís sláinte an oileáin. Beidh sé sin tábhachtach go háirithe i réigiún

na teorann ach beidh tábhacht leis freisin sna príomhionaid chúraim i mBaile Átha Cliath agus i

mBéal Feirste áit a bhfuil gá le sainchóireáil.

- Déanfaimid prótacail nua a fhorbairt le haghaidh seirbhísí comhroinnte sláinte Thuaidh-Theas

agus cinnteoimid go mbeidh gné Thuaidh-Theas ann i bpleananna infheistíochta amach

anseo. De bhreis air sin, déanfar feachtas faisnéise poiblí a sheoladh lena chinntiú go bhfuil

othair ar an eolas faoina gcearta chun leas a bhaint as seirbhísí i dTuaisceart Éireann, ina cháil

mar chuid den Aontas Eorpach (AE).

(vii) Naisc Oideachais a bhunú le hInstitiúidí Teicneolaíochta Dhún Dealgan

agus Leitir Ceanainn chomh maith le hollscoileanna a oscailt do níos

mó mac léinn as áiteanna trasna na teorann

Ní ceart go mbeadh an teorainn ina bacainn maidir le mic léinn a bhíonn ag iarradh dul isteach

i lárionaid oideachais áirithe. Is ceart do lárionaid Institiúide Teicneolaíochta feadh na teorann

comhchúrsaí a fhorbairt i gcomhar lena gcomhinstitiúidí sa Tuaisceart. Mar gheall ar athruithe ar

an tslí ina ríomhtar pointí A-Leibhéil, tá laghdú tagtha ar leibhéal rannpháirtíochta mac léinn ón

Tuaisceart in Ollscoileanna sa Deisceart. Déanfaimid:

- Spreagadh a thabhairt d’ollscoileanna an córas ríofa A-Leibhéil a athchothromú lena chinntiú

gur féidir le mic léinn an Tuaiscirt rochtain a fháil ar chúrsaí i ngach ollscoil ar fud na tíre.

- Cúnamh a thabhairt d’Institiúidí Teicneolaíochta i réigiún na teorann chun cúrsaí trasteorann

agus comhthionscnaimh a fhorbairt.

(viii) Naisc Iompair Phoiblí a mhéadú

Tá tábhacht ag naisc fheabhsaithe iompair phoiblí i dtaca le ceangail níos láidre eacnamaíochta

agus turasóireachta a bhunú idir an Tuaisceart agus an Deisceart. Trí cheangail níos láidre

bus agus iarnróid a chur ar fáil, chomh maith le huasmhéadú a dhéanamh ar úsáid aerfort

Bhaile Átha Cliath mar mhol lárnach idirnáisiúnta don tír, cuirfear borradh faoi ghníomhaíocht

eacnamaíochta. Is ionann bearta praiticiúla, amhail laghdú a dhéanamh ar an am a thógann an

Enterprise chun an turas a dhéanamh ó Bhéal Feirste go stáisiún Uí Chonghaile, agus léiriú soiléir

ag an dá dhlínse gur tosaíocht thábhachtach í naisc níos láidre a bhunú.

102

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

- Leanfaimid d’fhorbairt a dhéanamh ar an líne iarnróid Thuaidh-Theas agus d’infheistíocht a

dhéanamh i seirbhísí bus ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, agus aerfort Bhaile Átha Cliath á

chur san áireamh.

(ix) Oibriú chun Brexit a sheachaint

D’fhéadfadh sé go dtiocfaidh athrú sainitheach ar chaidreamh idir an Bhreatain agus Éire mar

thoradh ar an reifreann atá le bheith ann sa Ríocht Aontaithe (UK) maidir le ballraíocht san

Aontas Eorpach (EU) agus ar na caibidlíochtaí ar siúl dá bharr sin. Dá ndéanfaí balla nua rialachán

a chur i bhfeidhm ó Dhoire go dtí an tIúr bhuailfí buille trom ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh

le tamall de bhlianta i ndáil le comhréiteach trasteorann agus le fás. Dá bhfágfadh an Bhreatain

an tAontas Eorpach, chuirfí deireadh leis an gcomhthuiscint ar tríthi a éascaíodh cuid mhór den

dul chun cinn i dTuaisceart Éireann. Ní chun leas na hÉireann é ligean dár gcomhpháirtí trádála is

mó, arb é an t-aon stát amháin é a bhfuil teorainn talún aige linn, imeacht as an Aontas Eorpach.

- Cé nach mbeidh páirt á glacadh againn sa reifreann i ndlínse eile, déanfaimid, mar pháirtí, ár

seasamh a chur in iúl go soiléir á rá gur ceart do Thuaisceart Éireann vótáil ar son fanacht san

Aontas Eorpach.

(x) Ionadaíocht shonrach sa Seanad a éascú do dhaoine ó Thuaisceart

Éireann

Is ceart gur chuid bhunúsach dár gcóras polaitíochta é ionadaíocht san Oireachtas thar ceann

ghuth na nAontachtaithe. Bunaíodh an Teach Uachtarach chun ionadaíocht a leathnú agus le

go bhféadfaí tuairimí a chur in iúl nach bhfaighfí éisteacht sa Pharlaimint seachas sin. Is é atá i

gcóras ainmniúcháin an Taoisigh ná socrú bunreachtúil atá ann cheana féin ar féidir é a úsáid

chun a chinntiú go dtugtar deis do ghuthanna ón bpobal Aontachtach a dtuairimí a chur in iúl

san Oireachtas.

- Trí leas a bhaint as ainmniúcháin an Taoisigh, cinnteoimid go mbeidh ionadaíocht ag

Tuaisceart Éireann san Oireachtas.

(xi) Cead a thabhairt do gach saoránach Éireannach vóta a chaitheamh i

dToghcháin Uachtaráin

Is pearsa thábhachtach polaitíochta agus cultúir an tUachtarán don stát agus don náisiún.

Mar phearsa idirnáisiúnta, is ionann post an Uachtaráin agus lárphointe cultúir don Diaspóra

agus dóibh sin ar fad a ar fud an domhain gurbh Éireannaigh iad. Is ceart go mbeadh ceart ag

saoránaigh Éireannacha i dTuaisceart Éireann vóta a chaitheamh sa toghchán tábhachtach seo.

- Táimid tiomanta i leith moladh a chur os comhair an phobail i ndáil leis an gceart vótála i

dtoghcháin Uachtaráin a leathnú chuig saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu thar lear,

lena n-áirítear saoránaigh Éireannacha i dTuaisceart Éireann.

103

(xii) Dul i ngleic le seicteachas

Tá plá an tseicteachais ann fós i bpobail imeallaithe i dTuaisceart Éireann. Mar shiomptóm den

pharailís agus den ghéarchéim atá ag plúchadh na gcomhlachtaí polaitíochta i dTuaisceart

Éireann, leanann an seicteachas de líon rómhór pobal ar fad a mhilleadh. Chun cumas

chomhaontú Aoine an Chéasta a athbheochan, rachaimid i ngleic le teannais sheicteacha a

chuireann isteach go mór ar dhul chun cinn. Cumasóidh sé sin do phobail uile Thuaisceart

Éireann bisiú agus rath a bhaint amach.

- Déanfaimid méadú €2.3m ar mhaoiniúchán an chiste Síochána agus Athmhuintearais mar

chuidiú maidir le caidreamh níos fearr a bhunú idir pobail dheighilte.

(xiii) An Ghníomhaireacht Choireachta Trasteorann a fhorbairt

Mar thoradh ar thuarascáil MI5/PSNI maidir leis an IRA Sealadach a bheith ar marthain i gcónaí

agus maidir le rannpháirtíocht a mball i ngníomhaíochtaí coireachta, tá comhartha soiléir ann ar

an ngá le déileáil le plá an pharaimíleatachais. Tá gá ar leith leis sin i réigiún na teorann a bhfuil

líon sonrach riachtanas aige de bharr cúrsaí geografaíochta, cúrsaí staire, agus an chomhthéacs

geopholaitíochta atá ann. Mar atá comhaontaithe sa chomhaontú athnuaite dar teideal “Tús

Nua”, dhéanfadh an ghníomhaireacht nua coireachta trasteorann, a mbeadh scóip den tsamhail

chéanna leis an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla aici, fórsaí póilíneachta ón dá thaobh den

teorainn, oifigigh cánach ioncaim agus gníomhaireachtaí Cosanta Comhshaoil a chomhtháthú

le chéile. Ar an tslí sin, beifear in ann aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le

coireacht pharaimíleatach sa cheantar tríd an mbonn a bhaint de na coirpigh atá ag gabháil don

choireacht seo.

- Déanfaimid an Ghníomhaireacht Choireachta Trasteorann a fhorbairt, agus acmhainní a

thabhairt di, chun dul i ngleic le gáinneáil ar bhreosla agus le smuigleáil neamhdhleathach

feadh cheantar na teorann.

104

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

Éire mar ghuth láidir sa phobal domhanda

Déanfaimid:

(i) An Comhrac i gcoinne Athrú Aeráide

Is féidir tionchar an athraithe aeráide a fheiceáil ar fud an domhain. Tá oibleagáid mhorálta agus

phoiblí orainn domhan níos fearr a chur ar aghaidh chuig na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh

díreach mar a rinne na glúnta a bhí ann romhainn. Is ionann an t-athrú aeráide agus bagairt

eiseach ar an oibleagáid bhunúsach sin. Trí Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, tá

leathnú déanta ar uaillmhian an phobail idirnáisiúnta agus ní mór d’Éirinn ról iomlán a bheith

aici i ndáil le cuidiú a thabhairt chun cuspóirí an chomhaontaithe a bhaint amach. De bhreis

air sin, tá oibleagáid mhorálta orainn cúnamh a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha le linn

dóibh todhchaí inbhuanaithe a réiteach dóibh féin. Déanfaimid:

- A chinntiú go dtacaíonn an tAontas Eorpach le beartais chiallmhara, inbhuanaithe maidir

le fuinneamh in-athnuaite ar leibhéal na hEorpa. Creidimid nach mór don Eoraip tús áite a

ghlacadh sa chomhrac i gcoinne athrú aeráide.

