Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran island Inishmaan folklore 2058783 .pdf
- No tags were found...
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
I,

Is le muintir Inis Meáin an leabhar seo. Is iad féin a

scríobh í. Tá súil agàm gur údar bróid dóibh í.

Léirítear inti pobal misniúil seiftiúil creidmheach a

thug dúshlán na farraige agus na carraige loime agus a

fuair an ceann is' fearr orthu. Léirítear inti freisin

pobal a bhí mórtasach as a ndúchas, mujníneach astu

féin agus a raibh acmhainn grinn iontu. Má chuidíonn

an labhar seo leis na tréithe sin a chothú in aos óg an

oileái:n beidh mise, sásta.
© Ciarán Ó Coigligh

Coiscéim a d'Choilsigh

Gach ce
Seanchas Inis Meáin

as Bailiúehán na Seol

Ciarán Ó Coigligh

a chuir in eagar

COISCÉIM
Do

Phroinsias Ó Dorchaidhe OS

agus do mhuintir Inis Meáin
Clár

Bailitheoirí agus Faisnéiseoirí. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 6

Réamhrá ................. . ...... . ...... ..... .... .... 9

Seanchas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 12
BAILITHEOIRÍ

FAISNÉISEOIRÍ

Seáinín Sheáin Dara o Conghaile

27.3.'27 - 14.8.'79

Baile na Creige

Micilín Jim O Fathartaigh

8.8.'27 -

Baile an Mhothair

Dara Pheait Mhicil Bán Ó Conghaile

4.7.'24

Baile an Mhothair

Micil Sheáin Choilm Mac

Donnchadha

20.9.'24

Móinín na Ruaige

Peadar Jim O Fathart¡;¡igh

6.3.'25

Baile an Mhothair

BeairtIe Mhaidhcil O CuaIáin

19.1.'22 - 13.11.'39

Baile an Mhothair

Micilín Teairnín O Meachair

5.8.'24

Ceathrú an Teampaill

Seán Dara Ó Conghaile

11.5.1880 - 10.6. '61

Séamas Pheadair Pháidín

Ó Fathartaigh, 11.3.1897 - 23.2.'80;

Micil O Dónaill

Pe ait Mhicil Bán

O Conghaile

21.12.'68

Seán Choilm Mac Donnchadha

28.5.'63

Séamas Pheadair Pháidín

O Fathartaigh

Maidhcil Mhicí O Cualáin

22.3.'52

Beairtle Teaimín O Meachair

1875 - 28.8.'58

CoIm Teaim Mhóir O Fathartaigh

7.6.'23 - 13.8.'87

Baile an Mhothair

Pádraig Pheait Sheáin O Conghaile

16.2.'26

Baile an Leisín

Peait Sheáin O Conghaile

7.2.1888 -21.1.'79

Páidín Thomáis Mhóir O Fathartaigh

5.10.'23

Baile an Mhothair

Nóra Pháidín Shaidhbhín Ní

Chonghaile

22.8.'22

Baile an TeampailI

Páidín Shaidhbhín

O Conghaile

1877 - 27.9. '60

Seáinín Sheáin Choilm Mac

Donnchadha

27.1.'27

MóinÍn na Ruaige

Máire Ní Chonghaile

Ceathrú an Leisín

6
Bríd Pheics Ní Mheachair

4.7.'26

Móinín na Ruaige

Bríd Pheadair Pháidín

Ní Fhathartaigh Uí Mheachair

Saile Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile

19.6.'25

Baile an Teampaill

Bríd Sheáin Bhidí Ní Choncheanainn

10.8.'21

Baile na Seoigheach

Máire Pheadair Mháirtín Ní

Fhlaitheartaigh

25.4.'26

Baile an Mhothair

Peige Pheait Antaine Ní Fhathartaigh

14.4.'23

Baile an Mhothair

Tomás Sheáin Bhrian 6

Flaitheartaigh

20.11.'25

Baile na Seoigheach

Anna Sheáin Cheaitín Ní

Fhathartaigh

11.12.'22

Baile na Seoigheach

Seán Bhidí

6 Concheanainn

26.1.'54

Peadar Mháirtín

6 Flaitheartaigh

27.11.1897 - 28.11.'75

Máirtín Pheait Antaine

O Fathartaigh

9.11.'01 - 6.5.'82

Seán Bhrian

O Flaitheartaigh

1874(?) - 7.12.'54

Seán Cheaitín

O Fathartaigh

11.'61

Micilín Sheáinín 6 Conghaile

27.9.'26

Baile na Creige

Micil Teaim Mhóir 6 Fathartaigh

Baile an Mhothair

Saile Sheáin Bhrian Ní

Fhlaitheartaigh

4.10.'23

Baile na Seoigheach

Máirtín Sheáin Cheaitín O

Fathartaigh

11.2.'25

Baile na Seoigheach

Beairtle Bán

6 Conghaile

Seán Bhrian

6 Flaitheartaigh

1874(?) - 7.12.'54

Seán Cheaitín

6 Fathartaigh

7
Máire agus Proinsias 6 Dorchaidhe

8
Réamhrá

Is éard atá sa leabhar seo an seanchas a bhailigh roinnt de na gasúir

a bhí ag freastal ar Seoil Náisiúnta Inis Meáin faoi Seéim na Seol

1937-38. Ba iad Coimisiún Béaloideasa Éireann i bpáirt le múinteoirí

bhunscoileanna an stáit a bhí i mbun na scéime céanna. Tá teaeht

ar an ábhar seo i ndeich gcinn de chóipleabhra i mbosca i gCartlann

Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

4.

Tá eur síos euimsitheach ar an scéim le fáil i Séamas O Catháin,

"Súil Siar ar Scéím na Sco11937-1938 in Sinsear 5 19-30 agus i Séamas

O Catháin agus Caitlín Dí Sheighin (eag.), A Mhuíntír Dhú Chaocháín,

Labhraígí Feastaf (1987) xvii-xxxiii.

Rinneadh bailiúchán den sórt céanna sna Sé Chontae faoi stiúir

The Commíttee on Ulster Folklífe and Tradítíons agus faoi ehoimiree

Aireaeht an Oideaehais ó thuaidh i 1955-56. Gheobhfar eur síos ar

an mbailiúehán seo i K.M. Harris, "The Sehools' Collection", in

Ulster Life 3 1 (1957) 8-13.

D' eisigh an Roinn Oideaeh¡fis abhus leabhrán treoraeh i Meán

Fómhair na bliana 1937 ar liostáladh ann na hábhair seanehais ab

fhiú a thiomsú: "seéalta, arnhráin, paidreaeha, seanfhocla, agus

tomhaiseanna, gan trácht ar thithe agus ar sheanfhoirgnimh,

eeardanna, seanchas áitiúil, nós anna agus pisreoga, caithimh aimsire,

leigheasanna, áitainmneaeha ... 1/ (O Catháin agus uí Sheighin ap cit

xx-xxi).

Níor bailíodh amhrán ar bith in Inis Meáin do réir eosúlaehta. Níor

bailíodh paidir ar bith aeh ar éigean agus ní mórán seanfhocla ná

tomhaiseanna aeh oiread a tiomsíodh.

Is faoi stiúir an Ard-Mháistir Proinsias O Dorchaidhe a rinneadh

an bailiúchán. Is as Maehaire Mór, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe

de Phroinsias. Rugadh é ar an 16ú Nollaig 1911. Oileadh é i gColáite

Phádraig, Drom Conrach, Baile Áthe Claith i geaithearnh na mblianta

1931-33. Chaith sé 6n 26ú Meán F6mhair 1934 go dtí Deireadh

F6mhair 1969 ag múineadh i Seoil Náisiúnta Inis Meáin. Tá e6naí

air féin agus ar a bhean Máire, arbh í banaltra an oileáin í ar feadh

na mblianta, i gCathair na Gaillimhe. Gasúir i Rang a Cúig, Rang

a Sé agus Rang a Seacht a ghlae páirt san obair i gcaitheamh na

mblianta seoile 1937 agus 1938. Níl aon teacht anois ar an Leabhar

N6taí M6r a bhí an tArd-Mháistir ceaptha a sheoladh chuig an

gCoimisiún Béaloideasa agus arb éard a bheadh inti c6ip i láimh an

Mháistir n6 na ngasúr ab fhearr scríobh den ábhar a bheadh scríofa

ag na gasúir eile ina geuid c6ipleabhra féin. Is cuma ar bhealach mar

gurb é an t-ábhar a scríobh na gasúir ina gcuid cóipleabhra is

9
tábhachtaí.

Tá difear mór idir an Ghaeilge a scríobh na gasúir seo agus an

Ghaeilge a labhraítear in Inis Meáin. Ar ndóigh tá difear mór i ngach

teanga idir an chaint agus an focal scríofa. Thairis sin, is cinnte go

raibh na gasúir faoi anáil an Mháistir maidir le litriú, focIóir,

foirmeacha focIa, agus an ghramadach féin scaití. Ba é ábhar na

bpíosaí ba thábhachtaí leis na gasúir agus leis an Ard-Mháistir. Níor

chuimhnigh siad riamh air go mba cheart dóibh cIoí le Gaeilge scríofa

a léireodh Gaeilge labhartha lnis Meáin chomh cruinn agus ab fhéidir.

Agus cad chuige a gcuimhneodh? Is léir gur aistí ranga cuid de na

píosaí ó tharla go bhfuil siad focal ar fhocal ionann is ag cúpla gasúr

maith.

Níl aon iarracht déanta agamsa ar an rud a scríobh na gasúir a

ghortghlanadh. B'fhacthas dom nár cheart aon cheo a fhágáil as ach

oiread. Chloígh mé go dílis le teanga scríofa na ngasúr agus a nArd

Mháistir cé is moite gur cheartaigh mé dearmaid fhollasacha agus

go ndearna mé iarracht an t-iomlán a bheith do réir a chéile ó thaobh

litriú, deilbhíochta agus gramadaí dhe an oiread agus ab fhéidir.

Tagraíonn na huimhreacha sa gcIó trom don chóipleabhar agus

tagraíonn na himhreacha sa gcIó rómhánach do na leathanaigh. Tá

ábhar staidéir ina bhfuil bailithe le chéile sa leabhar seo maidir leis

an ngaol idir scríobh agus labhairt na teanga sa nGaeltacht.

Tá cuid mhór de chreideamh, nós anna agus eolas sinseartha lnis

Meáin léirithe sa leabhar seo. Ba shuarach an mhaise dhomsa lámh

mharbh na scoláireachta a leagan róthrom ar an gcuid seo de

shaoithiúlacht Inis Meáin arb í saoithiúlacht mo mhná agus mo

ghaolta cIeamhnais í agus ar cuid de mo shaoithiúlacht féin í le

cosamar deich mbliana.

Is le muintir Inis Meáin an leabhar seo. Is iad féin a scríobh í. Tá

súil agam gur údar bróid dóibh í. Léirítear inti pobal misniúil seiftiúil

creidmheach a thug dúshlán na farraige agus na carraige loime agus

a fuair an ceann is fearr orthu. Léirítear inti freisin pobal a bhí

mórtasach as a ndúchas, muiníneach astu féin agus a raibh acmhainn

grinn iontu. Má chuidíonn an leabhar seo leis na tréithe sin a chothú

in aos óg an oileáin beidh mise sásta.

Gabhaim buíochas ó chroí le Bo Almqvist, Ceann Roinn

Bhéaloideas Éireann, a thug cead dom an t-ábhar seo a fhoilsiú agus

do gach uile dhuine eile a chuidigh liom chúns a bhí mé ag gabháil

don leabhar. Go méadaí Dia a stór.

Ciarán Ó Coigligh

21 Iúil 1990

10
Seáinín Sheáin Dara 6 Conghaile

11
Tugtar an t-eolas seo a leanas ar bhileog atá isteaeh leis an ábhar

béaloidis as Inis Meáin a fhaightear i mBosea 2C i gCarthann

Roinn Bhéaloideas Éireann:

Seéim Béaloideasa

Contae na Gaillimhe

Barúntaeht Árann

Seoil Inis Meáin

Uimhir Rolla 12339

Seoladh na Seoile: Inis Meáin, Oileáin Árann, Co na Gaillimhe

Ainm an Phríomhoide: Proinsias Ó Dorehaidhe

An méid leabhar nótaí móra (Cuirfear iad seo arís)

agus

An méid eóipleabhar seoláirí 10

Bosea 2C

Cóipleabhar 1.

Inis Meáin

Oileáin Árann.

Ainm: Seán Ó Conghaile (Seáinín Sheáin Dara )

19ú Mí na Nollag 1938

Seéal

Bhí triúr fear ann fadó agus ehuaigh siad go Conamara le lueht

tuí. D'fhan siad amuigh go raibh sé doreha. Nuair a bhí siad tamall

amach thosaigh an curach ag iompú. Bhí daoine thuas Tigh

Éamainn agus chonaic siad an curach agus nuair a bhreathnaigh

siad arÍs tú fhaca siad an cw:ach ' chor ar bith agus eheap siad

gurb amhlaidh a bádh iad.

Chuaigh siad go dtí an Caladh Mór agus fuair siad curach agus

[chuaigh] siad amach go dtí an curach. Nuair a tháinig siad i ngar

di chonaic siad duine thuas ar dhroim na curai agus an curach

iompaithe. Fuair siad fear elle ag snámh i mbarr uisce agus é

básaithe. Thug siad isteaeh sa gcurach é.

Bhí an tuí scaipthe anseo agus ansiúd. Tháinig sé i dtír ansin

agus chuir siad an curaeh suas. Thug siad an fear básaithe go dtí

a theach féin agus chuireadar é ansin.

12

Seán Ó Conghaile (Seán),

Baile na Creige

(1, 1)
20ú Nollaig 1938

Scéal

Bhí triúr fear ag gabháil go hÁrainn fadó le muca. Athair agus

an mac agus fear eile. D'fhanadar in Árainn go raibh sé deireanach

go maith. Bhí siad ólta go maith. Nuair a bhí siad ag barr na Cara

Móire tháinig farraige orthu agus bádh iad.

D' airigh bean a bhí ag tógáil faochan ag béiceach iad. Tháinig

beirt acu i dtír go luath ach níor tháinig an duine eile go ceann

i bhfad agus is amhlaidh a thóg bád as Árainn a bhí ag iascach

- a thóg ina líonta - é.

Seán Ó Conghaile

(1, 1)

20ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé siar i dteach ar Bhaile an Leisín

ar cuairt. D'fhan sé ar cuairt go raibh sé an dó dhéag a chlog.

Ansin chuaigh sé abhaile go dtí a theach féin.

Nuair a bhí sé ag gabháil soir ag an gCarcair bualadh é agus

leagadh. Chonaic sé fear óg meánsaolta i gcúinne an chlaí ann.

Bhí ina luí ar an mbóthar ar feadh tamaill mhaith.

Seán Ó Conghaile,

Ceathrú an Teampaill

(1, 5)

Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Conghaile (Dara). An

seoladh céanna liomsa.

21ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó. É féin agus a bhean a bhí ina gcónaí i dteach

beag in aice an dúin ar an taobh thiar den oileán. Bhíodar anbhocht

agus Oíche Shamhna dúirt an fear lena bhean:

"Faraor nach bhfuil muid saibhir, thabharfadh muid cuid

mhaith airgid do na boicht agus bia don ocrach agus gach rud

mar sin do gach duine."

13
MidI Teainn Choilm 6 Domhnaill agus

An tAth Mícheál 6 Fathartaigh (Saga rt fim)

Tráthúil go leor cé a bheadh ag gabháil thart ach si6g bheag

agus d' airigh sí an fear ag caint mar a dúras cheana. Nuair a bhí

deireadh ráite ag an bhfear d/imigh an tsióg isteach in sa dún agus

thug sí amach rúinne beag feoIa r6sta de mhuiceoil agus thug sí

isteach acu é agus dúirt sí leo:

"Seo rúinne beag feola daoibh."

"Faraor gan é greamaithe de do shróin", a deir an fear Iéi.

Ansin ní raibh an focal ach as a bhéal nuair a léim an fheoil as

láimh na si6ige agus ghreamaigh sí dá shróin agus bhí sí chomh

te sin is gur thosaigh sí ag bocléimnigh ar fuaid an urláir gur imigh

aí dhi ar deireadh agus nuair a bhí .í imithe dhi ar deireadh

[d/imigh] sí amach agus níor thaobhaigh sí an teach sin ní ba

mhó.

Nuair a d'imigh sí ansin chuaigh an fear amach 'na diaidh agus

isteach leis sa dún. Nuair a chuaigh sé isteach chonaic sé tine agus

pota m6r uirthi agus claíomh m6r ar an bhfear in sa dún agus

fear thíos in sa bpota acu agus pan m6r ar an tine agus píosaí móra

de mhuic air.

14
Chuala sé an lá roimhe gur cailleadh fear de Bhaile na Seoigeach

agus gur cailleadh muc freisin le Máirtín Pheadair Mhóir. Chonaic

sé leis an tsióg gur ghreamaigh an píosa feola dá sróin. Bhí ceirt

uirthi anois. Nuair a chonaic sí é dúirt sí leis:

"Ha, a rógaire, is tú an chéad dhuine eile a bheas in sa bpota

sin."

Ní raibh ach an focal as a béal nuair a maraíodh é agus an lá

ina dhiaidh mharaigh siad a bhean.

Micil Ó Fathartaigh (Jim) [Sagart Jim]

Baile an Mhothair

(1, 6-7)

22u Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-saibhir mar bhí sé ag díol poitín.

Is in san oileán seo a bhí sé ina chónaí. Is amuigh ar na Creaga

a bhí teach aige gar don Chrombhall. Ní raibh aige ach teachín

beag ach, mura raibh féin, bhí sé an-saibhir mar bhí sé ag

déanamh go le or den phoitín agus á dhíol go daor ar fuaid an

oileáin. Ba mhaith an fuisgí a dhéanadh sé agus bhí prionta aige

freisin agus is é an rud a dhéanadh sé ghreamódh sé páipéar bán

ar an mbuidéal agus phriontáladh an rud seo air:

"lO Years old the best Whiskey".

Thaispeáineadh sé é sin nuair a théadh sé isteach in sna tithe

agus deireadh sé gurb é sin an fuisgí ab fhearr sa domhan, gurb

é Rí na Spáinne a thug do é agus gur dhúirt sé leis gurb é sin

an fuisgí ab fhearr sa domhan. Bhí sé in sa Spáinn ar feadh bliana

ag obair don Rí ach níor thug an Rí dhó [aon] airgead agus níor

thug sé dhó ach an prionta agus is é a d'inis an phlean sin dó.

Bhí sé ag díol an fuiscí faoi seo go tréan go raibh sé chomh saibhir

sin ar deireadh gur chuir sé céad punt ag an Rí agus litir a theacht

go dtí é.

Micil Ó Fathartaigh (Séamas),

Baile an Mhothair

(1, 8-9)

15
Dara Pheait Mhicil Bán Ó Conghaile

Tá an t-eolas seo a leanas ar chabhar an chóipleabhair a bhfuil

an t-ábhar seo a leanas ann:

Basca 2C

Cóipleabhar 2

Inis Meáin

Oileáin Árann

Ainm: Dara Ó Conghaile [Dara Pheait Mhicil Bán]

22ú Samhain 1937

Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tá ga leor comharthaí ag na daoine in san oileán seo le hinseacht

cén s6rt aimsire a bhíonn le teacht. Faigheann siad na comharthaí

sin ga léir 6n ngealach, 6n ngrian, ó na réaltóga, ón bhfarraige,

6n ngaoth, 6n spéir agus ó rudaí bea.

Nuair a bhíonn fáinne timpeall na gealaí bíonn báisteach le

16
teacht agus nuair a bhíonn sí ina suí ar a tóin is comhartha é go

bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn an ghealach ag imeaeht

go héasea in sa spéir bíonn stoirm air.

Nuair a bhíonn gaetha fada ón ngrian bíonn báisteach air.

Nuair a bhíonn na réaltóga ag preabadh in sa spéir is eomhartha

é sin go bhfuil drochaimsir air.

Nuair a bhíonn eúr ag imeacht ar an bhfarraige is eomhartha

é go bhfuil farraigí móra le teacht agus nuair a bhíonn go leor

sruthanna le feiceáil sa bhfarraige bíonn báisteaeh air.

Nuair a bhíonn an ghaoth ó dheas bíonn bájsteach air agus nuair

a bhíonn sí ó thuaidh agus thoir bíonn triomach agus fuacht air

agus nuair a bhíonn sí thiar nó thiar ó dheas bíonn stoirm agus

múranna báistí air.

Má bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreá

air agus má bhíonn an spéir thoir dearg tráthn6na bíonn báisteach

air agus má bhíonn néalta bána sa spéir bíonn báisteach air.

Nuair a thagann seata géabha fiáine thart bíonn fuacht le teaeht

agus má bhíonn éanlaith ag eiteall go hard sa spéir is eomhartha

é go bhfuil aimisr bhreá air. Má bhíonn laehain ag eiteall agus

ag eraitheadh a gcuid sciathán is comhartha é go bhfuil báisteach

air agus nuair a bhíonn mada ag ithe féir bíonn báisteach air

freisin. Nuair a thugann cat a dhroim don tine bíonn droehuair

air. Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag gabháil fao i bíonn aimsir

bhreá air. Nuair a bhíonn go le or míoltóg le feieeáil agus má

bhíonn siogáin a bhfuil sciatháin orthu ag imeaeht thart is

comhartha báistí é.

Fuair mé na scéalta seo ó rn' athair.

Dara Ó Conghaile

(2, 1-3)

29ú Samhain 1937

Mo Cheantar Féin

Tá mé féin i mo ch6naí ar Bhaile an Mnothair an baile is faide

soir in san oileán. Tá eeithre theaeh fiche ad ann ar fad agus níl

ach aon teach is fiche seantithe ann. Is é Fathartaigh an sloinne

is coitianta ann. Tá suas le 11 seandaoine ag fáil an phinsin ann.

Is féidir leis na seandaoine seéalta a insint i nGaeilge aeh ní féidir

leo scéalta Béarla a insint. Ba ghnách le ga le or daoine gabháil

ga Meiriceá fadá. Luadh ainm na háite in amhrán a dúirt Colm

17
de Bhailis agus seo é é:

Inis Meáin, inis gan arán,

Inis gann gortach.

An lá a théann tú ann,

Beir le at do chuid aráin

Nó beidh tú an lá sin' do throscadh.

Tá an talamh atá ann bocht agus carraigeacha in áiteacha de. Níl

aon chuid den talamh faoi choilllte. Fásann féar agus arbhar agus

rudaí eile ar an talamh. Tá dhá loch ann, Loch Cheann Gainimh

agus Loch Chró na gCadhan. Is é an fáth go bhfuil Loch Cheann

Gainimh mar ainm ar an 10ch mar tá go le or gainimh ann. Is é

an fátJ, go bhfuil Loch Ou6 na gCadhan mar ainm ar an lo ch

mar tá cró le muintir Mháirtín Ó Cadhain ann. Bíonn go leor uisce

in sa dá loch ar feadh an gheimhridh agus an tsamhraidh.

Dara Ó Conghaile

(2, 4-5)

1ú Mí na Nollag 1937

Na Fataí

Cuireann muid fataí gach bliain ar an bhfeilm le n-ithe agus le

tabhairt do mhuca agus do bheithígh. Glantar an talamh gach

bliain le haghaidh na fataí a chur ann. Bítear ag leasú na feilme

i ndiaidh na Nollag leis na síolta a chur ann. Nuair a bhíonn na

fataí leasaithe le feamainn euirtear iad agus euirtear go leor

feamainne ar na páireeanna. Tarraingítear le hasa] n6 capall an

fheamainn 6n gcladach go dt! an garraí. Seartar ar an ngarraí ansin

í agus nuair a bhíonn sí tamaU seartha cuirtear an garraí le spáid.

Nuair a bhíonn sé curtha cuirtear sÍolta ann.

Is é an chaoi a gcuirtear an síol ná é a chur i bpoll, agus ansin

dúntar an pon air. Is le maide sáite a sháitear an síol.

Cabhraíonn na comharsain le chéile ag eur na bhfataí. Fásann na

fataí go maith in san áit seo; Cuirtear leo go leor leasú. Nuair a

bhíonn na fataí fásta glantar an salachar astu agus ansin núair

a bhíonn siad glanta lánaítear iad agus nuair a bhíos siad lánaithe

déantar iad a spraeáil i gcoinne an duibh.

Tá go leor cineál fataí ann: Champions, Aran Cairns, Epicures

agus Banners. Is le spáid a bhaintear na fataí ar dtús agus ansin

18
nuair a bhíos siad bainte cuirtear na fataí móra i bpoll ar an

Muirbheach agus cuirtear raithneach orthu freisin.

Dara Ó Conghaile

(2, 4-5)

13ú Mí na Nollag 1937

Ainmhithe na Peilme

Is iad na hainmhithe a bhíos ar an bhfeilm, an bhó, an Iao, an

t-asaI, na caoirigh, an cap all, muca, cearca, Iachain, mada agus

cat. Nuair a bhíonn muid ag gIaoch ar an mbó tugann muid

"Beitín" uirthi. Nuair a bhíonn muid ag gIaoch ar an lao tugann

muid "suc, suc" air. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar an asaI

tugann muid "bess" air. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar na

caoirigh tugann muid "teabhaín" orthu. Nuair a bhíonn muid

ag glaoch ar an gcapall tugann muid "tua" air. Nuair a bhíonn

muid ag glaoch ar na muca tugann muid "fros, fros" orthu. Nuair

a bhíonn muid ag gIaoch ar an gcearc tugann muid "tiuc" uirthi.

Nuair a bhíonn muid ag gIaoch ar an Iacha tugann muid "feed"

uirthi. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar an mada tugann muid

"beaut" air. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar an gcat tugann

muid "puisín" air.

Dara Ó Conghaile

(2, 8-9)

14ú Mi na Nollag 1937

Toibreacha Beannaithe

Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán seo agus seo iad iad:

Tobar Ísleamáin i gClaí Gainirnh; Tobar Chinn Dheirge i bpáirc

ar an taobh ó dheas den séipéal agus tá bóthar ag gabháil suas

go dtí é; Tobar Cheanannach atá i bpáirc ó dheas den reilig.

Tugann go deor daoine turas ar Thobar Chinn Dheirge uaireanta

sa gCarghas agus Dé Domhnaigh. Bíonn corrdhuine ag tabhairt

turais ar Thobar Cheanannach. Ghabhfá timpeall ar an tobar sé

nó seacht d'uaireanta agus déarfá na paidreacha seo: An t-Aivé

Máiria, an Phaidir agus Gl6ir don Athair, gach uair a ghabhfá

19
thairis. Bíonn seacht gcloch ina láimh ag gach duine a thugas an

turas ar Thobar Chinn Dheirge.

Uair amháin bhí Naomh lsleamán ag ól dí as an tobar agus nuair

a chuaigh sé ar a dhá ghlúin ann d'fhág sé áit a dhá ghlúin agus

áit a dhá láimh ann.

Thug bean uisce as Tobar Chinn Dheirge uair le cur i bhfataí

ach níor bhruith na fataí agus dá mbeadh na fataí thíos ó shin

ní bhruithfeadh siad. Ansin b'éigean di an t-uisce a bhaint astu

agus uisce eile a chur síos ina áit. Níl a fhios agam cén chaoi ar

éirigh an tobar ar dtús.

Is é Naomh Ísleamán a luaitear leis an tobar. Níor chuala mé

riamh gur leigheasadh aon duine in aon cheann acu. Bíonn cuid

de na daoine ann a ólann uisce as an tobar. Fágann na daoine

a théann ann rudaí beannaithe ann. Bíonn siad leagtha ar na

craobha beaga atá ann. Tugann daoine an t-uisce abhaile leo.

Dara O Conghaile

(2, 10-11)

31ú Márta 1938

Rudaí Neamhshaolta

Bíonn daoine ag rá go bhfaca daoine a bhí ag teacht ó iascach bád

m6r ar an bhfarraige tamall gearr uathu agus bhí siad ag gabháil

go dtí í agus ghabhadh sí faoi uisce. Nuair a bhí siad ag gabháil

isteach blú an bád le feiceáil acu ag gabháil faoi uisce agus ag éirí

ar bharr an tÚsce.

Oíche amháin fadá blú fear ag teacht ó chuairt agus rug na si6ga

air agus dúirt siad leis ga maródh siad é agus dúirt sé gur chuma

leis. Mar sin féin ní dhearna siad aon ní ar an bhfear an uair sin

go ceann tamaill eile. Ansin uair eile bhí an fear ag teacht ar ais

agus chonaic sé go leor rudaí m6ra bána ar thaobh an bhóthair.

Bhí faitíos ag teacht air agus níorbh fhada go raibh na rudaí a bhí

ar an mbóthar ag rith ina dhiaidh. Mar sin féin choinnigh an fear

air i gcónaí go dtí go dtáinig sé abhaile agus nuair a tháinig sé

abhaile bhí na rudaí go léir ina dhiaidh agus d'imigh siad uajdh

chomh luath agus a tháinig sé abhaile. Ní fhaca sé iad 6 shin.

Sa bhf6mhar blú lear ag baint fuataí in sa ngarraí agus thit sé

ina chodIadh ann. Faoi cheann tamaill ba ghearr gm dúisíodh an

fear. Chomh luath agus a dhúisigh sé chonaic sé go leor daoine

al' bhruach na haille agus dúirt siad leis imeacht as an ngarraí gur

lea féin é, agus dúirt sé nach n-imeodh. Bhíodar ag gabháil á

20
nharú murach duine leis féin a bhí básaithe. Bhí a fhios ag an

bhfear ansin go raibh duine leis féin ann agus bheadh sé marbh

murach sin.

Bhí fear eile ann agus bhí sé ag baint fhataí faoi alll agus chonaic

sé dhá choinín faoin aill: ceann acu ag seinm ceoil le veidhlín agus

ceann eile ag darnhsa.

Dara Ó Conghaile

(2, 11-13)

31ú Márta 1938

Bhí iascairí óga amuigh ar an bhfarraige ag iascach uair amháin

i gcurach agus bhí an lá go breá nuair a chuaigh siad amach. Ach

ba ghearr a bhí siad amuigh nuair a tháinig stoirm rnhór agus

bhí faitíos ag teacht orthu. Chonaic siad go raibh an fharraige ag

éirí an-rnhór agus bhíodh tonnta móra ag briseadh in aghaidh na

curaí go dtí gur ceapadh go mbeadh sí iontaithe. Ba ghearr gur

lag an stoirm agus go dtáinig siad isteach i dtír. Bhíodar go léir

fliuch ag an bhfarraige agus bhí ocras orthu. Bhí stoirm rnhór ann

nuair a tháinig siad i dtír.

Dara Ó Conghaile

(2, 13-14)

31 Márta 1938

Laethanta Áirithe

Tá na nósanna seo ag na daoine in san oileán seo: Nach ce art

tosú ar aon obair ná ar aon [rud] nua Dé Luain. Níl sé ceart gruaig

a bhaint amach Dé Luain agus bíonn daoine ann nach maith leo

gruaig a bhaint amach Dé hAoine. Deireann daoine nach bhfuil

sé ceart a bheith ag iascach Dé Luain ach mar sin féin bíonn daoine

ann a bhíonn ag iascach Dé Luain agus deirtear nach maith an

rud é. Bíonn daoine ann agus ní maith leo a bheith ag cur fataí

ná ag leasú na bhfataí ach an oiread Dé Luain.

Deireann daoine go bhfuil an Aoine in aghaidh na seachtaine.

Bíonn daoine ann nach bpósfadh Dé hAoine ná Déardaoin, ná

Dé Máirt, ná Dé Luain. Tá daoine ann nach maith leo aon bhearna

a leagaint Dé Luain ná Déardaoin. Níl sé ceart olann a bhaint de

chaoirigh Déardaoin. Deirtear gur I chuile sheachtú bliain a bhíonn

21
Déardaoin Dearg ann ar an 8ú lá fichead de Mhí na Nollag.

Ní bhíonn na daoine ag obair ar na laethanta breacshaoire a

bhíonn ann.

Bíonn na daoine ag déanamh "Amadán Aibreáin" de dhaoine

aran gcéad lá d' Aibreán.

Níl sé ceart pósadh a dhéanamh ar feadh dhá lá dhéag na

Nollag.

Tá dhá lá áirithe ann i Mí Mheáin Fómhair agus níl sé ceart

capall ná asaI a shrathrú.

Dara Ó Conghaile

(2, 14-15)

llú Aibreán 1938

Éadaí

Níl ach aon táilliúir amháin in san oileán seo. Is ag baile a bhíonn

sé ag obair. Ní théann sé go dtí aon teach eile ag obair mar tugann

na daoine na héadaí go dtí an teach chuige, agus ansin déanann

sé iad.

Caitheann na daoine an olann a bhaint de na caoirigh i Mí Iúil

agus í a ní agus a ghlanadh go maith. Nuair a bhíonn sí go de as

glan cuirtear i mála í agus cuirtear go Gaillimh í le sníomh agus

le cardáil. Ansin tagann sí aníos arís agus deintear ceirtlíní móra

dhi. Uaireanta cuireann daoine go hÁrainn í le sníomh. Nuair

a thagas sí aniar deintear í a chur i máIa agus í a chur go Gaillimh

chun í a ramhrú. Beidh sí aníos arís i gceann míosa agus í réidh.

Ansin tabharfar go dtí an táilliúir í chun í a dhéanamh.

Beidh go leor rudaí ag teastáil uaidh chun é a dhéanamh. Bíonn

snáth agus snáthaid, siosúr, méaracán, cailc, spól, mÍosúr, agus

inneall. Deintear léinteacha sna tithe. Bíonn éadach olainne,

éadach glas, éadach cadáis, agus éadach máilín iontu. Cniotáiltear

stocaí san áit seo. Faightear an snáth in sa siopa agus as an olann.

Tá go leor tuirní san áit seo. Ní chaitheann aon duine éadach

speisialta ag gabháil ga dtí aon áit. Nuair a bhíann daoine ag dul

, pósadh ...

Dara Ó Conghaile

(2, 15-17)

22
11-4-'38

Áit-Ainmneaeha

Tá go le or ainmneaeha faoi leith ar gaeh ereagán agus buaile atá

againn ag baile agus fáthanna le gaeh ainm aeu.

Gort an Uisee: Mar tá lag mór ina lár agus bíonn uisee in sa lag

nuair a bhíos báisteaeh throm ann.

Garraí an Táilliúra: Mar bhí sé ag táilliúir uair amháin.

Creig Bhuaile an Roibirt: Mar bhíodh daoine ann fadó agus is é

an t-ainm a bhíodh orthu ná Roibirt.

An Bhuaile Bheag: Mar tá sí beag.

An Móinín Glas: Mar bíonn go leor féar glas ag fás ann gaeh am

den bhliain.

An Garraí Glas: Mar bíonn sé glas i geónaí.

An Cnoe: Mar tá go le or cloeh ann agus tá sé an-ardo

Creig na gCnoe: Mar tá go le or enoeán beag inti.

Buailte Greáin: Mar bhí fear ann fadó agus is é an t-ainm a bhí

air Greáin.

Na Céimeanna: Mar tá go leor eéimeanna in san oileán agus is

é sin an t-ainm atá orthu.

Creaga Bharr an Fhána: Mar tá go leor fraoeh ann agus seeaeh

ag fás ann agus sin é an fáth an t-ainm sin a bheith air.

Buailín na Seoile: Mar tá sí thíos díreaeh faoin seoil.

Gort Ruairí Dhuibh: Mar bhí fear ansin fadó agus bhí teaeh aige

agus ba leis an talamh freisin agus is é an t-ainm a bhí air ná Ruairí

Dubh.

Dara Ó Conghaile

(2, 17-18)

11-4-'38

Lá Fhéil Bríde

Nuair a thagann Lá Fhéil Bríde bíonn áthas ar gaeh duine. Bíonn

an t-earraeh tagtha. Bíonn na daoine ag eur síolta i geomhair na

bliana. Dúirt Naomh Bríd fadó "gaeh re lá ó mo lá-sa amaeh"

agus dúirt Pádraig go mbeadh gaeh lá óna lá féin amaeh go breá.

Oíehe Bhríde ba eheart do gach duine erosóg a dhéanamh agus

í a ehur suas ar bhalla an tío Is le dhá chipín adhmaid a bhíonn

an ehrosóg déanta. Deirtear gur dhúirt na seandaoine dá mbeadh

Lá Fhéil Bríde garbh, go mbeadh an bhliain ar fad go breá. Bíonn

23
na cailíní ag imeacht le Brídeog oíche Bhríde in onóir di.

Bíonn na laethanta ag gabháil i bhfad agus na hoícheanta ag

gabháil i ngiorracht. Bíonn na daoine ag tógáil faochan agus

bairneach Lá Fhéil Bríde mar deirtear gur ceart do gach teach iasc

beo a thabhairt isteach an lá sin. Titeann Lá Bríde ar an gcéad

lá d'Fheabhra gach bliain. Ní bhíonn na daoine ag déanamh aon

obair anseo Lá Fhéil Bríde mar tá an lá sin 'na bhreacshaoire

anseo. Ní bhíonn na daoine ag iascach an lá sin.

Dara Ó Conghaile

(2, 18-20)

11-4-'38

Scéal Barrúil

Bhí fear agus bean ann fadó agus is é an áit a raibh siad 'na gcónaí

amuigh ar na sléibhte áit a raibh coillte agus ainmhithe allta agus

gach rud mar sin.

Lá amháin chuaigh an bhean go dtí áit éigin le héadach a

cheannacht agus is é an sórt éadach a bhí sí le ceannacht ná éadach

a dhéanfadh bréidín di. Chuaigh sí abhaile tirnpeall is a sé a chlog

sa tráthnóna agus an t-éadach aici. Bhí an fe ar sa mbaile roimpi

agus dúirt sé léi gur tháinig daoine isteach go dtí é féin agus dúirt

siad leis go dtiocfadh siad féin go deireanach leis an mbréidín a

ramhrú agus an olann a chardáil agus a shníomh agus gach rud

a dhéanamh léi mar a bheadh ag teastáil uathu.

Tamall maith san oíche buaileadh an doras aici agus chuaigh

sí go dtí an doras agus d' oscail sí é agus ní fhaca sí tada go ceann

tamaill mhaith agus sa deireadh chonaic sí solas beag uaithi agus

céard a bheadh ann ach na mná sí a bhí ag teacht go dtí í i gcónaí.

Tamall gearr 'na dhiaidh sin buaileadh an doras arís agus d'oscail

sí é. Tháinig na mná sí isteach agus shuigh siad síos ar an stól

agus chaith siad féin agus fe ar an tí gal tobac. Ansin d'fhiafraigh

siad den bhean an bhfuair sí an t-éadach. Dúirt an bhean go

bhfuair agus dúirt siad féin go sníomhfadh agus go gcardálfadh

siad an olann leis an mbréidín a dhéanamh dhi.

"Tá go maith," arsa an bhean, "tabharfaidh mé gach rud

chugaibh atá ag teastáil uaibh anois." Ansin thosaigh na mná sí

ag sníomh is ag cardáil an bhréidín di.

Dúirt an bhean ansin nach raibh aon uisce istigh le tae a

dhéanamh dhóibh. Dúirt fear an tí leis an mbean irneacht go dtí

24
an tobar i gcomhair an uisce. D'imigh an bhean léi nó go dtáinig

sí go dtí an tobar. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile casadh seanfhear

léi agus d' fhiafraigh sé dhi cén sórt mná a tháinig chuici leis an

mbréidín a ramhrú dhi. Dúirt sise gur mná sí iad.

"Is é an rud a dhéanfas si ad ná sibh a mharú," ar seisean.

Nuair a tháinig an bhean abhaile dúirt sí go raibh Cnoc Meá

go léir lasta agus an sin thosaigh na mná sí ag caoineadh na

ndaoine a bhí leo ann. Murach sin bheadh an bhean agus an fear

marbh acu.

Dara Ó Conghaile

(2, 20-22)

12ú Aibreán 1938

An Reilig

Tá dhá reilig san oileán. Reilig Cheanannach agus Reilig an

tSeanteampaill. Tá Reilig Cheanannach suite ar thaobh na láimhe

dé den tSlip agus ar an taobh thoir den oileán. Tá an Seanteampall

suite thíos ar an Muirbheach ar an mbealach ag gabháil síos go

Ceann Gainimh. Cuirtear daoine i Reilig Cheanannach ach ní

chuirtear aon duine in sa Seanteampall.

Tá cuma chruinn ar an Seanteampall agus cuma chearn6gach

ar an reilig. Tá fothrach cille istigh i Reilig Cheanannach agus tá

crann beag ag fás istigh ann agus tá fuinneog ar an mbinn 6

thuaidh agus doras ar an taobh 6 dheas. Ní chuirtear aon duine

istigh ann. Tá an reilig leibhéalta. Tá crann ag fás istigh ann agus

tá sceacha beaga ann freisin. Tá seanchroiseanna istigh ann.

Dara Ó Conghaile

(2, 23)

Tráchtas

12ú Aibreán 1938

Bia na Seanaimsire

Dhá bhéile sa ló a d'itheadh na daoine fad6. Fataí agus cáca a

dhéanadh siad as fataí a bhíodh acu. Ba ghnách le daoine obair

a dhéanamh roimh an gcéad bhéile ar maidin. Bhíodh daoine ag

gabháil amach ag iascach ar maidin agus ní bhíodh aon bhéile

ite acu ach fataí bruite agus cáca fataí agus uaireanta ní bhíodh

25
fataí ná aon rud acu agus chaitheadh siad maireachtáil mar sin

ga dtí ga dtagadh siad abhaile sa tráthn6na agus ní bhíodh acu

an t-am sin féin ach béile suarach.

Fataí agus cáca fataí a d'itheadh siad ag gach béile. D'ithidís

fataí gach lá mar ní bhíodh acu ach fataí i gcónaí. Ní ólaidís a lán

bainne mar ní bhíodh mórán bainne ann an uair sin. As ciseog

nó stól a d'ithidís.

Ní bhíodh aon bhord sa teach mar bhíodh na daoine bocht agus

ní bhíodh aon airgead acu le bord n6 aon rud mar sin a

cheannacht. Bhíodh cáca acu a dhéanadh siad as fataí, faochain,

agus bairnigh le n-ithe. Chaitheadh na daoine na bairnigh a bhaint

le píosa de bhior iarainn agus chuirfeadh siad ar bruith sa bpota

iad.

Ní itheadh na daoine feoil go minic fadó mar ní bhíodh mórán

feola san áit agus ní raibh mórán airgid ag na daoine le feoil a

cheannacht. Bhíodh siad ag ithe go le or iasc, mar bhíodh siad ag

iascach go minic agus mharaídís a lán de.

Seo iad na héisc a mharaíodh siad: lang, mangach, faoitín,

cad6g, scadán, crúdán, agus troisc. Bhíodh siad ag ithe uibheacha

Domhnach Cásca, agus ní chuirfeadh siad aon bhainne ar a gcuid

tae Aoine an Chéasta. Is dóigh gur cuimhin leis na seandaoine

tae a theacht go dtí an ceantar an chéad uair riamh. Ní bhíodh

aon chupáin acu roimhe sin ach sáspain.

Dara Ó Conghaile

(2, 24-5)

Tráchtas

12ú Aibreán 1938

Gníomhartha Gaisce

Bhí fear ann fadó agus bhí sé go maith ag obair feilme. Bhí sé

féin agus naoi déag fear eile ag obair sa ngarraí lá amháin. Dúirt

siad ga raibh sé in am acu an garraí a chur. Dúirt siad féin go

gcuirfeadh siad é i sé uair an choig. Dúirt an fear go gcuirfeadh

sé féin é in uair an chloig.

Bhí fear eile ann agus bhuadh sé rás gach bliain a mbíodh rástaí

ann. Bhí se go maith ag rith rás capall, agus gach rás mar sin.

Lá amháin bhí buachaillí ag gabháil amach ag rith ráis mhóir

fhada. Rith gach buachaillleo agus bhuaigh an fear seo. Bhíodh

26
sé ag buachtáil rás capall gach am a mbíodh rás capall ann.

Deirtear nach mbíonn an t-ádh ar an té a bheireann rás leis trí

huaire.

Bhí fear ann agus lig é féin le téad síos aill a bhí an-ard agus

bhí an fharraige faoin aill. Ach bhí an té ad a bhí sé ag gabháil

síos air ceangailte go daingean de chloch mhór. Bhí sé ag iarraidh

bairille a bhí ag snámh in san bhfarraige a thógáil. Tháinig sé féin

is an bairille slán abhaile.

Bhí fear ann agus bhí sé féin agus seachtar eile ag iarraidh mála

mór trí chéad a chrochadh. Rinne gach duine den seachtar a

dhícheall leis an mála trí chéad a chrochadh agus a chur suas ar

a ghuaille ach chinn sé orthu go léir agus ansin dúirt an fear seo

go gcrochfadh sé féin an mála i gcúig nóiméad, le aon lámh

amháin agus go gcuirfeadh sé ar a ghuaille é.

Bhí beirt fhear lá amuigh ag iascach. Ní raibh siad i bhfad amach

gur thit duine acu amach is an bhfarraige agus bhí sé ag gabháil

síos. Ach rug an fear eile air, agus níorbh fhéidir leis é a thabhairt

isteach mar bhí an lá garbh agus ní raibh aon duine ag iomramh.

Cheangail an fear rópa ar an bhfear a bhí amuigh agus tharraing

sé leis é chuig an talamh, agus tháinig an bheirt slán abhaile.

Dara Ó Conghaile

(2, 26-8)

12-4-'38

Sean-Scoileanna

Is iomaí scoil a bhíodh anseo roimh na scoileanna Náisiúnta. Bhí

ceann acu suite ar Mhóinín na Ruaige agus an ceann eile suite

ar Bhaile an Teampaill. Scoil Náisiúnta ab ea ceann amháin acu

agus sc oil cois elaí an ceann eile. Strainséaraí na múinteoirí a

bhíodh ag múineadh a thagadh ó áiteanna eile. Is amhlaidh a

bhíodh na múinteoirí ar lóistín i dtithe na ndaoine agus tá na tithe

sin ann fós. Ach ní hiad na daoine a bhí ann an uair sin atá ann

anois.

Bhíodh ar na páistí airgead a thabhairt do na múinteoirí chun

iad a mhúineadh. Bhíodh go leor leabhra acu: leabhra Béarla,

leabhra staire, agus leabhra áirimh a bhíodh acu. Ní bhíodh mórán

Gaeilge ag na páistí a bhíodh ag gabháil ar scoil an t-am sin. Bhí

beirt mhúinteoirí anseo fadó agus bhí Gaeilge acu chomh maith

le aon duine a bhí san oileán an t-am sin.

27
Chaith múinteoir amháin acu suas le sc6r blianta in san oileán

fad6 agus bhíodh sé ag 61 go minic agus ní thagadh sé ar scoil

gach lá go dtí go mbíodh sé a deich a chlog.

Bhíodh suíocháin in sa scoil ach ní mar na suíocháin atá anois

ann. Deirtear go raibh an bheirt mháistirí a bhí ann ina scoláirí

maithe. Chuala mé go mink nach mbíodh aon mheas ag na daoine

orthu . . . go mbíodh siad go han-ole leis na páistí.

Lá amJ1áin chuir an máistir gasúr ag baint slaite agus is é féin

a fuair an chéad chuid di. Chaith múinteou' elle dhá bhliain déag

san áit.

Dara Ó Conghaile

(2, 28-9)

10ú Bealtaine 1938

Luibheanna

Seo iad na luibheanna is m6 a dhéanann dochar don talamh:

broimfhéar, glúineach dhearg, copóg rua, buacall, agus salachar

sráide. Mhúchfadh siadsan an talamh agus dhéanfadh siad dochar

do na barraí.

Fásann an broimfhéar i dtalamh bog fuar agus ní ligeann sé cead

do na barraí fás. Bíonn an ghlúineach dhearg i dtalamh bocht agus

bíonn sé ag fás go dtí go mbíonn an talamh lán de. Is beag áit

nach bhfásann an chopóg rua ann i dtalamh bog agus áit a mbíonn

gaineamh. Bíonn an salachar sráide, agus an buacall- beagán -

i ngach talamh mura mbíonn an talamh an-chrua nó mura mbíonn

an ghrian ag scairteadh ann. Is i dtalamh maith a fhásann meacan

leoin.

Tá leigheas i meacan leoin le lámh n6 cos leonta. Nuair a dh6s

neant6g thú níI a.gat ach sú cop6ige rua a chur ar an d6 agus

bheadh sé go maith. Fásann cop6ga rua agus neant6ga i ngach

áit agus bíonn salachar sráide ag .fás in go leor garranta agus

buacall freisin.

Bíonn na daoine ag baint neantóg, cop6g rua agus c6i1is le

tabhairt mar bhia do mhuca agus d'ainmhithe eile. Tá luibh ann

agus is é an t-ainm atá air "Bainne B6 Bleachtáin", agus tá

leigheas ann d' fhaithne a bheadh ar do lámh n6 ar aon áit art

agus bíonn sé ag fás ar na sráideanna agus thíos ar an Muirbheach

agus nuair a bhainfeadh duine é, rachadh an "bainne" amach

28
as. Níl sé ceart é a chur i do bhéal mar is nimh atá ann.

Ní úsáidtear aon luibheanna nó plandaí chun éadach a dhathú

anois ach fadó bhíodh na daoine ag úsáid luibheanna agus plandaí

chun éadach agus snáth a dhathú.

Dara Ó Conghaile

(2, 30-31)

Micil Sheáin Choílm Mac Donnchadha

llú Bealtaine 1938

An Maistire

Tá meadar againn sa mbaile agus is féidir maistire a dhéanamh

inti. Is é an t-ainm a thugtar uirthi ná cuinneog. Tá sí timpeall

trí troithe ar airde. Tá sí timpeall trí troithe go leith ag a bun agus

timpeall dhá throigh go leith ag a barro Tá sí déanta le deich

mbliana.

Tugtar loine agus adharc mar ainm ar ghléasanna na

29
cuinneoige. Cuirtear marc beag ar uachtar na cuinneoige in san

áit a mbíonn an dár, nuair a bhíonn sé fáiscthe.

Deintear im faoi dhó sa tseachtain sa samhradh agus sa

ngeimhreadh. Is í bean an tí a dheineann an maistire agus má

thagann strainséara isteach le Hnn an mhaistire buaileann seisean

greas uirthi. Ní bhíonn maistire i bhfad á dhéanamh. Ní bhíonn

sé ach leathuair an chloig. Is é an chaoi a n-aithnítear go mbíonn

sé dé anta nuair a bhíonn go le or ime air.

Dara Ó Conghaile

(2, 32-3)

Ceathrú an Leisín

Fuair mé na scéalta ó Phádraic Ó Conghaile.

12ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Bhí píobaire in san oileán seo fadó, agus chuaigh sé isteach in

san uamhain atá ins an oileán seo in sa bhfómhar. Ní raibh sé

ach istigh in san uamhain nuair a thosaigh sé ag seinm ceoil. Nuair

a shíl sé gabháil amach as an uamhain bhí an béal dúnta le docha

móra. Bhí poll beag caol ag imeacht as an seomra ina raibh sé.

Chuaigh sé isteach in sa bpoll agus tháinig sé amach i seomra

eile.

Bhí an áit dubh. Blú faitíos mór air. Rug duine ar lámh air agus

gheit sé ga mór. Tharraing sé a lámh uaidh agus shiúil sé roiume.

Ní raibh sé i bhfad mar sin nuair a casadh enoe mÓI air. Chuaigh

sé síos an enoe. BM sé ag siúl go dtáinig sé ga dtí alll. Chonaic

sé solas beag tr! pholl beag a bhi os a chionn. Bhí sé ag cartadh

an phoill bhig nó gur dnne sé paU mór. Tháinig sé aníos as an

bpoU agus is é an áit al' a raibh sé in Inis Ofrr. Ní bhfuair aon

duine an polI ruos mó.

Micil Mac Donnchadha [Micil Sheáin Choilm]

(2, 34-5)

30
3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó agus is fadó a bhí. Bhí sí pósta agus cailleadh

afear. Ní raibh aici ach aon mhac amháin. Seán an t-ainm a bhí

air. Ní raibh sé ach ocht mbliana déag d'aois an uair sin. Gach

rud a d'iarradh a mháthair air a dhéanamh dhéanadh sé é.

Lá amháin san earrach d' imigh sé amach ar na sléibhte ag

breathnú ar na caoirigh. Nuair a d'imigh sé ní raibh a fhios aige

cá raibh na sléibhte cé gur minic a bhíodh sé ann, ach bhíodh

buachaill in éineacht leis gach lá nuair a d'imíodh sé ann. Nuair

a bhí sé tamall maith ag siúl an lá sin bhuail tuirse é agus shuigh

sé síos ar thaobh cnoic bhig agus lig sé a scíth ann.

Nuair a bhí a scíth ligthe aige chonaic sé teach beag i bhfad

uaidh. Rinne sé ar an teach agus bhuail sé ar an doras. D' oscail

fear é. Dúirt Seán leis gur ag gabháil go dtí an sliabh a bhí sé ar

lorg caorach. Dúirt an fear leis go dtiocfadh sé féin in éineacht

leis. D'imigh an bheirt acu leo ansin agus tháinig siad go dtí an

sliabh an áit a raibh na caoirigh. Chonaic an buachaill a chuid

caorach féin ansin agus d'irnigh leis.

Is é an bóthar a thug sé air ná bóthar a bhí sa sliabh. Bhí sé

tamall maith ag siúl agus bhuail faitíos é mar chonaic sé go leor

coillte agus bhí faitíos air go n-ionsódh na hainmhithe allta é a

bhí ins na coillte. D'imigh leis ansin an bóthar go dtí go dtáinig

sé abhaile go dtí a mháthair. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh

aon duine sa teach. Bhí a mháthair irnithe amach agus nuair a

tháinig sí isteach, bhí an buachaill istigh roimpi. D'fhiafraigh sí

dhe an bhfaca sé na caoirigh agus dúirt sé go bhfaca. Ní raibh

an buachaill i bhfad sa mbaile nuair a bhuail tinneas é agus fuair

sé bás.

Dara Ó Conghaile

(2, 36-8)

6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear agus bean ann uair amháin agus is é an áit a raibh siad

ina gcónaí ar imeall cnoic an-deas. Ní raibh aon teach in aice leo

agus is minic a bhíodh faitíos ar an mbean. Cheapadh sí go

mbíodh ainmhithe nó rudaí in aice an chnoic. Ní bhíodh aon

duine sa teach sa ló ach í féin. Gach lá bhíodh an fear ag obair

tamall maith ón gcnoc.

31
An fómhar a bhí ann agus bhí go le or oibre le déanamh aige.

Bhíodh sé ag baint móna sa bportach agus bhaineadh sé dhá lucht

móna gach bliain le haghaidh tine dhóibh. Ní raibh aon talamh

acu agus ní raibh mórán oibre le déanamh ag an bhfear ar a chuid

féin. Ní raibh aon fhataí ná féar tirim aige le baint. Ach is é an

obair a bhíodh air ná ag obair do dhaoine elle ar pháighe. Ag baint

adhmaid is mó a bhíodh sé i gcolll.

Lá amháin tháinig fear isteach chuig a bhean agus ní raibh a

fhios aici cén sórt fear a bhí ann. D'fhiafraigh sí dhe cén sórt fear

a bhí ann agus dúirt sé gur as na flaithis a tháinig sé ar cuairt

ag a mhuintir. D'fhiafraigh sí dhe an bhfaca sé a deartháir ann

nuair a tháinig sé agus dúirt sé go bhfaca.

"Dúirt sé liom a rá libh éadach a chur aige, "

ar seisean, agus dúirt an bhean leis an bhfear a theacht go dtí

an teach nuair a bheadh sé ag imeacht. Dúirt sé go dtiocfadh agus

go dtabharfadh sé leis an t-éadach chuige ..

Nuair a tháinig afear abhaile san oíche d'inis sí dhó go dtáinig

fear go dtí í inniu agus dúirt sé gur as na flaithis a tháinig sé.

Dúirt an fe ar nach fear ceart a bhí ansin / chor ar bith.

Dara Ó Conghalle

(2, 38-40)

10ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Lá amháin bhí triúr ag iascach amuigh ó dheas. Bhí sé tamall

maith san oíche nuair a bhí siad ag teacht abhaile. Nuaix a tháinig

siad i dtír ar Leic na Ruaige bhí an oíd1e dubh agus lú fbaca siad

duine ar bith. Bhí siad ag CUf suas an éisc agus na curai. Nuair

a bhí an curach thuas acu chuaigh srad síos ag ligint a scíth.

Ní raibh siad i bhfad mar sin nuair a chuimhnigh duine acu

[a ghabháil ] síos ag ianaidh na maidí. Nuair a rug sé orthu

chonaic sé dume ag teacht agus bhí sé ag siúl in aice leis an taollle.

Tháinig sé go dtí an fear a bhí ag iarraidh na maidí agus bhuall

sé a lámh air. Bhí sé ag gabháil ag caint leis ach tháinig fear elle

anuas agus d'imigh sé leis.

Chuir sé suas na maidí agus fuair siad asaI agus thug siad

abhaile an t-iasc agus roinn siad é agus chuaigh gach duine acu

go dtína theach féin agus an fear a chonaic an duine ar dtús

32
chonaic sé arís é nuair a bhí sé ag gabháil abhaile agus tháinig

faitíos air agus rinne sé deifir abhaile.

Nuair a bhí sé ina chodladh bhuail duine an fhuinneog agus

shíl sé go mba duine eile a bhí ann ach cé a bhí ann ach an fear

a chonaic sé roimhe sin agus dúirt sé leis imeacht agus mor tháinig

sé níos mó.

MidI Mac Donnchadha

(2, 40-41)

19ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ag gabháil amach ch un na gCreag in san oíche. Chonaic

sé fear eile ag siúl amach roimhe agus é ag caitheamh cloch

roimhe. Ní raibh faitíos ar bith air mar chonaic sé an fear go minic.

Bhí an fear tinn ar an leaba. Chuaigh sé go dtí an áit a raibh sé

ag gabháil. Nuair a tháinig sé abhaile d'inis sé an scéal agus

chuaigh sé go dtí an áit a raibh an fear tinn agus d'inis sé an scéal

dóibh. Seachtain 'na dhiaidh sin fuair sé bás.

Micil Mac Donnchadha

Ceathrú an Leisín

(2, 42)

Fuair mé na scéalta seo ó Sheán Mac Donnchadha.

24ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ag gabháil síos go dtí Garraí na bPoll in san oíche. Nuair

a bhí sé ag gabháil síos ag an Seanteampall tháinig báisteach agus

chuaigh sé suas fao i Aill na Sióg ar foscadh. Ní raibh sé i bhfad

. ann nuair a chuala sé ceol amach as an aill agus thit sé ina

chodladh faoin aill agus nuair a dhúisigh sé bhí sé istigh in san

aill agus go leor daoine in aice leis. Dúirt se leis na daoine é a

ligint abhaile agus níor ligo Bhí a mhuintir á chuartú agus ní

bhfuair siad é. Bhí sé cúig lá ar iarraidh nuair a tháinig sé abhaile

in san oíche agus fuair se bás an oíche sin.

33

MidI Mac Donnchadha

(2, 43)
28ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Lá amháin a raibh Mac Dé ag siúl, bhuail tuirse é agus tháinig

an oíche air, agus bhí sí an-gharbh. Tháinig sé go dtí teach ag

iarraidh lóistín. Dúirt bean an tí nach dtabharfadh sí féin aon bhia

dhó, ach dúirt an cailín aimsire ga dtahharfadh sí féin a cuid bia

féin dó. O'lOinnigh bean all tI istigh é trí oíche, mar bhí na

hoícheanta go dona le báisteach agus gála; agus al' feadh na trí

n-oíche sin bhajll sí tuarastal trí ráithe dhe.

Tamall ina dhiaidh sin cailleadh an bhean a bhí sa teach agus

bhíodh an cailín ag tabhairt bia do na muca gach lá. Lá amháin

dúirt fe ar an ti ga raibh na U1uca ag imeacht as. Dúirt an cailíll

ga raibh sí féin ag tabhairt dóibh mar a bhíodh an bhean.

"Ach, nuair a bheas mé ag tabhairt bia dóibh amárach, tar in

éineacht liam agus beidh a fhios agat, "

a deir sí.

"Leag do chos dheas ar mo chos dheas agus leag do lámh

dheas ar mo ghualainn dheas,"

adeir an cailín. Rinne, agus sin é an uair a chonaíc sé a bhean.

"Níl aon fhaill slánaithe agamsa ga brách,"

adeir sí,

"mura slánaíodh an cailín mé. Is é an áit a bhfuil mé ag imeacht

le sruth na habhann agus uísce na habhruID ag gabháil i mo bhéal

mar gheall ar gur bhain mé tuarastal td ráithe de Mhac Dé."

Dúirt an cailín go raibh trí leaba coinnithe in sna flaithis di féin

- leaba dá hathair agus dá máthair agus leaba di féin.

"Ní thabharfaidh mise leaba rn ' athar ná mo mháthar d' aon

duine ach tabharfaidh mé mo leaba féin duit" ,

a dúirt sí leis an mbean.

(2, 44-5)

31ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Sa bhf6mhar bhí fear ag baint fhataí sa ngarraí agus thit sé ina

chodladh agus ba ghearr gur dúisíodh é agus nuair a dhúisigh

sé chonaic sé go leal' daoine ar hhruach na ha.ille agus dúil't si ad

leis imeacht as an ngarraí gur leo féin é. Dúb:t sé nach n-imeodh.

34
Bhí siad ag gabháil á mharú murach duine leis féin a bhí básaithe

agus bheadh sé marbh murach sin.

Dara Ó Conghaile

(2, 46)

31-10-'38

Scéal

San earrach bhí triúr fear ag iascach. Bhí an mhaidin go breá nuair

a chuaigh siad amach agus ní raibh siad i bhfad amuigh nuair

a tháinig báisteach agus ceo agus bhí sé an-dorcha ar deireadh

agus níorbh fhéidir leo aon talamh a fheiceáil. Nuair a bhí an

tráthnána ann agus iad le gabháil abhaile bhí báisteach agus ceo

ann. Tháinig siad isteach ach má tháinig féin níor tháinig si ad

i dtír mar ní fhaca siad talamh ar bith mar bhí sé dúnta ag an gceo.

Gaoth aduaidh a bhí ann an lá sin agus is é an áit a cuireadh

iad síos á thuaidh agus is é an áit a tháinig siad i dtír ar Thrá an

Tobair i gConamara. Nuair a tháinig siad i dtír tháinig bean anuas

go dtí an trá agus thug sí go dtína teach féin iad agus thug sí bia

dháibh.

Dara Ó Conghaile (na trÍ scéal)

Ceathrú an Leisín

(3, 46-7)

Fuaireas na scéalta seo á Phádraig á Conghaile.

Scéal

Tá buaile san oileán. Is é an t-ainm atá uirthi ná Garraí Thomáis.

Is é an fáth gur tugadh an t-ainm sin uirthi. . .is amhlaidh a tháinig

fear as Conamara fadá agus dhein sé teach agus phás sé bean.

Chónaigh sé sa teach ar feadh tamaill. Bhí clann aige. Ach oíche

amháin chuaigh sé a chodladh. Nuair a bhí sé tamall 'na chodladh

dhúisigh sé agus d' airigh sé torann taobh amuigh den fhuinneog

agus d' airigh sé an fhuinneog á bualadh agus briseadh plána ¡nti

agus ansin fuair sé bás.

Seán Ó Conghaile

Ceathrú an Teampaill

(2, 48)

Fuaireas an scéal á Sheán Ó Conghaile (Dara). An seoladh céanna

liomsa.

35
Peadar fim Ó Fathartaigh

19ú Mí na Nallag 1938

Seéal

Bhí Rí ina ehónaí in sa Spáinn uair agus ehuaigh sé féin agus Fiann

mae Cumhaill ag traido Tháinig sé as an Spáinn i mbád mór

eagaidh agus chanaie Fiann an bád agus ghabh faitías é agus dúirt

sé lena mháthair é a ehur i bhfalaeh sa gcliabhán ar eagla ga

bhfeicfeadh an Rí é agus ga maródh sé éo

I geeann tamaill tháinig an Rí isteaeh chuig an máthair agus thug

sí dinnéar dó o D'fhiafraigh sé de mháthair Fhinn cá raibh Fiann

agus dúirt sí ga raibh sé imithe amaeh agus ga mbeadh sé isteaeh

le titim na haícheo Chanaic an Rí ga raibh duine éigin sa gcliabhán

agus d'fhiafraigh an Rí eé méid bliain a bhí sé, agus dúirt an

mháthair gur dhá bhliain a bhí sé o Chuir an Rí méar i mbéal an

36
pháiste agus cé a bheadh ann ach Fionn agus bhain Fionn greim

as méar an Rí. Bhí an oíche ann faoi seo agus chuaigh an Rí a

chodladh i dteach Fhinn agus mharaigh Fionn é san oíche.

Peadar Ó Fathartaigh [Peadar Tim]

Baile an Mhothair

(2, 49-50)

Scéal

Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar pósta. Cailleadh an

bhean agus phós an fear bean eile. Ní raibh mórán cion ag an

leasmháthair seo ar an maco Lá amháin thug sí go dtí an chúirt

é agus chuir sí ina leith gur mharaigh sé a athair agus dúirt sí

le lucht na cúirte é a chrochadh mura gcumadh sé amhrán leath

Béarla agus leath i nGaeilge. Thosaigh air ag cumadh agus chum

sé leath fíor agus leath bréagach i mBéarla agus i nGaeilge. Nuair

a bhí sé cumtha aige dúirt an leasmháthair gurbh amhlaidh a

chum sé leath bréagach i mBéarla agus i nGaeilge agus nár chum

sé leath fíor ar bith, agus crochadh é ina dhiaidh sin. Ach tháinig

díoltas ar an máthair 'na dhiaidh sin mar fríth amach nár

mharaigh an buachaill a athair agus ansin crochadh í féin.

Peadar Ó Fathartaigh

(2, 50-51)

20ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó agus bhí triúr iníon aici. Lá amháin dúirt an

iníon ba shine go raibh sé in am aici a ghabháil ag saothrú a

beatha.

"Fan go mbruithfidh mé cáca dhuit. Cé fearr leat leath an cháca

agus mo bheannacht nó an cáca ar fad agus gan mo bheannacht?"

"Tabhair domsa an cáca ar fad agus ná bac le do bheannacht".

D'irnigh an cailín léi agus gan beannacht a máthar aici. Bhí sí

ag irneacht agus ag síorirneacht go raibh deireanas na hoíche ann,

na réalta in sna spéartha agus ná néalta ag teacht amach. Ar

deireadh chonaic sí solas agus rinne sí air agus céard a bheadh

ann ach teachín beag. Bhuail sí ar an doras agus ní bhfuair sí aon

37
toradh. Tharraing sí an laiste agus chuaigh sí isteach. Nuair a

chuaigh sí isteach bhí seanchailleach ina suí sa gclúid agus

d'fhiafraigh sí di:

"Cé thusa nó cé atá uait?"

"Cailín bocht mé," a deir sí, "atá ag saothrú mo bheatha".

"Tóg an soitheach sin agus imigh go dtí an tobar".

Nuair a chuaigh sí go dtí an tobar chuir sí an soitheach isteach

sa tobar agus ní choinneodh sé aon uisce. Chonaic an cailin

spideog bheag ar an gclaí agus dúirt sí léi crosóg a chur i dtóin

an tsoithigh agus go gcoinneodh sé an t-uisce ar feadh an Iae.

Nuair a thug an cailín an t-uisce abhaile chuig an tseanchailleach

bhain sí an ceann di agus chuir sí síos sa bpota é agus bhí an cailin

marbh.