- Oibreofar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun a chinntiú go ndéanann ár gcuid

comhpháirtithe idirnáisiúnta de réir a ngealltanas chun laghdú a dhéanamh, ar bhonn

idirnáisiúnta, ar chúiseanna an athraithe aeráide. Le linn beartais maidir le dul i ngleic

le hathrú aeráide a chur i bhfeidhm, ní mór a chinntiú go dtugtar cosaint do chórais

inbhuanaithe táirgthe bia, ar córais iad atá fíorthábhachtach sa chomhrac i gcoinne ocrais

agus míchothú.

- Méadú €13m a dhéanamh ar mhaoiniúchán an Chiste Fuinnimh Ghlais lena chinntiú go

mbeidh Éire in ann a hoibleagáidí i dtaca le ceartas aeráide de a chomhlíonadh.

(ii) Pearsanra Óglaigh na hÉireann a leathnú chuig 10,5000 agus pearsanra na

nÓglach Cúltaca (RDF) a leathnú chuig 4,000

Gníomhaíonn Óglaigh na hÉireann mar ráthóir cheannasacht an Stáit agus comhlíonann siad

ról lárnach i ndáil le róil agus tascanna a shannann an Rialtas dóibh. Léiríonn bagairtí iolracha

domhanda, amhail an méadú mór ar ainghníomhartha sceimhlitheoireachta san Eoraip, go

bhfuil gá le fórsa cosanta a bhfuil acmhainní aige chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt atá ag

athrú go gasta. Ach, mar thoradh ar líon foirne laghdaithe, ar imeallú na nÓglach Cúltaca (RDF)

agus ar éagothromaíocht gheografach dháileadh an phearsanra, tá laghdú tagtha ar a ról poiblí.

Déanfaimid:

- Méadú 10,500 duine a dhéanamh ar líon foirne an Fhórsa, san Arm, san Aerchór agus sa

tSeirbhís Chabhlaigh le chéile, thar thréimhse cúig bliana, ar chostas €22m. Mar chuid de sin,

áirítear an tArm a athbhunú ina struchtúr trí bhriogáid trí 4ú Briogáid an Iarthair a chur ar bun

arís, agus í lonnaithe i nDún Chostúim, Baile Átha Luain.

- Rialú ar earcaíocht a chineachadh chuig na hÓglaigh Chúltaca arís chun an líon foirne a

mhéadú go 4,000, agus infheistíocht €1.7m ann chuige sin. Rachaimid go gníomhach i

mbun an Cúltaca a athbheochan trí leathnú a dhéanamh ar an limistéar geografach ina

105

hfeidhmíonn sé lena chinntiú go mbeidh aonad den Chúltaca ar fáil do gach saoránach,

agus é lonnaithe cóngarach dá dtithe cónaithe.

(iii) Ár stádas Neodrachta a choimeád ar bun

Tá traidisiún fada uasal neodrachta dearfaí ag Éirinn agus chumasaigh an traidisiún sin dúinn

ról tábhachtach a bheith againn mar choimeádaithe síochána ar fud an domhain. D’fhág an

traidisiún sin gurbh fhusa dúinn a bheith ar thús cadhnaíochta i ndáil le tionscnaimh éagsúla

amhail neamhiomadú núicléach agus an cosc ar chnuas-mhuinisin.

- Coimeádfaimid ár stádas neodrachta ar bun mar bhunchloch ár mbeartais Gnóthaí

Eachtracha.

(iv) Teagmháil leis an Diaspóra a athnuachan

Bhí ár gcuid pobal eisimirceach thar lear nasctha go dlúth i gcónaí le rath nó le mírath an

oileáin seo agus beidh go deo. Ó thaobh cúrsaí cultúir, eacnamaíochta agus polaitíochta de is

acmhainn an-luachmhar iad. Go háirithe, tá oibleagáid orainn i leith pobail daoine scothaosta,

leochaileacha. Déanfaimid:

- Méadú €3.5m a dhéanamh ar Mhaoiniúchán don Chlár Tacaíochta Eisimirceach (ESP) agus an

tsuim sin a chur ar leataobh d’aon toisc chun a chinntiú go dtugtar tacaíocht do na daoine is

leochailí de chuid ár bpobal thar lear.

- Post mar Aire Stáit don Diaspóra a choimeád ar marthain.

(v) Cúnamh Forbartha Thar Lear a mhéadú

Tá stair fhada shaibhir ag Éirinn maidir le cúnamh a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha trí

seirbhísí sláinte agus oideachais a sholáthraíonn misinéirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Is

ceart d’Éirinn leanúint den traidisiún láidir sin trí fhéachaint lenár naisc oideachais, polaitíochta

agus eacnamaíochta le codanna den domhan atá i mbéal forbartha a fhorbairt tuilleadh.

Déanfaimid:

- Gealltanas a thabhairt go leanfaidh Éire de bheith ina ceannaire domhanda i réimse an

chúnaimh forbartha agus oibriú chun sprioc na Náisiún Aontaithe (UN) a bhaint amach.

Caithfimid €100m breise ar Chúnamh Forbartha Thar Lear chun an aidhm sin a bhaint amach.

- Deimhin a dhéanamh de nach ndéanfar cúnamh a thugann Éire a dheonú ach amháin

do thíortha a bhfuil cuntasacht agus trédhearcacht léirithe acu. Chomh maith leis sin, ní

mór do na Gníomhaireachtaí a thairbhíonn ó Chúnamh Éireann a thaispeáint gurb iad na

daoine is mó gá fhaigheann an t-airgead a thugtar do na gníomhaireachtaí sin. Ní mór do na

Gníomhaireachtaí sin tuarascáil iomlán bhliantúil, mar aon le ráitis airgeadais, a ullmhú agus

na háiteanna ina gcaitear an maoiniúchán a bheith leagtha amach sa tuarascáil sin.

106

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

(vi) Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na n-imirceach

Tá dúshlán mór de chineál daonnúil agus polaitiúil ann san Eoraip mar thoradh ar na leibhéil

as cuimse imirceach agus dídeanaithe atá ag teitheadh ó réigiúin sa Mheánoirthear agus

i dTuaisceart na hAfraice atá réabtha ag cogaíocht. Ní mór d’Éirinn a bheith páirteach sna

hiarrachtaí chun cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil dídean á lorg acu agus chun cuidiú

a thabhairt i gcampaí líne tosaigh. Ní mór na tacaíochtaí atá ag teastáil i ndáil le comhtháthú

iomlán isteach i sochaí na hÉireann a thabhairt do dhídeanaithe atá lonnaithe anseo in Éirinn

agus do na pobail ina bhfuil siad lonnaithe. Déanfaimid:

- Oibriú lenár gcuid comhghleacaithe san Aontas Eorpach agus leis an bpobal idirnáisiúnta

chun cuidiú a thabhairt maidir le deireadh a chur leis an gcogadh cathartha a bhfuil

díchobhsú á dhéanamh ar an tSiria aige agus arb é is cúis le géarchéim na ndídeanaithe.

- Tacú le leathnú suntasach an chúnaimh chuig dídeanaithe i gcampaí sa Mheánoirthear,

lena n-áirítear tuilleadh maoiniúcháin ón Aontas Eorpach a chur ar fáil chun na críche sin.

Déanfaimid maoiniúchán na hÉireann chun na críche sin a mhéadú go €1.2m.

- Seasamh le daoine eile chun cur i gcoinne na n-antoisceach a bhfuil úsáid á baint as an

ngéarchéim seo chun eagla agus mímhuinín idir grúpaí a spreagadh. Éileoimid go bhfanfaidh

an Eoraip dílis dá luachanna maidir le daonlathas uilechuimsitheacht.

- Leanúint de chóiríocht a thabhairt do dhídeanaithe in Éirinn mar chuid de ghníomh

cuimsitheach idirnáisiúnta.

(vii) Cúram Soláthair Dhírigh a fheabhsú

Mar thoradh ar éagobhsaíocht thromaí polaitíochta, ar chogadh cathartha agus ar thionchar

méadaitheach an athraithe aeráide, tá saincheist na himirce chun tosaigh mar ábhar

díospóireachta san Eoraip. Mar atá leagtha amach sa roinn roimhe seo, tá dualgas agus

oibleagáid mhorálta orainn mar bhaill den Aontas Eorpach glacadh le cion cóir de na daoine atá

ag iarraidh éalú ó uafás na coimhlinte agus ó léirscrios an chogaidh. Déanfaimid:

- An liúntas d’aosaigh a mhéadú, thar ré an Rialtais, ó €19.10 go €38.74 mar atá molta ag an

nGrúpa Oibre.

- An liúntas do leanaí a mhéadú ó €9.60 go €29.80.

(viii) Oibriú chun réiteach dhá stát a bhaint amach sa Phalaistín.

Ba í Éire an chéad Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh a dhearbhaigh nach mór réiteach ar an

gcoimhlint sa Mheánoirthear a bheith bunaithe ar Stát láncheannasach na Palaistíne a bheith

ann, agus é neamhspleách ar Iosrael agus ag cómhaireachtáil leis. Ina gcáil mar Rialtas, sheol

Fianna Fáil an seasamh beartais sin sa bhliain 1980 agus tacaíonn siad go tréan leis an seasamh

sin sa lá atá inniu ann. Déanfaimid:

- Leanúint de bheith chun tosaigh san fheachtas chun aitheantas ó Rialtas na hÉireann a

lorg do stát na Palaistíne agus leanúint den bheartas sin a shaothrú ar leibhéal an Aontais

Eorpaigh.

107

- Tacú le haon iarrachtaí chun réiteach dhá stát a bhaint amach. Táimid i bhfabhar an Phalaistín

a bheith ina páirtí sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus tacóimid freisin le cosc a chur ar earraí

áirithe lonnaíochta Iosrael ar fud an Aontais Eorpaigh.

(ix) Saoránaigh Éireannacha a chur i gCroílár na hEorpa

Leagann an tAontas Eorpach síos méid ollmhór beartas a chuirtear i bhfeidhm in Éirinn. Tá sé

tábhachtach, ar an leibhéal gairmiúil, go mbíonn daoine foirne ann, sna leibhéil is airde den

phróiseas riaracháin, ar daoine iad a bhaineann úsáid as dearcadh Éireannach agus, ag an am

céanna, a oibríonn ar son leas foriomlán an aontais. Soláthraíonn an tAontas Eorpach deiseanna

móra fostaíochta agus fáis ghairmiúil ar ceart spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir

na hÉireann chun glacadh leo.

- Bunóimid Aonad Oiliúna sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun saoránaigh

Éireannacha a chur chun cinn, agus chun cabhrú leo, i ndáil le gairmréim a bheith acu in

institiúidí an Aontais Eorpaigh. Beidh an oiliúint sin ar fáil do gach seirbhíseach poiblí.

(x) Leas iomlán a bhaint as Tionscnamh Oibre Deonaí an Aontais Eorpaigh

Tá traidisiún láidir ann maidir le muintir na hÉireann a bheith i mbun obair dheonach a d’imir

tionchar dearfach in áiteanna i bhfad i gcéin ar fud an domhain. Tá spiorad na dlúthpháirtíochta

idirnáisiúnta ina ghné thábhachtach de shaol na hÉireann i dtaca le cúrsaí poiblí agus cúrsaí

taidhleoireachta de.

- Glacfaimid páirt iomlán i dtionscnamh oibre deonaí an Aontais Eorpaigh, beimid i dteagmháil

le comhpháirtithe Éireannacha an tionscnaimh sin, chun a chinntiú go rachaidh an oiread

saoránach Éireannach agus is féidir i mbun obair dheonach thar lear.

108

Dul i ngleic le coireacht & seirbhísí pobail a fhorbairt

109

110

Éire do Chách.

4

Úinéireacht tí a

chinntiú & dul i ngleic

le heaspa dídine

111

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

Tógfaimid 150,000 áit chónaithe nua, agus cinnteoimid gur féidir le gach glúin úinéireacht tí a

rochtain agus go gcuirtear deireadh le heaspa dídine ach an méid seo a leanas a dhéanamh:

An Ceart chun Úinéireachta a Threisiú

• Faoiseamh Ús Morgáiste a choinneáil go dtí 2020

• Scéim Coigiltis do Cheannaitheoirí Céaduaire a bhunú le haghaidh 80,000 áit chónaithe

• Dul i ngleic le Riaráistí Morgáiste agus le Rátaí Athraitheacha Morgáiste

Tógáil do theaghlaigh trí infheistiú i 150,000 áit chónaithe nua faoi 2021

• Riarachán na tithíochta a leasú ó bhonn

• Banna Forbartha Tí nua a bhunú

• Ceart chun Cónaí faoin Tuath a bhunú

Áit chónaithe a chruthú don uile dhuine trí 45,000 Teach Tithíochta Sóisialta

nua a thógáil

• Clár tógála Tithíochta Sóisialta nua dar luach €5.4bn a bhunú d’Éirinn uirbeach agus tuaithe

• Cuid V a thabhairt ar ais go hiomlán agus foirne Chuid V a bhunú in Údaráis Áitiúla

• Scéim Athchóirithe nua do Thithe Folmha / Tréigthe a bhunú

Cabhrú le Glúin an Chíosa

• Léasanna tionóntachta teaghlaigh a chruthú

• Aonaid ar cíos réasúnta a sheachadadh d’oibrithe bunriachtanacha

• Caighdeán na cóiríochta a fheabhsú le Teastas Caighdeáin an Údaráis Áitiúil

• Athruithe cánach chun tiarnaí talún a mhealladh agus a choinneáil

Deireadh a chur le hEaspa Dídine fhadtéarmach faoi 2021

• A chinntiú go bhfuil aonaid tithíochta sóisialta nua ina gcuid den bheartas ‘An Baile ar dTús’

• Leibhéil na Liúntas Cíosa a mhéadú chun tacú le teaghlaigh leochaileacha

Conradh um Maireachtáil Neamhspleách a chruthú do dhaoine scothaosta

• Cúinsí airgeadais daoine scothaosta a chinntiú le méadú €30 ar an bpinsean stáit

• 3,500 pacáiste cúram baile breise a chruthú

• Deontais Oiriúnaithe Tithe a thabhairt ar ais

• An Liúntas Maireachtála Aonair a mhéadú go €15 in aghaidh na seachtaine

• Deireadh a chur le táillí Oidis

• Dul i ngleic le huaigneas agus le haonrú daoine scothaosta

• An scéim Saorthaistil a chosaint agus a fhorbairt

112

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

Tá teip rialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre maidir le cúrsaí tithíochta ag déanamh

andochar go deo ar fud na tíre. Réimse é seo a ndearna siad neamhaird de le cúig bliana anuas

agus fós níl an uaillmhian ná an díocas a theastaíonn acu chun dul i ngleic leis. Déanta na fírinne

shéan siad go raibh fadhb ann ar chor ar bith go dtí gur fhorbair sé ina ghéarchéim.

Tá an ceart chun úinéireacht tí ina dhlúthchuid dár bhfís d’Éirinn. Creidimid go bhfuil úinéireacht

d’áite cónaithe go maith do theaghlaigh agus go maith do phobail. Ciallaíonn Éire do Chách

go gcinnteofar go bhfuil an uaillmhian shimplí seo ar fáil do ghnáththeaghlaigh oibre ar fud na

tíre. Síneann sé seo thar gach glúin agus tá sé tuillte ag na daoine a d’oibrigh go crua ar feadh

a saoil ar fad go dtacófaí leo chun maireachtáil go neamhspleách ina náit chónaithe féin a fhad

agus is féidir. Sin é an fáth ar chruthaíomar “Conradh um Maireachtáil Neamhspleách do dhaoine

scothaosta”.

I gcás go leor daoine, tá an sprioc shimplí seo ag imeacht uathu agus géarchéim thromchúiseach

tithíochta sa tír. Tá géarghanntanas soláthair i mBaile Átha Cliath ag cruthú leibhéil chíosa atá

ag méadú as cuimse agus praghsanna tithe atá ag ardú. Tá os cionn 130,000 duine ar liostaí

feithimh na núdarás áitiúil ar fud na hÉireann. Tá ceannaitheoirí céaduaire á mbrú amach

as an margadh mar gheall ar sholáthar teoranta agus ar shrianta creidmheasa. Tá ciorruithe

ar dheontais oiriúnaithe tithe ag cur isteach ar go leor daoine scothaosta agus daoine faoi

mhíchumas, agus ag cur cosc orthu fanacht ina náit chónaithe féin. I gcás daoine a bhfuil áit

ar cíos acu, tá tionóntachtaí éiginnte, lóistín ar dhrochchaighdeán, agus praghsanna atá ag

ardú as cuimse ag cur níos mó agus níos mó brú ar oibrithe óga. Agus a fhad agus atá sé sin ar

fad ag tarlú, tá easpa dídine ag fágáil a loirg ghránna ar ár gcathracha, le 1,500 páiste i lóistín

géarchéime ar fud Bhaile Átha Cliath.

Creidimid go gcaithfear gníomh feadh raon iomlán na nearnálacha tithíochta a chur i bhfeidhm

mar dhlúththosaíocht an rialtais nua agus go gcaithfear tús a chur láithreach le hiarracht

chomhordaithe chun deireadh a chur le heaspa dídine fhadtéarmach. Agus muid sa rialtas

cinnteoimid nach bhfuil sprioc na húinéireachta tí teoranta do ghrúpa beag daoine, ach go

mbeidh sé de chumas ag na glúine uile a bheith ina núinéirí ar áit a dtabharfaidh siad ‘an baile’

air.

113

An Deis chun Úinéireachta a threisiú

Mar gheall ar an mbeartas reatha, tá sé dodhéanta, a bheag nó a mhór, do go leor grúpaí

cuimhneamh fiú ar a náit chónaithe féin a cheannach. Cuirfimid sraith gníomhartha i bhfeidhm

chun an deis a bhaineann le húinéireacht tí a chur ar fáil arís.

Déanfaimid:

(i) Scéim Coigiltis do Cheannaitheoirí Céaduaire a thabhairt isteach le

haghaidh 80,000 Ceannaitheoir Nua

Tá na hathruithe ar chritéir iasachta a shocraigh an Banc Ceannais ag bagairt líon suntasach

de cheannaitheoirí céaduaire a choinneáil amach as an margadh. Tá Fianna Fáil tiomanta do

thacú le ceannaitheoirí céaduaire áit chónaithe d’ardchaighdeán a chinntiú chun tús a chur lena

gclann.

- Tabharfaimid isteach scéim coigiltis do cheannaitheoirí céaduaire chun cabhrú le teaghlaigh

atá i dtús a saoil le chéile teacht ar an airgead a theastaíonn d’éarlais ar a náit chónaithe

nua. Baineann 25% breise a chuirfear i gcuntas coigiltis taiscí speisialta an duine aonair leis

sin. Tá cuntais bunaithe in aghaidh an duine seachas in aghaidh na háite cónaithe mar sin

tá comhcheannaitheoirí i dteideal dhá chuntas coigiltis ar leithligh. Cuirfidh an rialtas 25%

breise sa chuntas, suas go €5,000 ar a mhéad. Is féidir le coigilteoirí €2,000 a lóisteáil ina

gcuntas ar dtús agus lóisteáil €2,000 bhreise amháin a dhéanamh gach bliain, faoi réir na

huasteorann €5,000. Tá uasteorainn €400 le coigilteas míosa, agus i dteannta na lóisteála

€2,000, sin uaschostas €1,700 in aghaidh an chuntais sa chéad bhliain. Is é an costas a

bheadh ar an státchiste, bunaithe ar 16,500 cuntas bliantúil, ná €28.05m in aghaidh na

bliana. Mhéadódh sé sin go €56.1m sa dara bliain agus go €84.15m sa tríú bliain. Is féidir

cuntais a oscailt ar feadh cúig bliana agus caithfear iad a choinneáil oscailte ar feadh 12 mhí

ar a laghad. Chun an tairgead breise a tharraingt as an gcuntas, caithfear áit chónaithe a

cheannach laistigh de 18 mí den uasteorainn a bhaint amach.

(ii) An scéim Faoiseamh Ús Morgáiste a choinneáil

Tá glúin úinéirí tí a cheannaigh a náit chónaithe i lár na 2000idí i mbaol cothromais dhiúltaigh.