. Nuair a bhí sí tamall maith imithe níor chuir sí aon scéal chuig

a máthair agus dúirt an dara cailin go raibh saol breá aici. Lá

amháin dúirt an dara cailín lena máthair go raibh sé in am aici

a ghabháil ag saothrú a beatha.

"Fan go mbruithfidh mé cáca dhuit. Cé fearr le at leath cáca

agus mo bheannacht nó an cáca ar fad agus gan mo

bheannacht?"

" Tabhair domsa an cáca ar fad agus ná bac le do bheannacht" .

D'imigh an cailín léi agus gan beannacht a máthar aici. Bhí sí

ag imeacht agus ag síorimeacht go raibh deireanas na hoíche ann,

na réalta in sna spéartha agus na néalta ag teacht amach. Ar

deireadh chonaic sí solas agus rinne sí air agus céard a bheadh

ann ach teachín beag. Bhuail sí ar an dor as agus ní bhfuair sí aon

toradh. Tharraing sí an laiste agus chuaigh sí isteach. Nuair

chuaigh sí isteach bhí seanchailleach ina suí sa gclúid agus

d'fhiafraigh sí dhi:

"Cé thusa nó cé atá uait?"

"Cailín bocht mé," a deir sí, "atá ar lorg oibre".

"Tóg an síothlán sin agus tabhair isteach a lán d'uisce chugam".

Chuaigh an cailín mar a dúradh léi go dtí an tobar. Níor fhan

aon deoir uisce ann agus chuaigh sí abhaile go dtí an

tseanchailleach brónach go le or .

"Cá bhfuil an t-uisce?," a deir sí leis an gcailín.

" Bhí go le or poll i dtóin an tsíothláin agus níor fhan aon deoir

ann". Fuair sí scian mhór agus bhain sí an ceann di. Nuair a bhí

sí tamall maith imithe níor choo sí aon scéal chuig a máthair.

"Is dóigh," a deir an tríú cailín, "go bhfuil saol breá ag an

mbeirt eile. Beidh mise ag imeacht leis".

38
"Fan go mbruithfidh mé cáca dhuit".

"Cé fearr leat leath an cháca agus mo bheannacht nó an cáca

ar fad agus gan mo bheannacht?"

"Tabhair domsa leath an cháca agus do bheannacht".

D'imigh an cailín léi agus beannacht a máthar aici. Bhí sí ag

imeacht agus ag síorimeacht go raibh deireanas na hoíche ann,

na réalta in sna spéartha agus na néalta ag teacht amach. Ar

deireadh chonaic sí solas agus rinne sí air agus céard a bheadh

ann ach teachín beag. Bhuail sé ar an doras agus d'oscail an

tseanchailleach é.

"Cé thusa nó cé atá uait?"

"Cailín bocht mé atá ar lorg oibre".

"Tóg an síothlán sin agus imigh go dti an tobar".

Chuaigh an cailin mar a dúirt an tseanchailleach léi. Thug sí

an t-uisce isteach ón tobar go dtí an tseanchailleach mar bhí

beannacht a máthar aici rud nach raibh ag an mbeirt eile.

Dara Ó Conghaile

(2, 52-5)

22ú Mí na Nollag 1938

Scéal

I bhfad ó shin bhí cailín beag dílis ina cónaí ar imeall coille i lár

na hÉireann. Bhí a hathair agus a máthair beo agus bhíodar ancheanúil

uirthi mar cailín séimh suairc a bhí inti. Bhíodh a hathair

ag obair amuigh sa gcoill gach lá agus is é an obair a bhíodh air

ná ag gearradh anuas na gcrann mór darach a bhíodh sa gcoill

le haghaidh ábhar tine do mhuintir an bhaile mhóir. Bhíodh a

máthair i gcónaí i gcionn obair an tí agus théadh an cailín beag

ar scoil gach lá.

Ach tharla go raibh a máthair mhór ina cónaí istigh i lár na coille

agus gach tráthnóna nuair a thagadh an cailín beag ón scoil théadh

sí ar cuairt go dtína máthair mhór. Bhí an tseabhean bhocht ag

éirí ao sta anois agus is minic nach mbíodh sí ábalta an cailin beag

a aithint nuair a bhíodh sí ag teacht tríd an gcoill. Nuair a bhí

an cailín beag ag gabháil ar cuairt go dtína máthair mhór lá amháin

cé a casadh léi ach an mac tíre.

"Cá bhfuil tú ag gabháil?"

a deir sé leis an gcailín beag.

39
"Tá mé ag gabháil ar euairt go dtí mo mháthair mhór, " a deir

sí, "agus tá go leor rudaí deasa agam le tabhairt ehuici".

"Cá bhfuil do mháthair mhór ina eónaí?" arsa an mae tíre.

"Go díreaeh ag eeann an ehosáin seo," arsa an eailín.

Dúirt an mae tíre go raibh a fhios aige an teaeh go maith agus

d'imigh leis.

Bosea 2C

Cóipleabhar 3

Inis Meáin

Oileáin Árann

Beairtle Ó Cualáin

[Beairtle Mhaidheil]

Rang vii

Tráehtas

22ú Samhain 1937

Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tá go leor eomharthaí in san oileán seo le hinseacht cén sórt

aimsire a bhíonn le teacht. Faigheann siad na comharthaí sin go

léir ón ngealach, ón ngrian, ó na réaltóga, ón bhfarraige, ón

ngaoth, ón spéir agus ó rudaí beo.

Nuair a bhíonn fáinne timpeall na gealaí bíonn báisteaeh le

teacht agus nuair a bhíonn sí ina suí ar a tóin is comhartha é go

bhfuil drochaimsir an Nuair a bhíonn an ghealach ag imeacht

go héasca in sa spéir bíonn sto irm le teacht.

Nuair a bhíonn gaetha fada 6n ngrian bíonn báisteach air.

Nuair a bhíonn na réaltóga ag preabadh in sa spéir is eomhartha

é sin go bhfuil drochaimsir air.

Nuair a bhíonn cúr ag imeacht ar an bhfarraige is comhartha

é go bhfuil farraigí m6ra le teacht agus nuair a bhíonn go leor

sruthanna le feiceáil sa bhfarraige bíonn báisteaeh air.

Nuair a bhíonn sí ó thuaidh agus thoir bíonn triomaeht agus

fuaeht air agus nuair a bhíonn sí thiar n6 siar ó dheas bíonn stoirm

agus múranna báistí air.

Má bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreá

air agus má bhíonn an spéir thoir dearg tráthnóna bíonn báisteach

air agus má bhíonn néalta bána sa spéir bíonn báisteach air.

Nuair a thagann scata géabha fiáine thart bíonn fuacht le teaeht

40
agus má bhíonn éanlaith ag eiteall go hard sa spéir is comhartha

é go bhfuil aimsir bhreá air. Má bhíonn lachain ag eiteall agus

ag craitheadh a gcuid sciathán is comhartha é go bhfuil báisteach

air agus nuair a bhíonn mada ag ithe féir bíonn báisteach air

freisin.

Nuair a thugann cat a dhroim don tine bíonn drochuair air.

Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag gabháil faoi bíonn aimsir bhreá

air. Nuair a bhíonn go leor míoltóg le feiceáil agus má bhíonn

siogáin a bhfuil sciatháin orthu ag imeacht thart is comhartha

báistí é.

Beairtle Ó Cualáin

(3, 1-2)

29ú Samhain 1937

Na Fataí

Cuirtear fataí gach bliain. Cuirtear feamainn mar leasú orthu agus

faightear an fheamainn in sa gcladach. Tarraingítear le has al nó

le capall an fheamainn ón gcladach go dtí an garraí. Scartar ar

an ngarraí ansin í agus nuair a bhíonn sí tamall scartha cuirtear

an garraí le spáid. Nuair a bhíonn sé curtha sáitear síolta ann.

Seo é an chaoi a ndéantar an síol. Gearrtar na fataí ina bpíosaí

agus tugtar na pío saí go dtí garraí agus leagtar ar an iomaire iad

gach ceann acu timpeall leath-throigh óna chéile. Nuair a bhíonn

siad scartha ansin déantar poll síos sa talamh le maide rómhair

le hais gach ceann acu agus cuirtear an síol síos ann agus

clúdaítear an síol le cré. Nuair a bhíonn siad tamall curtha ansin

tosaíonn siad ag cur barranna beaga aníos. Nuair a bhíonn siad

mór ansin lánaítear iad. Nuair a fhásann salachar iontu ansin

glantar é. Nuair a bhíonn barranna móra orthu ansin cuirtear spré.

(3, 3)

29ú Samhain 1937

Toibreacha Beannaithe

Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán seo agus seo iad

iad:Tobar Chinn Dheirge atá i bpáirc ar an taobh ó dheas den

41
séipéal; Tobar Ísleamáin atá i bpáirc le hais an Mhuirbhigh taobh

thiar den Chaladh Már; agus Tobar Cheanannach atá sa bpáirc

atá ar an taobh á dheas den Reilig.

Bítear ag tabhairt turais corram go dtí Tobar Chinn Dheirge agus

níl aon lá fao i leith ceaptha le é a thabhairt. Tobar cruinn is ea

é agus tá sé timpeall tr! troithe ar a fhad agus dhá throigh go leith

ar leithead agus timpeall cdig troithe ar dhoimhneas agus tá leaca

beaga cloch timpeall air.

In sa bpáirc ar an taobh á dheas den tobar tá leaba ar a dtugtar

Leaba Chinn Dheirge agus tá sí dé anta as clocha.

Deirtear go raibh crois inti fadá agus bhí sí déanta go han- deas.

Chuala Preispitéireach go raibh an chrois sin ann. Lá amháin

tháinig sé agus ro raibh a fhios ag na daoine cérbh é. Chuaigh

sé ga dtí an leaba - bhí sé scríofa síos ar leabhar aige cén áit a

raibh sí - agus thug sé an chrois leis agus níor chuala aon duine

as an oileán aon tuairisc air uaidh sin amach agus ní fhaca siad

an chrois uaidh sin amach ach oiread.

Ní thugtar aon turas ga dtí Tobar Ísleamáin I chor ar bith.

Deu·tear ga raibh naomh in sa n oileán fadó agus is é an t-ainm

a bh í air ísleamán . Blú sé lá ag gabháil thar an tobar sin agus blú

tart air. Chuaigh sé ar a dhá ghlúin ag an tobar le deoch a 61 agus

d'fhág sé lorg a dhá ghlúin agus lorg a dhá láimh in sa leic, agus

tá an 101'g sin le feiceáil anti 6 shin agus sin é an fáth a dtugtar

Tobar fsleamáin air.

Ní thugtar aon turas chuig Tobar Cheanannach anais ach oiread

ach fadó bhíodh ga leor daoine ag tabhairt turais ga dtí é. Ní

thugtar turas go dtí aon tobar acu ach ga Tobar Chinn Dheirge

agus fágann gach [duine ] a thugann turas go dtí é sin rud éigin

ann, airgead, biorán, snáth agus rudaí mar sin i dtom eidhinn

atá ag fás istigh ann.

Tá trí fhaocha mhára ag an tobar agus álann gach duine a

théann ag tabhairt turais ann trí lán faocha acu sin.

Bhí bean in san oileán tamall á shin agus am éigin sa samhradh

bhí an t-uisce gann agus níorbh fhéidir léi aon deoir uisce a fháil.

Chuaigh sí isteach chuig Tobar Chinn Dheirge agus thug sí an

t-uisce as agus d'imigh sí abhaile. Chuir sí an t-uisce ag bruith

fataí agus dá mbeadh na fataí thíos á shin ní bhruithfeadh siad.

B' éigean di an t-uisce a bhaint astu arís agus uisce eile a chur iontu

agus bhruith na fat aí dhi ansin.

Bíonn uisce ins gach ceann acu i gcánaí. Níl a fhios ag aon duine

cén chaoi ar éirigh aon cheann acu ar dtús, agus níor chuala mé

42
iamh gur leigheasadh aon duine in aon cheann acu. Níor chuala

mé riamh gur thug aon duine aon iarracht ar aon tobar acu a

thriomú ná a dhúnadh.

Beairtle Ó Cualáin

(3, 6-8)

Tráchtas

14ú Nollaig 1937

Cluichí

Sa bhfómhar bíonn muid ag piocadh crúibíní, sméara dubha agus

airní. Bíonn muid ag imirt Screaga freisin sa bhfómhar. Lá Fhéil

Pádraig bíonn muid ag bualadh Cead, bíonn muid ag breith ar

éanacha le ciseoga sa ngeimhreadh agus ag tóraíocht coiníní.

Nuair a bhíonn na hoícheanta fada sa ngeimhreadh ann bíonn

muid ag déanamh Púicín. Bíonn muid ag leá luaidhe oíche

Shamhna agus ag cur Fáinne i bhFolach sa ngeimhreadh.

Nuair a bhítear ag bualadh Cead bíonn maide fada againn,

bíonn píosa beag de mhaide againn freisin chomh ramhar le co is

scuaibe agus timpeall trí horlaí ar a fhad. Leagtar an giota beag

suas le cloch nach bhfuil chomh hard leis an ngiota. Tugtar

"piost" ar an gcloch agus tugtar "cead" ar an ngiota. Buailtear

an chuid den chead atá os cionn an phiost leis an maide mór agus

éiríonn an giota suas san aer. Buailtear go láidir leis an maide mór

é ansin agus cuirtear tamall maith as láthair é. Sin é an chaoi a

n-imríonn muid an Ceado

Is é an chaoi a mbeirtear ar na héanacha ná: gheibhtear ciseog;

tá an chiseog déanta as slata sailí fite ar a chéile agus curna chruinn

uirthi timpeall troigh ar a fhad agus an méid céanna ar leithead;

agus faightear maide timpeall leath-throigh ar a fhad. Cuirtear

an chiseog ar a béal fúithi agus cuirtear an maide faoin gciseog

- ceann de sáite go héadrom sa talamh agus an ceann eile faoin

gciseog i dtreo go gcoinneodh sé crochta ón talamh é. Cuirtear

píosa aráin isteach faoin gciseog, ceanglaítear píosa téide den

chipín agus tugtar a cheann isteach sa teach. Nuair a fheicfeas

éan an t-arán tiocfaidh sé isteach faoin gciseog. Tarraingítear an

téad go tobann agus imeoidh an cipín ón gciseog agus tiocfaidh

an chiseog anuas ar an talamh agus beidh an t-éan fúithi.

Is é an chaoi a ndéantar an Púicín ná: cuireann duine púicín

43
ar a shúile. Bíonn an chuid eile ar an urlár agus an té a mbíonn

an púicín ar á dtóraíocht. Bíonn gach duine ag tabhairt buille dhó

ansin agus ag rith uaidh ansin. An chéad duine a mbéarfaidh sé

air ansin caithfidh sé an púicín a chur air agus déanann sé sin

an c1eas céanna ansin.

Is é an chaoi a leáitear an Iuaidhe ná: cuirtear síos i soitheach

ar an tine í. Nuair a bhíonn sé leáite ansin t6gtar aníos é. Faightear

soitheach éigin agus uontar le huisce fuar é agus doirtear an

luaidhe trí pholl eochrach san uisce fuar agus deineann sé a lán

rudaí deasa, tithe, galtáin agus rudaí mar sin. Tagann tairní amach

amanta agus deirtear an té a dhoirteann síos an luaidhe nuair a

thagann tairní amach gur le haghaidh a chónra a bhíonn siad agus

gur gearr go bhfaighidh sé bás.

Is é an chaoi a gcuirtear an Fáinne i bhFolach ná: faightear píosa

d'fhód móna nó rud ar bith mar sin agus tugtar fáinne air sin.

Ní mór ceathar nó níos m6 a bheith ann. Cuireann duine acu

púicín air féin ansin agus ní fheiceann sé an chuid eile ' chor ar

bith . Fiafraíonn duine den chuid eile de anSln cé aige a bhíonn

an fáinne agus IDura n-inseoidh sé an duine ceart gheobhaidh

sé slap le maide uaidh sin, agus má bhíonn an d.uine cea rt aige

caithfidh an duine sin an púidn a chul: au' agus an cleas céanna

a dhéanarnh freisin.

Fuaireas na scéalta ó Mhicil Ó Cualáin.

Beairtle Ó CuaIáin

Ceathrú an Leisín

(3, 8-11)

llú Aibreán 1938

Rudaí Neamhshaolta

Bhí curach as an oileán amuigh ag iascach ar an taobh ó dheas

timpeall fiche bliain ó shin. Bhíodar ceathair nó cúig de mhílte

amach ón talamh agus i Iár an Iae chonaic siad fear ma sheasamh

sa bhfarraige tamall uathu agus faoi cheann tamaill chuaigh sé

faoi uisce arís.

Bhí fear eile ag tarraingt fataí tamaU Ó shin agus nuair a bhí sé

ag gabháil aníos le Trá Leitreach chonaic sé curach ag gabháill

suas le hais na trá agus í ag déanamh ar an tslip agus nuair a bhí

sí gat don tslip ní fhaca sé ' chor ar bith í.

44
Oíche amháin sa ngeimhreadh tamall ó shin chuaigh fear síos

chuig an gcladach ag bailiú feamainne. Síos Trácht Each a chuaigh

sé agus ní raibh sé ach a haon a chlog san oíche agus thug sé

an mada leis. D'ísligh sé síos sa gcladach agus ní raibh aon

fheamainn ann. Tháinig sé aníos arís agus nuair a d' ardaigh sé

as an gcladach chonaic sé rud dubh istigh i mbuaile lena ais.

Choinnigh se air agus faoi cheann tamaill d' airigh sé an torann

ina dhiaidh. Bhreathnaigh sé agus bhí an mada ag troid le rud

éigin ina dhiaidh. Bhuail faitíos ansin é agus rinne sé deifir. Bhí

an rud ina dhiaidh i gcónaí agus an mada ag troid leis. Ar deireadh

rinne sé an teach agus an péire ag troid ina dhiaidh agus ar maidin

bhí an mada marbh ag an doras.

Bhí fear eile tamall ó shin agus maidin Lá Fhéil Bealtaine

chuaigh sé ag obair síos ag an Muirbheach roimh éirí na gréine.

Ní raibh sé i bhfad ag obair nuair a chonaic sé pl6d capall ag teacht

chuige agus nuair a tháinig siad go dtí é is éard a bhí iontu ná

daoine a bhí básaithe. Bhuail siad an fear agus ní raibh sé in ann

teacht abhaile agus mharódh siad ar fad é murach duine acu a

raibh gaol aige féin leis. Thug seisean aníos ar a dhroim é agus

d'fhág sé ag an Tobar Beag é agus chuaigh sé féin abhaile an chuid

eile. Ach ní raibh sé dhá lá sa mbaile nuair a cailleadh é.

Bhí fear eile ag obair i ngarraí go moch ar maidin lá amháin

agus tháinig pl6d daoine a bhíbásaithe ar an aill chuige agus dúirt

siad leis imeacht as an ngarraí gur leo féin é agus dúirt sé nach

n-imeodh. Tháinig siad anuas sa ngarraí chuige agus mharódh

siad é murach deirfiúr leis féin a bheith básaithe agus bhí sí leo

agus shábháil sí sin é.

Bhí fear eile ann agus bhí sé ag baint fhataí faoi aill agus chonaic

sé coinín ag seinm ceoil le veidhlín agus ceann eile ag damhsa

ina aice. D'fhan an fear ag breathnú orthu agus faoi cheann tamaill

mhaith chuaigh na coiníní isteach san aill arís.

(3, 12-14)

Baile an Mhothair

Inis Meáin

Árainn

20-12-1937

45
Micilín Teaimín Ó Meachair

Achara,

Ba mhaith liom dá dtiocfá chuig tae tráthnóna Dé Domhnaigh seo

chugainn. Beidh an tae ullamh ar a sé a cholg agus beidh ceol

agus rince ann tar éis an tae. Tá súil agam go dtiofaidh tú mar

sin agus ní mór duit teach go luath. Beidh an- spóirt againn má

thagann tú.

Mise do chara dhíl,

MidI O Meachair [Micilín Teaimín ]

(3, 14-15)

46
20ú Nollaig 1937

Abairtí

Thit sé isteach in san abhainn dhubh.

Bhí an teach i lár na coille móire.

Tá lampa os cionn an bhoird bháin.

Colm O Fathartaigh

(3, 15)

Colm Teaim Mhóir Ó Fathartaigh

agus Bríd Sheáin Bhidí Ní Choncheanainn

Tráchtas

20ú Nollaig 1937

Chuaigh triúr iascairí óga amach ag iascach lá as an oileán. Daoine

6ga a bhí iontu agus ní raibh m6rán eolais ar an bhfarraige acu.

Bhí an lá go breá agus bhí ag éirí leo go breá ag marú iase. I lár

47
an Iae tháinig cuma gharbh ar an aer ach níor chorraigh siad mar

shíl siad nach raibh baol orthu. Ach thosaigh an ghaoth ag

séideadh go láidir agus b' éigean dóibh teacht an sin agus is ar

éigean a rinne siad an cladach bhí sé chomh garbh sin. Dúirt siad

nach dtiocfadh siad amach arís gan duine eolasach a bheith in

éineacht leo.

20ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear 'na chónaí amuigh ar na Creaga agus bhí muileann aige.

Bhí ag éirí go maith leis go dtí na ch raibh mórán cruithneachta

ag teacht go dtí an muileann. Amuigh sa bpáirc maidin go moch

ar maidin bhí an muilleoir ag siúl agus go hobann sheas bean lena

ais agus d'fhiafraigh de cén cruatan a bhí ag gabháil dó agus dúirt

an fear léi ná raibh mórán cruithneachta ag teacht go [dtí] an

muileann. Dúirt an bhean leis go leigheasfadh sí a chás ach an

chéad pháiste eile a bheadh ag a bhean a thabhairt chuici agus

bhí an fear sásta agus leis sin d'imigh an bhean as amharc.

Nuair a tháinig sé abhaile bhí an cailín aimsire sa doras agus

dúirt sí leis go raibh páiste óg ag a bhean. Ansin bhuail aiféala

an fear agus bhris sé an gheallúint agus shorcaigh sé gan an mac

a thabhairt di.

Nuair a bhí an mac fásta chuir sé é go dtí áit áithrid agus phós

sé ansin. Lá amháin bhí sé ag fiach agus tharla go ndeachaigh

sé go dtí an seanmhuileann agus tamall ón muileann bhí sruthán

agus chuaigh sé go dtí é ag ní a lámh. An nóiméad a

theangmhaigh sé leis an uisce léim bean amos agus tharraing sí

síos é. Tháinig a bhean á thóraíocht agus fuair sí a ghunna le hais

an tsrutháin agus ansin che ap sí gurbh amhlaidh a bádh é sa

sruthán.

(3, 16-17)

Fuair mé na scéalta ó m'athair.

Peadar Ó Fathartaigh

Baile an Mhothair

48
Pádraig Pheait Sheáin Conghaile agus

Peait Sheáin Ó Conghaile

3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Oíche amháin bhí curach amuigh ag iascach i bhfad Ó thalamh

tirim. Tháinig an oíche go han-gharbh agus bhí fainos orthu teacht

i dtír. Faoi cheann tamaill chonaic duine de lucht na curaí bád

neamhshaolta ag snámh isteach go dtí iad. D' éirigh foireann na

curaí ina seasamh le tarraingt ar an mbád ach nuair a thiocfadh

an bád gar dóibh d'imíodh sí.

Chroch siad an seol le teacht i dtír. Nuair a tháinig siad gar don

tslip chruinnigh na sióga timpeall ar an trá agus sheas cuid eile

ar an gcurach agus ní raibh na daoine in ann teacht i dtír le faitíos.

I gceann tamaill thosaigh an mhaidin ag breacadh. D'imigh na

sióga chomh tapa agus tháinig siad isteach sa bhfarraige. Tháinig

an foireann i dtír ansin agus chuaigh siad abhaile.

Pádraig Ó Conghaile [Pádraig Pheait Sheáin]

(3, 18-19)

49
3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Tráthnóna fómhair chuaigh fear amach Ó dheas ag bailiú

feamainne. Thit sé ina chodladh. Thosaigh sé ag brionglóidigh

[go bhfaca sé ] síos faoi ar an trá fear bán agus mada mar a cheap

sé.

Bhreathnaigh sé siar. Chonaic sé solas. Bhreathnaigh sé agus

chonaic sé bád. Chuir sin eagla mhór air. Chonaic sé na daoine

ag teacht isteach as an mbád. Bhí a gcuid gléasanna cogaidh ina

lámha acu. Thosaigh an fear bán leo. Cheap an fear gur mharaigh

sé 'chuile dhuine acu. Ansin dhúisigh sé de gheit. Chonaic sé

sióga ag teacht chuige. Rugadar air agus thug siad leo é. Nuair

a bhí sé ina mhaidin leagadar le hais a thí é agus rith na sióga

leo abhaile.

Pádraig Ó Conghaile

(3, 19)

6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos maidin Lae Bealtaine ar

an Muirbheach agus bhí sé thíos an-mhoch. D' airigh sé ceol i

mbun na cruaiche mar bheadh daoine ag caoineadh. I gceann

scaithimh d' airigh sé an ceol ag teacht i ngar dó agus chonaic sé

na daoine - na sióga a bhí ann go cinnte. Leanadar aníos go dtí

an tslip é agus bhí daoine eile as an oileán ag an tslip . Agus bhí

faitíos orthu go léir.

Pádraig Ó Fathartaigh [Pádraig Thomáis Mhóir]

(3, 20)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos chuig an gCaladh Mór.

Chonaic sé solas ar an bhfarraige agus d'imigh sé arís. Bhí an oíche

geal agus bhí sé ag ceapadh gurb í an ghealach a bhí ag scairteadh

in san uisce. Bhí sé ar tí a ghabháil abhaile nuair a chonaic sé an

50
solas arís mar bheadh bád neamhshaolta ann. Ní raibh aon

fhaitíos air nuair a chonaíc sé nach í an ghealach a bhí ag

scairteadh in san uisce. Agus bhuail faitíos é agus chuaigh sé suas

an Muirbheach agus bhí sé ag ceapadh go raibh an solas roimhe.

Chuaigh sé suas abhaile agus bhí an ghealach faoi.

Pádraig Ó Fathartaigh

(3, 20-21)

22ú Mí na Nollag 1938

Bhí naonúr fear i gConamara ina gcónaí le chéile agus bhí bád

acu. Bhí an mhóin go han-fhairsing an bhliain seo. Bhí an

fharraige go han-chiúin leis agus shocraigh beirt acu go ngabhfadh

siad le móin go Gaillimh. Aon lá amháin chuir siad go leor móna

síos chuig an gcaladh agus bhí an oíche ann nuair a bhí an bád

luchtaithe leis an móin acu. Bhí siad le seoladh an lá ina dhiaidh

sin dá mbeadh sé go breá.

Tháinig an lá ina dhiaidh sin go breá mar ba mhaith leo ach

bhí rud beag ceo ann. Mar sin féin chrochadar na seolta agus

sheoladar leo. Nuair a bhí siad leath bealaigh go Gaillimh thosaigh

an ceo ag teacht timpeall orthu. Nuair a bhí siad ag Ceann Boirne

ní fhaca siad talamh ar bith ach ceo. Is ansin thosaigh an

bháisteach agus d'ardaigh an fharraige.

Chuaigh duine acu amach chun tosaigh sa mbád leis an seol

tosaigh a fháisceadh. Nuair a bhí sé ag fáisceadh an tseoil tháinig

tonn agus thug sí amach as an mbád é. Ní túisce a bhí sé amuigh

ná a chuaigh sé síos agus bádh é. Ansin d'fháisc sé an seol

tosaigh. Bhí sé anois i mbéal an chuain agus bhí leath na móna

caillte . Tamall 'na dhiaidh sin nuair a bhí an fear ag gabháil an

bháid d'imigh an maide gabhála leis an tonn uaidh ach bhí ceann

eile aige. Ba ghearr go bhfaca sé rud mór dubh sa gceo ag

déanamh air. Long mhór a bhí ann agus chuaigh sí sa mullach

ar an mbád agus bháigh sí í agus fear an bháid leis.

Peadar Ó Fathartaigh

Ceathrú an Leisín

(3, 22-3)

Fuair mé na scéalta seo Ó rn' athair Séamas Ó Fathartaigh, Ceathrú

an Leisín.

51
6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí triÚI fear ag iaseach oíche san earraeh agus tháinig an oíehe

garbh agus tháinig an triúr i dtú' i dTrá Leitreach ga moeh ar

maidin ga stopfadh an feothan. Bhí an euraeh thuas ar an trá aeu

agus tháinig duine anuas an trá agus é gléasta in éadaí bána agus

thóg sé na cnogaí aníos as an geuraeh agus d'imigh sé leis síos

ga dtí Aill na Sióg agus ehuaigh sé isteaeh san aill.

Faoi cheann tamaill lean duine de na Hr é. Nuair a bhí sé faoi

bhun na haille thosaigh daoine ag eaitheamh cloch leis, agus

b ' éigean dó gabháil síos ge dtí an trá ads agus d'inis sé dhóibh

'chuile rud agus b' éigean. d6íbh an curach a iompar ga dtí a Mit

féin ag an tslip. Ansin roinneadar an tiase agus thugadar abhaile

é.

An mhaidin 'na dhiaidh sin bhí an tiasc goidte agus ehuadar

ga dt! Aill na Sióg agus fuaireadar an Hase ann gan cloigeann

gan eireaball. Bh! a fhios Beu ansin gurbh iad na 5ióga a thóg na

cloiginn agus na heireabaill de na lléise.

(3, 24-5)

10ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal Brónaeh

Lá amháin san earrach bhí beirt fhear as an oileán ag iaseaeh

amuigh ag Poll na Roc agus blúodar ag marú ga leo.r iase, ga dtí

ga raibh an curach beagnaeh lán.. Bhreathnaigh duine de na fir

sÍos ar an iase agus ní fhaea sé aon iasc. Bm a fluas aeu ansin

nár eheart a bheith ag iascaeh ansin an lá sin agus d'imigh leo

amaeh sa bhfarraige mhór ar lorg tuilleadh éise.

Nuair a bhí siad tamall maith amaeh easadh long mhillteacll

mhór orthu agus í lán de ph!obairí siógaeha. Chuaigh siad ga dt!

an eaiptin agus d'ian siad air iad féin, an Hase agus an eurach

B thabhairt ga dt! an tslip mar ga raibh an fllarraige ag éirí garbh

ach is amhlaidh a thug an eaiptín ga dt! talamh aisteach ¡ad a bhí

lán le earraigreacha agns d 'fhág sé ann iad, agus eailleadh iad

le hocras.

Peadar Ó Fathartaigh (an dá seéal)

Ceathrú an Leisín

(3, 23-4)

Fuair mé na seéalta ó m'athair.

52
10ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag tabhairt aire do chaoirigh amuigh

ar an genoc. Tháinig duine chuige nach bhfaca sé riamh cheana.

Chuir sé ceist air faoin oileán agus faoina mhuintir féin ag baile,

agus cén fáth ar chuir siad ag tabhairt aire do na caoirigh é. Faoin

am seo tháinig mac tíre ag marú ceann de na caoirigh.

Pádraig Ó Conghaile

Ceathrú an Leisín

(3, 25)

Fuair mé na scéalta ó rn' athair, Pádraig Ó Conghaile, Ceathrú an

Leisín.

19ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí beirt fhear ag iarraidh ronnachaí thíos ag Ceann Gainimh uair

amháin. Bhí sé go deireanach san oíche agus tháinig siad i dtír

ar an trá ach sula dtáinig siad i dtír chonaic siad dhá phlód daoine

ag troid ar an trá.

Cuaigh siad i dtír agus bhí siad ag éisteacht i gcónaí leis an

gcaint agus bhí plód acu ag rá gur leo féin an Dún agus Béarla

a bhí siaà '" labhairt. Chuaigh na fir iascach suas go dtí an dá phlód

agus chonmc siad gurbh amhlaidh a bhí muintir an oileáin ag troid

le Sasanaigh a bhí ag iarraidh an t-oileán a thógáil agus chuadar

síos go dtí an curach arís ag iarraidh dhá scian. Nuair a tháinig

siad aníos chuaigh siad ag troid ar son an oileáin agus fuaireadar

an bua agus mharaíodar gach duine de na Sasanaigh agus nuair

a bhí siad ag gabháil suas chuig an tslip sa gcurach arís chonaic

siad na daoine a bhí [ag troid] .

(3, 26-7)

30ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ag breathnú ar na beithígh lá amháin in aice leis an Dún

agus thug sé faoi deara go raibh ceol ag teacht chuige ar an ngaoth

53
agus chuaigh sé chomh fada leis an Dún mar cheap sé gur as an

dún a bhí an ceaI. Teaim Sheáin an t-ainm a bhí ar an bhfear.

Nuair a bhí sé ag teacht gar don Dún rinne sé torann leis na

clocha ag siúl dó agus is dóigh gur mhill sé an ceaI ar na sióga

ansin, mar léimeadar amach agus thugadar isteach sa Dún leo

é agus thosaigh siad ag gabháil le maide air ga dtí ga raibh sé

beagnach marbh.

Bhí se ag béiceach ga mór agus bhí fe ar arbh ainm dó Micí Dara

ag gabháil an róidín agus d' airigh sé é agus tháinig sé de chabhair

air le scian agus murach é bheadh Teaim Sheáin marbh ag na

sióga.

Peadar Ó Fathartaigh

(3, 27-8)

Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé sair chuig an tslip i lár na hoíche

ag bailiú feamainne mar bhí feamainn gann an t-am céanna.

Thug sé an mada leis. Bhí sé ag bailiú na feamainne agus é á

cur suas chuig an gclaí nuair a chonaic sé mada bán ag gabháil

amos an Muirbheach. Níor chuir sé leath suime ann ga dtáinig

sé i ngar dó agus nuair a bhí se i ngm' dó tháinig dath dubh air

agus rith sé amach sa duirling ach ruor chuir an fear leath suime

ann ga dtí ga raibh sé ag bailiú an mhaidin 'na dhiaidh sin.