Teastaíonn gníomh soiléir chun cabhrú le teaghlaigh atá i dtús a saoil le chéile chun a

núinéireacht tí a chinntiú. Táimid tiomanta do chabhrú le teaghlaigh atá i dtús a saoil le chéile le

tacaíocht chun íoc as costas a morgáiste.

- Coinneoimid an scéim Faoiseamh Ús Morgáiste go dtí 2020 chun cabhrú le húinéirí tí lena

morgáiste. Cosnóidh sé sin €166m. I dteannta na Scéime Coigiltis do Cheannaitheoirí

Céaduaire cinnteoidh sé seo úinéireacht tí do ghlúin iomlán de theaghlaigh óga.

(iii) Dul i ngleic le Riaráistí Morgáiste agus le Rátaí Athraitheacha Morgáiste

Tá géarchéim fhadtéarmach na riaráistí morgáiste ag cur áiteanna cónaithe teaghlaigh i mbaol

agus tá na céadta duine ar fud na tíre gafa leis. Cúis mhór leis an gcás seo atá ag dul in olcas

114

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

agus a mhair ar feadh i bhfad is ea reachtaíocht lochtach an rialtais maidir le dócmhainneacht

phearsanta atá claonta d’aon turas i dtreo na mbanc. Táimid tiomanta d’áit chónaithe an

teaghlaigh a chinntiú agus d’úinéireacht tí a chinntiú d’úinéirí atá ag obair chun an ceann is fearr

a fháil ar riaráistí morgáiste. Déanfaimid:

- Dul i ngleic le Riaráistí Morgáiste

• Ár mBille um Chomhshocraíocht Socraíochta Morgáiste d’Áras an Teaghlaigh a chur i

bhfeidhm, a leasódh an bonneagar a bhaineann leis an réimeas Dócmhainneachta nach

núsáidtear a dhóthain chun comhshocraíocht socraíochta a cheadú maidir le háit chónaithe

an teaghlaigh amháin.

• Córas cleachtóirí dócmhainneachta a mhaoineoidh an stát agus creidiúnaithe a bhunú.

Ghlacfaidíssean le cásanna ina bhfuil cumas íocaíochta an fhéichiúnaí chomh dona sin nach

bhfuil na cleachtóirí dócmhainneachta pearsanta reatha sásta glacadh leis an gcás.

• Ráta úis nialasaigh a chur i bhfeidhm ar an gcuid stóráilte de na morgáistí scoilte uile a

thairgtear do chustaiméirí i riaráistí.

• Cosc a chur ar bhainc ordú athshealbhaithe a fháil fiú má theip air cloí leis an gCód Iompair

um Riaráistí Morgáiste. Cinnteoimid freisin go gcuirfear pionós suntasach ar bhainc agus ar

oifigigh shinsearacha as an gCód Iompair a shárú.

- Rátaí Athraitheacha Úis Morgáiste a laghdú

• Cur ar chumas an Bhainc Ceannais idirghabháil a dhéanamh chun iallach a chur ar bhainc na

rátaí athraitheacha úis iomarcacha a laghdú.

- Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na riaráistí fophríomha:

• Na Spriocanna Réitigh Riaráistí Morgáiste a leathnú go dtí earnáil na morgáistí fophríomha.

• Scéim thiomanta morgáiste chuig cíos a bhunú, a dhíreoidh an grúpa morgáistí sin agus a

d’fhéadfadh díbirt na mílte teaghlach as a náit chónaithe a chosc.

• A éileamh ar an mBanc Ceannais tuarascáil shonrach a fhoilsiú ar an gcaoi a bhfuil úinéirí

reatha na n-iasachtaí fophríomha ag cloí leis an gCód Iompair um Riaráistí Morgáiste. Ba

cheart fíneálacha suntasacha a ghearradh má sháraítear an Cód Iompair.

(iv) Iasachtaí Morgáiste ón gComhar Creidmheasa a fhorbairt

Creidimid go bhfuil ról tábhachtach ag earnáil threisithe an Chomhair Creidmheasa chun cabhrú

le húinéireacht tí.

- Tacóimid le forbairt shamhail nua morgáiste an Chomhair Creidmheasa chun níos mó

iomaíochta a chruthú do na bainc sa mhargadh iasachta morgáistí. Ba cheart ról nua breisithe

do ghluaiseacht an Chomhair Creidmheasa a bhunú ar an tsamhail ar éirigh léi i gCeanada,

ina mbunófar comhlacht nua lárnach a mhaoineoidh Comhair Chreidmheasa áitiúla. Cuirfear

daoine chuig an gcomhlacht seo óna gComhar Creidmheasa féin, a choinneoidh nasc an

eolais áitiúil agus a bhunóidh caighdeán ard de rialú airgeadais lárnach. Féadfar iasachtaí

dar luach €4bn breise a chur ar fáil trí iasachtaí an Chomhair Creidmheasa, a éascóidh 20,000

morgáiste nua.

115

Tógáil do theaghlaigh trí infheistiú i 150,000 áit chónaithe nua faoi

2021 lena náirítear 45,000 aonad tithíochta sóisialta nua

Teastaíonn méadú mór ar sholáthar tithíochta go práinneach anois, agus cuirfimid é sin i

bhfeidhm.

Déanfaimid:

(i) Aire nua Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil a bhunú

Teastaíonn fíorcheannaireacht dhíreach le haghaidh na géarchéime Tithíochta. Cé go raibh Aire

Tithíochta ag bord na Comhaireachta ar feadh trí bliana agus go ndúirt an tAire Comhshaoil

reatha gurb í an tithíocht a chéad tosaíocht, ní féidir teip na ceannaireachta polaitíochta i leith

na tithíochta a shéanadh. Tá raon fadhbanna ilghnéitheacha ag greadadh na leibhéal tógála,

ó chostas ard na tógála, go srianta creidmheasa, go deacrachtaí pleanála. Tá géarghá le cur

chuige soiléir comhbheartaithe ón rialtas i leith na bhfadhbanna sin. Beidh ceannaireacht láidir

sa rialtas atá tiomanta do straitéis fhadtéarmach a chruthú chun córas tithíochta a bhaint amach

a thógann na háiteanna cónaithe cearta sna háiteanna cearta ina tosaíocht d’Fhianna Fáil.

Déanfaimid:

- An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a atheagrú chun Roinn nua Tithíochta, Pleanála agus

Rialtais Áitiúil a chruthú.

- Forbairt pobail agus beartas aeráide a aistriú agus tabhairt faoi mheasúnú ar bhealaí eile

athchóirithe agus an Roinn a dhíriú ar dhúshlán na Tithíochta.

- Tuairisc mhíosúil a sheoladh ar ghníomhaíocht atá le cur i láthair Coiste Comhaireachta um

Thithíochta a mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach air.

- A chinntiú go gcloífidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis an tiomantas go

bhfreagrófar na cinntí maoinithe uile a bhaineann le cúrsaí tithíochta laistigh de 48 uair an

chloig.

- A cheangal ar gach údarás áitiúil tuairiscí míosúla a fhoilsiú ar ghníomhaíocht tithíochta.

(ii) Banna Náisiúnta Tógála Tí a bhunú (NHBB)

Is é an soláthar an phríomhshaincheist a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi. Caithfear

maoiniú a chur ar fáil d’fhorbróirí ar ardchaighdeán chun áiteanna cónaithe compordacha ar

phraghsanna réasúnta a thógáil sna suíomhanna cearta, ar nós Bhaile Átha Cliath agus ceantair

ardéilimh eile.

- Bunóimid gníomhaireacht a rithfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht

Sócmhainní (NAMA) a thógfaidh tithíocht ar mhaithe le brabús a dhéanamh chun freastal

ar riachtanais na gceannaitheoirí céaduaire (FTBanna) i mBaile Átha Cliath agus i gceantair

uirbeacha eile ina bhfuil fadhbanna leanúnacha soláthair dá leithéid.

• Is Meán Sainchuspóirí (SPV) a bheidh sa ghníomhaireacht sin agus beidh ranníocaíocht an

Stáit lena mhaoiniú níos lú ná 50%, a choinneoidh amach ón gclár comhardaithe náisiúnta

116

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

é. Maoineofar an clár go príomha trí bhanna bonneagair faoi bhainistiú Ghníomhaireacht

Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (NTMA), a thiomsóidh caipiteal ó fhoinsí éagsúla:

1) Díreofar airgeadas an Chiste Infheistíochta Straitéisí le hinfheistiú sa bhanna.

2) Díolachán bannaí le hinfheisteoirí ar an margadh oscailte, chun leas a bhaint as na rátaí

bannaí atá ar fáil d’Éirinn agus atá níos ísle ná mar a bhí riamh, agus dúil idirnáisiúnta do

dheiseanna infheistíochta in Éirinn.

3) Tabharfar cuireadh do Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa (ILCU)

comhinfheistiú sa tionscadal. Tá cúlchistí móra airgid acu agus mar infheistíocht a

chuireann le leas an phobail agus a fhreastalaíonn ar riachtanas go leor dá mbaill,

d’oirfeadh sé go maith dá sainordú.

• Bainisteoidh an Meán Sainchuspóirí an fhorbairt. D’fhéadfadh sé a bheith ina

ghníomhaireacht forbartha a fhostaíonn tógálaithe agus fochonraitheoirí go díreach, nó

d’fhéadfadh sé forbróirí a fhostú chun oibriú dó. San uile chás úsáidfear rialú costas chomh

maith agus a úsáideadh é i dtionscadail tógála bóithre an Údaráis um Bóithre Náisiúnta, gan

aon athidirbheartaíocht posthoc ar phraghsanna agus gan aon luach saothair airgeadais as

moill ar an obair.

• Beidh foireann bheag thiomanta athbhreithnithe agus taighde ag an ngníomhaireacht a

chinnteoidh tithíocht d’ardchaighdeán agus a leanfaidh an deachleachtas idirnáisiúnta i

maoirsiú tógála – úsáidfidh siad an clár chun caighdeán na tógála in Éirinn a ardú agus iad

ina bhun.

• Féadfaidh an ghníomhaireacht talamh atá faoi úinéireacht an stáit cheana féin a úsáid

má bhíonn sí oiriúnach, ach cuirfear costas an láithreáin san áireamh sa phraghas deiridh

díolacháin – ó thús deireadh, reáchtálfar an próiseas seo ar mhaithe le brabús a dhéanamh.

(iii) Forbairt Chónaithe i Láir Bailte a spreagadh

Tá láir bailte faoi bhrú mar gheall ar rátaí arda de réadmhaoine tráchtála folmha agus mar go

bhfuil an daonra atá ina gcónaí i gcroílár an bhaile ag dul i léig.

- Cinnteoimid go gcuirtear ar chumas na nÚdarás Áitiúil ceadanna solúbtha a thabhairt isteach

a éascóidh athrú éasca ó aonaid tráchtála fholmha go haonaid chónaithe. Ba cheart d’Údaráis

Áitiúla cuimhneamh freisin ar infheistiú ina leithéid d’aonaid ar mhaithe leis an tithíocht

shóisialta chun meascán sóisialta i lár an bhaile a spreagadh.

(iv) An ceart chun cónaí faoin tuath in Éirinn a threisiú

Ní féidir ceantair thuaithe na hÉireann a fhágáil ar lár sa tógáil amach anseo. Tá sé de cheart

ag daoine áitiúla a bheith ina núinéirí tí ina bpobal agus a gclann a thógáil ann. Tá Fianna Fáil

tiomanta do cheart mhuintir na háite chun a dteach féin a thógáil agus a bheith acu ina bpobal

féin a chosaint.

- Treiseoimid an tAcht um Pleanáil agus Forbairt chun an buncheart sin a chosaint agus chun

an dualgas a chur ar na húdaráis áitiúla bealach soiléir trédhearcach a chur ar fáil do mhuintir

117

na háite ó phobal chun tógáil ann agus a bheith ina núinéirí tí ann. Cuirfidh tionscnamh nua

comhroinnte láithreán talamh ar fáil i ngach ceantar áitiúil do mhuintir na háite ionas go

mbeidh siad in ann a dtithe féin a thógáil.

(v) Soláthar na náiteanna cónaithe teaghlaigh a mhéadú

Tá géarghanntanas tithíocht teaghlaigh ann, go háirithe i gceantar Bhaile Átha Cliath.

Chuimhneodh go leor lánúineacha scothaosta a bhfuil a gclann tógtha acu agus iad ina gcónaí

ina náit chónaithe féin ar a dtithe teaghlaigh ina bhfuil trí nó ceithre sheomra leapa a dhíol agus

bogadh go teach níos lú nó go hárasán. I gcomhar leis an mbeart seo, molaimid “Conradh um

Maireachtáil Neamhspleách” nua lenár muintir scothaosta chun a chinntiú gur féidir leo cónaí ina

bpobal.

- Tabharfaimid isteach Dreasachtaí do dhaoine ar mian leo bogadh go háit níos lú i gcásanna

mar sin, is é sin:

• Díolúine a thabhairt don díoltóir ó dhleacht stampála ar cheannach áit cónaithe nua faoi réir

uasteorainneacha i dtéarmaí méide agus luach.

• Díolúine a thabhairt don díoltóir ó Cháin Maoine Áitiúil ar a náit chónaithe nua ar feadh cúig

bliana.

(vi) Leibhéil Dlúis a leasú

Ba cheart go gcloíodh tógáil tithíochta le treoirlínte pleanála inbhuanaithe. Tá critéir throma

dlúis d’aonaid ag cur cosc ar leibhéil tógála agus ag cur le méadú praghsanna a bhrúnn lucht

meánioncaim agus ísealioncaim as an margadh.

- Leasóimid na leibhéil dlúis agus tabharfaimid critéir dlúis bunaithe ar leapacha isteach

ina náit más cuí chun feidhmiú mar bhonn agus mar thaca do cheadanna pleanála sa

todhchaí. Coinneofar na leibhéil dlúis i láir cathracha chun a chinntiú go dtugtar aghaidh ar

fhadhbanna soláthair agus go gcuirtear srian ar shraoilleáil uirbeach.

(vii) Criosanna uathoibríocha ‘úsáid é nó caill é’ le haghaidh ceadanna

pleanála a thabhairt isteach

Caithfear áiteanna cónaithe a thógáil i mBaile Átha Cliath. Ach caithfimid áiteanna níos fearr a

thógáil ná mar a tógadh le cúpla scór bliain anuas. Teastaíonn margadh tithíochta ó Fhianna Fáil

a thugann luach saothair as áiteanna cónaithe d’ardchaighdeán a thógáil seachas as cruinniú

talún agus as amhantraíocht.

- Tabharfaimid isteach trédhearcacht níos fearr i margadh na talún agus tabharfaimid

cumhachtaí nua ‘úsáid é nó caill é’ d’údaráis áitiúla chun forbróirí a spreagadh le tógáil agus

le stop a chur le cruinniú talún. Spreagfaimid na comhairlí i mBaile Átha Cliath le láithreáin

bheaga fholmha sa chathair agus sna bruachbhailte istigh a chriosú mar áit chónaithe le

ceadanna uathoibríocha pleanála laistigh de na rialacháin tógála, ach go ngabhfadh an

stádas sin i léig laistigh de dhá bhliain mura núsáidfí é.

118

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

Áiteanna chónaithe a chruthú don uile dhuine trí 45,000 Aonad

Tithíochta Sóisialta nua a thógáil

I ngach bliain den rialtas seo tá líon na naonad tithíochta sóisialta a cuireadh ar fáil tar éis

laghdú. Ó 20112014 tháirg siad 1,500 aonad nua i gcomparáid le 15,000 ó 20072010.

Déanfaimid:

(i) Clár Tógála Tithe nua dar luach €5.4bn a thosú

Seolfaidh Fianna Fáil clár nua tógála tithe dar luach €5.4bn ar fud na hÉireann go dtí 2021.

Ní féidir aghaidh a thabhairt i gceart ar an líon daoine atá ag dul i méad ar liostaí feithimh

na tithíochta sóisialta agus an tionchar dá réir ar an margadh príobháideach go dtí go bhfuil

straitéis i bhfeidhm a bhfuil an soláthar mar bhuntosaíocht inti. Cuirfidh ár bplean uaillmhianach

10,000 aonad breise leis an 35,000 aonad a d’aithin an rialtas i dTithíocht Shóisialta 2020.

Cuirfidh sé seo tithíocht shóisialta ar fáil go díreach trí údaráis áitiúla agus trí chumainn

tithíochta dheonacha a mhaoinítear tríd an státchiste.

Déanfaimid:

- €334m os cionn an leibhéil reatha a infheistiú in aghaidh na bliana chun sprioc an 45,000

aonad a mhaoiniú. Tá géarghá le háiteanna nua cónaithe a thógáil chun dul i ngleic leis

na liostaí feithimh atá ag méadú as cuimse chun go mbainfear amach an ceart chun áit

chónaithe don uile shaoránach. Cabhróidh sé freisin le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist

a bhaineann le breis agus 70,000 duine a fhaigheann cúnamh tithíochta a chuireann brú

breise ar an margadh príobháideach tithíochta.

- An clár nua tógála tí a stiúradh, clár atá le cur i dtoll a chéile ag na húdaráis áitiúla i gcomhairle

leis an Roinn Comhshaoil bunaithe ar éileamh. Ní mór don chlár tithíochta saintréith

éagsúlaithe an riachtanais tithíochta a léiriú, ó theaghlaigh duine aonair go lánúineacha

scothaosta. Caithfear tithe tuaithe a thógáil freisin chun a chinntiú go dtugtar beocht nua

isteach sna pobail níos iargúlta. Tabharfar aghaidh ar lochtanna sna pleananna cóiríochta

áitiúla don Lucht Siúil sa reachtaíocht.

- Cead a thabhairt d’Údaráis Áitiúla an meascán de thithíocht shóisialta agus de thithíocht

inacmhainne a theastaíonn sa chlár tógála tithe a chinneadh bunaithe ar an riachtanas áitiúil.

(ii) Cuid V a thabhairt ar ais go hiomlán

Tacaíonn Fianna Fáil leis an bprionsabal go gcoinneofaí Cuid V go hiomlán mar fhoinse mhór

soláthar tithíochta sa todhchaí. Tá ról tábhachtach le himirt ag tithíocht tionóntachta measctha

i bpobail inbhuanaithe a thógáil. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag Údaráis Áitiúla an

meascán cuí a chinneadh, bunaithe ar bhreithnithe áitiúla ach ba cheart é a choinneáil ag 20%

ar a mhéad. Déanfaimid:

- Cuid V a thabhairt ar ais ag 20%.

- Foirne Chuid V a chruthú i ngach údarás áitiúil, ag tarraingt as na rannóga tithíochta agus

pleanála chun cur chuige comhleanúnach a chinntiú. Beidh sé de chúram orthu spriocanna

119

agus pleananna bliantúla a fhorbairt, a chinntiú go sínítear conarthaí go sciobtha, aistriú

gasta aonad a réiteach agus tarraingt ar na pleananna forbartha chun a dtógáil a dhíriú ar na

suíomhanna cearta. Tabharfaidh na foirne forbróirí agus cumainn tithíochta le chéile chun

a chinntiú gur féidir glacadh le dearadh sábháilte, suíomh, amlínte agus saincheisteanna

aistrithe.

D’fhéadfadh Cuid V suas le 12,000 aonad nua a tháirgeadh thar chúig bliana má bhaintear

amach an sprioc de 110,000 aonad nua príobháideach, a mbeadh 60,000 díobh incháilithe faoi

chritéir Chuid V. Úsáidfear an clár tithíochta sóisialta dar luach €5.4bn chun na haonaid sin a

cheannach ar an gcostphraghas.

(iii) Airgeadas Cumainn Tithíochta a fhorbairt

Is meán ríthábhachtach iad Cumainn Tithíochta chun níos mó aonad a sheachadadh chun

freastal ar éilimh tithíochta sóisialta. Tá srian orthu faoi láthair mar gheall ar rochtain theoranta

ar airgeadas agus mar gheall ar easpa barainneachtaí scála. Déanfaimid:

- Leas a bhaint as an taithí i dTuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe chun Bannaí

Cumainn Tithíochta a fhorbairt chun cur ar chumas na gcumann rochtain a fháil ar

thacaíocht airgeadais neamhspleách ar chúnamh díreach stáit. Spreagfaidh na bannaí sin

smaointeoireacht airgeadais níos láidre sna cumainn bunaithe ar phleanáil fhónta agus ar

shruthanna ioncaim sa todhchaí. Maolóidh sé freisin an brú láithreach ar an stát chun na

forbairtí suntasacha scála uile a mhaoiniú. Tabharfaidh an stát ráthaíocht pháirteach do na

bannaí chun na costais iasachta a laghdú.