Bhí an fear ag bailiú na feamainne arís. Chonaic sé an mada

ag teacht isteach as an Duirling. Dúirt an mada bán leis gabháil

abhaile ga bea - gur leis féin an fheamainn. Níor rinne an fear

tada ach a mhada féin a chm ag tith ina dhiaidh. Ach níof tig

an faitíos don mhada gabháil ma dhiaidh. Nuair a bhí an fear ag

gabháil ag caitheamh cloch leis an mada bán d'ionsaigh an mada

bán é agus mharaigh sé é agus rith leis. D'fhan a mhada féin ag

faire an choirp.

Ar maidin fuair na daoine an corp agus chuir siad é. Chuaigh

an mada bán leo agus nuair a bhí á ísliú san uaigh thosaigh an

mada ag tafann agus rith leis agus ní fhaca na daoine é ina dhiaidh

sin.

Fuair mé na scéalta 6 rn ' athair.

Peadar Ó Fathartaigh

(3, 28-9)

54
Seéal

Bhí triúr fear as an oileán seo amuigh i gConamara uair amháin.

Bhí an lá go breá nuair a bhí siad ag gabháil abhaile. Tháinig oeras

mór orthu agus ní raibh siad in ann gabháil ag iomramh aeh duine

amháin.

Bhí sé ag déanamh ar an oileán agus bhí an ghaoth ina ehoinne

agus fuair an bheirt bás leis an oeras agus leis an bhfuaeht. Bhí

an fear eile ag iomramh agus bhí an euraeh le feiceáil ar feadh

an Iae ag gaeh duine. Ar deireadh chas an ghaoth an euraeh amaeh

go Conamara agus bhí an fear go dona leis an oeras mar bhí sé

dhá lá agus dhá oíche ar an bhfarraige.

Bhí euid mhaith daa ine ag feiceáil na euraí. Bhí a ehosa go dona

leis an bhfuaeht. Bhí sé tinn ar feadh i bhfad agus is beag naeh

bhfuair sé bás. Tá sé beo fós.

MidI Mae Donnehadha

(3, 35-6)

Seéal

Bhí Rí ann fadó agus bhí triúr mae aige. Fuair a bhean bás agus

ehuir sé an triúr mae amaeh ar oileán agus bhí pálás mór aeu ann.

Phós sé féin agus ní rabih a fhios ag an leasmháthair go raibh

an Rí pósta eheana aeh d'inis bean eile dhi é.

Dúirt bean an Rí go raibh sí tinn. Chuir sí fuil eoiligh i mbuiléal

agus d' ól sí blogam den fhuil agus ehuir sí amaeh as a béal an

fhuil agus dúirt sí go raibh fuil a eroí ag teaeht. Dúirt an Rí má

bhí rud ar bith in sa domhan a leigheasfadh í, go geaithfeadh sí

é sin a fháil. Dúirt sí naeh raibh rud ar bith a leigheasfadh í aeh

amhare a fháil ar an triúr mae a bhí amuigh ar an oileán. Dúirt

an Rí naeh raibh siad sin ann. Dúirt sise go raibh, agus ehuir an

Rí fios ar an triúr mae.

Dúirt an Rí leis an mbeirt ba shine gan aon ehluiche eártaí a

imirt. Níor dhúirt sé tada leis an mae ab óige mar bhí sé ag

eeapadh ná raibh a fhios ag an mae sin le cluiche ar bith a imirt.

Chuaigh siad go dtí an leasmháthair agus fuair sí biseaeh agus

dúirt sí leis an mae ba shine cluiehe eártaí a imirt aeh dúirt sé léi

naeh raibh a fhios aige le cluiche ar bith a imirt. Dúirt an dara

mae an rud eéanna. Dúirt sí leis an mae ab óige cluiche a imirt

léi agus dúirt sé go n-imreodh.

Chuaigh an bheirt aeu ag imírt agus bhuaigh mae an Rí agus

ehuaigh siad ag imirt arís agus bhuaigh sí féin an uair seo. Chuir

57
sí geas ar mhac an Rí agus dúirt sí leis na trí bromaigh a bhí ag

Seán an Mháinéir Ghlais in sa Domhan Thoir a thabhairt chuici.

Chuir mac Rí Éireann a gheas uirthi ansin agus dúirt sé léi

"gabháil suas ar bharr an teampaill mháir agus snáthaid mhár

a chur 'na seasamh ar a bharr, agus a bheith ag cur gráinne

cruithneachta amach trí chrá na snáthaide máire go dtiodadh mise

ar ais".

"Tág díom agus tágfaidh mise díot, " ar sise. Chuaigh mac an

Rí agus a bheirt [deartháireacha abhaile.]

Micil Mac Donnchadha

Máinín na Ruaige

(3, 36-8)

Scéal

Bhí bád már seoil ag gabháil isteach an Súnda in sa tráthnána.

Bhí an tráthnóna ciúin agus ní raibh aon ghaoth ann ach rud beag.

Gaoth anoir a bhí in sa méid sin féin. Ní raibh aon ghaltán ann

an uair sin. Bhí an taoille láidir agus bhí sí ag tabhairt an bháid

ó thuaidh agus leag sí na seolta agus scaoil siad an bád leis an

sruth. Bhí faitíos mór ar lucht an bháid go gcuirfí an bád ar talamh.

Nuair a bhí siad ag gabháil síos ag Cora na Roilleach bhuail an

bád agus nuair a d'ardaigh an taoille d'imigh sí amach agus

tháinig gaoth bheag agus chroch siad cuid de na seolta agus bhí

siad ag gabháil síos go maith gur shroich siad Caladh na Loinge

agus chaith an ghaoth ar an talamh iad agus bhuail sí arís .

Bhí sí már mar chuaigh beirt fhear amach as an oileán agus bhí

sí luchtaithe le grán a thug siad á Mheiriceá agus bhí sí ag líonadh

le huisce ach chuir siad cuma uirthi agus nuair a bhí an taoille

imithe amach chuaigh fear eile amach agus bhuail duine de na

Coast Guards buille air agus mharaigh sé é agus thug siad leo

an corp agus briseadh an long agus sin é an fáth go dtugtar Caladh

na Loinge ar an áit.

Micil Mac Donnchadha

Ceathrú an Leisín

(3, 39-40)

Fuaireas na scéalta ó Sheán Mac Donnchadha.

58
N6ra Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile (Bean uí Chonghaile)

Tá an t-eolas seo a leanas ar chabhar an ch6ipleabhair a bhfuil

an t-ábhar seo a leanas le fáil ann:

Bosca 2C

C6ipleabhar 4

Inis Meáin

Oileáin Árann

N6ra Ní Chonghaile [N6ra Pháidín Shaidhbhín]

Sean chas i dtaobh na hAimsire

Tá go leor comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt

ar an s6rt aimsire a bhíonn le teacht. Baineann siad meabhair (a)

6n ngealach, (b) 6n ngrian, (c) 6 na réa1t6ga, (d) ón bhfarraige,

(e) ón ngaoth, (f) ón spéir agus (g) rudaí beo.

(a) Deirtear go bhfuil go leor ag an ngealach le déanamh leis

an aimsir. Tagann athrú ar an aimsir in éadan gach ceathrú den

ghealach. Má bhíonn drochaimsir ann le tús gealaí nua is iondúil

go mbeidh sé garbh go mbeidh ceathrú den ghealach ann. Bíonn

59
fáinne mór timpeall na gealaí go minic le báisteach agus le

drochuair. Nuair a bhíonn sí leathbháite san aer bíonn báisteach

air agus nuair a bhíonn sí caite ar a tóin bíonn drochaimsir air.

(b) Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag gabháil faoi san aer thiar

agus bun na spéire dearg bíonn uair bhreá air. Bíonn léasáin roirnh

agus i ndiaidh na gréine. Nuair a bhíonn siad roimh an ngrian

ní bhíonn an aimsir chomh dona ach nuair a bhíonn siad 'na

diaidh bíonn drochuair air. Uaireanta bíonn cosa fada ón ngrian

agus sin comhartha le gaoth mhór.

(c) In sa ngeimhreadh nuair a bhíonn brat réabtha ar an spéir

is cornhartha mór le báisteach é agus nuair a bhíonn an t-aer glan

agus réalta thuas agus iad ag preabadh is cornhartha seaca é.

Uaireanta nuair a bhíonn na réalta á gcaithearnh i dtaobh den spéir

deirtear gurb é sin an taobh go mbeidh an ghaoth ann.

(d) Baineann na daoine meabhair as torann na farraige le hathrú

gaoithe. Nuair a labhrann Trácht Each bíonn báisteach air agus

nuair a labhrann Caladh Pheadair bíonn gála air.

(e) Nuair a bhíonn an ghaoth anoir aneas bíonn aimsir bhreá

air agus nuair a bhíonn sí ó thuaidh bíonn aimsir chrua fhuar air.

(f) Ar maidin go moch nuair a bhíonn an t-aer thoir dearg is

cornhartha mór le báisteach an lá sin agus le drochaimsir. Nuair

a bhíonn dath glas ar an spéir bíonn báisteach air.

(g) Nuair a bhíonn na faoileáin ag luí ar an talamh tirim is

cornhartha le drochaimsir é. Nuair a théann na géabha fiáine thart

ó na tíortha ó thuaidh imíonn siad ón gcruas. Sin comhartha

sneachta. Bíonn an mada ag ithe féir le báisteach agus bíonn an

cat ag tabhairt a thóin don tine nuair a bhíonn sioc air. Bíonn an

seilmide ag snámh ar an talamh le haimisir fhliuch. Nuair a théann

na caoirigh isteach faoin aill bíonn báisteach air.

N6ra Ní Chonghaile

(4, 1-3)

29ú Samhain 1937

Mo Cheantar Féin

Tá mé i mo ch6naí i mBaile an Teampaill in Inis Meáin. Is é an

fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar tá an séipéal dé anta in

aice leis. Sé theach atá ann: ceann amháin slinne agus cúig cinn

eile tuí.

60
Is é an sloinne is coitianta atá ann Conghaile. Tá triúr ag fáil

an phinsin ann agus is é sin an méid seandaoine atá ann os cionn

70 bliain. Tá na daoine' in ann scéalta a inseacht i nGaeilge agus

is iad na seandaoine is fearr atá in ann iad a inseacht. Seo iad

na hainmneacha atá orthu: BeairtIe Ó Conghaile, Maighréad Ní

Chadhain, Máirtín Ó Cadhain. Seo é an seoladh atá orthu ar fad:

Baile an Teampaill, Inis Meáin. Níl ach aon seanfhothrach amháin

ann anois agus bhí sé sin 'na theach bhreá fadó. Ba ghnách le

go le or daoine a ghabháil go Meiriceá as fadó.

Is minic a luadh ainm na háite in amhrán agus i seanfhocal.

Seo ceann amháin a rinne an file Colm de Bhailis:

Inis Meáin, inis gan arán,

Inis gann gortach,

An lá a théanns tú ann,

Beir le at do chuid aráin

Nó beidh tú an lá sin ' do throscadh.

Ní aontaíonn na daoine leis sin mar tá na daoine atá in Inis

Meáin flaithiúil pé ar bith caoi ar rinne sé an t-amhrán. Tá amhrán

eile freisin faoi a rinne an Máistir Lionain a bhí ag múineadh scoile

ar an oileán cupla bliain ó shin.

Is é an sórt talaimh atá ann ná talamh bocht carraigeach agus

níl aon chuid de faoi choillte. Níl aon abhainn ann ná loch ach

amháin Loch Cheann Gainimh, Loch Chró na gCadhan, Loch an

Leisín, Loch an Mhacha agus Loch an Léin. Níl aon scéalta ná

seanchas 'na dtaobh.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 4-6)

11 ú Aibreán 1938

Áitainmneacha

Tá ainmneacha faoi leith ag gach duine ar na páirceanna sa mbaile.

Is iad na hainmneacha atá ag m'athair orthu ag baile: Creig na

Farraige: mar go bhfuil sí i ngar don fharraige; Gort an Arbhair:

mar go raibh go leor arbhair ag fás ann fadó; Buaile na gCnocán:

mar go bhfuil go leor cnocán ann; Criogán Fliuch: mar go mbíodh

sí fliuch fadó; Buaile Bhog: mar go bhfuil sí an-bhog; Creig na

61
gCaorach: mar go mbíodh tréad mhór caorach ann fadó. Bearna

Luí: mar go bhfuil na buailte ina luí i ndiaidh a chéile; Creig Chaol:

mar gur creig mhór fhada atá inti.

An Tulaigh: mar go bhfuil sé thíos in aice le Locha na Tulaí;

Criogán an Ghé: mar go raibh géabha ann fadó.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 6)

1ú Samhain 1937

Na Fataí

Cuirtear fataí ar an bhfeilm sa mbaile gach bliain. Is iad na fir a

uUmhaíonn an talamh i gcomhair na bhfataí gach bliain. Cuirtear

seanleasú ar an talamh roimh na fataí. Is é an ní seanleasú ná

feamainn thirim a chur air agus í a fhágáil air ar feadh cúpla lá

sul má chuirtear aon fhata ann. Ansin déantar iomairí le spáid.

Is le spáid a dhéantar iad mar níl aon chéachta anseo mar tá na

páirceanna róchúng agus ní fhéadfaí céachta a chur ag obair ann.

Ní raibh aon chéachta anseo ariamh. Is as Gaillimh a thagann na

spáideanna. Níl siad le fáil anseo.

Is é an chaoi a gcuirtear na fataí ná na síolta a ghearradh i

dtosach as na leathfhataí. Na fataí go mbíonn súile orthu is astu

sin a ghearrtar na síolta. An píosa den fhata a fhágtar tar éis an

síol a ghearradh is é an t-ainm a thugtar air ná sceaimhín agus

tugtar na sceaimhíní sin an sin do na beithígh agus do na muca.

Fágtar cúpla lá ansin iad agus cuirtear amach faoin ngrian iad le

go searga siad. Nuair a bhíonn siad seargtha sáitear iad le maide

sáite.

Is é an chaoi a sáitear iad ná poU a dhéanamh i dtosach leis an

maide sáite agus ansin an síol a shá síos ann agus é a chlúdú.

Bíonn na comharsana ag cabhrú le chéile i gc6naí nuair a bhítear

ag cur na bhfataí. Dá mbeadh duine ann agus nach mbeadh aige

ach é féin chabhr6dh na comharsana eile ar fad leis.

Nuair a bhíonn siad ag fás agus barranna orthu, bíonn go le or

sáilireachta ag fás in éineacht leo agus bíonn ar na daoine é a

phiocadh agus iad a ghlanadh. Bíonn orthu iad a lánú freisin agus

leasú feamainne nó aoileach a chur orthu agus mar sin bíonn obair

go le or le déanamh leo nuair a bhíonn siad ag fás. Tar éis tamaill

'na dhiaidh sin cuirtear spré orthu le iad a shábháil 6n dúchan.

62
Cuireann go le or daoine an spré orthu faoi dhó.

Nuair a thagann [an] fómhar tosaítear ag baint na bhfataí.

Ansin nuair a bhíonn siad bainte cuirtear na fataí a bhíos le n

ithe in sna cróite agus na leathfhataí a bhíos le haghaidh síolta

cuirtear i bpoll ar an Muirbheach sa ngaineamh iad go dtí go

dtagann an t-earrach arís. Is é an fáth go gcuirtear sa ngaineamh

iad mar bíonn an gaineamh te.

Is iomaí cineál fataí ann. Seo cuid acu: na Champions, Aran

Cairns, Dates, Epicures, British Queens, Kerr Pinks, Banners. Is

iad an cineál is fearr ná Dates agus na Banners.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 7-9)

13ú Mí na Nollag 1937

Ainmhithe na Feilme

Is iad seo na hainmhithe feilme atá againn ag baile: Bó, gamhain,

lao, capall, asai, caoirigh, mada, cat, cearca, muca. Nuair a bhíonn

muid ag glaoch orthu tugann muid ainm faoi leith orthu le go

dtuigfeadh gach ceann acu muid. Tugann muid "Beitín" ar an

mbó; "Suicín" ar an lao agus bullán ar an ngamhain; "Tuigin"

ar an gcapall; "Bess" ar an asaI; "Seabhaín" ar na caoirigh";

"Beaut" ar an mada, "Pis, pis" ar an gcat; "Tioc, tioc" ar na

cearca, "Nuch, nuch, nuch" ar na muca.

Nuair a bhítear á dtiomáint deirtear "hoirt" leis an mbó; leis

an asaI: "Hi, ass"; leis an gcapall: "Go on"; leis an mada: "Go

out"; leis an gcat: "scut"; leis na cearca: "Sea sí"; agus deirtear

leis na muca: "Fág seo". Sin iad na hainmneacha a thugann muid

orthu.

Cuirtear mar easair faoin asaI nuair a bhíonn sé sa gcró: fé ar,

tuí agus raithneach. Ach ní chuirtear aon easair faoi na beithígh

mar ní bhíonn siad istigh ' chor ar bith. Bíonn siad amuigh ar

feadh na bliana mar ní bhíonn an aimsir rófhuar.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 10-11)

63
11 ú Aibreán 1938

Áitainmneacha

Garraí Phádraig Mhóir: mar go raibh sé ina chónaí ann fadó.

Gort Caonaigh: mar go raibh go le or caonach ag fás ann.

PolI an tSéideáin: mar go mbíonn an fharraige ag séideadh isteach

ann.

Buailte Sagairt: mar go raibh sagairt ann fadó.

Buaile na Pínne: mar go bhfuair fear pínn ann.

pon na gColm: mar go mbíonn éan ar nós na gcolm ann.

An Cnoc: mar go bhfuil sí an-ar d agus tá altáin inti freisin.

An Chreig Gharbh: mar go bhfuil go leor do ch uirthi agus tá sí

an-gharbh.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 11)

14ú NolIaig 1937

Toibreacha Beannaithe

Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán. Seo iad iad: Tobar

Ísleamáin, Tobar Chinn Dheirge, agus Tobar Cheanannach. Tá

Tobar Ísleamáin suite thíos ar an Muirbheach in aice le Claí

Gainimh; Tobar Chinn Dheirge ar thaobh do láimhe dé den

bhóthar in aice an tseipéil thuas i mbuaile; Tobar Cheanannach

thoir i mbuaile ag an Reilig.

Deirtear faoi Thobar Ísleamáin go dtáinig naomh i dtír ann uair

amháin agus gur ól sé deoch uisce as. Tá lorg a dhá lámh agus

a dhá ghlúin le feiceáil ann ó shin. Bíonn go leor daoine ag tabhairt

turais go Tobar Chinn Dheirge agus tugann na daoine go mbíonn

an turas orthu é Lá Muire is é sin an cúigiú lá déag de Lúnasa

agus deireann na daoine go bhfuil leigheas le fáil ann.

Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt an turais téann siad

timpealI seacht n-uaire agus tugann siad seacht gdoch leo agus

le gach "Is é do bheatha, a Mhuire" agus "Ár nAthair" agus

"Glóir don Athair" a deireann siad caitheann siad doch uathu

nó go mbíonn siad ráite acu ar fado Ansin téann siad amach go

dtí an tobar agus ólann siad braon den uisce agus fágann siad

rud éigin 'na ndiaidh ann. Is iad na rudaí a fhágann siad ann píosa

dá n-éadach nó dá naipcín nó pínn, caitheann siad an phínn síos

sa tobar agus ceanglaíonn siad na rudaí don eidheann atá ag fás

ann.

64
Deirtear gur thug fear cuid den uisce as Tobar Chinn Dheirge

le cur ar na fat aí le hiad a bhruth agus ná bruithfeadh siad dó

dá mbeadh siad thíos ó shin. Is é Naomh Ísleamán a luaitear le

Tobar Ísleamáin. Níor leigheasadh aon duine ariamh ann. Tugann

daoine cuid den uisce leo as an tobar le leigheas. Níl aon scéal

faoi Thobar Cheanannach.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 12-14)

12ú Aibreán 1938

Gníomhartha Gaisce

Cúpla bliain ó shin chuaigh triúr fear amach ag iascach ó dheas

ag iarraidh iasc. Is é an Domhnach a bhí ann agus chuadar amach

tar éis an Aifrinn. Bhí an lá go breá agus go ciúin ar maidin agus

tuairim agus a dó a chlog d' éirigh ceo trom agus bhí eagla ar gach

duine go ngabhfadh siad amú agus tháinig an oíche. Bhí siad ag

siúl isteach leo ach ní raibh siad le feiceáil ag teacht. Is iad na

hainmneacha a bhí orthu ná Micil Ó Fathartaigh, Páidín Ó

Meachair, agus Máirtín Ó Fathartaigh. Bhí sé an-dubh le ceo agus

ní fheicfeá aon rud agus mar sin ní fheicfeá an curach ag teacht.

Bhí na daoine ag caoineadh nuair nach raibh siad ag teacht. Bhí

'chuile dhuine dá muintir ag imeacht ar feadh na hoíche.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 14)

31ú Márta 1938

Tráchtas

Cluichí

Seo iad na cluichí a imrím. Imrím Screaga in sa samhradh. Is é

an chaoi a n-imrím iad le cúig screag agus bím á n-imirt agus

deirim cúig, deich agus mar sin go dtí go mbím cúig is dhá

fhichead. Imrím liom agus má chaillim ar aon cheann acu

caitheann mé iad a thabhairt do dhuine eile.

Bíonn muid ag piocadh crúibíní, sméara dubha agus airní in

sa bhfómhar.

65
Bíonn muid ag déanamh Púicín istigh sa teach. Is é an chaoi

a bhíonn mui d ag déanamh Púicín: duine amháin éadach a chur

ar a shúile agus é ag iarraidh breith ar an gcuid eile agus iad ag

greadadh uaidh agus an duine a bhéarfas sé air caitheann sé sin

an púicín a chur air. Seo rann beag a ghabhas leis:

A Phúicín, a Phúicín,

má fhaigheann mise greim ort

béarfaidh mé ort

agus sáfaidh mé síos i mo phóca thú.

Bíonn muid ag déanamh i bhFolach freisin. Is é an chaoi a bhíonn

[muid] á dhéanamh sin téann cuid againn i bhfolach agus téann

an chuid eile á dtóraíocht.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 15-16)

llú Aibreán 1938

Rudaí Neamhshaolta

Creidtear go mbíonn rudaí neamhshaolta le feiceáil go minic ó

am go ham san oileán. Seo scéal amháin a d' airigh mé ag rn ' athair

i dtaobh b [h] eirt fhear a chuaigh soir chuig an tslip san oíche

an-mhoch chuig feamainn. An fear a bhí ag tarraingt na feamainne

bhíodh cat sa mbealach roimhe i gcónaí. Cat mór láidir a bhí ann

agus níor bhac sé leis aon am, go dtí an babhta deireanach, agus

ansin thug sé buille dá chos dó lena chur as an mbealach ach ní

rinne an cat ach breith air agus é a scríobadh san éadan agus ar

deireadh bí sé millte gearrtha aige.

B'fhada leis an bhfear eile go raibh sé ag teacht agus chuaigh

sé amach go bhfeicfeadh sé cá raibh sé. Nuair a chonaic sé an

cat bhí faitíos air agus thosaigh sé ag caitheamh cloch leis agus

is ar éigean a bhí an bheirt acu i ndán don chat. Ní dheachaigh

siad chuig aon fheamainn aon oíche eile rómhoch.

Bhí seanfhear eile ann freisin, agus chuaigh sé síos chuig an

gcladach an-mhoch mar bhí sé ag ceapadh go mbeadh go le or

feamainne ann nuair a chuaigh sé síos Trácht Each. Chonaic sé

go le or beithíoch thíos ag an trá, capailt asail, searachat caoirigh,

uain, agus iad ag léimrigh amach agus isteach sa bhfarraige. Rith

sé abhaile chomh luath agus a chonaic sé iad agus níor bhac sé

leis an bhfeamainn.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 17-18)

66
l1ú Aibreán 1938

Laethanta Áirithe

Tá go le or laethanta áirithe ag na daoine anseo le nósanna áirithe.

Lá erosta na bliana naeh bhfuil sé eeart gruaig a bhaint amaeh

an lá sin. Is ar Dé Luain a bhíonn an lá 'ehuile sheaehtain. Níl

sé eeart eaoirigh a bhearradh ná tosaí le haon obair nua. Níl sé

ceart tosaí ag eur fhataí ná feamainn a chur amaeh ná aon mhoing

a bhaint den ehapall.

Deirtear freisin gurb iad Dé Céadaoin agus Dé Sathairn na

laethanta is fearr le pósadh a dhéanamh. Is iad na laethanta

breaeshaoire a bhíodh ann san earraeh: Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile

Muire. Bíonn Lá Pheadair agus Phóil ar an 29ú Meitheamh. Bíonn

an spóirt ann an lá sin. Bíonn na daoine ag gabháil go hÁrainn

ehuig an bpíobaire.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 19)

Lá Fhéile Bríde

An ehéad lá d' earraeh, is é sin, Lá Fhéile Bríde, agus an ehéad

lá d'Fheabhra, freisin. Tá ina bhreaeshaoire ar an oileán seo agus

ní bhítear ag déanamh mórán oibre. Oíche Bhríde bítear ag

déanamh "erosóg" in onóir do Naomh Bríd. Is as dhá ehipín

admhaid a déantar í. Agus in san oíche, freisin, bíonn na eailíní

beaga ag imeaeht leis an "mbrídeog" ó theaeh go teaeh agus iad

ag damhsa agus ag easadh port, agus ansin tugtar pínn nó ubh,

nó rud éigin dóibh.

Dúirt Naomh Bríd féin go mbeadh "gach re lá óna lá féin go

breá, agus bíonn siad go breá agus bíonn áthas ar gaeh duine ag

tógáil faochan agus ag tógáil bairneaeh an lá sin. Agus dá mbeadh

an lá go breá ba eheart iase beo a thabhairt isteaeh i ngaeh teaeh

le go mbeadh iase fairsing ar feadh na bliana.

Deireann na seandaoine go mb'fhearr leo Lá Bhríde a bheith

garbh mar go dtiocfadh an bhliain ar fad 'na dhiaidh sin go breá.

Bíonn na laethanta ag gabháil i bhfad agus na hoíeheanta ag

gabháil i ngiorraeht ó lá Bhríde amaeh. Ní bhíonn na laethanta

ehomh fuar ó Lá Bhríde agus a bhíodh mar bíonn laethanta ag

gabháil i dteoeha. Bíonn na huain óga á mbreith agus bíonn na

67
curacha ag gabháil ag iascach in san earrach 'chuile lá a bhíonn

go breá.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 20-21)

llú Aibreán 1938

An Reilig

Tá dhá reilig in san oileán. Is iad na hainmneacha atá orthu ná:

Teampall Cheanannach agus an Seanteampall. Tá Teampall

Cheanannach suite ar thaobh do láimhe dé ag déanamh anoir

ar Bhaile an Mhothair. Tá an Seanteampall thíos ar an Muirbheach

istigh i bpáirc réidh. Cuirtear daoine i dTeampall Cheanannach

ach ní chuirtear aon duine in sa Seanteampall anois.

Tá cuma chearnógach ar Theampall Cheanannach agus móta

mór agus leacracha atá in sa Seanteampall agus cuma chruinn

uirthi. Tá fothrach i dTeampall Cheanannach agus níl in sa

Seanteampall. Ní chuirtear aon duine istigh ann. Tá sí leibhéalta

agus tá crann troim ag fás istigh in sa bhfothrach. Tá croiseanna

os cionn daoine atá curtha istigh ann. Cuirtear na leanaí nach

mbíonn baiste i gCreig na Leanbh; sin áit faoi leith atá dhóibh.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 21-2)

llú Aibreán 1938

Éadaí

Tá triúr táilliúirí san áit seo anois, ach ní raibh ann fadó ach aon

táilliúir amháin agus bhíodh sé ag gabháil ó theach go teach do

réir mar bhíodh glaoch air. Is amhlaidh a théadh na daoine féin

ag glaoch air le cultacha éadach a dhéanamh dóibh. Is in sa teach

a bhíonn na táilliúirí ag obair anois. Ní bhíonn siad ag gabháil

ó theach go teach. Ní bhíonn an t-éadach á dhíol acu sa teach.

Is ag na daoine féin a bhíonn an t-éadach. Caitheann na daoine

cultacha dé anta as bréidín de ghnáth. Ní éadach siopa é ach

éadach a fíodh in san áit as togha na holla. Seo scéal beag i dtaobh

táilliúra a chuala mé sa mbaile.

68
"Tháinig an dreoilín ag doras tigh an táilliúra. Bhuail sé cic air

agus bhain sé clár as: 'Mar a ndéanfaidh tú mo jaicéad', a deir

sé, 'agus veilbhit lena chába, 'beidh mise ag gabháil de mhaide

ort, nó go mille mé do chnámha."'

Seo iad na gléasanna oibre a bhíonn ag an táilliúir. Bíonn

miosúr, méireacán, snáthaid, spót cailc, téip, agus inneall fuála

aige.

Déantar léinteacha in sna tithe sa mbaile. Is as éadach olla agus

éadach cadáis a dhéantar iad. Cníotáiltear sto caí in san áit agus

is iad na mná a chniotálann iad. Is iad na mná freisin a

shníomhann an snáth as an olainn leis an tuirne. Tá tuime i

mbeagnach 'chuile theach san áit.

Ní chaitheann na daoine aon éadaí speisialta ar aon ócáid

áirithe. Caitheann siad éadach an Domhnaigh ar bhreacshaoire.

Nuair a bhíonn bean ag gabháil ag pósadh caitheann sí naprún

geal. Bíonn péire deas nua de bhróga arda ar an bhfear freisin.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 22-4)

12ú Aibreán 1938

Bia na Seanaimsire

Seo é an méid bia a d' itheadh na seandaoine fadó - ná trí Bhéile.

D'itheadh siad fataí ar maidin agus iasc agus arís in am dinnéir

agus in san oíche. Bhíodh faochain agus bairnigh acu leis na fataí.

Ba ghnách leo obair a dhéanamh ar maidin [roimh] an gcéad

bhéile mar théadh siad amach ar an ngarraí nó chuig an gcladach

agus is amhlaidh a thugtaí amach na fataí chucu le n-ithe.

Is fataí a bhíodh acu i gcónaí mar ní bhíodh aon phlúr ann an

t-am sin. D' óladh siad bainne go minic mar bhíodh sé acu leis

na fat aí freisin - bainne leamhnachta agus bainne géar.

Is as an gciseog nó ar an mbord a d'ithidís an béile. Chrochadh

siad an bord leis an bhfalla nuair a bhíodh béile áirithe acu.

Bhíodh min bhuí agus roinnt plúir acu agus bhídís ag déanamh

aráin díobh sin. Bhíodh min choirce acu freisin agus d'ithidís é

mar bhéile. Mheascadh siad an mhin choirce agus na fataí bruite

le chéile agus [is é an chaoi a n] déanadh siad é, ná na fat aí a

scríobadh le scraper agus é a fháisceadh go maith agus é a bhruith

ansin. Agus nuair a bheadh sé bruite, é a ithe mar arán.

69
Ní bhíodh aon fheoil rómhinic acu, ach nuair a mharaíodh siad

beithígh nó caoirigh, is feoil úr a bhíodh acu. Nuair a bhíodh na

muca mór, mharaíodh siad ceann acu agus shailleadh siad í agus

bhíodh siad á hithe goirt. D'ithidís an fheoil gan bheith bruite

, chor ar bith chomh maith is dá mbeadh sí bruite.

D'ithidís iasc an-mhinic. Seo cuid de na héisc a d'ithidís : lang,

crúdán, scadán, mangach, agus cineálacha eile. Bhíodh siad á ithe

úr is goirt.

D'ithidís uibheacha Domhnach Cásca i gcónaí. Bhíodh dhá ubh

nó trí huibhe ag 'chuile dhuine acu mar bhíodh sin de ghnás acu.

Ní bhíodh aon chupán acu go dtí le tamall anuas. Is as na

sáspain a bhíodh siad á ól agus as babhail freisin.

Nóra Ní Chonghaile

(4, 24-6)

12ú Aibreán

Scéal Barrúil

Bhí sionnach ann fadó agus bhíodh sé ag marú na n-éan i gcónaí.

Dúirt sé aon lá amháin:

"Ó tá sé de chumhacht agamsa a bheith ag marú éan agus ó

tá sé mar cháil orm go mbím á marú, caithfidh mé mar sin an

rí a mharú" .

Aon lá amháin chuaigh sé go dtí teach an dreoilín, agus dúirt

sé leis an dreoilín a ghabháil amach chuige mar ní fhéadfadh sé

féin gabháil isteach ab us dúirt an [dreoilín] leis féin a ghabháil

isteach ach gan aon sla d a dhéanamh ar a chlann.

Dúirt sé nach ndéanfadh agus gheall sé nach ndéanfadh sé aon

sla d ar a chlann. Ach bhí an sionnach ag iarraidh é a mhealladh

amach ach bhí an dreoilín sách diste dhó. Ní dheachaigh sé

amach. Ar deireadh chuaigh an sionnach féin isteach agus nuair

a tháinig sé isteach, dúirt an dreoilín leis gan aon cheo a

dhéanamh ar a chlann agus gheall sé dhó arís nach ndéanfadh.

Agus ansin dúirt an dreoilín leis an gdann:

"Tríd a chéile, a chlann".

Thosaigh agus an dreoilín féin ag gabháil tríd a chéile agus níorbh

fhéidir leis an sionnach an dreoilín féin a aithint thar a chlann

agus b' éigean dó imeacht arís agus é brónach go le or, faoi gur

chinn an dreoilín air, mar bhí sé ag ceapadh go raibh sé féin sách

glic.

70
Bhí náire ar an sionnach glic agus bhí sé brónach nuair nár fhéad

sé an rí a mharú mar is é an t-ainm a bhí air ná an sionnach glic

agus bhí sé ag ceapadh nach raibh rud ar bith chomh glic leis i

dtosach nó gur chinn an dreoilín air.

Nóra Ní Chonghaile

Ceathrú an Teampaill

(4, 26-8)

Fuaireas na scéalta seo go léir ó Phádraig Ó Conghaile. An seoladh

céanna.

Páidín Shaidhbhín Ó Conghaile

19ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ag sníomhachán gach oíche Dé

Sathairn. Tháinig bean isteach aici oíche amháin. Dúirt bean an

tí léi suí síos go ceann tamaill. Dúirt bean an tí léi nach raibh aon

71
deoir uisce istigh aici a dhéanfadh an tae agus dúirt sí léi a

ghabháil chun an tobair agus canna uisce a thabhairt chuici agus

chuaigh.

Nuair tháinig sí thar n-ais d'fhiafraigh bean an tí dhi an raibh

aon scéal nua aici agus dúirt sí go raibh Cnoc Meá agus a raibh

ann trí lasadh. Is gearr gur buaileadh ar an doras agus d'fhiafraigh

bean an tí cé a bhí amuigh ansin. Dúirt an bhean a bhí taobh

amuigh an daras a oscailt agus ní osclódh bean an tí an doras.

D'iarr sí ansin ar an gcarla an doras a oscailt. D'éirigh an carla

leis an doras a oscailt ach bhuail be an an tí fód air agus níor fhéad

sé an daras a oscailt. D'iarr sí ansin ar an tuirne an dar as a oscailt

ach bhuail bean an tí splanc uirthi agus dúirt sí nach bhféadfadh

sí. D'iarr sí ansin ar an bhfeasraid an doras a oscailt ach thug sí

buille dhi sin freisin. D'iarr sí ansin ar an gcáca an doras a oscailt

ach thug síbuille den chlár don cháca agus níor fhéad sé an doras

a oscailt. Níor fhéad sí a ghabháil isteach agus d'imigh léi.

Agus ó shin i leith deirtear nach bhfuil sé ceart gan píosa beag

a bhaint den cháca san oíche ar eagla dá n-iarrfadh aon duine

an daras a oscailt go n-osclódh an cáca an doras.

Micil Ó Meachair

Ceathrú an Teampaill

(4, 29-30)

Fuaireas na scéalta seo go léir ó Bheairtle Ó Meachair. An seoladh

céanna.

19ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Bhí mo sheanathair Oíche Bhealtaine fadó amuigh in sa mBuaile

Pháirteach ar na Creaga go deireanach san oíche ag faire bó a bhí

le lao a bhreith.

D'fhan sé ann go deireanach an t-am seo. Ach ar deireadh nuair

a bhí cosa an lao leis an mbó caitheadh saighead na sióg leis ach

níor theangmhaigh sí leis. Rug sé uirthi agus rith sé isteach an

róidín léi agus shroich sé an teach sa deireadh agus chuir sé an

tsaighead in sa ngarraí agus nuair a d' éirigh sé ar maidin bhí an

tsaighead tugtha as.

Ansin nuair a bhí a bhricfeasta ite aige chuaigh sé amach go

dtí an Bhuaile Bhán agus caitheadh sleá leis ach níor

72
theangmhaigh sí sin leis ach oiread. Agus tráthnóna an Iae sin

ní raibh an bhó sa mbuaile agus bhí sé á tóraíocht agus ní bhfuair

sé í go dtí ar maidin.

Micil Ó Fathartaigh (Séamas)

(4, 31)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Bhí strainséaraí uair in san oileán seo. Agus tá tobar thiar ag an

séipéal nua ar a dtugtar Tobar Chinn Dheirge. Tobar beannaithe

atá ann agus thug na strainséarai uisce as an tobar agus chuir siad

síos in sna fataí é agus níor bhruith na fataí ' ch or ar bith. Agus

chuir si ad uisce eile futhu agus bhruith siad ansin.

Seán Mac Donnchadha [Seáinín Sheáin Choilm]

(4, 32)

Scéal

Bhíodh na daoine ag tabhairt turais timpeall an oileáin fadó. Bhídís

gan bhróg gan stoca agus in san oíche a bhídís á thabhairt.

Bhí beirt ag tabhairt an turais oíche agus chonaic siad beirt ag

siúl rompu agus tháinig eagla orthu. Sheas an bheirt a bhí ag siúl

rompu agus tháinig an bheirt eile suas leo. Beirt a bhí imithe den

tsaol cheana a bhí iontu agus d' aithin an bheirt a bhí ag tabhairt

an turais agus d'imigh siad as radharc ansin.

Is ó m'athair a fuair mé na scéalta seo ar fado

Seán Mac Donnchadha

Ceathrú an Leisín

(4, 32-3)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé soir chuig an tslip ag bailiú

feamainne agus thug na sióga síos sa mbollán é agus bhí siad á

73
hualadh le slata mara. Tharraing siad síos agus aníos an bollán

é agus bhí sé fliuch báite. D'imigh na sióga an sin agus d'éirigh

an fear. Chuaigh sé suas an tslip agus nuair a bhí sé ag gabháil

siar ag Carcair Dháithí d'airigh sé torann 'na dhiaidh agus chonaie

sé asaI bán ag gabháil isteach san aill.

Bhí an fear céanna agus [é ag gabháil] aníos [ón] Muirbheach

[go] Trá Litreach agus d' airigh sé torann. Bhreathnaigh sé agus

chonaie sé sióg ina dhiaidh. Rith sé go teach beag agus d' airigh

sé mada ag rith 'na dhiaidh. Chuaigh sé isteach sa teach agus

dhún sé an doras go daingean agus chuaigh sé a chodladh agus

nuair a d' éirigh sé ar maidin bhí an mada básaithe ag an doras.

Seán Ó Conghaile

Ceathrú an Teampaill

(4, 34)

Fuaireas an scéal seo ó Sheán Ó Conghaile (Dara).

6ú Deireadh Fómhair 1938

Fear amuigh san Oíche

In sa tseanaimsir bhíodh raie ag teacht agus bhíodh na daoine

ag gabháil go dtí an cladach ag faire air. Ach an oíche seo tháinig

go le or adhmaid agus ní bhfuair an fear seo aon chuid den raic.

Dúirt sé go mbeadh cuid aige.

An chéad oíche eile nuair a tháinig an oíche, d'ith sé a shuipéar

agus d'imigh leis. Bhí sé ag gabháil síos Carcair Thrácht Each agus

bhí mada mór aige. Ach bhí an mada thíos roirnhe agus d'ionsaigh

rud éigin an mada. Bhíodar ag troid ansin agus nuair a chonaie

an fear iad ag troid thug sé do na boinn abhaile.

Nuair a bhí ag gabháil suas ar Criogán Uachtair [?] bhí an mada

agus é ag troid leis an rud eile ag gabháil suas Creig na Naimhde

[?] ach nuair a bhí sé ag gabháil isteach sa doras dhún sé an doras

agus ní raibh an doras dúnta aige ar fad nuair a chuir mada isteach

aige agus dúirt an rud taobh amuigh den doras bhí an dáta orthu

agus ní chuideodh sé sin amuigh san oíche (sie).

Fuair sé an scéal seo óna athair.

Mieil Ó Fathartaigh

(4, 35-6)

74
Séamas Pheadair Pháidín Ó Fathartaigh

14ú Mí na Samhna 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó. Maighréad Con Rí an t-ainm a bhí uirthi.

Maidin amháin d' éirigh sí an-mhoch. Chuaigh sí ama ch chun na

gCeag chuig an mbó. Nuair a bhí sí ag gabháil amach sa mbuaile

ba ghaire don bhuaile a raibh an bhó inti d' airigh sí torann mar

a bheadh duine ag bleán bóo Chuaigh sí amach sa mbuaile agus

bhí an bhó ina seasamh i lár na buaile agus chonaic sí na mílte

daoine beaga ag rith soir thar an gclaí thar éis an bhó a bheith

blite acu. Bhligh sí féin an bhó agus chuaigh sí abhaile.

D/inis sí an scéal ag baile agus dúirt a hathair léi ná raibh tús

bainne na bó ag aon duine riamh; go mbíonn tús an bhainne ag

na daoine maithe.

"Agus sin iad na daoine maithe a chonaic tusa sa mbuaile" I

a deir sé léi.

75

Máire Ní Chonghaile

(4, 36)
Bríd Pheícs Ní Mheachaír (Bean Mhíc Chárthaígh)

6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear agus bean ann uair agus bhí siad ina gcónaí i dteach dóibh

féin. Bhí síad an-uaigneach. Aon oíche amháin tháinig fear isteach

chucu agus is é an t-ainm a bhí air ná Siúlóid. Tháinig sé isteach

an oíche sin. D'fhan sé cuid mhaith den oíche acu. Nuair a bhí

sé ag imeacht dúirt an bhean leis fanacht tríd an oíche go raibh

an oíche an-dubh. Ar deireadh thug sí lóistín na hoíche agus

bricfeasta na maidine dhó.

Ar maidin nuair a bhí a bhricfeasta ite aige dúirt sé go dtiocfadh

sé istoíche. Nuair a bhí an lá ag imeacht agus an oíche ag teacht

tháinig an fear arís. Bhí sé acu freisin go dtí tamall maith agus

nuair a bhí sé tamall acu, dúirt an fear leis:

"Is breá an cainteoir thú, bail ó Dhia ort".

"Is breá go deimhin", a deir an bhean.

"D'fhoghlaim mise scoil agus fuair mé scolaíocht mhaith

76
freisin", a deir an fear, "agus bhí caint mhaith agam freisin".

"Cá raibh tú i do chodladh?" a deir an bhean.

" Bíonn mo chodladh leataobh an bhóthair agus tamall eile thuas

i gcrann i bhfolach ó na sióga.

Lá amháin chuaigh mé suas agus bhíos sa gcrann", a deir an

fear, "agus bhris mé mo mhuineál."

Fuair mé an scéal seo ó mo mháthair.

Bríd Uí Mheachair

An seoladh céanna.

Bríd Ní Mheachair [Bríd Pheics]

(4, 37-8)

10ú Oeireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann agus bhí sé pósta. Bhí beirt iníon agus aon mhac

amháin aige: Is in san oileán is ea a bhí sé ina chónaí. Máire an

t-ainm a bhí ar iníon amháin agus Bríd ar an gceann eile agus

Seán an t-ainm a bhí ar an maco Bhí talamh aige thíos i dTrácht

Each. Bhí páirc mhór aige thíos ann agus bhíodh fataí aige inti

gach bliain.

Aon lá amháin bhí sé ag baint fhataí thíos ann. Nuair a tháinig

an tráthnóna chuaigh sé síos chuig an mbó ach nuair a bhí sé ag

teacht aníos, tháinig sé aníos an chéibh a bhí le hais na farraige

agus aill mhór os a cionn ach ba ghearr gur éirigh caiple agus

asail agus caoirigh agus uain agus beithígh agus gach rud

beo ... ach murach a iníon Máire bheadh sé marbh ar fado

Sorcha Ní Chonghaile [Saile Pháidín Shaidhbhín]

Baile an Teampaill

(4, 39)

17ú Oeireadh Fómhair 1938

Scéal

Chuaigh dhá churach go hInis Oírr ar maidin agus nuair a bhí

siad ag gabháil anoir tháinig ceo, agus chuaigh siad amú agus

iad ar an bhfarraige. Agus mor tháinig siad i dtír. Ach ar deireadh

77
tháinig siad i dtír i gCa. an Chláir. Nuair a bhí siad i dtír tháinig

cailín anuas ar an trá agus thug na fir ga dtí an teach agus thug

béile maith dóibh.

Ach bhí an curach eile ag gabháil léi ga dtáinig sí i dtír i

gCanamara. Nuair a tháinig an curach eile i dtír agus a chanaic

duine a bhí sa gcurach cá raibh siad, ní raibh sé sásta nó ga

dtiacfadh sé ga dtí a dhaaine muinteartha agus ní raibh na daaine

eile sásta ach mura raibh féin chuadar ar an bhfarraige agus

chuadar ámú sa gcea arís agus is beag nach raibh báite.

Agus casadh bád móna arthu. Thug sí sin léi iad agus chuir

i dtír iad agus sin é an chaai ar cuireadh i dtír iad.

Fuair mé an scéal ó m' athair

Micil Ó Fathartaigh

(4, 40)

Nóirín Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile (Bean uí Chonghaile)

agus Saile Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile (Bean Uí Fhathartaigh)

78
28ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí bean fadó ann agus bhí aon chailín amháin aid. Aon lá amháin

chuaigh an cailín beag go dtí an tobar agus céard a bheadh thíos

ann ach sióg. D'fhiafraigh an tsióg di cá raibh sí ag gabháil agus

dúirt sí go raibh sí ag gabháil ag iarraidh buicéad uisce dá máthair.

Uon an cailín an buicéad agus d'imigh léi abhaile agus dúirt sí

lena máthair go raibh sióg thíos in sa tobar roimpi.

Lá arna mhárach chuaigh an cailín síos agus thug sí léi an

buicéad arís agus nuair a chuaigh sí síos bhí an tsióg thíos ann

roimpi arís. D'fhiafraigh an tsióg di cá raibh sí ag gabháil? Dúirt

sí go raibh sí ag gabháil ag iarraidh buicéad eile uisce. Léim an

tsióg amach agus [ole] uirthi.

"Imigh le at anois agus ní bhfaighir aon deoir uisce", a deir an

tsióg leis an gcailín. Dúirt sí go bhfaigheadh agus nuair a bhí sí

á líonadh chaith an tsióg isteach in sa tobar í. Ar an bpointe sin

d' imigh sí léi agus níor tháinig sí níos mó agus bhí an cailín bocht

báite.

An oíche sin chuaigh a máthair á cuartú agus casadh fear di

ar an mbôthar agus d'fhiafraigh dhó an bhfaca sé a cailín. Dúirt

sé gur chaith sióg isteach in sa tobar í agus gur bádh í.

Bríd Ní Mheachair

(4, 41-2)

Is ó mo mháthair a fuair mé na scéalta seo ar fado

Brighid Dí Mheachair

Ceathrú an Leisín

24ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann agus bhí sé pósta faoi dhó. Bhí aon mhac amháin

aige leis an gcéad bhean agus bhí beirt mhac agus iníon amháin

leis an dara bean.

Aon lá amháin chuaigh an fear go Gaillimh agus nuair a bhí

sé ag imeacht dúirt an chéad mhac leis go dtiocfadh sé féin in

éineacht leis. Dúirt an fear nach dtiocfadh muise nach raibh baol

ar bith air.

"Caithfidh mé muca a thabhairt liom".

"Is cuma liom", a deir an mac, "tiocfaidh mise go Gaillimh

79
an chéad lá eile nuair a thiocfas an bád agus faoi cheann seachtaine

eile nó mar sin, tiocfaidh mé go Meiriceá" .

Dúirt an t-athair leis gan a ghabháil ach fanacht ag baile agus

go bpósfadh sé nuair a bheadh sé roinnt bheag eile sean. Dúirt

an bhean nach dtabharfadh sí féin cead dó pósadh ga raibh sí

féin chomh hóg le bean ar bith fós.

"Nu mise ag iarraidh pósadh ' chor ar bith", a dúirt an mac,

"ach tá mé ag iarraidh gabháil ag saothrú mo bheatha dhom

féin" .

"Tá sé luath go leor agat, a bheith ag saothrú do bheatha fós".

"Nu muis", a deir an mac agus d'imigh sé leis.

Ní raibh sé i bhfad imithe nuair a bhuail tinneas é agus bhí sé

ag iarraidh a theacht abhaile arís. Níor thug an fear ná an bhean

cead dó teacht abhaile mar nuair a bhí sé ag baile breá nár fhan

sé ag baile agus faoi cheann cupla lá eile fuair sé bás. Sin é an

deireadh a bhí leis.

Sorcha Ní Chonghaile

(4, 43-4)

31ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ag gabháil chuig an Muirbheach mai din go moch. Bhí

sé thiar ag Garraí an Locha agus chuaigh sé isteach sa ngarraí.

Chonaic sé fear ag baint na bhfataí agus bhí eagla air. Chonaic

an fear é agus dúirt art fear leis imeacht as an ngarraí. Agus dúirt

an fe ar eile nach n-imeodh. Thosaigh siad ag troid. Bhain duine

acu an spáid den duine eile. Bhí an-troid acu. D'imigh an fear

neamhshaolta ansin agus chuaigh an fear eile abhaile agus níor

éirigh sé ón lá sin go lá a bháis.

Seán Mac Donnchadha

(4, 44)

80
Seáinín Sheáin Choilm Mac Donnchadha

Tá an t-eolas seo a lean as ar chabhar an chóipleabhair a bhfuil

an t-ábhar seo a leanas le fáil ann:

Ceathrú an Leisín

Fuair mé na scéalta ar fad ó rn' athair.

An seoladh céanna.

Bosca 2C

Cóipleabhar 5

Inis Meáin

Oileáin Árann

Bríd Ní Choncheanainn [Bríd Sheáin Bhidí]

Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tá go le or comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt

ar an sórt aimsire a bhíonn le teacht. Baineann siad meabhair as

an ngealach, as an ngrian, as na réalta, as an bhfarraige, as an

81
ngaoth, as an spéir agus as rudaí beo.

(a) Deireann na daoine nuair a bhíonn an ghealach caite ar a

tóin in sa spéir go mbíonn drochaimsir air. Nuair a bhíonn fáinne

mór timpeall uirthi freisin bíonn drochuair air. Nuair a bhíonn

an ghealach ag seoladh gaoth aniar bíonn uair bhreá air. Nuair

a bhíonn an ghealach nua le feiceáil go luath is iondúil gur aimsir

gharbh a thugann sí chugainn, agus nuair nach mbíonn sí le

feiceáil go ceann seachtaine is uair bhreá a thugann sí léi.

(b) Nuair a bhíonn an ghrian an-dearg ag gabháil faoi dhi bíonn

báisteach air. Má bhíonn cosa fada ón ngrian sa tráthnóna bíonn

uair bhreá air.

(c) Nuair a bhíonn pIá mhór réaltógaí suas san oíche is

comhartha uair bhreá é. Nuair a bhíonn réaltógaí á gcaitheamh

as an spéir sin comharthaí triomaigh.

(d) Nuair a thugann an cat a chúl don tine bíonn gaoth aduaidh

air. Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir bíonn báisteach air. Nuair

a théann na caoirigh isteach faoin aill bíonn báisteach air.

(e) Nuair a labhrann Trácht Each is ag iarraidh gaoth anoir a

bhíonn sé. Nuair a labhrann an Chora Mhóir is ag iarraidh gaoth

aniar a bhíonn sí. Nuair a labhrann Caladh Pheadair is ag iarraidh

gaoth anoir aneas a bhíonn sé.

(f) Nuair a bhíonn an ghaoth thoir aneas bíonn báisteach air.

Nuair a bhíonn sí thoir agus ó thuaidh bíonn cruach air. Nuair

a bhíonn sí thiar bíonn múraíl báistí air.

(g) Nuair a bhíonn an torann ag na farraigí bíonn stoirm air,

agus nuair a bhíonn sruth bán cúir ar an bhfarraige bíonn sé ina

stoirm in áiteacha eile.

(h) Nuair a thagann na géabha fiáine anseo bíonn sé ina stoirm

sneachta i dtíortha eile. Nuair a eitealann an fháinleog go hard

sa spéir bíonn uair bhreá air.

Fuair mé na scéalta seo Ó m'athair.

Seán Ó Concheanainn

Baile na Seoigheach

Bríd Ní Choncheanainn

(5, 1-3)

82
29ú Samhain 1937

Tráchtas

Mo Cheantar Féin

Tá mé i mo chónaí i mBaile na Seoigeach in Inis Meáin. Deireann

na seandaoine gurb é an fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar

Seoigigh a bhíodh ar na daoine a chónaíodh ann fadó. Tá seacht

dtithe ar an mbaile ano is agus sin é an méid a bhí ann fadó. Tá

trí theach slinne agus ceithre theach tuí ann.

Is iad na sloinnte is coitianta ann ná Fathartaigh, Conghaile agus

Flaitheartaigh agus is é an uimhir chéanna atá acu sa mbaile. Tá

triúr seandaoine os cionn 70 bliain ann.

Tá na daoine in ann scéalta a inseacht i nGaeilge agus is iad

na seandaoine is fearr atá in ann iad a inseacht. Is iad na

hainmneacha atá orthu ná Beairtle Ó Fathartaigh, Máire Ní

Fhlaitheartaigh agus Máire Ní Chonghaile, Baile na Seoigeach,

Inis Meáin.

Níl ach aon seanfhothrach amháin le feiceáil ar an mbaile anois

agus is ansin a bhíodh na daoine ina gcónaí fadó agus ansin a

dheinidís tithe nua. Bhí go leor daoine ag gabháil go Meiriceá as

san am fadó. Is minic a luadh ainm na háite in amhrán agus i

seanfhocal. Dúirt an file Colm de Bhailis uair in amhrán:

Inis Meáin, inis gan arán,

Inis gann gortach.

An lá a théann tú ann,

Beir le at do chuid aráin

Nó beidh tú an lá sin ' do throscadh.

Ní aontaíonn na daoine leis sin mar tá na daoine go flaithiúil san

oileán.

Tá an talamh atá ann bocht agus carraigeach agus níl aon chuid

de faoi choillte. Níl aon abhainn ná aon loch ann ach amháin Loch

Cheann Gainimh, Loch Chró na gCadhan, agus Loch an Leisín.

Níl aon scéalta nó seanchas ann 'na dtaobh.

Fuair mé na scéalta ó rn' athair.

Bríd Ní Choncheanainn

(5, 4-5)

83
1ú Mí na Samhna 1937

Tráchtas

Na Fataí

Cuirtear fataí ar an bhfeilm gach bliain sa mbaile. Is iad na fir a

ullmhaíonn an talamh i gcomhair na bhfataí gach bliain. Cuirtear

seanleasú ar an talamh ar dtús agus is é an rud seanleasú ná

feamainn thirim agus cuirtear í ar an talamh sul má chuirtear aon

síol ann. Ansin déantar iomairí le spáid agus is le spáid a dhéantar

iad mar níl aon chéachta in san oileán mar tá na páirceanna

róchúng agus ní fhéadfaí oibriú ann le céachta.

Is as Gaillimh a fhaightear na spáideanna mar níl siad á ndíol

anseo.

Gheibheann na daoine cliabh fataí le haghaidh síolta agus

gearrann siad na fataí a mbíonn súile orthu agus sceaimhín a

thugtar ar an bpíosa den fhata a chaitheann siad uathu. Tugtar

na sceaimhíní sin do na muca agus do na beithígh. Fágtar na síolta

ansin cúpla lá le go searga siad. Faigheann na daoine maide sáite

agus déanann siad polI sa talamh agus titeann an síol síos sa bpoll

agus ansin cuireann siad créafóg orthu. Cabhraíonn na

comharsana le chéile ag cur na bhfataí agus dá mbeadh fear

aonraic ann gheobhfadh sé an-chúnamh.

Nuair a bhíonn barraí ar na fataí bíonn salachar ag fás in

éineacht leo agus gortghlanann siad iad. Nuair a bhíonn siad fásta

lánaíonn siad iad agus cuireann siad leasú orthu: aoileach agus

feamainn. Nuair a bhíonn barraí ar na fataí bíonn bláth orthu.

Spraeálann siad iad le hiad a choinneáil slán ón dubh. Cuirtear

sprae orthu cupla uair. Is do réir mar a bhíonn an dubh ag titim

a chuirtear an sprae orthu.

Baintear na fataí san earrach. Ní fhágtar i bhfad ar an talamh

iad mar bheadh dath na gréine orthu agus ba dheacair iad a ithe.

Cuirtear na fataí síolta i bpoll sa talamh ar an Muirbheach agus

clúdaíonn siad le créafóg iad agus fágtar ansin iad go ham a

ngearrtha. Tá go le or cineál fataí ann. Tá na Champions, na

Cairns, na Dates, na hEpicures, British Queens, agus

Banners.Agus is iad na Banners is fearr.

Fuair mé na scéalta ó m'athair.

Seán O Concheanainn

Baile na Seoigheach

Bríd Ní Choncheanainn

(5, 6-8)

84
13ú Mí na Nollag 1937

Ainmhithe na Feilme

Tá muca, caoirigh, gabhair, capall, asaI, madraí, cearca, bó lao,

gamhain, agus cat, againn ar an bhfeilm. Nuair a bhíonn muid

ag glaoch orthu tugann muid ainmneacha faoi leith orthu le go

dtuigfidh siad muid.

Tugann muid " seabhaín" ar na gabhair agus ar na caoirigh;

"tuaidh" ar an gcapall agus ar an asaI; "Beaut" agus "Sailor"

ar na madraí; "tiuc, tiuc" ar na cearca; "Beitín" ar an mbó;

"suicín" ar an lao agus ar an ngamhain; "bís, bís" ar an gcat;

"nuch, nuch" ar na muca. Nuair a bhíonn muid ag tiomáint na

bó deireann muid léi "hurta, a Bheit"; "Hi, ass" leis an asaI;

Deireann muid "go out" leis an mada; "Scut" leis an gcat. Tugtar

"sea sí" ar na cearca; J'ifág seo" leis na muca. Sin iad na

hainmneacha a thugann muid orthu ar fado

Cuirtear féar nó tuí faoin asaI sa gcró mar leaba. Cuirtear

raithneach faoi na muca agus faoi na cearca. Ní chuirtear aon leaba

faoi na beithígh mar bíonn siad amuigh ar feadh na bliana.

Bríd Ní Choncheanainn

Ceathrú an Teampaill

(5, 9-10)

Fuair mé na scéalta seo ó m' athair, Seán Ó Concheanainn, Baile

na Seoigheach.

31ú Márta 1938

Tráchtas

Toibreacha Beannaithe

Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán: Tobar Ísleamáin; Tobar

Chinn Dheirge agus Tobar Cheanannach. Tá Tobar Ísleamáin

suite in aice le Claí Gainimh, Tobar Chinn Dheirge ar thaobh do

láimhe dé den bhóthar in aice an tSéipéil agus Tobar

Cheanannach i bpáirc an taobh eile den Teampall.

Bíonn daoine ag tabhairt turais ar Thobar Chinn Dheirge go

minic. Deireadh na daoine go bhfuil leigheas le fáil as Tobar Chinn

Dheirge. Tugann daoine turas ann an cúigiú lá déag de Lúnasa

gach bliain.

85
Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt an turais tógann siad

seacht gcIoch agus téann siad timpeall seacht n-uaire agus ansin

téann siad ar a nglúine agus abrann siad seacht bhFáilte an Aingil,

seacht nÁr nAthair agus seacht nGlóir don Athair. Nuair a bhíonn

siad réidh ólann siad deoch den uisce agus fágann siad rud éigin

'na ndiaidh ann.

Deirtear gur tháinig Naomh i dtír i dTobar Ísleamáin uair agus

gur ól sé deoch den uisce agus tá lorg a lámh agus glún le feiceáil

ann go dtí an lá inniu. Is iad na rudaí a fhágann siad ann ná

scuathóg dá naipicín, píosa beag d'éadach nó pínn. Is é Naomh

Ísleamán a luaitear le Tobar Ísleamán.

Deirtear gur thug fear cuid den uisce abhaile leis le fataí a

bhruith as Tobar Chinn Dheirge. Chuir sé an t-uisce air na fataí

agus dá mbeadh siad thíos ó shin, ní bheadh siad bruite. B' éigean

dó an t-uisce a dhoirteadh as tu agus fíoruisce a chur iontu agus

ansin ní raibh siad i bhfad ag bruith.

Fuair mé an scéal ó mo mháthair.

Bríd Uí Choncheanainn

Baile na Seoigeach

Bríd Ní Choncheanainn

(5, 11-12)

11ú Aibreán

Tráchtas

Cluichí

Is iad na cIuichí a in_rím ná Screaga, ag piocadh sméar agus

cnónna, ag déanamh Púicín, ag déanamh i bhFolach. Is é an chaoi

a mbím ag irnirt Screaga ná faighim cúig cIo cha beaga agus tosaím

ag comhaireamh ó chúig go dtí cúig is dhá fhichead. Má thiteann

aon cheann de na screaga uaim is cailleadh é sin agus caithim

iad a thabhairt don chéad duine eile.

Bíonn mé ag baint sméar sa bhfómhar. Is in sa bhfómhar a

bhíonn muid ag déanamh Púicín mar bíonn na hoícheanta fada

agus is deacair iad a chaitheamh go dtí am codlata. Cuirtear

éadach thart timpeall ar shúile duine agus bíonn an chuid eile

ag rith timpeall agus ag bualadh buille ar an "bPúicín" agus

leantar mar sin nó go mbeireann an duine a mbíonn an púicín

air ar dhuine, agus ansin cuirtear air sin an púicín.

Bíonn muid ag déanamh Iompair sa samhradh. Téann duine

suas ar dhroim duine eile agus iompraíonn sé é tamall. Bíonn

86
muid ag déanamh i bhFolach san earrach. Táim beirt nó triúr i

bhfolach agus téann an chuid eile á chuartú agus na daoine a

bhíonn i bhfolach faigheann siad sin iompar ó na daoine a bhíonn

á gcuartú. Is é an púicín a bhíonn muid a dhéanamh sa teach.

Bíonn muid ag rá "hell little lóí" nuair a bhíonn muid ag

déanamh i bhFolach. Bíonn muid ag rá nuair a bhíonn muid ag

déanamh Púicín:

" A phúicín, a phúicín, má fhaighim greim ort béarfaidh mé ort

agus sáfaidh mé síos in mo phóca thú."

Fuair mé na scéalta ó m' athair.

Bríd Ní Choncheanainn

Ceathrú an Teampaill

(5, 13-14)

Seán Bhidí Ó Concheanainn

87
llú Aibreán 1938

Tráchtas

Rudaí Neamhshaolta

Deirtear go mbíonn rudaí neamhshaolta le feiceáil go minic Ó am

go ham san oileán. Seo scéal amháin a d' airigh mé ag rn ' athair

i dtaobh seanduine a bhí ann fadó. Bhí seanfhear ann fadó agus

bhí sé ag gabháil síos chuig an gcladach ag bailiú feamainne. Ní

raibh sé ach tuairim is a dó a chlog san oíche agus ba mhinic leis

éirí chomh luath sin gach maidin i dtreo is go mbeadh an

fheamainn ar fad bailithe aige sul má d' éiríodh aon duine.

Chuaigh sé síos maidin amháin sa Márta ag bailiú feamainne

mar bhí sé ag ceapadh go mbeadh go le or feamainne sa gcladach

an mhaidin seo. Nuair a tháinig sé ar bharr na haille chonaic sé

mada thíos in sa gcladach. Chuaigh sé síos agus ní ligfeadh an

mada síos é agus b'éigean dó casadh abhaile. Bhíodh sé ag

breathnú ina dhiaidh agus bhíodh an mada ina dhiaidh i gcónaí

agus sa deireadh bhí a fhios aige nár mhada saolta a bhí ann.

llú Aibreán 1938

Tráchtas

Éadaí

Tá trí tháilliúir san áit anois agus ní raibh ann fadó ach aon táilliúir

amháin. Is in sa teach a oibríonn siad anois ach bhíodh an táilliúir

fadó ag imeacht ó theach go teach. Is amhlaidh a théadh na daoine

ag glaoch air le cultad a éadaí a dhéanamh do mhuintir an tío Ní

bhíonn aon éadach sa teach acu le díol ach is ag na daoine féin

a bhíonn sé.

Is cultacha d' éadach olla a bhíonn fite as togha na holla a

chaitheann na daoine san áit. Is sin é an sórt éadaí a bhíodh na

daoine a chaitheamh san áit ó thús an tsaoil agus a bheas á

chaitheamh go deo san áit.

Bíonn go le or gléasanna ag an táilliúir le hobair a dhéanamh.

Bíonn siosúr, miosúir, méaracán, snáthaid, spól, cailc agus inneall

fuála ag an táilliúir. D'airigh mé seanscéal i dtaobh an táilliúra,

atá ag na daoine.

Tháinig an dreoilín ag doras tigh an táilliúra:

Bhuail sé dc air is bhain sé clár as.

"Mura ndéana tú mo jaicéadsa

Agus veilbhit lena chába,

88
Beidh mise ag gabháil de mhaide ort,

Go millfidh mé do ehnámha."

Déantar léinteaeha sna tithe sa mbaile. Is as éadaeh olla agus

éadaeh eadáis a déantar iad. Cniotáiltear stoeaí san áit agus is iad

na mná a shníomhann an snáth le ttiirne. Tá tuirne ins gaeh teaeh

san áit agus an teaeh naeh bhfuil faigheann sé tuirne ar iasaeht

nuair a bhíonn sé ag teastáil uaidh. Ní ehaitheann na daoine aon

éadaeh speisialta ar aon óeáid. Caitheann siad éadaeh an

Domhnaigh ar bhreaeshaoire. Nuair a bhíonn bean ag gabháil ag

pósadh eaitheann sí naprún geal. Bíonn péire nua deas bróg ard

ar an bhfear freisin.

(5, 16-17)

12ú Aibreán 1938

Tráehtas

Áitainmneaeha

Tá go le or ainmneaeha againn ar an bhfeilm ag baile. Tá ainm

faoi leith againn ar gaeh páire. Tá na hainmneaeha sin orthu ó

tógadh iad agus is fada an lá é sin.

Tá Bearna Luí againn: mar go bhfuil na buailte ina luí i ndiaidh

a ehéile.

Buaile na Muc: mar go mbíodh muea ann fadó.

Gort an Arbhair: mar go mbíodh go le or arbhair ag fás ann fadó.

PolI na gColm: mar go mbíodh éanlaith ar nós na geolm ann fadó.

Gort an Uisee: mar go mbíodh go leor uisee ag rith ann.

Gort Caonaigh: mar go mbíodh go leor eaonaeh ag fás ann.

Garraí Bhríd Shiúnae: mar go mbíodh bean ag sá fataí ann.

An Bhuaile Fhada: mar go bhfuil sí fada.

An Muirbheaeh Gainimh: mar go bhfuil go le or gainimh ann.

An Criogáinín Crua: mar go bhfuil sé crua.

Creig an Bhalla: mar go bhfuil ballaí móra timpeall uirthi.

Creig an Bhalla Bhuí: mar go bhfuil ballaí móra tógtha uirthi.

An Tulaeh: enoe go bhfuil loeha móra uisee air.

Tráeht Each: níl a fhios agam eén fáth a bhfuil an t-ainm sin.