- An Ciste Infheistíochta Straitéisí a oscailt agus cur ar chumas cistí infheistíochta

príobháideacha infheistiú in eisiúint bannaí Cumainn Tithíochta. Déanfar é seo sa bhreis

ar an gclár Tithíochta Sóisialta dar luach €5.4bn. Tá os cionn €8 billiún de chistí barrachais

ag Comhair Chreidmheasa faoi láthair thar ceann a mball i dtaiscí agus in infheistíochtaí.

Oibreoidh Fianna Fáil le comhair chreidmheasa agus leis an mBanc Ceannais chun cuid de na

cistí sin a úsáid le haghaidh soláthar díreach tithíochta sóisialta.

- Reachtaíocht a thabhairt isteach chun rialachán na gcumann tithíochta a bhfuil de dhualgas

orthu tithíocht shóisialta a sheachadadh a threisiú, a neartú agus a mhonatóiriú chun na

caighdeáin is airde de rialachas agus de chuntasacht a choinneáil.

(iv) Aonaid Aistrithe NAMA a chruthú

Tá ról sonrach ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) chun

díbhinn shóisialta leathan a sholáthar don stát. Ba cheart tabhairt go láidir faoi aonaid nár

aistríodh go dtí seo ar mhaithe le haistriú na réadmhaoine go húdaráis áitiúla chun cabhrú leis

an liosta feithimh do thithíocht shóisialta. Déanfaimid:

- Aonad aistrithe NAMA a bhunú i ngach Údarás Áitiúil ag tarraingt ar chomhaltaí foirne ó na

rannóga áitiúla, ón Roinn Comhshaoil agus ó NAMA.

- Beidh sé de chúram ar na foirne sin dlús a chur le haistriú áiteanna cónaithe ó NAMA go

120

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

dtí na hÚdaráis Áitiúla agus go cumainn tithíochta. Caithfear solúbthacht níos mó a léiriú

maidir leis na critéir tógála a úsáidtear. Beidh sé de chúram ar na foirne freisin pleananna

forbartha don todhchaí a dhréachtú do thailte NAMA chun a chinntiú go mbíonn ról lárnach

acu in aghaidh a thabhairt ar easnaimh tithíochta sna háiteanna cearta. Cuirfidh na foirne

spriocanna, gníomhartha agus amlínte sonracha i bhfeidhm agus coinneoidh na húdaráis

áitiúla cuntasach iad.

(v) Scéim Athchóirithe nua do Thithe Folmha / Tréigthe a thabhairt isteach

Tá meath ar stoc tithíochta iomlán na nÚdarás Áitiúil atá ar fáil mar gheall ar an líon mór tithe

folmha ar fud na tíre. Ba cheart d’Údaráis Áitiúla ligeann do theaghlaigh ar an liosta feithimh

bogadh isteach sna tithe sin agus iad a athchóiriú.

- Tabharfaimid isteach reachtaíocht chun gur féidir íoc as costais an athchóirithe de réir a chéile

trí chíosanna laghdaithe. Cuirfidh sé seo níos mó aonad ar fáil chun dul i ngleic leis na liostaí

feithimh agus laghdóidh sé freisin na costais láithreacha ar na húdaráis áitiúla.

(vi) Comhaontú Glas nua a chruthú

Tá géarghá le tiomantas níos déine anois chun Éire a chur i dtreo soláthar fuinnimh níos glaine

agus níos inbhuanaithe. Ar aon dul lenár gceanglais leathnaithe i leith athrú aeráide faoi

chomhaontú Pháras caithfimid go leor dár stoc tithíochta a aisfheistiú chun an éifeachtúlacht

fuinnimh is fearr is féidir a chinntiú.

- Leasóimid ról Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, chun é a fhorbairt laistigh de

Ghníomhaireacht an Chomhaontaithe Ghlais a mbeidh de chúram uirthi Ciste Forbraíochta

Réigiúnaí na hEorpa, Cistí Comhtháite an AE agus cistí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

a rochtain chomh maith le hairgeadas príobháideach. Beidh sé de chúram ar an

ngníomhaireacht scéim nua níos simplí atá éasca le rochtain a mhaoiniú do na cineálacha

tionóntachta uile a athróidh úsáid fuinnimh ag an mbaile in Éirinn ó bhun. Tabharfaidh an

ghníomhaireacht faoi obair i réimsí éagsúla.

Samhail na Tithíochta Sóisialta

- Tabharfaidh Fianna Fáil isteach samhail nua ‘Íoc mar a Úsáidtear’ bunaithe ar eiseamláir

Klimabonus na Gearmáine chun tithíocht shóisialta a athchóiriú ar fud na tíre. Beidh an

160,000 teach sóisialta reatha sa tír incháilithe don mhaoiniú. Beidh Údaráis Áitiúla in ann

an scéim a mhaoiniú trí Ghníomhaireacht nua an Chomhaontaithe Ghlais de chuid Údarás

Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.

Samhail na Tithíochta Príobháidí agus Ar Cíos

- Cuirfidh Gníomhaireacht an Chomhaontaithe Ghlais iasachtaí ar chostas íseal ar fáil d’úinéirí tí

príobháideacha agus do thiarnaí talún mar dhreasacht d’infheistíocht i dtionscnaimh ghlasa

ar a náiteanna cónaithe. Is é an príomhmhaoiniú a bheidh ar fáil don scéim meicníocht ‘íoc

mar a shábháiltear’ ina núsáidfear na billí laghdaithe fuinnimh chun aisíoc as an iasacht

bhunaidh.

121

Cabhrú le Glúin an Chíosa

Tá géarchéim os comhair earnáil na cóiríochta príobháidí ar cíos i dtéarmaí soláthair agus

slándála. Tá sé seo tar éis costais a ardú agus an bonn a bhaint ón earnáil. Tá géarghá le gníomh.

Déanfaimid:

(i) Tionóntacht Teaghlaigh a bhunú chun slándáil a threisiú do theaghlaigh

agus do thionóntaí fadtéarmacha a bhfuil a náit chónaithe ar cíos acu

Is fadhb mhór í an easpa slándála i dtéarmaí tionóntachta a chuireann cosc ar mhargadh láidir

iontaofa cóiríochta ar cíos a fhorbairt in Éirinn. Murab ionann is an gnáthrud san Eoraip, léasanna

gearra aon bhliana a bhíonn sna léasanna in Éirinn go hiondúil. Cruthaíonn sé sin éiginnteacht

mhór do theaghlaigh agus do dhaoine eile a bhfuil cóiríocht ar cíos acu go fadtéarmach, a

laghdaíonn an seans go mbeidís siúd nach í úinéireacht tí a gcéad rogha róthógtha le cóiríocht

ar cíos. Teastaíonn seasmhacht agus cinnteacht ó theaghlaigh le páistí go háirithe, seachas an

cás reatha inar féidir deireadh a chur le tionóntacht go tobann. Déanfaimid:

- Reachtaíocht a thabhairt isteach a chumhdóidh léas fadtéarmach “tionóntacht teaghlaigh”

chun Cuid 4 den Bhille um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 a leasú. Go sonrach, áirítear leis seo

deireadh a chur leis an timthriall tionóntachta ceithre bliana, i dtreo léasanna níos éiginnte

a fheabhsóidh slándáil tionóntachta. Bheadh tiarnaí talún agus tionóntaí in ann glacadh le

léasanna éiginnte dá ndeoin féin ar mhaithe leo beirt. Déanfar measúnú ar an tionchar a

bheidh aige seo tar éis 18 mí agus leasófar é más gá.

- Tiarnaí talún a spreagadh le clárú le haghaidh dreasachtaí cánach ar nós faoiseamh ús

morgáiste 87.5% in aghaidh ioncam cíosa ag costas €26m.

(ii) Aonaid ar cíos réasúnta a sheachadadh d’oibrithe bunriachtanacha

Tá Fianna Fáil tiomanta d’fhíormheascán sóisialta a bhaint amach i bhforbairtí, ag imeacht ó

thithíocht leasa shóisialaigh amháin. Cabhróidh earnáil cóiríochta ar cíos réasúnta a chuirtear

ar leataobh do theaghlaigh ísealioncaim agus d’oibrithe bunriachtanacha ar ioncam teoranta le

forbairtí nua spleodracha a thógáil. Áireofar leis seo infheistíocht phríobháideach a mhealladh

go tionscadail tógála a rithfidh Cumainn Tithíochta Dheonacha ansin. Cuirfear 25% de na

haonaid sin ar leataobh do thithíocht shóisialta agus 75% d’oibrithe bunriachtanacha ar ioncam

teoranta ar nós Gardaí, Altraí, oibrithe tógála, etc. Socrófar an cíos ag 7080% den ráta margaidh.

Déanfaimid:

- An infheistíocht seo a éascú trí chur ar chumas na núdarás áitiúil comhaontaithe ráthaíochta

gníomhaithe a bhunú má theipeann ar an gCumann Tithíochta Deonach a cheanglais

a chomhlíonadh. Ina theannta sin, coigeartóidh an tAire Coimirce Sóisialaí na rialacha a

bhaineann le sócmhainní cúlchiste pinsin chun ligean do chistí pinsin infheistiú san earnáil

nua sin. Cabhróidh earnáil cóiríochta ar cíos réasúnta le hoibrithe bunriachtanacha a

choinneáil sa chathair agus le dul i ngleic le liostaí feithimh na tithíochta sóisialta.

122

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

(iii) Caighdeán na cóiríochta a fheabhsú le Teastas Caighdeáin an Údaráis

Áitiúil

Saincheist mhór do go leor tionóntaí is ea caighdeán na cóiríochta. Níor cheart go ligfí don

earnáil cóiríochta ar cíos meath i dtéarmaí caighdeáin agus compoird. Tá áit chónaithe a mbeidís

bródúil as tuillte ag gach teaghlach.