Creig na Farraige: mar go bhfuil sí in aice na farraige.

An Chreig Mhór: mar go bhfuil sí mór leathan.

Creig an Mhaide Mhóir: níl a fhios agam eén fáth a bhfuil an

t-ainm sin uirthi.

An Cnoe: mar tá ard mór air.

Creig an Chró: mar go bhfuil eró tógtha uirthi.

89

(5, 18-19)
12ú Aibreán 1938

Tráchtas

Laethanta Áirithe

Tá go leor laethanta áirithe ag na daoine le nósanna áirithe. Lá

crosta na bliana, titeann sé ar an Luan gach seachtain agus níor

mhaith leis na daoine aon ghruaig a bhaint amach an lá sin. Agus

tá daoine ann nach mhaith leo pósadh Dé Luain agus déarfadh

daoine gurb iad na laethanta ab fhearr le pósadh ná Dé Céadaoin

agus Dé Sathairn.

Tagann Déardaoin Dearg i mí Eanáir i gcónaí mar sin é an lá

ar maraíodh na páistí beaga a bhí fao i dhá bhliain.

Tagann Lá Fhéile Bríde an chéad lá d'Fheabhra agus ón lá sin

amach bíonn gach fear tí á fháil féin i gcomhair an Earraigh.

Tagann Lá Fhéile Seáin ar an 24ú Meitheamh i gcónaí agus an

oíche roimhe sin las tar tine ar bharr cnoic i ngach áit d'Éirinn in

onóir na féile.

Fuair mé na scéalta seo Ó m' athair.

An seoladh céanna.

Bríd Ní Choncheanainn

Ceathrú an Teampaill

(5, 19-20)

12ú Aibreán 1938

Tráchtas

Lá Fhéil Bríde

Is é Lá Fhéil Bríde an chéad lá den earrach agus bíonn áthas ar

gach duine go mbíonn an t-earrach ar fáil. Deir Naomh Bríd go

mbeadh "gach re lá ó mo lá-sa amach go breá". Tá an lá sin ina

bhreacshaoire in san oileán agus ní bhítear ag déanamh mórán

oibre. Bíonn na daoine ag cur crosóg Bhríde suas ar dhíon an tí

oíche Bhríde leis an ádh a bheith ar an teach ar feadh na bliana.

Bíonn na cailíní beaga ag imeacht ó theach go teach leis an

mbrídeog - iad ag damhsa agus ag casadh port agus ansin

faigheann muid ubh nó pínn ó gach teach. Is ceart do gach teach

éisc bheo a thabhairt isteach Lá Fhéil Bríde . Tógann na daoine

faochain agus bairnigh an lá sin. Deireadh na seandaoine go

mb'fhearr leo Lá Bríde a bheith garbh mar go dtiocfadh an bhliain

ar fad go breá ina dhiaidh sin.

90
Ó chaitear Lá Bríde bíonn na laethanta ag gabháil i bhfad agus

na hoícheanta ag gabháil i ngiorracht. Ó chaitear Lá Bríde bíonn

an ghrian ag ardú sa spéir agus cuma an tsamhraidh ag teacht

ar an aimsir. Bíonn na huain óga dá mbreith san earrach. Bíonn

na curaigh ag iascach san earrach gach lá a bhíonn breá.

(5, 21-2)

12ú Aibreán 1938

Tráchtas

Scéal Barrúil

Bhí fear ann fadó tuairim agus fiche bliain ó shin. Is i gConamara

a bhí. cónaí air agus ba ghnách leis a theacht isteach gach bliain

le fuisce san oileán. Bhí beirt mhac aige agus is iad a bhíodh sa

gcurach in éineacht leis i gcónaí. Bhí beirt fhear óga san oileán

seo uair agus chonaic siad curach ag teacht ó Chonamara agus

bhí a fhios acu gur curach Slóchtaí í. Rith siad síos láithreach agus

tháinig an curach i dtír i gCeann Gainimh. Thug na Slóchtaí fuisce

dhóibh agus ansin tháinig siad aníos faoin mbaile ag fiafraí de

na daoine an gceannódh si ad aon chuid de?

Nuair a fuair an bheirt fhear seo na Slóchtaí imithe aníos

chuadar soir arís agus fuaireadar an fuisce agus d' óladar a

ndóthain de agus ní raibh siad in ann corraí agus b' éigean dóibh

fanacht ansin nó go dtáinig na Slóchtaí agus fir eile anuas agus

bhí si ad ar buile leo agus b' éigean dóibh na daoine a iompar

abhaile. Nuair a tháinig siad abhaile bhuail a muintir iad agus

bhíodar ar a gcailleadh agus níor ól siad aon deoch fuisce ó shin.

Bhíodh an fuisce ag cur go leor daoine chun báis fadó mar

bhíodh siad ag ól go le or de.

(5, 22-3)

91
12ú Aibreán 1938

Tráchtas

Tomhaiseanna

Tá go le or tomhaiseanna ag muintir na háite ar nós:

Chomh hard le balla, chomh bán le bainne,

Chomh dearg le fuil, chomh milis le mil?

Freagra: úll

Cén mhí is lú a níonn na mná caint?

[Freagra: Mí Feabhra 1

Fuair mé na scéalta ó m' athair.

Bríd Ní Choncheanainn

(5, 23)

12ú Aibreán 1938

Tráchtas

An Reilig

Tá dhá reilig san oileán. Is iad na hainmneacha atá orthu ná

Teampall Cheanannach agus an Seanteampall. Tá teampall

Cheanannach suite ar thaobh do láimhe dé ag déanamh anoir

ar Bhaile an Mhothair. Tá an Seanteampall suite thíos ar an

Muirbheach istigh i bpáirc chothrom. Cuirtear daoine i dTeampall

Cheanannach ach ní cuirtear aon duine sa Seanteampall anois.

Tá cuma chearnógach ar Theampall Cheanannach agus tá

leacracha agus mútaí in sa Seanteampall agus mar sin tá cuma

chruinn uirthi. Tá fothrach istigh i dTeampall Cheanannach agus

ní chuirtear aon daoine istigh ann. Tá cuma leibhéalta uirthi. Tá

crann troim ag fás istigh sa bhfothrach. Tá croiseanna os cionn

daoine atá curtha istigh inti. Cuirtear na leanaí nach mbíonn baiste

ar Chreig na Leanbh.

Fuair mé na scéalta ó m' athair.

Bríd Ní Chonchanainn

(5, 24)

92
12ú Aibreán 1938

Tráchtas

Bia na Seanaimsire

Is é an sórt bia a bhíodh ag na seandaoine fadó ná fataí, iasc, min

choirce, agus min bhuí. Bhíodh na fataí acu trí huaire sa ló. Théidís

amach ar mai din chuig an gcladach 'na dtroscadh agus nuair a

bhíodh na ba blite ag na mná thabharfaidís amach na fataí acu

agus bainne freisin.

Ní bhíodh mórán plúir ag na daoine an uair sin mar bhídís bocht

agus freisin bhíodh an plúr gann. Nídís cácaí as na fataí trína

scríobadh le scraper lena fháisceadh agus a leathnú ar éadach agus

ansin é a bhruith agus buc a thabharfaidís ar na cácaí a dheinidís

mar sin.

Ní bhíodh mórán feola acu ' chor ar bith fadó agus na daoine

a mbíodh béile feola acu is caoireoil úr a bhíodh acu. Bhíodh iasc

go minic acu mar bhíodh na fir ag iascach langaí, crúdán, sc adán,

agus balachaí.

Ní bhíodh aon bhia áirithe acu ar ócáidí speisialta. Bhíodh trí

nó ceithre uibheachaí ag gach duine Domhnach Cásca. Ní bhíodh

aon chupáin ag na seandaoine fadó go dtí le tamall anuas ach

d' ólaidís an tae as sáspan agus as na babhail.

Fuair mé an scéal ó rn ' athair

Seán O Concheanainn

Baile na Seoigheach

Bríd Ní Choncheanainn

Ceathrú an Teampaill

(5, 25-6)

llú Bealtaine 1938

Tráchtas

Gníomhartha Gaisce

Cúpla bliain ó shin bhí triúr fear ag gabháil amach ag iascach

maidin bhreá i dtús an fhómhair. Is ag gabháil ag iascach balachaí

a bhíodar agus chonaiceadar bean istigh i dtír thíos ag áit an

Chnáimhín. Micil O Conghaile, Micil O Fathartaigh agus Micil

O Flaitheartaigh na hainmneacha a bhí orthu.

Ní dheachaigh siad amach ag iascach an mhaidin sin ' chor ar

bith ach tháinig siad isteach san áit a raibh an bhean. Bhí faitíos

93
orthu nuair a chonaic siad í agus thugadar suas í ón taoille agus

ansin tháinig siad abhaile agus d'inis siad é agus chuaigh go le or

daoine síos ag breathnú uirthi agus ag cur paidir lena hanam.

Chuaigh an foireann go Cill Rónáin chuig na Gardaí agus bhí

faitíos orthu ansin go mb' as Cill Éinne an bhean. Tháinig na

Gardaí aniar agus go leor daoine eile agus thugadar leo í agus

bhí siad ag ceapadh gurb amhlaidh a bhí sí ag baint creathnach

le n-ithe agus gur thit sí sa bhfarraige.

Bhí rástaí i gCill Mhuirbhí culpa bliain ó shin agus bhuaigh

triúr daoine as an oileán seo rása curach. MidI Thomáis, Máirtín

Sheáin Pheigín agus Máirtín Ruairí Beag na hainmneacha a bhí

orthu agus ba mhór an bhua dhóibh é sin. Bhí rástaí i gCill Rónáin

an sarnhradh seo caite - rástaí curach agus rástaí cos a bhí ann

- agus is ag muintir an oileáin a bhí an bhua.

(5, 27-8)

llú Bealtaine 1938

Tráchtas

Seanscoileanna

Le fada de bhlianta bhí go leor scoileanna ann roimh na scoileanna

Náisiúnta. Bhí ceann acu i Móinín na Ruaige agus ceann ar Bhaile

an Teampaill. Is múinteoirí strainséartha a bhíodh ag múineadh

in sna scoileanna san am agus is in sna tithe a chónaíodh an

múinteoir.

Is Béarla is mó a mhúintí an t-am sin. Is sclátaí a bhíodh ag na

daoine an uair sin ag scríobh leo. Bhíodh na máistirí tamall fada

san áit fadó. Bhíodh siad tuairim agus leathscór blianta in san áit.

Bhíodh meas ag na múinteoirí ar na daoine an t-am sin mar

bhíodh siad ag múineadh go leor de na scoláirí agus bhíodh siad

in ann an oiread a dhéanamh an t-am sin leis na múinteoirí féin.

(5, 28-9)

94
I

llú Bealtaine 1938

Tráchtas

Luibheanna

Tá go le or luibheanna ann a níos dochar don talamh ar nós:

broimfhéar, copóg rua, crúib phréacháin, neantógaí, slaiseanna,

copógaí milse agus driseacha. Cuireann siad sin ar fad na barraí

ó fhás.

Tá leigheas le fáil i meacan leoin, i nglúineach dhearg agus i

bpíleanna [? l. Níl sé ceart maide siúil a bheith agat as sceich

bháin. Itheann na daoine duileasc agus tugtar do na muca freisin

é le n-ithe. Fásann an duileasc sa gcladach in sna bolláin.

Bhítí ag dathú snátha fadá le luibh chun dath buí a chur air.

Is amhlaidh a chuimlídís an luibh den snáth agus go mbeadh dath

buí air. Tá plandaí ann go bhfuil nimh iontu j. boidín geimhridh

agus bainne bó bleachtáin. Tá an bainne bó bleachtáin an-dona

le n-ithe .

(5, 29)

Cuigeann

Tá cuinneog againn sa mbaile agus is rud an-úsáideach í le

maistire a dhéanamh. Is as adhmad atá sí déanta agus tá sí tuairirn

trí troithe ar airde. Déanann na mná dhá mhaistire sa tseachtain.

Cruinníonn siad an bainne ar dtús agus ansin doirtear sa

gcuinneog é agus cuirtear uisce te ann lena dhéanamh. Bítear á

bhualadh tuairim agus leathuair nó go mbíonn sé déanta agus

ansin doirtear uisce fuar air chun an t-irn a thógáil as an

gcuinneog. Nuair a bhíonn sé réidh ansin coisriceann bean an

tí é agus ansin bíonn an t-im le n-ithe againn leis an gcáca.

Fuair mé na scéalta ó mo mháthair.

An seoladh céanna.

Bríd Ní Choncheanainn

Ceathrú an Teampaill

(5, 29-30)

95
19ú Meán Fómhair

Scéal

Bhí fear ann uair amháin agus bhí mac aige. Ní raibh duine ar

bith sa teach ach é féin is a mhac. I gConamara is ea a bhí sé ina

chónaí.

Lá amháin bhí an mac ag tógáil claí le hais an tío Tháinig an

t-athair go dtí é agus dúirt sé leis gan é a thógáil. Dúirt sé go

ndéanfadh sé é.Thosaigh an bheirt acu ag troid. Mharaigh an mac

an t-athair.

Cuireadh é agus cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig trí sióga ar

cuairt chuige. Dúirt siad leis go raibh coir déanta aige agus go

gcaithfeadh siad é a thabhairt go dtí an Rí. Rith sé suas sa simléar

agus cuireadh suas ina bharr é.

Tháinig garda isteach agus d'inis na sióga don gharda an rud

a bhí déanta. Dúirt an garda leis na sióga breith ar cheann eile

agus é a chrochadh suas agus breith ar chosa air. Tharraing siad

anuas é agus thit sé tras na ar an tine. Thóg an tsióg é.

Rith sé siar sa seornra agus lig sé anuas an fhuinneog agus léim

amach. Chuaigh a sto ca i bhfastó sa gclaí a bhí sé féin a thógáil

nuair a mharaigh sé an t-athair.

Fuair sé de is ar theacht go hInis Meáin. Bhí se ina chónaí i

dteach anseo ar Bhaile na Cre ige leathbhliain.

Oíche amháin bhí sé amuigh ar an tsráid agus chonaic sé an

garda ag teacht go dtí é. Rith sé go Trácht Each agus isteach san

uamhain. Lá arna mhárach tháinig sé amach agus suas leis ar an

aill. Chuaigh sé amach ó dheas. Bhí sé ann trí lá. Bhíodh sé ag

ithe na sleabhcán. Lá chonaic sé bád ag teacht. Chuaigh sé sa

mbád agus amach leis go dtí Maigh Eo [?] .

Máire Ní Fhlaitheartaigh [Máire Pheadair Mháirtín ]

(5, 31-2)

19ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó agus bhí aon chailín amháin aici. Aon oíche

amháin d'imigh an cailín uaithi. Bhí sí an-uaigneach ina diaidh.

Ní raibh a fhios ag an máthair cén áit a raibh sí. Chuaigh an

mháthair ar lorg an chailín agus ní bhfuair sí í.

Tháinig be an isteach lá chuici. D'fhiafraigh sí dhi an bhfaca sí

96
an cailín? Dúirt sise nach bhfaca sí í. Bhí an cailín ag na sióga.

Aon lá amháin chonaic a máthair í agus í ag gabháil chuig an

tobar. Ghlaoigh a máthair uirthi. Rith sí go dti í.

"Cá raibh tu uaim, a chailín, go dtí seo"?

"Bhí mé ag na sióga".

"Agus cén fáth gur imigh tú uaim ' chor ar bith?"

Bhí sí féin agus a máthair sa teach ansin. Chuaigh an cailín chuig

an siopa lá. Ag teacht ón siopa dhi, chuaigh sí isteach chuig

seanbhean a bhí sa seomra. Níor rinne an cailín ach breathnú suas

sa simléar. Chonaic sé mála óir ann. Thug sé léi é. D'imigh sí

léi abhaile ansin. Phós sí buachaiU óg agus bhí siad an-saibhir

ansin.

Máire Ní Chonghaile

(5, 33-4)

Máire Pheadair Mháirtín Ní Fhlaitheartaigh (Bean uí Bhuachalla)

97
3ú Deireadh Fómhair

Scéal

Bhí bean ann fadó a bhí pósta ag fear. In Inis Meáin is ea a bhí

an bheirt acu ina gcónaí. Bhí iníon acu. Máirín an t-ainm a bhí

uirthi. Bhí sí fiche bliain d'aois nuair a fuair sí bás.

Gach oíche nuair a bhíodh a máthair ag caitheamh fataí an

tsuipéir chuig na muca bhíodh an bhean ar an gdaí ag breathnú

uirthi. Ní insíodh sí dá fear dada ina taobh. Oíche amháin labhair

sí leis an mbean ar an gdaí.

"An tú mo Mháirín?", a deir an mháthair léi.

"Is mé", a deir sí.

"Céard atá do do choinneáil as na Flaithis?"

"Tá aon rud amháin, a mháthair, ' mo choinneáil as. Nuair a

bhí mé ar an saol seo bhí mé ag cur go le or snátha amú. A

mháthair", a deir sí, "ar chuala tú riamh snáth fada na huinge?"

"Chuala", a deir an mháthair.

"Ach má thugann tú luach Aifrinn don sagart beidh mise

ceart", a deir Máirín.

"Tá go maith", a deir an mháthair. D'imigh sí léi ansin agus

níor tháinig sí go dtí í níos mó.

Nuair a chuaigh sí abhaile thosaigh sí ag inseacht an scéil dá

fear. Lá arna mhárach bhí an sagart le teacht. Thug siad luach

Aifrinn don sagart agus gach am a dtéadh an bhean chuig na

muca ní raibh sí le feiceáil timpeall ann.

Máire Ní Fhlaitheartaigh

(5, 35-6)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear fadó ann. Bhí sé amuigh in san oíche ar cuairt agus nuair

a bhí sé ag teacht ó chuairt chuaigh sé thar theach na sióg.

Oíche Shamhna a bhí ann agus bhíodh na sióga bailithe le chéile

an oíche sin. Nuair a chuaigh an fear thar an teach d' airigh sé

na sióga istigh. Sheas sé suas tamall beag agus chuir sé duas air

féin ag éisteacht leo. Bhí an daras ar oscailt acu agus bhreathnaigh

an fear isteach orthu. Bhí siad ag déanamh spóirt agus ag rince

dhóibh féin.

Chuaigh an fe ar isteach i ngan fhios dóibh agus chuaigh sé ag

98
déanamh spóirt in éineacht leo. Bhí téad acu agus iad ag déanamh

spóirt leis. Ghoid an fear an téad ó na sióga agus abhaile leis.

Chuaigh na sióga amach ina dhiaidh ach bhí sé ag baile an uair

sin agus sin é deireadh an scéil sin.

Sorcha Ní Chonghaile

(5, 37)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear agus bean ann aon uair amháin. Bhíodh siad ag obair

go han-mhaith. Aon oíche amháin chuaigh an bhean chuig an

tobar. Nuair a bhí sí ag gabháil amach an doras casadh sióga dhi.

D'fhiafraigh na sióga dhi cá raibh sí ag gabháil? Dúirt sí leo gur

chuig an tobar a bhí sí ag gabháil. Chuadar isteach sa teach ansin.

D'imigh an bhean ansin chuig an tobar uathu. Ag teacht ón

tobar di casadh fear di ar an mbóthar. D'fhiafraigh an fear di ar

casadh na sióga dhi? Dúirt sí leis go raibh siad sa teach agus go

raibh siad ag sníomh olainne di. Dúirt an fear léi a rá leis na sióga

go raibh Cno c Meá trí lasadh agus ansin dúirt sí leo é.

Agus d'imíodar ansin. Murach sin bheadh an fear agus an

bhean marbh acu.

Máire Ní Chonghaile

(5, 38)

6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí seanbhean in Inis Meáin fadó. Thíos i dTrácht Each a bhí an

teach aici. Ní raibh duine ar bith sa teach ach í féin. Fuair sí bás

agus tháinig daoine ar a tórramh san oíche.

Bhí táilliúir san áit freisin agus bhí a fhios aige go raibh go leor

airgid ag an tseanbhean agus ba mhaith leis an t-airgead a bheith

aige féin. Chuimhnigh sé ar chIe as leis na daoine a chur as an

teach. Fuair sé píosa giúsaí agus las sé é, agus sheas sé amach

ar aghaidh na fuinneoige agus scanraigh na daoine agus rith siad

amach as an teach agus rith siad abhaile mar cheap siad gur sióga

a bhí ann.

Nuair a bhí na daoine imithe chuaigh an táilliúir isteach sa teach

99
agus ghoid sé an t-airgead agus chuir sé an bhean i bhfolach.

Tháinig na daoine ar maidin ar thórramh na seanmhná agus ní

raibh sí ann. Bhí ionadh orthu agus dúirt siad gurbh iad na sióga

a ghoid í. Chuaigh 'chuile dhuine ag cuartú na mná. Bhí an

táilliúir féin ag cuartú agus a fhios aige go maith cá raibh sí.

Dúirt an sagart go raibh sé in am aige an tAifreann a rá. Bhí

loch mhór ann agus dúirt an sagart dá dtiocfadh sé trasna na locha

go mbeadh sé in am Aifrinn agus dá dtiocfadh sé an bóthar go

mbeadh sé thar am air. Tháinig an táilliúir go dtí an sagart agus

dúirt sé leis an sagart:

"Tabharfaidh mise trasna thú ar mo dhroim".

Chuaigh an sagart ar dhroim an táilliúra agus amach leis an

táilliúir sa loch.

Nuair a bhí sé amuigh i lár na locha, "Mise", a deir an táilliúir,

"an té a ghoid an bhean agus tá an t-airgead agam".

"Ó, tá an mí-ádh ort" , a deir an sagart agus chaith sé an sagart

in sa loch. Agus chuaigh sé féin isteach.

Tháinig an sagart isteach agus dúirt sé an tAifreann. Tháinig

an táilliúir chuig an Aifreann. Bhí gach duine ag rá go mbuailfeadh

an sagart é. Ach níor bhuail an sagart é.

Máire Ní Chonghaile

(5, 39-41)

8ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí bean agus fear ann fadó. Gach oíche thagadh fear agus

sheasadh sé amach ar aghaidh an dorais. Ní labharfadh an fear

ná an bhean leis. An oíche seo tháinig an fear chuig an doras agus

beirt bhan leis. Bhí cathaoir an duine ag na mná agus leag siad

an dá chathaoir sa mbuaile a bhí amach ar aghaidh an tí.

An bhean a bhí sa teach - bhí beirt iníon agus mac amháin

básaithe leis an mbean. Agus ba iad sin iad a bhí ag triall uirthi.

Tháinig siad isteach agus labhradar agus labhair an fear agus an

bhean leo. Chuaigh an fear agus an bhean amach féachaint céard

a chuir siad sa mbuaile.

(5, 42)

100
28ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó. Ní raibh sa teach ach í féin agus an maCo Ní

raibh an mac ag tabhairt cúnamh ar bith di. Bhí siad go bocht

ansin agus b' éigean dóibh an bhó a bhí acu a dhíol.

Lá amháin chuaigh an mac ar an aonach leis an mbó a dhíol

ar an aonach. Nuair a bhí sé ag teacht ón aonach casadh fear air.

D'fhiafraigh an fear de cá raibh sé? Dúirt sé leis an bhfear go raibh

sé ar an aonach ag díol na bóo Chuaigh an fear go dtí an áit a

raibh an teach aige.

D'imigh an buachail1 leis agus chuaigh sé isteach i siopa agus

d'ól sé cupán tae. D'imigh sé leis ar a bhealach agus chuaigh sé

abhaile chuig a mháthair. Nuair a chuaigh sé isteach sa teach aici

chuir sí fáilte roimhe agus d'fhiafraigh an bhean de ar dhíol sé

an bhó? Dúirt sé léi gur dhíol.

D'imigh sé leis arís lá arna mhárach agus d'fhág sé a mháthair

sa teach léi féin. Aon oíche amháin tháinig sióga isteach sa teach

aici. Níor rinne na sióga ach í a mharú agus d'imíodar leo. Ní

raibh duine ar bith sa teach ansin.

Máire Ní Chonghaile

(5, 43-4)

31ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó. Lá amháin d' éirigh sé go han-mhoch ar maidin.

Chuaigh sé siar le c1adach. Thosaigh sé ag bailiú feamainne. Céard

a fuair sé inti ach c1iabh. Dúirt sé go leagfeadh sé isteach sa

teampall é. Isteach leis inti. D' fhág sé an c1iabh sa gcúinne ó

dheas.

Ag gabháil amach dó ina lár thosaigh sé ag rá nach fíor go

mbíonn an duine deireanach a chuirtear sa teampall ag faire an

gheata. Tamall beag, go hobann rugadh ar ghualainn air agus

tugadh c1abhta dhó is cuireadh amach an geata é. Ní fhaca sé

duine ar bith sa teampall. Dúnadh an geata ina dhiaidh.

Máire Ní Fhlaitheartaigh

(5, 44)

101
28ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí beirt bhan ann fadó. Beirt charad dá chéile iad. Nóra agus

Máire na hainmneacha a bhí orthu. Oíche amháin chuaigh an

bheirt acu chuig an tobar ag iarraidh uisce. "Tobar Bhuaile na

gCnoc" an t-ainm a bhí ar an tobar.

Chuaigh an bheirt acu isteach in sa tobar agus sheas an bheirt

acu ar chois duine in sa tobar. Thum siad an t-uisce agus chuaigh

siad suas ar bharr na haille agus chonaic siad fear ag gabháil

amach as an tobar agus siar leis i mbuaile eile agus ní fhaca siad

é as sin amach. Chuaigh siad abhaile agus ní dheachaigh siad

chuig an tobar sin aon oíche eile. Agus tá an bheirt sin beo fós.

Máire Ní Chonghaile

(5, 45)

An tSr Trease (Peige Pheait Antaine) Ní Fhathartaigh

102

31ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí triúr fear ann fadó agus is fadó a bhí. Albanach duine acu.

Éireannach duine eile acu. Sasanach duine eile acu. Tháinig

aingeal acu agus dúirt sé leis an triúr acu:

"Tiocfaidh an diabhal chugaibh i gcomórtas péiste agus

abróidh sé libh: ''Cén chuma a bhfuil sibh?"

Ach mo léan géar tháinig an gadaí agus bhuail sé ar an doras

ag an Albanach. D'oscail an tAlbanach é agus dúirt leis suí síos

ar an gcathaoir. Dúirt an diabhal leis nach chun suí síos a tháinig

sé ach le haghaidh go gcuirfeadh sé aon cheist ba mhian leis air.

Dá bhfreagródh sé gach ceist a chuirfeadh an tAlbanach air go

dtiocfadh sé á iarraidh arís i gceann lá is bliain. D'fhreagair an

diabhal gach ceist dár chuir sé air.

Chuaigh sé chuig an Sasanach ansin agus d'fhreagair an diabhal

gach ceist a chuir an Sasanach air agus dúirt an diabhal leis go

dtiocfadh sé á iarraidh arís i gceann lá is bliain.

Chuaigh se chuig an Éireannach bocht ar deireadh. Chuir sé

na ce iste anna céanna air agus ní raibh an diabhal in ann iad a

fhreagairt dó. Ba Protastún ba ea an tÉireannach ach d'imigh an

diabhal ansin agus tháinig sé arís chuig an Albanach agus chuig

an Sasanach i gceann lá is bliain. Thug sé leis iad go hIfreann.

Cailleadh an tÉireannach agus mor glacadh é in sna flaithis agus

díbríodh é go hifreann. Ní ghlacfaí ansin é. Dúirt an diabhal go

raibh sé róchríonna agus nach raibh aon ghnaithe aige dhó, agus

is é sin atá in sa bhfarraige ó shin - is é sin Seán an Laindéir.

Maighréad Ní Fhathartaigh [Peige Pheait Antaine]

(5, 46-7)

14ú Samhain 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó. Is fadó a bhí. Bhí cloch eibhir thiar ar Aill an

Fhéir. Bhíodh an bhean seo ina suí ar an gcloch i gcónaí. Bhí fear

ag cuartú caorach timpeall ann. Chonaic sé an bhean ann.

Labhair sé léi is labhair sise leis. Leag an fear a lámh ar an

gcloch. Thit an bhean síos sa bhfarraige. Bhí carraig bheag sa

bhfarraige agus d'fhan sí ina seasamh uirthi.

Tháinig triúr fear ann. Dhúisigh siad coinín. Rith an coinín síos

ar bharr na haille. Rith na fir ina dhiaidh. Chonaiceadar an bhean

103
síos fúthu sa bhfarraige .

"Cé a léimfeas síos is thabharfas aníos í? "

a deir duine acu. Léim an fear a chaith síos í is thug sé aníos í.

Phós an bheirt acu is d'imigh siad go Meiriceá is tá siad beo fós.

Máire Ní Fhlaitheartaigh

(5, 48)

Tomás Sheáin Bhrian 6 Flaitheartaigh

Seán Bhrian 6 Flaitheartaigh

104
Bosca 2C

Cóipleabhar 6

Inis Meáin

Oileáin Árann

19ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus d'imigh sé amach san oíche. Thug sé leis

a ghunna go ngabhfadh sé ag marú lachan ar an loch. Síos Trácht

Each a chuaigh sé.

Bhíodh sé ag feiceáil rudaí ina thimpeall. Fear misniúil a bhí

ann agus bhí sé an-éasca. Mar sin ba chuma leis agus choinnigh

sé air.

Nuair a tháinig sé go dtí an lo ch bhí sé ag éalú go réidh agus

an t-urchar sa ngunna aige. Nuair a tháinig sé go dtí an claí

bhreathnaigh sé go réidh thairis mar d' airigh sé rud ag slapaíl

mar a bheadh lacha. Ach nuair a bhreathnaigh, céard a

d'fheicfeadh sé ach bean ag níochán. Bhuail faitíos é agus d'imigh

sé leis agus é go dona le faitíos. Bhí go le or rudaí á leanacht agus

ghread sé uathu abhaile agus é ag titim le faitíos.

Ní ghabhfadh sé amach san oíche ag foghlaeireacht ní ba mhó.

Tomás Ó Flaitheartaigh [Tomás Sheáin Bhrian]

(6, 1)

Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Flaitheartaigh (Brian),

Ceathrú an Teampaill.

19ú Meán Fómhair

Scéal

Bhí curach lá ag iascach timpeall an oileáin. In san oíche tháinig

gála mór agus d' éirigh an fharraige agus mor fhéad siad a theacht

i dtír ar an tslip. Chuaigh siad síos go Trá Leitreach agus tar éis

tamall fada a chaitheamh ann ag fanacht le ham chun teacht i dtír,

tháinig siad i dtír sa deireadh.

Chuir siad suas an curach ansin go dtí Aill na Sióg. Tháinig

múr báistí agus chuaigh siad ar foscadh faoin gcurach agus nuair

a bhí an múr thart bhreathnaigh duine de na daoine amach agus

chonaic sé sióg thuas ar an gcurach agus chonaic sise é agus rith

sí síos in sa bhfarraige.

Seán Mac Donnchadha

Ceathrú an Leisín

(6, 2)

Fuair mé na scéalta ar fad ó m/athair. An seoladh céanna.

105
3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí beirt fhear ann uair amháin agus beirt dearthár ab ea iad. Bhí

an fear ba shine saibhir agus an fear eile bocht, agus bhíodh an

fear bocht ag iarraidh rudaí i gcónaí ar an bhfear saibhir. Uair

amháin nuair bhí sé ag iarraidh plúir ar an bhfear saibhir dúirt

an fear saibhir leis gan a theacht ag iarraidh aon cheo eile air níos

mó ach gabháil á iarraidh go dtí an áit thíos.

Bhí rud éigin uaidh am éigin agus d' imigh leis agus bhí sé ag

siúl go dtáinig sé go dtí polI mór. Chuaigh sé síos ann agus nuair

a bhí sé thíos rug beirt fhear air agus chuireadar tras na ar thine

mhór é agus d'fhágadar ann é tamall maith. Ansin d'iarr siad air

teacht amach as an tine agus gabháil abhaile. Dúirtseisean nach

dtiocfadh gur thaithnigh an teas leis. Dúirt siad leis go

dtabharfadh siad muileann beag dó agus rud ar bith a déarfadh

sé leis dhéanfadh sé é.

D'imigh sé an sin agus mheil an muileann teach beithígh agus

eallaigh dhó agus nuair a chonaic an fear saibhir é sin fuair sé

bás le hionadh.

Peadar O Fathartaigh

(6, 3-4)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé féin agus beirt eile ag iascach langaí

go deireanach san oíche. Ar chuma ar bith tháinig ceo agus iad

ar an bhfarraige. Ar deireadh tháinig siad i dtír ag an tslip ar a

dó dhéag a chlog.

Is ar Bhaile an Mhóthair a bhí siad ina gcónaí. Chonaic duine

acu darbh ainm Seán Thomáis fear ag gabháil isteach an tsruthair

- áit atá taobh amuigh den tslip agus bhí bhástcóta bán air. Nuair

[a bhí] sé istigh ag an tslip, tháinig sé anuas chuig an gcurach.

D'fhiafraigh sé dhíobh an raibh mórán ias c acu agus d'insíodar

dó sin. Ansin d'imigh sé síos Trá Leitreach agus d'imigh sé as

amharc ar fad ar deireadh.

Ach ar chuma ar bith roinneadar an t-iasc agus chuadar abhaile

gach duine go dtína theach féin. Ach ní raibh Seán Thomáis i

106
hfad ina chodladh gur airigh sé fear ag siúl taobh amuigh ag

briseadh na ndoirse is gach rudo Chaith sé rud isteach sa seomra

ina raibh Seán Thomáis agus bhuail sé air agus fuair sé bás.

Micil Ó Fathartaigh (Séamas)

(6, 5-6)

9ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí be an in san oileán seo tráth agus d' ill'igh sí go Baile Átha

Cliath ag saothrú a beatha. Bhí sí deich moliana ann. Ach tháinig

sí abhaile ar deireadh agus is Tigh Mháirtín Óig a d' fhan sí nuair

a tháinig sí ar Iaethanta saoire.

Ach oíche amháin nuair a bhí Máirtín ag gabháil síos chuig an

gCaIadh Mór ag cur amach na líonta dúirt sé Iéi na fataí a bheith

bruite aici nuair a thiocfadh sé.

Ansin nuair a bhí sé imithe ghIéas sí iad ach ní raibh a fhios

aici cá raibh an tobar. Ach chuaigh sí suas go dtí Tobar Chinn

Dheirge agus thug sí as an t-uisce is chuir sí in sna fataí é.

Ar deireadh tháinig Máirtín agus bhreathnaigh sé orthu agus

ní raibh teas ar bith orthu féin ná ar an uisce. Agus d' fhiafraigh

sé dhi cé as an t-uisce? Agus an sin spáin sí dhó an tobar agus

d/inis sé dhi ansin go mba thobar beannaithe [é] . Ansin dhoirt

sí na fataí agus cuireadh uisce eile iontu as Tobar an Róidín, agus

ansin ní raibh siad i bhfad ag bruth.

Ach dúirt sé Iéi gan aon uisce a thabhairt as sin lena cuimhne

arís .

Micil Ó Fathartaigh (Séamas)

(6, 7-8)

6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chónaí ar Bhaile an Mhothair

agus oíche amháin ar a trí a cholg soir go dtí an tslip a chuaigh

sé ag bailiú feamainne. Nuair a bhí sé ag gabháil soir ag na

Leacrachaí Móra chonaic sé lámha á dtarraingt amach ar na creaga

107
a bhí taobh amuigh den bháthar - amach chuig an gCromleic

- agus isteach air arís síos duirling na slipe go dtáinig sé go

farraige agus chaitheadar feamainn agus sáile air. Bhuaileadar le

slata draíochta é agus d'imíodar ansin. Bhí sé go dona acu ansin

ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Bhí rud ag teacht ar a shrán agus

bhí sí lofa ar deireadh. Cailleadh é sa deireadh.

Micil Ó Fathartaigh (Séamas)

(6, 9)

6ú Deireadh Fárnhair 1938

Scéal

Bhí bád ag fear san oileán fadá agus chuaigh sé amach ag iascach

lá amháin. Bhí an lá go breá; bhí an fharraige go ciúin. Amach

á dheas den oileán a chuaigh siad. D'fhan sé amuigh go

tráthnána. Bhí daoine go le or in éineacht leis sa mbád.

Nuair a bhí sé ag teacht abhaile tháinig calm orthu agus cuireadh

isteach sa gCrombhall iad agus is beag nár bádh iad ach d' éirigh

leis na fir a bheith as an mbád agus chuaigh siad soir go dtí Máirtín

Mhicil agus d' ál siad tae ann.

Bhris an bád ansin. Tháinig cuid i dtír sa Manta agus i dTrácht

Each agus i gc1adaí eile agus fuair daoine [é] .

Seán Ó Conghaile

Ceathrú an Teampaill

(6, 10)

Fuaireas an scéal seo á Sheán Ó Conghaile (Dara).

An seoladh céanna.

Scéal

Bhí bean ann fadá agus bhí sí ar bhruach aille. I gcionn tamaill

tháinig fear aici agus bhí ole már aige dhi. Dúirt an fear léi:

"Céard é sin thíos ag snámh ar an bhfarraige?"

Shíl an bhean nach ag inseacht aon bhréag a bhí sé agus

bhreathnaigh sí síos agus nuair a chonaic an fear í ag breathnú

síos níor rinne sé ach í a chaithearnh síos sa bhfarraige.

Lá amháin ina dhiaidh sin chuaigh curach amach ag iascach

108
agus chonaic an triúr fear a bhí sa gcurach í ar bharr an uisce agus

í ag snámh. Ach bhí eagla ar na daoine mar bhí sé an-deireanach

agus bhíodar ag ceapadh gur bó a bhí inti ag an dath a bhí ar

a cóta. Mar sin féin choinníodar orthu ag iomramh agus

d'fhanadar amuigh ar feadh na hoíche ag iascach agus bhíodar

ag fáil go leor iasc.

Ar deireadh d' éirigh an fharraige agus d' ardaigh sé chun

feochain agus b'éigean dóibh a theacht i dtír. Ar a mbealach dóibh

casadh an bhean arís orthu agus dúirt sí go mbáfaí iad mar gheall

nár thóigeadar í féin agus b'fhíor di. Nuair a bhíodar i mbéal an

chladaigh, tháinig tonn mhór isteach sa gcurach agus bádh iad.

MidI Ó Meachair

Ceathrú an Teampaill

(6, 11)

Fuaireas na scéalta ó Bheairtle Ó Meachair.

Scéal

Bhí fear ann fadó agus d'imigh sé féin agus a mhac amach

sanoíche. Bhí siad ag gabháil síos le cladach. Chonaic an mac an

rud dubh ag teacht chucu. Tháinig faitíos mór air. Spáin sé dá

athair é. Níor rinne an t-athair tada ach ghread sé chomh maith

agus ab fhéidir leis é. Ghread an mac ina dhiaidh ach ní raibh

sé chomh héasca leis. Lean an rud iad. Thosaigh an mac ag

béiceach agus ag caoineadh ach ní fhanfadh an t-athair leis. Bhí

an rud ina ndiaidh i gcónaí.

Ach nuair a tháinig siad go dtí carcair ní fhacadar é ní ba mhó.

Tháinig an mac suas leis an athair ansin agus chuadar abhaile le

faitíos. Chuadar a chodladh agus d'éirigh an t-athair go mo ch ar

maidin agus chuaigh sí síos in san áit chéanna.

Bhreathnaigh sé thart air agus céard a d'fheicfeadh sé ach

gabhar istigh faoin aill. Chuirnhnigh sé ansin go mb'fhéidir gurbh

é an gabhar a lean é mar leanfadh gabhar thú san oíche.

Tomás Ó Flaitheartaigh

Ceathrú an Teampaill

(6, 12)

109
Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé amach Ó dheas ag iascach. Bhí

an lá ag báistigh. Triúr a bhí sa gcurach. Is iad na hainmneacha:

Tomás Mac Bháin, Seán Dhónaill agus Micil Éamainn.

Chuaigh siad amach go luath ar maidin. Bhí siota beag gaoithe

ann ach go raibh an fharraige ciúin. Tháinig ceo orthu agus ní

raibh a fhios acu cá raibh siad ag gabháil. Tháinig siad i dtír i

gCiarraí agus cheap na daoine ag baile gurb amhlaidh a bádh iad.

Bhí siad á gcaoineadh.

Sa deireadh tháinig an curach abhaile ó Chiarraí. Bhí siad go

dona agus cailleadh duine acu.

Sean Ó Conghaile

Ceathrú an Teampaill

(6, 13)

Fuaireas na scéalta ó Sheán Ó Conghaile (Dara).

An seoladh céanna.

30ú Deireadh Fómhair

Fear in sna Sióga

Bhí fear ann fadó agus is é an leasainm a thugadh na daoine air

ná an Póilí. Oíche amháin bhí sé féin agus Dara Mór agus Micil

Bán ag iascach agus tháinig an oíche fliuch stoirmiúil agus tháinig

siad i dtír ar an gCaomhnadh agus thugadar an curach isteach

ar eanlach Thomáis Mhóir. Sin sórt áit ar a dtriom [aítear]

coirleach.

Chuireadar ar chranna cé a d'fhanódh ag fair e na curaí ar

fhaitíos go gcorródh an gála í. Ach is ar an bPóilí a thit an crann

agus b'éigean dó fanacht dá faire. Ach ar chuma ar bith d'imigh

an bheirt eile abhaile agus nuair a bhí siad imithe is é an rud a

rinne an Póilí ná clocha móra a chur timpeall na curaí. Ansin nuair

a bhí sé sin déanta aige chuaigh sé isteach fúithi.

Ach ní raibh sé iseach fúithi nuair a bhí siad istigh ina dhiaidh

na sióga. Thugadar leo an curach. Ansin d'fhan an Póilí ansin.

Rith sé abhaile agus ní raibh sé ach abhaile nuair a cailleadh é

agus níor mhair an bheirt eile i bhfad. Nuair a tháinig an Póilí

abhaile dúirt sé:

110
"Tá mé réidh".

Tháinig an bheirt eile ar cuairt chuige an oíche ina dhiaidh nuair

a chuala siad é a bheith go dona agus bhíbrón mór orthunár fhan

an triúr acu á faire.

Ach chuaigh an bheirt eile ag iarraidh an tsagairt agus nuair

a tháinig an sagart dúirt sé cúpla paidir. Ansin d'inis sé dóibh

gurb iad na sióga a theangmhaigh leis. Nuair a bhí an ola

dheireanach air chuaigh sé abhaile arís.

Ach seachtain ina dhiaidh fuair Dara Mór bás agus an lá ina

dhiaidh fuair Micil Bán bás.

MidI Ó Fathartaigh (Séamas)

Ceathrú an Leisín

(6, 14-15)

Fuaireas na scéalta seo ó Mhicil Ó Dónaill.

Mo sheoladh féin.

31 Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos Port na Cara ag a haon

a chlog. Bhí sé ag ligint a scíth agus d' airigh sé torann. Tháinig

faitíos mór air agus ní ligfeadh an faitíos dó breathnú thart.

Scairteadh solas taobh thoir de. Luigh sé ar an talamh faoin gclaí

le faitíos. Tháinig rud geal aníos an bóthar agus d'imigh sé síos

thairis. Ar an bpointe is a fuair sé imithe síos é, rith sé suas an

bóthar. Caitheadh clocha leis. Ní raibh ann ach gur mhair sé le

faitíos.

Rith ceann de na clocha anall chuig a chosa - ba chIo ch sí í.

Rith sé ar deireadh chomh maith agus a bhí sé in ann. Nuair a

tháinig sé go claí ard, shuigh sé síos lena scíth a ligint. Tháinig

daoine aníos agus rugadar air. Thugadar suas an bóthar leo é.

Bhuaileadar go mór é ach dúirt duine acu ar deireadh é a ligint

abhaile. Murach sin, mharófaí é. Chuaigh sé abhaile agus é go

dona lena raibh buailte air.

Tomás Ó Flaitheartaigh

Ceathrú an Teampaill

(6, 16)

111
14ú Samhain 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus in san oileán a bhí sé ina chónaí. Ní bhíodh

sé ag gabháil chuig an Aifreann gach Domhnach nuair a thagadh

an sagart. Bhíodh na daoine ag iarraidh air gabháil chuig an

Aifreann ach ní thugadh sé aon aird orthu.

An Domhnach seo chuaigh sé ann agus níor iarr aon duine air

gabháil ann. Bhí sé istigh sa séipéal an fhad agus a bhí an

tAifreann á rá. Nuair a chonaic sé an sagart ag ól an fhíona dúirt

sé amach os comhair na ndaoine leis an sagart:

"Bhí a fhios agam go bhféadfá déanamh leis."

(6, 17)

14ú Samhain 1938

Oíche Shamhna

Is í anocht Oíche Shamhna. Is í an fhéile is mó í i mí na Samhna

go léir. Bhí féasta mór ag na mná ins gach teach. Bíonn na fir ar

cuairt in sna tithe agus iad ag imirt cártaí.

Bíonn úlla acu agus caitheann siad i dtubán uisce iad. Tagann

duine i ndiaidh duine ag tumadh a gcinn síos in san uisce ag

iarraidh an t-úll a fháil.

Deirtear go mbíonn na caiple bána ag imeacht thart Oíche

Shamhna. Is ceart an t-uisce a thabhairt isteach roimh ghabháilfaoi

na gréine. Ní ceart aon sméar a ithe ó Oíche Shamhna amach mar

bíonn na púcaí á n-ithe an oíche sin.

Seo deas a bhíonn sa teach Oíche Shamhna. Cuirtear maide

ina sheasamh i lár an urláir. Leagtar dár mór ar a bharr. Ceithre

choinneal a bhíonn air. Ar cheann an chláir leagtar cáca agus cáca

milis ar an gceann eile agus úlla ar an gceann eile, milseáin ar

an gceann eile deiridh, agus cuirtear coinneal agus í ar lasadh.

Ansin cuirtear duine de ghasúir an tí amach ar an gdár. Bíonn

an-spóirt acu ansin. Bíonn siad ag iarraidh breith ar an úll nó ar

an gcáca milis nó ar an milseán agus in san am céanna ag iarraidh

iad féin a sheachaint ar an gcoinneal ar eagla a ndóite.

(6, 18-19)

112
19ú Nollaig 1938

Scéal

Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Bhíodar

an-bhocht ach bhí aon chapall amháin acu agus chuaigh an mac

chun an aonaigh chun an capall a dhíol.

Nuair a tháinig sé go dtí an áit 'na raibh an t-aonach tháinig

dhá cheannaitheoir chuige agus d'fhiafraigh siad dó an ndíolfadh

sé an capall? Dúirt sé nach ndíolfadh sé an capall ar go leor, mar

nuair a theastódh airgead uaidh nach raibh aige ach buille de

mhaide a thabhairt di agus go gcaithfeadh sí leathchoróin aisti

féin. Leis sin chuir an mac lámh ina phóca agus chaith sé

leathchoróin faoi chosa an chapaill i ngan fhios dóibh. Agus dúirt

sé ansin gurb í an capall a chaith aisti í. Thugadar carnán mór

airgid dó ar an gcapall. Chuaigh sé abhaile agus bród mór air.

D'imigh na ceannaitheoirí ansin agus chaitheadar a gcuid airgid

go fánach ag súil go dtabharfadh an capall dóibh nuair a bhí a

raibh acu caite. Bhuail duine acu buille ar an gcapall ach má bhuail

féin ní raibh aon mhaith dó ann. Bhíodar ag bualadh an chapaill

nó gur mharaigh siad í.

Tháinig fearg orthu ansin agus tháinig siad go dtí mac na baintrí

le sásamh a bhaint de. Nuair a tháinig siad go dtí an teach ní raibh

sé istigh rompu. Bhí a fhios ag an mbaintreach agus ag an mac

go dtiocfadh siad le sásamh a bhaint díobh; agus cheap siad cleas

éigin le himeacht uathu.

An lá roimhe sin chuaigh an mac amach agus rug sé ar choinín

agus thug sé abhaile é gan é a ghortú. Nuair a tháinig siad isteach

sa teach d'fhiafraíodar den bhaintreach cá raibh an mac?

"Níl sé istigh anois", arsa sí, "ach cuirfidh mé teachtaireacht

chuige". Chuaigh sí go dtí an áit 'na raibh an coinín. Rug sí air

agus scaoil sí amach é. Bhí a fhios ag an mac go ndéanfadh sí

é agus bhí sé sa gcoinicéar roimhe. Nuair a tháinig an coinín síos

ann rug air agus thug sé abhaile é.

Nuair a chonaic na ceannaitheoirí é ag teacht agus an coinín

aige d'fhiafraíodar díobh an ndíolfaidís an coinín? Dúirt siad go

ndíolfadh. Fuair siad carnán airgid air.

Nuair a theastaigh rud éigin uathu dúirt siad go gcuirfidís an

coinín á iarraidh sa siopa. Chuir siad páipéar cúig phunt faoina

mhuineál agus dúirt siad leis gabháil go dtí an siopa. Scaoil siad

uathu an coinín ansin. Rith go dtí an coinicéar agus cúig phunt

faoina mhuinéal.

Tomás Ó Flaitheartaigh

Baile na Seoigheach

(6, 20-22)

113
Scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Lá amháin bhí sé ag

gabháil aníos le cladach agus chonaic sé go leor adhmaid ar snámh

agus dúirt sé go n-éireodh sé go luath ar maidin agus go

ngabhfadh sé síos ann.

Bhí go maith. D' éirigh sé ar a trí a cholg agus chuir sé air a chuid

éadaigh agus d' ól sé a chuid tae agus d'imigh sé síos. Thug sé

an mada leis. Nuair a tháinig sé go dtí an áit a raibh an t-adhmad

ar snámh, ní fhaca sé tada ann. Thosaigh sé ag cuartú na trá agus

is gearr go bhfaca sé rud geal tamall síos ar an ngaineamh.

Rinne sé air agus nuair a cheap sé a bheith san áit a raibh sé

ní raibh rud ar bith ann. Ach is amhlaidh a leagadh é féin san

áit chéanna, agus gearradh a lámh. D' éirigh an fear go héasca

agus rith sé suas an trá. Shuigh sé síos ar bharr na duirlinge ag

aireachas 'na thimpeall.

Ní raibh sé i bhfad ann nó go bhfaca sé píosa adhmaid ag teacht

i dtír. Chuaigh an fear síos agus thug sé abhaile é. Nuair a bhí

sé triomaithe, fuair sé tua agus sámh agus scoilt sé an t-adhmad

agus céard a thitfeadh amach as ach trí píosaí móra óir agus iad

istigh i máilín leathair. Bhí sé saibhir uaidh sin amach.

Tomás Ó Flaitheartaigh

Ceathrú an Teampaill

(6, 22-3)

Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Flaitheartaigh (Brian).

An seoladh céanna liomsa.

Bosca 2C

Cóipleabhar 7

Inis Meáin

Oileáin Árann

Maighréad Ní Fhathartaigh

Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tá a lán comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt ar

an sórt aimsire a bhíonn le teacht.

Tá comharthaí acu (a) ón ngealach; (b) ón ngrian; (c) ó na réaltóga;

(d) ón bhfarraige; (e) ón ngaoth; (f) ón spéir; (g) agus ó rudaíbeo.

(a) Nuair a bhíos an ghealach leathbháite sa spéir deirtear go

114
mbíann báisteach air agus nuair a bhíann sí ina suí ar chúl a cinn

bíann drachuair le teacht agus báisteach agus nuair a bhíonn

fáinne thar timpeall uirthi bíann gála agus farraige mhór le teacht.

(b) Deirtear nuair a bhíann an ghrian ag gabháil faai san aer

thiar go mbíonn uair bhreá le teacht agus deirtear nuair a bhíann

sí múchta sa spéir deirtear ga mbíonn báisteach air;

(c) Deirtear nuair a bhíonn na réaltóga ag preabadh sa spéir agus

nuair a bhíonn go le or díobh sa spéir ga mbíann uair bhreá air

agus nuair nach mbíonn mórán díobh sa spéir deirtear go mbíann

drúcht air;

(d) Deirtear nuair a bhíonn muca mara le feiceáil sa bhfarraige

go mbíonn drochaimsir air agus deirtear nuair a bhíonn torann

aici go mbíonn gála agus báisteach air;

(e) Nuair a bhíos gaoth aneas píonn báisteach air; agus

(f) nuair a bhíos na néalta dubha sa spéir bíonn báisteach air;

(g) Nuair a bhíos an cat ag an tine agus a chúl léi bíonn drochuair

air agus nuair a bhías an mada ag ithe féir bíann báisteach air.

Nuair a thagann na géabha fiáine ó shléibhte Chanamara agus

ó shléibhte Chontae an Chláir agus nuair a théann siad ó dheas

deirtear go mbíonn uair bhreá le teacht agus nuair a théann siad

ó thuaidh deirtear ga mbíann drochuair air.

Deirtear nuair a bhíonn na fáinleoga ag eitilt ós íseal ag breith

ar na feithidí go mbíonn báisteach air. Deirtear nuair a bhíos an

seilmide ag snámh ar an talamh deirtear go mbíonn báisteach air

agus nuair a bhíos na siogáin a mbíonn sciatháin orthu ann

deirtear ga mbíann báisteach air agus deirtear nuair a bhíonn ga

leor de na míoltóga san aer ag eitilt go mbíann breáichte air.

(7, 1-3)

10ú Samhain 1938

Mo Cheantar

Tá mé féin i mo chónaí ar Bhaile an Bhóthair (recte Mothair), Inis

Meáin. Tá trí scór tithe ann anois. Tá tithe slinne agus tithe ceann

tuí ann. Fathartaigh is coitianta ann.

Is é an fáth gur baisteadh an t-ainm sin ar Bhaile an Bhóthair

(recte Mhothair) mar tá bóthar trasna ann, agus Baile an Teampaill

mar deirtear go raibh teampall ann fadó agus déanadh séipéal

de agus séipéal atá ann anais. Baile an Dúna (recte Damhnaigh)

115
mar tá dún i ngar dó agus deirtear gurb é an fáth sin gur tugadh

Baile an Dúna air. Baile na Seoigheach mar deirteargurb é [an]

sloinne Seoigheach is coitianta a bhíodh ann fadó agus Cinn an

Bhaile mar is é an baile is faide siar é.

Tá timpeall dhá scór seandaoine os cionn 70 bliain in lnis Meáin.

Is féidir leo scéalta i nGaeilge agus i mBéarla a insint. Tá go leor

fothrach tithe ann. Ba ghnách le go leor daoine gabháil go Meiriceá

ón áit. Is minic a luadh ainm na háite i seanfhocal agus in amhrán.

Dúirt an file Colm de Bhailis an t-arnhrán seo faoin oileán:

Inis Meáin.

lnis gan arán,

Inis gann gortach,

An lá a théann tú ann,

beir leat do chuid aráin

Nó beidh tú an lá sin 'do throscadh.

Ní aontaíonn na daoine leis sin mar tá na daoine atá in Inis

Meáin flaithiúil pé ar bith caoi a rinne sé an t-amhrán sin. Tá

amhrán eile freisin a rinne Máistir Lionain a bhí ag múineadh

scoile anseo cúpla bliain ó shin.

Is é an sórt talamh atá ann ná talamh garbh agus níl mórán

abhann ná loch ann cé is moite de Loch Cheann Gainimh, Loch

Chró na gCadhan, Loch an Leisín, Loch an Léin agus Loch Chlaí

Gainimh.

Maighréad Ní Fhathartaigh

(7, 4-5)

lú Mí na Nollag 1937

Na Fataí

Cuirtear fataí ar an bhfeilm sa mbaile gach bliain. Is amhlaidh a

ullmhaítear an talamh i gcomhair na bhfataí gach bliain. Cuirtear

feamainn air i dtosach, agus ansin déantar iomairí. Níbhíonn aon

chéachta acu mar tá na garraithe róbheag agus tá go le or cloch

beag ann, agus mar sin spáideanna a bhíos acu. I nGaillimh a

gheobhann siad na spáideanna mar ní bhíonn aon spáideanna

dá ndéanamh san oileán.

Gearrtar síolta ó na leathfhataí agus ar na rudaí a bhíos fágtha

tugtar sceaimhíní. Fágtar na síolta ar triomú go mbeidh siad

seargtha. Ansin gheibhtear maide sá agus cuirtear poll leis san

116
iomaire agus cuirtear síos an síol sa bpoll agus cuirtear fód ar an

bpoll. Nuair a bhíos na fatai ag fás glantar iad agus ansin cuirtear

á lánú iad. Cuirtear Duane orthu le go bhfásann na fataí go maith.

Cuirtear an sprae orthu le nach dtiocfaidh an dubh ar na fataí.

Nuair a bhitear ag baint na bhfataí, cuirtear na fataí a bhíos le

n-ithe abhaile sa gcró, agus na fataí a bhíos le síolta, cuirtear i

bpoll sa ngaineamh iad mar tá an gaineamh an-te.

Nuair a bhítear ag déanamh an phoill caitear an chré orthu,

cuirtear raithneach orthu agus cuirtear cré orthu ansin.

Fásann go le or cineál fatai san oileán seo. Is iad na fataí is fearr

a fhásann anseo ná na Dates. Fásann Champions, Aran Cairns,

Epicures agus na Queens san oileán seo.

Maighreád Ní Fhathartaigh

(7, 6-7)

13ú Mí na Nollag 1937

Ainmhithe na Feilme

Is iad na hainmhithe feilme atá againn ag baile ná: bó, lao,

gamhain, caora, gabhar, capalt asat cearca, muca, mada agus

cat. Is iad seo na hainmneacha a tugtar orthu:

Tugtar "Beitín" ar an mbó. Tugtar "Sucaí" ar an lao. Tugtar

"Bróiní" ar an gcapall. Tugtar "Bess" ar an asal. Tugtar

"Seabhaín" ar an gcaora agus an gabhar. Tugtar "Fus, Fus" ar

na muca. Tugtar "Spota" ar an mada. Tugtar "Poiplín" ar an

gcat.

Nuair a bhíos duine dá dtiomáint is iad seo na hainmneacha

a thugas sé orthu: "Hurta" ar an mbó. "Hó, amach" leis an

gcapall agus leis an asal¡ "Seabhaín" leis an gcaora agus leis an

ngabhar. "Seo" leis na cearca.

Cuirtear tuí mar easair faoin asaI nuair a bhíos sé sa gcró. Ansin

cuirtear cruimeasc air le hé a choinneáil sa bpáirc.

(7, 7-8)

117
14ú Mí na Nollag 1937

Toibreacha Beannaithe

Tá trí cinn de thoibreacha beannaithe in san oileán. Seo iad: Tobar

Isleamáin, Tobar Chinn Dheirge, Tobar Cheanannach. Is iad seo

na háiteanna atá siad suite. Tá Tobar Ísleamáin thíos ag Claí

Gainimh, agus tá Tobar Chinn Dheirge ar thaobh na láimhe deise

nuair a bhíos tú ag gabháil siar chuig an séipéal agus tá Tobar

Cheanannach thiar ag an reilig. Deireadh na seandaoine gur chuir

duine fataí síos ag bruith agus chuir sé uisce as Tobar Chinn

Dheirge orthu, agus ní bhruithfeadh na fataí dhó.

Deireadh na seandaoine go dtáinig naomh i dtír sa tobar sin

agus gur ól sé deoch as, agus tá lorg a chos le feiceáil ag Tobar

Ísleamáin.

Ní thugtar aon turas orthu ano is ach bhíodh na seandaoine ag

tabhairt turas orthu fadó. Nuair a bhíodh siad ag tabhairt an turais

deireadh siad seacht nÁr nAthair agus théadh siad timpeaIl seacht

n-uaire, agus chaitheadh siad cloch uathu 'chuile uair agus

deireadh siad "Glóire don Athair" 'chuile bhabhta, agus déarfadh

siad an méid sin seacht n-uaire.

Ansin d' óladh siad braon uisce as an tobar, agus ansin

d'fhágadh siad pínn sa tobar ar choch, agus thugadh siad braon

den uisce abhaile leo.

Maighréad Ní Fhathartaigh

(7, 8-10)

31ú Márta 1938

Lá Fhéil Bríde

An chéad lá d' earrach sin é Lá Fhéil Bríde agus an oíche roimhe

sin, sin í Oíche Bhríde agus bítear ag déanamh crosóg agus bíonn

na cailíní beaga ag gabháil ó theach go teach agus "Brídeoga"

acu in onóir Naomh Bríd. Bíonn na daoine ag tógáil faochan agus

bairneach le n-ithe.

Deirtear go raibh Naomh Bríd ag siúI uair agus chuala sí duine

istigh ag fáil bháis agus ní raibh aon chreideamh aige agus

thosaigh Bríd ag inseacht dó faoi Dhia, agus faoin gcaoi ar tháinig

Íosa ar an saol agus rith sí amach agus thug sí isteach píosa

adhmaid agus rinne sí crois as, agus deirtear gurb é sin an fáth

go mbíonn na daoine ag déanamh crosóg 'chuile Oíche Bhríde.

118
Deirtear freisin dá mbeadh an chéad lá d' earrach garbh go

mbeadh an aimsir go breá. Deirtear gur dhúirt Naornh Bríd gach

lá ó mo lá-sa amach go breá.

(7, 11)

Máirtín Pheait Antaine Ó Fathartaigh

11ú Aibreán 1938

An Reilig

Tá dhá reilig san oileán seo. Is iad na hainmneacha atá orthu ná:

an Seanteampall agus Teampall Cheanannach. Tá Teampall

Cheanannach suite ar thaobh na láirnhe deise nuair a bhíos tú

ag gabháil soir go dtí an tslip. Ní chuirtear aon duine ach i gceann

amháin acu.

Is é an chuma atá uirthi ná cearnógach. Tá fothrach cille i gceann

acu. Ní chuirtear aon duine istigh ann anois ach deirtear go bhfuil

míle naornh curtha ann. Tá doras ar an teachín agus tá fuinneog

119
ar a ehúl. Tá erann troim ag fás istigh ann agus tá go leor seeaeh

ag fás sa reilig. Tá seanehroiseanna ann.

Is é an áit a geuirtear leanbh na ch mbíonn baiste i mbuaile le

leaehtaí.

Deirtear go raibh fear istigh sa reilig aíche agus nuair a bhí sé

ag gabháil amach thar an mballa gur tháinig duine taabh thiar

de agus gur chaith sé amach é agus go raibh méar caise leis briste.

Maighréad Ní Fhathartaigh

(7, 12-13)

Is ó rn ' athair a fuair mé na seéalta seo ar fado

Máirtín Ó Fathartaigh

Ceathrú an Leisín

llú Aibreán 1938

Tráehtas

Bia na Seandaoine

Is é an méid bia a d' itheadh na seandaoine fadó sa ló ná trí bhéile:

béile ar maidin, ar am dinnéir agus béile tráthn6na agus fataí a

bhíodh aeu lena n-aghaidh. Bhíodh faoehain agus bairnigh aeu

leis na fataí. Bhíodh siad I ehuile mhaidin ag obair roimh an

mbéile. Bhíodh siad ag obair ga crua agus is amhlaidh a théadh

dinnéar amaeh ar an ngarraí chueu.

Ní bhíodh an plúr ann an t-am sin agus bhíodh go leor min

bhuí aeu agus dhéanaidís eáea as sin. Bhíodh siad ag baint seeaeh

le haghaidh tine. Ní bhíodh mórán tae aeu aeh bhíodh bainne

go le or aeu le n-ól.

D'ithidís uibheaeha Domhnaeh Cásea. Bhíodh ubh nó dhó ag

'ehuile dhuine aeu an lá sin.

Ní bhiodh aon ehupán aeu go dtí le gairid. Sáspain a bhíodh

aeu.

Bhíodh siad ag maireaehtáil ar bhia an ehladaigh go minic.

Bhí6dh go leor iase aeu i geónaí.

(7, 14-15)

120
12ú Albreán 1938

Grnornhartha Gaisee

Chuala mé seéal faoi thriúr a bhuaigh rása euraeh. Bhí triúr fear

ag gabháil ag rith rása euraeh. Triúr fear a bhí ag gabháil leo

bhíodar ar an triúr ab fhearr san oileán.

Nuair a bhíodar ag gabháil amaeh bhí an euraeh seo ar tosaeh

agus bhí an euraeh seo eile i ngar di. Nuair a bhí an euraeh a bhí

ar tosaeh ag euaille an bhuaidh ehuaigh an euraeh a bhí ar

deireadh amach uirthi. Bhí an duais aici agus b'iad hainmneaeha

a bhí orthu ná: Colm Ó Conghaile, Máirtín O Fathartaigh agus

Máirtín Ó Fathartaigh.

Bhí triúr fear ag iaseaeh lá i Mí Dheireadh Fórnhair agus tháinig

ceo orthu, agus b' éigean dóibh fanaeht amuigh ar feadh na hoíehe

agus ní raibh aon bhia acu le n-ithe agus bhíodar go dona leis

an oeras. Bhíodar ag iornramh agus rn raibh a fhios aeu cá

rabhadar ag gabháil agus ar deireadh tháinigeadar ar thrá agus

is é an áit a bhíodar i gConamara agus fuaireadar tae an sin

marníor itheadar aon ní le lá agus oíehe.

Is iad an triúr sin ná: Seán Pháidín Sheáin, Máirtín Ruairí Beag

agus Pádraig Ruairí Beag.

(7, 15-16)

12ú Aibreán 1938

Seanseoileanna

Is iomaí seoil a bhíodh ann fadó aeh níl a fhios agam aeh seoil

arnháin aeu. Bhíodh seoil arnháin náisiúnta ann roimh an seoil

seo, agus bhíodh go leor daoine ag foghlaim inti. Bhíodh na

múinteoirí ag cUI fúthu i dtithe na ndaoine.

Is iad na nithe a rnhúintí dhóibh ná Béarla, Áirearnh, Stair¡ agus

ní mhúintí mórán Gaeilge dhóibh. Bhíodh Gaeilge ag na

múinteoirí aeh ní bhíodh siad á labhairt. Nuair a bhíodh siad ag

seríobh bhíodh slinnte aeu, agus píosa eailee aeu ag seríobh.

Bhíodh leabhra ag na páistí, leabhar Béarla, Airirnh, Staire, agus

leabhra eile.

Ní rnhúintí aon rud trí Ghaeilge ach bhíodh Gaeilge ag na páistí.

Bhíodh euid de na máistrí tamall fada san oileán. Bhí euid díobh

'na seoláirí maithe i dtuairim na ndaoine. Bhíodh meas ag na

daoine orthu. Bhíodh suíoeháin aeu sa seoil.

121

(7, 16-17)
12ú Aibreán 1938

Scéalta Barrúla

Bhíodh fir ann fadá agus is é an t-ainm a bhíodh orthu ná:

"Buachaillí Bána" agus bhíodh siad ag teacht go dtí an t-oileán

seo. Bhíodh siad ag goid an tsnátha agus na bhfataí.

Lá amháin san earrach chonaic seanbhean iad ag teacht agus

chuir sí an tlú síos sa tine agus bhí an tlú dearg. Nuair a

tháinigeadar isteach leag sí an tlú ar dhuine acu agus ghreamaigh

an tlú dó agus bhí sé ag léimt ar fud an urláir agus níor tháinig

aon duine san [oileán ó shin] .

Bhí fear ann fadá agus a mhac agus bhí sé ag iarraidh ar Dhia

an mac a chur 'na shagart. Dúirt an t-athair leis an mac an rud

a d'iarrfadh Dia go ndéanfadh sé é. Agus chuaigh an t-athair go

dtí an séipéal agus chuaigh an mac suas ar chúl na haltóra.

Is é a dúirt an mac thuas:

"Is mian le do mhac a bheith ina ghadaí" . Agus shíl an t-athair

gurb é Dia a dúirt é agus d'imigh sé leis. D'imigh an mac an oíche

sin agus casadh beirt ghadaithe air.