- Tabharfaimid isteach Teastas Caighdeáin an Údaráis Áitiúil a eiseofar gach trí bliana chun

cabhrú le leibhéal láidir d’áiteanna cónaithe d’ardchaighdeán a thógáil. Ba cheart go mbeadh

an teastas bunaithe ar chóras pointí thar raon critéar, ar nós insliú, soláthar uisce, caighdeán

áiseanna an teaghlaigh, etc. Cosnóidh an córas nua teastais €10m agus cuirfear i bhfeidhm é

cosúil leis an gcóras BER chun a chinntiú go gcoinnítear na caighdeáin is airde i gcóiríocht ar

cíos.

(iv) Cearta an tionónta a threisiú agus bearta cinnteachta cíosa a chur i

bhfeidhm

Tá praghsanna cíosa atá ag méadú as cuimse ag brú teaghlach amach as a náiteanna cónaithe,

ní hacmhainn d’oibrithe óga cónaí sna cathracha dá mbarr, agus tá infheistíocht fhéideartha sa

todhchaí á cur ó dhoras sa chathair. Ní mór dúinn bearta a thabhairt isteach chun an margadh a

cheansú agus chun arduithe iomarcacha ar chíos a mhaolú. Teastaíonn slándáil fheabhsaithe ó

thionóntaí chun seasmhacht ina náit chónaithe a chinntiú. Déanfaimid:

- Bearta cinnteachta cíosa reatha a chur i bhfeidhm faoi réir clásal éagtha dhá bhliain chun an

margadh a cheansú agus ligean don soláthar teacht ar bord. Seachnóidh sé seo tuilleadh

éiginnteachta sa mhargadh, praghsanna ardaithe agus moill ar infheistíocht. Déanfar

athbhreithniú iomlán ar an reachtaíocht ansin chun a tionchar ar an margadh a thomhas

agus chun a chinneadh an dteastaíonn sí fós.

- Na critéir maidir le fógra imeachta a dhéanamh níos géire. Faoi láthair tá an raon leathan

cúiseanna is féidir le daoine atá ag íoc cíosa a chur ar a náit chónaithe ag baint an bhoinn ó

chearta na dtionóntaí agus ag laghdú a seasmhachta. Beidh fógraí imeachta a gcuireann

tionóntaí ina naghaidh faoi réir athbhreithniú PRTB. Beidh ar thiarnaí talún fianaise a

thabhairt go bhfuil sé i gceist acu an réadmhaoin a dhíol. Ina theannta sin, treiseofar an

tseasmhacht ach tréimhse an fhógra imeachta a leathnú go sé mhí i gcásanna léasanna níos

faide ná trí bliana. Leathnófar fógra fágála tionóntaí freisin go dhá mhí i gcás léasanna níos

faide ná bliain amháin chun cúrsaí seasmhachta a fheabhsú do thiarnaí talún.

(v) PRTB a athrú ó bhonn

Chun cearta agus freagrachtaí a athchothromú idir tiarnaí talún agus tionóntaí caithfear cur

le ról an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB) le hacmhainní breise. Tá

an rialtas tar éis a fhoireann a laghdú arís is arís eile le ceithre bliana anuas, agus anois níl sé in

ann dul i ngleic go héifeachtach le gearáin ná le saincheisteanna níos leithne. Tá tionóntaí agus

tiarnaí talún ag fulaingt de bharr tréimhsí fada feithimh agus tacaíocht nach bhfuil maith go leor

dá bharr. Déanfaimid:

123

- PRTB a athchóiriú le dualgais bhreise agus méadú ar acmhainní chun a chinntiú go bhfuil sé

in ann tabhairt faoina obair go héifeachtach.

- Tréimhsí feithimh gearáin a laghdú mar thosaíocht do PRTB athchóirithe.

- Cumas agus sainchúram bailithe sonraí PRTB a leathnú i dtéarmaí comparáid ar chíosanna

agus beidh géarghá le cabhrú le hÚdaráis Áitiúla in iniúchtaí dearbhaithe cáilíochta chun

margadh na cóiríochta príobháidí ar cíos a athrú ó bhun.

- An leathnú sin a nascadh le feasacht níos fearr ar chearta agus ar fhreagrachtaí tionóntaí. Tá

sé tábhachtach na meáin thraidisiúnta agus shóisialta a úsáid chun eolas níos fearr a chruthú

faoi chearta tionóntaí chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag na teaghlaigh uile ar a bhfuil siad

ina theideal de réir an dlí.

Maoineofar na bearta sin laistigh d’ioncam táille clárúcháin PRTB.

124

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

Deireadh a chur le heaspa dídine fhadtéarmach faoi 2021

Ba cheart go mbeadh deireadh a chur le heaspa dídine fhadtéarmach ina bhuntosaíocht don

chéad rialtas eile.

Déanfaimid:

(i) A chinntiú go bhfuil aonaid tithíochta sóisialta nua ina gcuid den Bheartas

‘An Baile ar dTús’

Léiríonn ár gcuspóir chun deireadh a chur le heaspa dídine fhadtéarmach faoi 2021 uaillmhian

spreagthach go gcaithfear an uile shaoránach a áireamh nuair atá “Éire do Chách” á tógáil

agus go gcaithfear bunchaighdeán cuibhiúlachta a bhaint amach. Caithfimid fíoruaillmhian a

aimsiú arís chun dul i ngleic le fadhbanna sóisialta tromchúiseacha ar nós na heaspa dídine,

seachas dul i dtaithí orthu agus neamhaird a dhéanamh díobh. Tabharfar aghaidh ar an bhfadhb

fhadtéarmach a bhaineann le haonaid inacmhainne a sholáthar do theaghlaigh trí 45,000

aonad nua tithíochta sóisialta a thógáil faoi 2021. Tá géarghá le comhordú sna húdaráis áitiúla

chun a chinntiú go gcuirtear na háiteanna cónaithe sin ar fáil do theaghlaigh leochaileacha a

shleamhnaigh tríd an gcóras riaracháin agus atá gan dídean de bharr brú uafásach. Tá géarghá

leis an straitéis “An Baile ar dTús” mar bhonn agus mar thaca do réiteach fadtéarmach ar an

cúiseanna casta a mbíonn go leor teaghlach agus daoine aonair gan dídean.

Déanfaimid:

- A chinntiú go gcuirtear an 45,000 aonad tithíochta sóisialta nua a theastaíonn ar fáil mar

chuid den straitéis “An Baile ar dTús”.

- Dóthain maoinithe a leithdháileadh chun tús áite a thabhairt d’aghaidh a thabhairt ar

dhaoine a bheith ina gcodladh ar an tsráid.

(ii) Leibhéil na Liúntas Cíosa a mhéadú chun tacú le teaghlaigh leochaileacha

I dteannta raon beart a bhaineann le soláthar, béim ar “an mBaile ar dTús” agus bearta cinnteacht

cíosa, teastaíonn beart breise gearrthéarmach chun an méadú ar líon na ndaoine gan dídean a

chosc. Ach leibhéil na liúntas cíosa a threisiú ag díriú ar na cathracha agus faoi réir athbhreithniú

leanúnach cabhrófar le teaghlaigh atá i mbaol a choinneáil ón easpa dídine.

- Méadóimid leibhéil na liúntas cíosa faoi 10% ar fud na tíre chun tacú le teaghlaigh

leochaileacha ar chostas €32m. Díreofar an méadú sin ar Bhaile Átha Cliath agus ar cheantair

eile ina mbíonn an cíos ard.

125

“Conradh um Maireachtáil Neamhspleách” a bhunú do dhaoine

scothaosta

Déanfaimid:

(i) Tiomantas a thabhairt do “Chonradh um Maireachtáil Neamhspleách” do

dhaoine scothaosta

I ndiaidh dóibh oibriú go crua agus a gclann a thógáil, tá saol iomlán lán dínite tuillte ag na

daoine scothaosta inár dtír. Cabhróidh dul chun cinn a bhfuil fáilte mhór roimhe le daoine

scothaosta saol gníomhach níos faide a bheith acu. Féadfaidh daoine a bhaineann aois an

phinsin amach a bheith ag súil le neart blianta eile de shaol gníomhach agus folláin. Cuireann

sé seo deis iontach ar fáil don stát chun tacú le daoine atá ag dul in aois go gníomhach agus le

maireachtáil neamhspleách agus chun iad a spreagadh.

- Táimid tiomanta do “Chonradh um Maireachtáil Neamhspleách” do na daoine scothaosta inár

dtír a chinnteoidh gur féidir le daoine atá níos sine 65 bliana d’aois fanacht ina náit chónaithe

féin más féidir nó cóiríocht a chur ar fáil in áit chónaithe shábháilte, dhaingean agus oiriúnach

chun blianta deireanacha a saoil a chaitheamh ina bpobal. Táimid tiomanta do thacú le

daoine scothaosta chun maireachtáil go neamhspleách a fhad agus is féidir.

(ii) Cúrsaí airgeadais daoine scothaosta a chinntiú

Chuir an rialtas seo isteach ar dhaoine scothaosta arís is arís eile. Tá na ciorruithe ar dheontais

Oiriúnaithe Tithe, deireadh leis an deontas Méala, méadú faoi cheathair ar tháillí oidis, laghdú

ar líon na gcártaí leighis, deireadh leis an liúntas Gutháin, tar éis cur isteach go mór ar dhaoine

scothaosta ar ioncam seasta. Ciallaíonn “Éire do Chách” go gcuirtear ar chumas daoine

scothaosta saol iomlán, neamhspleách a bheith acu. Tá slándáil airgeadais ina bunchuid de sin.

Cabhróidh sé sin le teaghlaigh a choinneáil le chéile thar an uile ghlúin agus le pobail a threisiú.

Is é an pinsean stáit an bhunchloch do chúrsaí airgeadais daoine scothaosta, braitheann siad

air chun a mbillí a íoc agus chun maireachtáil ó sheachtain go seachtain. Tá géarghá leis chun a

chinntiú go mbíonn saol iomlán neamhspleách ag daoine scothaosta. Tugtar costas raon beart

san fhorógra, a dtugtar achoimre air thíos, a rachaidh chun leasa daoine scothaosta go díreach ó

thaobh a gcúrsaí airgeadais de agus a chinnteoidh a mbuiséid. Déanfaimid:

- An pinsean stáit ranníocach agus neamhranníocach a mhéadú €30 in aghaidh na seachtaine

- An liúntas Maireachtála Aonair a mhéadú €6 ó €9 go €15

- Deireadh a chur le táillí uisce, ar fiú €60 é do dhuine scothaosta a chónaíonn leis/léi féin agus

€160 do lánúin scothaosta

- Deireadh a chur le táillí oidis

- Teorainn na scéime íocaíochta drugaí a laghdú go €100

- Reifreann bunreachta a reáchtáil chun cistí pinsin príobháideacha a chosaint ó mhuirir rialtais

- An aimhrialtacht i bpinsin ranníocacha a iniúchadh

126

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

(iii) Pacáistí Cúram Baile a mhéadú

Creideann Fianna Fáil go gcuireann an maoiniú a leithdháiltear chun cur ar chumas daoine

scothaosta fanacht sa bhaile ní amháin an luach is fearr ar airgead ar fáil, ach an toradh is daonna

do dhaoine scothaosta freisin. Mar chuid dár dtiomantas chun a chinntiú go bhfanann daoine

scothaosta neamhspleách ina náit chónaithe féin a fhad agus is féidir.

- Tabharfaimid isteach 3,500 pacáiste cúram baile breise agus níos mó uaireanta cúntóir baile

chun cabhrú le daoine scothaosta fanacht sa bhaile ar chostas €93m.

(iv) Deontais Oiriúnaithe Tithe a thabhairt ar ais

Caithfimid infheistiú i gcabhrú le daoine scothaosta cónaí ina náit chónaithe féin lena

dteaghlaigh, ina bpobail. Ní chaithfear an méid céanna airgid ar chúram fadtéarmach ar

deireadh má chaitear airgead ar dheontais oiriúnaithe tithe. Déanfaidh muid na nithe seo a

leanas:

- An deontas oiriúnaithe tithe a thabhairt ar ais go hiomlán le €25.5m chun cur ar chumas

daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas cónaí go neamhspleách ina náit

chónaithe féin.

- Spriocanna a shocrú do thréimhsí feithimh a fhoilseofar ar líne gach ráithe chun a chinntiú go

gcoinnítear aon mhoill chomh gearr agus is féidir agus go malartaítear deachleachtas i measc

údaráis áitiúla.

(v) Cóiríocht Speisialta do Dhaoine Scothaosta a chur chun cinn

Ag tógáil ar an Tionscnamh Tí Fholaimh a chuireann ar chumas daoine scothaosta bogadh

go háit chónaithe níos lú más maith leo, tá sé tábhachtach cóiríocht speisialta do dhaoine

scothaosta a chur chun cinn. Beidh cóiríocht speisialta i gcroí an phobail agus ligfidh sí do

dhaoine scothaosta maireachtáil ann go neamhspleách agus go gníomhach. Má chruthaítear

aonaid speisialta beifear in ann cúram níos éifeachtaí a thabhairt freisin ar nós cúnamh baile

agus aonrú a laghdú. Déanfaidh muid na nithe seo a leanas:

- A chinntiú go ndéantar idirbheartaíocht le forbróirí príobháideacha forbairtí bunaithe ar

chúram chun socruithe malartacha a chinntiú le haghaidh cheanglais Chuid V do chóiríocht

shonrach do dhaoine scothaosta, chun foráil shóisialta shonrach do dhaoine scothaosta a

éascú.

- An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a leasú chun foráil a chur ann le haghaidh cóiríocht

speisialta do dhaoine scothaosta i bpleananna forbartha.

(vi) Tacú leo siúd a dteastaíonn uathu oibriú agus iad níos sine ná 65 bliana

d’aois

Leagtar béim sa “Chonradh um Maireachtáil Neamhspleách” ar an ngá atá le cur ar chumas

daoine scothaosta saol iomlán agus gafa a bheith acu. I gcás go leor daoine, bainfidh sé seo le

leanúint ar aghaidh san ionad oibre de réir mar is maith leo agus mar is féidir. Tá daoine ann atá

127

níos sine 65 bliana d’aois agus ar bhreá leo leanúint ar aghaidh ag cur go mór le cuideachta nó

leis an tseirbhís phoiblí.

- Oibreoimid i dtreo deireadh a chur le scor éigeantach daoine ag 65 bliana d’aois agus é a

dhéanamh mídhleathach iallach a chur ar dhuine dul ar scor ag 65 bliana d’aois nó os a

chionn seachas má tá cúinsí soiléire sonraithe ann a thugann údar do scor éigeantach dá

leithéid, ar nós inniúlachta agus feidhmíochta. D’fhéadfaí gairmeacha beatha áirithe a shainiú

mar ghairmeacha nach mbainfeadh leis seo ar bhonn réasúnach.

(vii) Cúnamh dífhostaíochta sonrach dóibh siúd atá níos sine ná 50 bliain

d’aois

Bíonn deacrachtaí faoi leith ag daoine atá níos sine ná 50 bliain d’aois post nua a fháil i ndiaidh

iomarcaíochta. Braitheann go leor díobh go bhfuil siad á mbrú as an lucht oibre de bharr

aoiseachais agus claontachta in aghaidh oibrithe scothaosta. Caithfimid tosú ag smaoineamh

go cruthaitheach faoin gcaoi le gnólachtaí a spreagadh le hoibrithe a bhfuil taithí agus scileanna

sonracha acu a fhostú.

Déanfaimid:

- Sainordú sonrach a thabhairt do Intreo chun cabhrú go dearfach leo siúd atá níos sine ná 50

bliain d’aois chun fostaíocht a rochtain. Tá cuideachtaí earcaíochta gairmiúla agus faofa níos

feasaí faoin raon folúntais poist san earnáil phríobháideach is fearr do dhaoine atá níos sine

ná 50 bliain d’aois agus faoi riachtanais post dá leithéid.

- Scéim a thabhairt isteach ina n-earcóidh Intreo cuideachtaí Earcaíochta ar bhonn réigiúnach

chun comhairle agus cúnamh a chur ar fáil dóibh siúd atá níos sine ná 50 bliain cur isteach ar

phoist le híocaíocht a bhainfidh go suntasach le socrúcháin rathúla.

(viii) An scéim saorthaistil a chosaint agus a fhorbairt

Ba chor ceannródaíoch í an scéim saorthaistil a thug Fianna Fáil isteach chun glúin daoine

scothaosta a chumasú. Chuir sé ar chumas an iliomad pinsinéir cónaí sa bhaile trí shaoirse

a thabhairt dóibh chun bogadh thart ina bpobal agus níos faide i gcéin. Chuaigh sé i ngleic

le haonrú sóisialta níos éifeachtaí ná beart ar bith eile, agus mar fhothoradh, chuir sé leis an

tionscal turasóireachta intíre. I ndiaidh saol fada seirbhíse agus oibre is aitheantas é ar an méid

a chuir siad leis an tír agus ar a gcúinsí athraithe. Is bagairt do ról daoine scothaosta ina bpobail

agus dá gcumas cónaí sa bhaile é bagairt don liúntas Saorthaistil. Tá an liúntas saorthaistil ina

bhunchuid den chonradh um “Maireachtáil sa Bhaile”.

Déanfaimid:

- An pas saorthaistil a chosaint do na pinsinéirí uile agus oibriú le hoibreoirí príobháideacha

agus poiblí chun seirbhísí a choinneáil ar a mhéad bealaí agus is féidir.

- Maoiniú na scéime a mhéadú 10% le €7.7m breise sa chaiteachas.

128

Úinéireacht tí a chinntiú & dul i ngleic le heaspa dídine

(ix) Dul i ngleic le huaigneas i bpobal na ndaoine scothaosta

Is fadhb é an taonrú don chaighdeán saoil a bhíonn ag dul i méad agus daoine ag dul in aois.

Mar chuid dár “gConradh um Maireachtáil Neamhspleách” beimid tiomanta do dhul in aois go

gníomhach a chur chun cinn. Ciallaíonn sé sin dul i ngleic go díreach leis an uaigneas, le béim

nua ar thacaíochtaí agus ar sheirbhísí do dhaoine scothaosta san oideachas agus sna fóntais.

Déanfaimid:

- Rochtain ar shaoráidí – idir phoiblí agus phríobháideach – a spreagadh chun cur ar

chumas daoine scothaosta fanacht aclaí agus sláintiúil. Áireofar leis sin fóntais speisialta

áineasa a chur ar fáil i spásanna agus i bpáirceanna poiblí. Spreagfaimid agus éascóimid

na hollscoileanna, Institiúidí Teicneolaíochta, agus na coláistí breisoideachais uile chun

athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuraclaim, ar thráthchlár a gcúrsaí agus ar a rochtain ionas

go mbeidh siad níos báúla do dhaoine scothaosta.

- Córas na nDeontas Caipitil Spóirt a leasú chun maoiniú Ionaid Pobail a chumasú a chabhróidh

le grúpaí sóisialta do dhaoine scothaosta a éascú.

(x) Ciste Fiontraíochta Sóisialta do Dhaoine Scothaosta a chur ar bun

Mar gheall ar an dul chun cinn mór ar ionchas saoil tá deiseanna nua ann do dhaoine scothaosta

chun gairmeacha nua a thosú. I ndiaidh dóibh réimse leathan scileanna a fhorbairt ar feadh a

saoil, is seans é chun cur lena bpobal agus chun constaicí an aonraithe scothaosta a shárú. Ach

cuirtear cosc ar go leor díobh é sin a dhéanamh mar gheall ar easpa creidmheasa mar gheall ar a

naois.

- Bunóimid ciste beag fiontraíochta sóisialta dar luach €5m chun airgead síl a thabhairt do

dhaoine atá níos sine ná 60 bliain d’aois ag a bhfuil smaointe úra faoin bhfiontraíocht

shóisialta. Is é aidhm an chiste tacú le daoine scothaosta ag a bhfuil taithí chun smaointe nua

nuálacha a thabhairt isteach ag a mbeidh fíorthionchar sóisialta.

129

130

Éire do Chách.

131

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!