D'fhiafraíodar de cá raibh sé ag gabháil agus dúirt sé gur ag

goid a bhí sé. Agus chuaigh siad go dtí teach rí agus chuaigh an

mac seo síos an simléar agus nuair a bhí 'chuile rud thíos aige

scaoil siad an rápa leis agus d'imigh siad féin.

Bhí an mac ag gabháil ar fud an ti agus níor fhéad sé gabháil

amach. Ar deireadh fuair sé craiceann agus bhí dhá adharc air.

Chuir sé air an craiceann. Chuir sé an dá adharc amach as a

bhaaithis.

Chuaigh sé go dtí doras an tseornra, chuig an Rí, agus thosaigh

sé ag bualadh an dorais lena dhá adharc. D' éirigh an Rí agus dúirt

an Rí leis an mac:

"Céard tá uait?" Agus dúirt an mac leis an Rí:

"Lig amach as seo mé agus ní bhualfaidh mé thú".

Lig an Rí amach é agus d'imigh sé leis go dtáinig sé go dtí teach

agus sheas sé amach ar aghaidh na fuinneoige agus chonaic an

bheirt ghadaithe é agus tháinig faitíos orthu.

Ansin chuaigh sé isteach agus bhailigh sé an t-airgead a bhí ar

an mbord.

Bhí tarbh lá ag imeacht leis agus casadh mada leis. Chuaigh

sé leis an tarbh; casadh cat air. Chuaigh sé leis. Casadh gabhar

air agus chuaigh sé leis.

Tháinigeadar go dtí teach agus chuadar isteach ann agus

122
d'imigh an gabhar leis suas sa simléar, agus leis an mada isteaeh

faoin geathaoir agus an eat siar sa seomra. Chuaigh an tarbh féin

faoin mbord.

Is gearr go dtáinig beirt ghadaithe agus ehuadar isteaeh sa teaeh.

Bhí go le or airgid aeu agus leagadar ar an mbord é.

Ní túisee a bhí sé leagtha ar an mbord ná a ehuir an tarbh búir

as agus leag sé an bordo Bhí an-fhaitíos orthu agus ritheadar leo

agus bhíodar ag rith go dtáinigeadar go dtí eoilI agus ann sin a

ehaitheadar an oíehe, agus bhí an t-airgead ag an tarbh agus ag

an geuid eile.

Maighréad Ní Fhathartaigh

(7, 17-20)

9ú Bealtaiane 1938

Seanseoileanna

Is iomaí seoil a bhíodh ann fadó aeh níl ann anois aeh seoil

amháin. Bhíodh seoil amháin náisiúnta ann roimh an seoil seo,

agus bhíodh go leor daoine ag foghlaim inti.

Bhíodh na múinteoirí ag eur fúthu i dtithe na ndaoine. Is iad

na nithe a mhúintí dhóibh ná Béarla, Áireamh, Stair; agus ní

mhúintí mórán Gaeilge dhóibh. Bhíodh Gaeilge ag na múinteoirí

aeh ní bhíodh siad á labhairt. Nuair a bhíodh siad ag seríobh

bhíodh slinnnte aeu agus píosa eailee aeu len a seríobh.

Bhíodh leabhra ag na páistí: leabhar Bhéarla, Áirimh, Staire

agus leabhra eile. Ní mhúintí aon rud trí Ghaeilge aeh bhíodh

Gaeilge ag na páistí.

Bhíodh euid de na máistrí tamall fada san oileán. Bhí euid díobh

'na seoláirí maithe i dtuairim na ndaoine. Bhíodh meas ag na

daoine orthu. Bhíodh suíoeháin aeu sa seoil.

(7, 21-2)

llú Bealtaine 1938

Luibheanna

Is iad na einn is mó a dhéanann doehar don talamh ná

" braimfhéar" . Déanann sé sin an talamh go dona agus ní fhásann

na fataí.

123
Déanann an chrúb phréacháin is an ghlúineach dhearg dochar

don talamh freisin.

Tá leigheas i gcopóg rua agus i meacan an leoin. Nuair a dhós

neantóg duine an sú atá inti a leagaint ar an dó agus imeoidh

an dó dhíot. Nuair a bheadh cosa duine leonta tá meacan leoin

go maith le hé a leigheas. Is amhlaidh a bhaintear an bun a bhíos

faoi agus bruitear é go maith agus cuirtear ar an duine é.

Cuirtear fillteán air freisin. Nuair a imíonn sé uaidh féin bíonn

an leontán cneasaithe. Tá go le or plandaí a úsáidtear ar an oileán

seo.

Tugtar neantóg agus copóg rua do na muca trí na fatai. Tugtar

slaiseannai agus moing mheara do na beitlúgh le n-ithe.

D'itheadh na daoine duileasc agus sleabhcáin go minic fadá.

Blúodh na seandaoine ag úsáid go le or plandaí le dathú mar ní

blúodh mórán dathacha san oiteán an t-am sin.

Bhíodh craobh acu agus bhíodh sméataí air agus bhíodb go leor

sú dearg ann agus dhathaiodh siad go leor snáth bán ansin.

Chuireadh meacan caorach duine chun báis dá n-íosfadh sé é.

Cailltear caoirigh go le or leis.

(7, 22-4)

llú Bealtaine 1938

An Cuigeann

rá méadar againn. sa mbaile. Is é an t-ainm a thugtar air ná

cuinneog. Tá sé timpeall trí troithe ar airde. Tugtar loine ar an

maide ar an rud a blúos ag bualadh an bhainne síos ann agus

cruinneog leis an mbainne a choinneáil thíos ann. Deintear im

faoi dhó sa tseachtain sa ngeimhreadh agus sa samhradh freisin.

Nuair a thagas duine ar bith isteach nua ir a bheas siad á

dhéanamh.

"Bail ó Dhia oraibh" a déarfas sé agus déanfaidh sé buille dhe.

Is é an rud a dhéantar leis an im ná é a chur ar an arán agus leis

an mbláthach é a chur i gcáca.

Maighréad Ní Fhathartaigh

(7, 24)

124
20ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Fadó bhí fear ina chónaí in lnis Meáin agus d' éirigh sé ag a dó

dhéag agus chuaigh sé síos go dtí an cladach agus thug sé leis

an mada. Síos i dTrácht Each a chuaigh sé ar dtús agus síos as

sin in sna cladachaí eile.

Thosaigh an mada ag béiceach. Ach ar deireadh bhí an fear ag

gabháil abhaile agus bhí an mada ag béiceach fós. Ansin a thuig

an fear go raibh fáth éigin aige a bheith mar sin. Bhí sé ag gabháil

abhaile suas an bóthar agus bhí an mada ina dhiaidh agus é ag

béiceach. Ar deireadh thosaigh sé ag rith agus thosaigh an mada

ag rith ina dhiaidh agus é ag béiceach.

Ansin nuair a tháinig sé go dtí a theach féin rith sé isteach an

doras agus chomh luath agus a bhí sé istigh ar an urlár bhí an

mada ina dhiaidh. Ansin dhún sé amach an doras ansin agus dúirt

an guth amuigh:

"Bhí an t-ádh ort a bheith istigh".

Chuaigh sé a chodladh ansin agus nuair a d' éirigh sé ar maidin

bhí an mada básaithe ar an urlár agus é lán le fuil agus ón lá sin

go dtí lá a bháis níor éirigh sé ag a dó dhéag.

Anna Ní Fhathartigh [Anna Sheáin Cheaitín]

Ceathrú an Teampail

(7, 25-6)

Fuair mé na scéalta ó rn' athair

Seán ó Fáthartaigh.

An seoladh céanna.

20ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Oíche amháin bhí duine ag gabháil ag bleán na M, agus ní raibh

aon bhó ann roimhe. Chuartaigh sé timpeall air. Chonaic sé

siógaagus iad ag iompar na bó ar a gcuid guaille.

Lean an fear iad ag ceapadh go leagfadh siad í. Sa deireadh,

d'airigh na sióga an torann 'na ndiaidh. Dhearcadar siar,

chonaiceadar an fear. Rugadar air. Cheangail siar le rópaí é.

Bhuaileadar le clocha draíochta é. Gearradh a chosa agus a lámha

le slata. Bhí sé go han-dona. Thógadar leo é go taobh an bhóthair.

125
Bhí fear eile ag gabháil thart an t-am céanna. Caitheadh cloch

leis agus buaileadh in sa gceann é. Bhí sé go dona go deireadh

a shaoil.

Pádraig O Conghaile

(7, 27)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé an-fhada ina shuí 'chuile oíche

ag obair. Aon oíche amháin tháinig fear isteach chuige agus slat

aige.

131ú an fear a bM sa teach ag déanamh bróg. D'fhiafraigh an

fear a tháinig isteach cén fáth nach ndeachajgh sé a chodladh.

Níor labhair an fear ' chor ar bith agus blú dath chomh gea I leis

an sneachta ait. Thit an bhróg as a lámh agus th6g an fear eile

í. Ghread sé amach léi. Léim an fear a bhí istigh go dti an doras

agus dhún sé é. Rith sé a chodladh agus iaitios air.

Bhí sé go dona ar maidin ach faitíos a bhí air. On lá sin amach

bhíodh sé imithe a chodladh ó ghabhfadh an ghrian faoi.

Tomás O Flaitheartaigh

Ceathrú an Teampaill

(7, 28)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear i gConamara agus mharaigh sé a athair. Ansin bhí na

gardaí ar a thóir agus tháinig an fear isteach anseo. Is é an teach

a bhí sé ina chónaÍ ann ná seanteach atá ar Bhaile na Creige. Bhí

fear 'na chónaÍ sa teach sin. Is é an t-ainm a bhí ar an bhfear ná

Seáinín. Omala na garda! go raibh sé ina chóna{ sa teach sin agus

thájnig siad an oíche seo isteach. Bhí Seáinín agus an fear elle

ina gcodladh nuair a tháinig na GardaÍ istead\ sa teach. D' éirigh

Seáinín agus an fear agus dúirt si ad leis na Gardaí fanacht go

gcuirídís a mbróga orthu. Bhí éadach an fhir a mharaígh a athair

ar Sheáinín agus éadach Sheáinín ait féin ansin. Rith an bheirt

acu amach sa doras agus as go brách. Rith duine acu soir agus

duine eile siar, agus rn raibh a fhios ag na Gardaí cé acu a

126
mbéarfadh siad air ina dhiaidh sin. Cuireadh ar bord loinge é go

Ciarraí agus d' éalaigh sé thar n-ais arís agus thug sé a bhean agus

a chlann go Ciarraí arís agus mhair se féin, a bhean agus a chlann

scaitheamh fada ina dhiaidh sin.

MidI Ó Fathartaigh

(7, 29-30)

6ú Deireadh Fómhair

Scéal

Bhí Nóra Mháire Bhán lá amuigh ar na Cimíní. Chonaic sí bád

mór ag gabháil anoir ó Cheann na bhFaochan. Bhí trí seolta ar

an mbád agus bhí an-siúl fúithi. Chuaigh sí amach ar an duirling

agus shuigh sí síos agus bhí an bád i ngar di.

Níorbh fhada go dtáinig capall rua anoir chuid ón mbád. Bhísí

ag seitreach. Tháinig sí go dtí í agus thug an capall a haghaidh

ar an mbád agus amach léi sa mbád. Nuair a chuaigh an capan

sa mbád ní fhaca sí cap all ná bád 'na dhiaidh sin. Ansin chuaigh

sí abhaile agus faitíos mór uirthi.

An lá ina dhiaidh sin bhí capall Sheáin Rua básaithe. D'inis an

bhean a bhfaca sí féin dó. Ba é an dath céanna a bhí ar an gcapall

a bhí ar chapall Sheáin Rua.

Micil Ó Conghaile [Micilin Sheáinín]

(7, 31)

6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Fadó bhí fear ina chónaí i measc na gcnoc agus na ngleann in

áit uaigneach. Aon oíche amháin thainig rud chuig an doras agus

d'iarr sé air é a ligint isteach mar bhí sé an-naofa ar fado Oíche

amháin eile tháinig sé arís agus é ag seinm ceoil agus lig an fear

isteach é.

Ansin thit sé i bpeaca agus bhí sé ag gabháil in olcas gach lá

ach lá amháin tháinig aingeal chuige agus coinneal ina láimh aige

agus í lasta agus dúirt sé leis:

"Déan aithrí go beo sula mbeidh an choinneal caite." Bhí sí

127
caite ar fad an t-am sin ach aon orlach amháin.

Dúirt sé leis an aingeal:

"do réir mar chaith mé an choinneal caithfidh mé an t-orlach",

agus deir siad nach bhfuil sé ceart sin a rá. Ach ar deireadh fuair

sé bás leis an tart.

Anna Ní Fhathartaigh

Ceathrú an Teampaill

(7, 32)

10ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Fadó ó shin bhi iear i gConamara agus mhairbh sé a athair agus

ansin bhi na Gardaí ar a thoir. Tháinig sé istea¿h in san oileán

seo agus Chaith sé tamaIl ann. Ar deireadh dlUaIa na Gardaí go

raibh sé ann agus tháinigeadar isteach.

Ní raibh siad i bhfad ann nuair a fuaireadar amach cén teach

a raibh sé ann. Ansin aon mhaidin am.háin Chuaigh siad go dtí

an teach sin. Ansin bhí sé féin agus fear an tí ag éiI'Í. Dúirt na

Gardaí deabhadh a dhéanamh agus a chur air. Chuir sé air éadach

fhear an ti agus chuir fear an ti air éadach an fhir elle. Bhí na

Gardaí amuigh ar an tsráid agus chuaigh fear an tí agus an fear

eile amach ar an tsráid agus rith siad leo siar an bóthar. Ansin

rith na Gardaí ina ndiaidh ach mar sin féin ní tháinig siad suas

leis an mbeirt fhear.

Anna Ní Fhathartaigh

(7, 33)

Fuair mé na scéalta go léir ó m'athair Seán Ó Fathartaigh (P).

An seoladh céanna.

10ú Deireadh Fómhair

Scéal

Bhí fear ann fadó agus phós sé bean as Baile na Creige in Árainn.

An teach ina raibh an bhean ar dtús bhí saga rt 'na ch6naí ann

ar laethanta saoire. Bhuail tinneas an bhean agus oíche amháin

128
dá raibh an fear ag teacht Ó chuairt bhí bean ag siúl raimhe

aguscóta ar a bráid. Cheap sé gurbh í sin an bhean a bhí ina cónaí

le hais a dharais. Thasaigh sé ag rith ga dtiacfadh sé suas léi.

Gach am a thasaigh sé ag rith bhí an bhean ag rith roimhe.

Tháinig sé ina bháistigh agus bhí róidín ar thaabh an bhóthair.

Chuaigh an bhean sías sa róidín agus chuaigh sí le hais an chlaí

ar aghaidh na báistí agus d'fhan sí ann.

Tháinig an fear abhaile agus thasaigh sé ag inseacht an scéil

dan sagart. Dúirt sé gurbh í a bhean féin a bhí ann agus ga raibh

sí ag imeachat in sna sióga.

"Leigheasfaidh mise í ná bíadh faitías art. Ach dá mbeifeá gan

an scéal sin a inseacht damsa bann a cas ní leagfadh sí ar an

talamh ga dea." Leigheas an sagart í agus tá an céile bea fós.

Fuair mé an scéal sea ó m'athair.

Peadar Ó Flaitheartaigh

Ceathrú an Leisín

Máire Ní Fhlaitheartaigh

(7, 34-5)

Peadar Mháirtín Ó Flaitheartaigh

129
19ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear Oíche Bhealtaine thoir i gCreig Anraí taobh thoir de

Leachta Charn an Mothair. Thoir ag na caoirigh a bhí sé agus bhí

dhá mhada in éineacht leis.

Chuaigh an dá mhada ag cuartú coiníní. Dhúisigh ceann acu

coinín agus chuir sé sa Leachta é. Chuaigh an fear siar chuig an

Leaca agus thosaigh sé ag cartadh. Dhúisigh an mada eile coinín

freisin, agus d'fhan an fear roimh an gcoinín ach chuaigh an

coinín amach idir a dhá chois agus chuaigh sé isteach sa Leachta.

Bhí an fear ag cartadh ar a dhícheall agus faoi cheann tamaill

thosaigh ceann de na madraí ag béiceach agus chuaigh an fear

go dtí an mada. Bhí sé i bhfastó sa leic agus ní raibh amach ach

barr a dhriobaill. Rug an fear ar a dhrioball agus tharraing sé air.

Thug sé amach an mada, agus bhreathnaigh sé in san áit a raibh

sé. Chonaic sé solas in sa leic.

Chuaigh an fear síos an cragán agus nuair a bhí sé ag gabháil

amach an bearna tosaíodh ag caitheamh cloch leis agus rith sé

abhaile.

Seán Mac Donnchadha

(7, 36-7)

28ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí beirt ann fadó agus bhí siad ag ó1. Bhí duine acu ann go dtí

an dó dhéag san oíche agus chuaigh an duine eile abhaile. Tamall

beag 'na dhiaidh sin chuaigh an fear eile abhaile agus ar a

bhealach abhaile casadh an fear elle air a bhí ag ó1. Chuaigh siad

isteach i dteach an óil arís. Bhí siad ann go dtí an trí a chlog san

oíche. Chuaigh an bheirt acu abhaile ansin.

Chuaigh duine acu go dtí a theach féin. Chuaigh an duine elle

abhaile ansin agus ar a bhealach abhaile bhí aill mhór roimhe agus

ní raibh sé in ann an aill a ardú. Is é an bealach a chuaigh sé siar

an Muirbheach a bhí tamall beag ón teach. Chonaic sé daoine ag

bualadh liathróide. Ní raibh sé ina lá.

Choinnigh an fear air agus bhí siad ag bualadh i mbuaile a bhí

ar thaobh an bhóthair. Tháinig siad go dtí an fear aguschonaic

130
sé duine ann a bhí básaithe le mí nó mar sin. Ach bhí sé ag gabháil

ag bualadh an fhir ach níor thug cuid eile acu cead dó. Ach dúirt

sé sin nár rinne sé aon cheo riamh air.

Micil O Conghaile

(7, 37-8)

31ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí triúr fe ar ann fadá. An lá seo an obair a bhí acu ag dúnadh

buailteacha ar choiníní le gabháil síos san oíche mar bhíodh

caoirigh an-daor an t-am sin. Mar is é an t-am a bhíonn na coiníní

amuigh ná san oíche.

Chuaigh an triúr acu síos in san oíche agus nuair a bhí siad ag

gabháil síos chonaic duine acu rud bán ag gabháil aníos agus bhí

doch á mbrualadh ar an gclaí ar thaobh eile díobh agus chas siad

abhaile arís agus an-fhaitíos orthu agus maraíodh an triúr acu.

Micil Ó Conghaile

(7, 38-9)

Bhí seanfhear agus seanbhean in san oileán seo fadá. Oíche

amháin chuaigh an bheirt ag bailiú feamainne. Chuir siad

antsrathair ar an gcapall agus chuaigh siad chuig an gCaladh Már.

Ní rachadh an seanfhear soir leis an bhfeamainn gan an

tseanbhean a bhejth in éineacht leis. Rachadh an tseanbhean soir

í féin ach ní fhanfadh an seanfhear sa gcladach bhí sé chomh

faiteach sin. Mar sin chuaigh an bheirt acu soir.

Nuair a bhí siad soir ar Ráidín an Bhalla Mhóir, leag an capall

an fheamainn. Baineadh geit aisti. Chonaic siad fir in san róidín

agus rith siad leo abhaile.

Nuair a bhí siad ag gabháil suas chuig Creig na gCapall

caitheadh cloch mhór agus buaileadh an seanfhear in sa

131
gcloigeann. Chonaic siad fear ag caitheadh cloch. Ghearr an

tseanbhean rópa an chapaill agus rith ar cosa in airde i ndiaidh

an fhir neamhshaolta. Chuaigh an bheirt abhaile ansin.

Pádraig Ó Conghaile

Ceathrú an Leisín

Fuair mé na scéalta ó m'athair Pádraig Ó Conghaile.

(7, 39-40)

An seoladh céanna.

14ú Mí na Samhna 1938

Scéal

Bhí seanfhear Oíche Shamhna amuigh ag crann na n-Úllaí. Seán

Teaim ab ainm dó agus bhí sé ina shuí ag an Aill agus dT airigh

sé ceol taobh istigh san Aill. Bhreathnaigh sé isteach. Chonaic

sé solas taobh istigh. Bhuail eagla é.

Rith sé síos an bhuaile. Chonaic sé coinín agus maide ina bhéal

aige. Rith an coinín leis. Chuaigh Sean-Teaim siar an bhearna.

Chonaic sé firín beag agus éadach gorm air. Rith sé abhaile agus

chuaigh sé a chodladh. Nuair a bhí sé ag gabháil suas go seomra

na leapa cuireadh an fhuinneog isteach sa seomra aige.

Seán Mac Donnchadha

(7, 41)

21ú Mí na Samhna 1938

Scéal

Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí siad an-saibhir ar fado

Chuaigh an bhean aon lá amháin go dtí áit a raibh siopa mór.

Chuaigh sí isteach sa siopa agus cheannaigh sí cóta agus péire

bróg di féin agus cheannaigh sí caipín dá fear. D'imigh sí abhaile

ansin.

Bhí a fear istigh roimpi nuair a tháinig sí. D'fhiafraigh an fear

di ar thug sí an caipín chuige. Dúirt an bhean gur thug. Thug

sí dhó é ansin agus chuir sé air é. Dúirt an fear leis an mbean

go raibh sé go deas. Chuaigh siad amach ag siúl dóibh féin.

Ní raibh siad i bhfad amuigh go dtáinig siad isteach arís. Nuair

132
a chonaie siad an doras ar oscailt tháinig faitíos ar an mbeirt acu.

Dúirt an bhean leis an bhfear gabháil isteach. Chuaigh siad isteach

sa teach ansin.

Nuair a chonaie siad doras an tseomra ar oscailt chuaigh siad

siar ann. Chonaie siad na sióga in sa leaba. Níor rinne na sióga

ach an fear agus a bhean a mharú.

Fuair mé na scéalta seo ó mo mháthair.

Máire Ní Chonghaile

Ceathrú an Leisín

Máire Ní Chonghaile

(7, 42-3)

20ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí fear ann tamall ó shin agus tá sé beo fós. Chuaigh sé siar

Trácht Each ag cuartach raie. Bhí sé ag gabháil síos an charcair

agus chonaie sé fear agus éadach geal air ag gabháil siar faoin

aill agus maide farraige aige. Bhí eagla mhór air agus suas leis

an charcair agus é ag rith. Nuair a bhí sé thuas chonaie sé fear.

Seán Mac Donnchadha

Móinín Rua

(7, 44)

2ú Mí na Nollag

Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé ag cuartach raie síos Ceann

Gainimh. Nuair a bhí sé ag gabháil síos ag an loch chonaie sé

fear ag gabháil anuas an Muirbheach agus mada in éineacht leis.

Bhí eagla mhór air. Rith sé síos trasna an locha agus is beag nár

bádh é.

Chuaigh sé siar an trá agus é ag rith. Bhreathnaigh sé ina

dhiaidh agus chonaie sé an mada ag snámh tríd an loch. Rith sé

síos go dtí an fharraige agus chonaie sé buidéal ar an trá. Thóg

sé é agus rith sé síos. Nuair a bhí sé ag gabháil síos tamall an

trá chonaie sé mada ag rith chuige. D'aithin sé an mada.

133
Ba é a mhada féin é a bádh cúpla lá roimhe sin. Lean an mada

é tamall beag agus d'imigh sé ansin uaidh. Chuaigh an fear siar

go dtí an Caladh M6r. Fuaír sé barraille ansin agus chuaigh sé

suas sa ngarraí ag glaoch ar a dheartháir leis an mbairille a chur

suas mar bhí ola mhór ann agus bhí sé trom. Tháinig a dheartháir

anuas agus chuireadar an bairille suas as an taoille. D'inis an fear

an scéaJ dá dheartháir agus blú an-iontas air. Chuadar abhaile

agus d'insíodar an scéal ag baile freisin agus bhí an-iontas orthu

ar fado Ohíoladar an bairille le fear in Arainn agus fuaireadar cúig

phunt air.

Seán Mac Donnchadha

Máinín Rua

1nis Meáin

(7, 45, 49)

19ú Mí na Nollag

Scéal

Bhí fear ann fadá is fadá é. Lá amháin d' éirigh sé go han-mhoch.

Bhí an mhaidin go han-bhreá. Tháinig beirt fhear ag glaoch air

go rachadh siad ag tarraingt na spiléad amach an taobh ó dheas.

Chuaigh siad síos agus cé a chasfaí orthu ach be an rua ag teacht

amach ón tobar.

"Ní bheidh an t-ádh orainn inniu", a deir fear acu.

"Nu a fhios agat", a deir duine eile.

"Tá a fhios, muise", a deir sé, "mar an lá a raibh Nearaí ag

gabháil ar an aonach casadh bean rua air agus níor dhíol sé an

bhó ná níor tháinig aon cheannaí chuige is b' éigean dá í a

thabhairt abhaile arís".

Chuireadar amach an curach agus nuair a bhí siad chomh fada

leo chaith an fear deiridh an maide uaidh is thosaigh sé ag

tarraingt. Ní raibh aon iasc iontu ach cúpla fiagach, cúpIa roco

Bhíodar ann agus tháinig ceo. Bhuail an fear deiridh a mhaide

faoi storrán agus bhris sé é.

"Tá muid go dona anois", a deír sé. Thug an fear tosaigh a

mhaide féin dá is bhíodar ag imeacht leo. Sa deireadh ag gabháil

amach a bhíodar is tháinig an oíche. Cheapadh an triúr acu nuair

a labhradh an chailleach dhubh sa aill gurbh é a deireadh sí ná

134
é seo:

"Don't go further". Deireadh siad le chéile é sin, gurbh é sin

a bhíodh sí a rá go cinnte.

Ar deireadh ghlan an ceo is tháinig siad i dtír sa gCrombhall.

In am dinnéir lá arna márach chuaigh siad siar is chuir siad amach

an curach as, is thug siad anuas go Trácht Each í. Ní raibh mórán

bróid orthu an lá sin.

Máire Ní Fhlaitheartaigh

Ceathrú an Leisín

(7, 46-7)

Fuair mé na scéalta seo Ó m'athair is é sin Peadar Ó Flaitheartaigh.

19ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó is fadó a bhí. Chonaic sí bean ag imeacht ar

bharr na farraige is a cuid gruaige scaoilte. (an chuid eile den scéal

[ar iarraidh]).

(7, 48)

20ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí curach as an oileán seo lá ag iascach timpeall amisir an

Chogaidh Mhóir. Agus bhíodar amuigh ag Ceann na bhFaochan

agus nuair a bhí siad ag iascach chuaigh siad tamall amach ar an

doimhneacht. Agus nuair a bhí siad ag iascach sheas fear acu suas

sa gcurach féachaint amach ar an bhfarraige agus dúirt sé go

bhfaca sé rud mór bán amuigh sa bhfarraige. Dúirt sé leo a bheith

ag iomramh amach agus shuigh sé féin síos ar an seas agus bhí

sé ag iomramh amach freisin.

Bhí siad ag gabháil amach go maith agus d' éirigh an fear céanna

ina sheasamh arís agus chonaic sé an rud céanna, ach bhí sé i

bhfad amach. Má bhí féin choinníodar orthu ag iomramh agus

ba ghearr go raibh siad glanta amach thar an oileán. Ach bhí sé

i bhfad amach chomh maith céanna. Chasadar isteach abhaile arís

135
agus thóg sé tamall maith orthu teacht isteach.

Agus an lá sin bhí bád as Árainn ag iascach ag Cuanta na Mara

Báine agus nuair a bhí sí ag gabháil anoir as thóg sí an rud seo

thoir ag Inis Oírr. Céard a bheadh ann ach bád beag a chaill Liner.

Thógadar go hArainn í agus fuaireadar cúig phunt uirthi.

Seán Mac Donnchadha

Móinín Rua

(7, 50-51)

22ú Mí na Nollag 1938

Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag imeacht ó áit go háit. B'as

an olleán seo é.

D'imigh sé i dtosach agus chuaigh sé go Meiriceá agus as sin

go hAfraicea agus chonaic sé na daoine dubha. Chonaic sé na

"savages " agus na daoine fiáine elle.

Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe agus chaith sé tamall ag

obair ann. Dúirt sé lá amháin go bhfaca sé fear ag baint crainn

agus gur imigh nathair nimhe i ngar dó agus chaith sí smugairle

leis. Sa lámh a chaith sí air é agus ar an bpointe boise bhain sé

an lámh de féin anuas ón rosta agus fuair sé bás chomh maith

céanna.

D'imigh sé leis ansin agus chuaigh sé go dtí an Astráil agus

chaith sé tamall ansin. Tháinig sé i dtír anseo agus bhí a shláinte

roinnt caillte aige. Chuaigh sé amach sa dúirling agus chónaigh

sé [ann] .

Seán Mac Donnchadha

Ceathrú an Leisín

Fuaireas na scéalta seo Ó m'athair Seán Mac Donncha.

(7, 52-3)

136

Bosca 2C

Cóipleabhar 8

Inis Meáin

Oileáin Árann

Colm Ó Fathartaigh [Colm Teaim Mhóir]

Rang vii

226 Samhain 1937

Tráchtas

Tá a lán comharthaí ag na daoine le faisnéis na haimsire a

thabhairt. Faigheann siad na comharthaí sin go léir ón ngealach,

ón ngrian, ó na réalta, ón bhfarraige, ón ngaoth, ón spéir, ó na

hainmhithe agus ó na feithidí.

Nuair a bhíonn an ghealach go socair deas in sa spéir gan cor

aisti bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn an ghealach go socair

deas in sa spéir ag gabháil ó dheas le bheith ag breathnú uirthi,

bíonn gaoth aduaidh agus aimsir gharbh air. Nuair a bhíonn sí

dearg ag gabháil faoi nó ag éirí dhi bíonn aimsir bhreá air.

Nuair a bhíonn an ghrian ante i ndiaidh báistí bíonn báisteach

air. Nuair a bhíonn sí go breá geal in sa spéir in san earrach bíonn

aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn sí dorcha in sa spéir i lár an Iae

bíonn aimsir gharbh air.

Nuair a bhíonn na réalta ag preabadh in sa spéir bíonn sioc air.

Nuair a bhíonn siad roinnt dorcha bíonn aimsir bhreá air. Nuair

a bhíonn siad go léir amuigh agus nach féidir an spéir a fheiceáil

leo bíonn aimsir gharbh air agus deirtear leis nuair a chaitear

réaltóg go dtéann anam as purgadóir go dtí na flaithis.

Nuair a bhíonn an fharraige ciúin bíonn aimsir bhreá air. Nuair

a bhíonn an-torann aici ar Chora na Roilleach bíonn aimsir gharbh

air. Ach nuair a bhíonn torann aici ar Chaladh Pheadair bíonn

aimsir bhreá air.

Nuair a bhíonn an ghaoth ó thuaidh ní bhíonn air ach cruas

agus aimsir fhuar. Nuair a bhíonn sí thiar bíonn aimsir bhreá air.

Nuair a bhíonn sí ó dheas bíonn aimsir bhog air agus báisteach.

Nuair a bhíonn sí thoir bíonn fuacht air agus triomacht. Nuair

a bhíonn an spéir geal gorm bíonn aimsir bhreá air. Nuair a

bhíonn sí ag imeacht go héasca in san oíche bíonn aimsir gharbh

air. Nuair a bhíonn sé trom dorcha bíonn báisteach air.

Nuair a bhíonn na madraí ag ithe féir bíonn báisteach air. Nuair

a bhíonn asaI nó capall 'na seasarnh i lár buaile agus a gcloigeann

ó dheas acu beidh an t-earrach a thiocfaidh 'na dhiaidh go breá.

137
Nuair a bhíonn na seilmidí, na míoltóga agus na siogáin amuigh

bíonn báisteach air.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) [Micil Teaím Mhóir]

(8, 1-3)

29ú Samhain 1937

Tráchtas

Mo Cheantar Féin

Tá mé i mo chónaí ar Bhaile an Bhóthair (recte Mhothair) an baile

is faide soir in san oileán. Tá trí cinn fhichead de thithe ann agus

sin é a raibh ann acu riamh mar nuair a leagadh teach deineadh

teach nua ina áit. Tá dhá theach slinne ann agus teach is fiche

de thithe a bhfuil tuí orthu.

Is é an sloinne Fathartaigh an sloinne is coitianta ann. Is é an

fáth go bhfuair an baile an t-ainm sin mar bhí bóthar ag rith tríd

sul má bhí aon bhóthar ag rith in aon áit eile den oileán.

Tá aon duine dhéag de sheandaoine ann atá ag fáilt an

tseanphinsin. Tá cuid acu in ann scéalta a inseacht i nGaeilge ach

níl aon duine acu in ann scéalta a inseacht i mBéarla. Tá Beairtle

Ó Conghaile, Máire Ní Fhlaitheartaígh, Seán Ó Coincheanainn,

Máire Ní Choincheanainn, Bríd Ní Dhíreáin, Júda Ní

Mhaoilchiaráin, Bríd Mhaoil Ciaráin, Pádraig Ó Fathartaigh,

Peadar Ó Fathartaigh, Máire Ní Chualáin agus Ruairí Ó

Fathartaigh ag fáil an tseanphinsin. Is as Baile an Bhóthair iad

go léir agus dá bhrí sin is é Baile an Bhóthair, Inis Meáin, Oileáin

Arann, Co. na Gaillimhe an seoladh atá ar gach duine acu.

Tá dhá sheanfhothrach ar an mbaile: seanteach Shiúnac agus

seanteach Sheáin Dearg. Théadh a lán daoine go Meiriceá as fadó

ach ní théann duine ar bíth ann anois mar níl a chead acu.

Níl mórán amhrán ins an oileán go bhfuil trácht ar lnis Meáin

iontu. Ach tá amhrán amháin a rinneadh i dtaobh an oiIeáin ins

an mbliain míle naoi gcéad tríocha ag moladh an oileáin. Tá

amhrán beag ann agus deirtear gurb é Colm de Bhailis a rínne

é ag cáineadh an oiIeáin. Seo é é:

lnís Meáin,

Inís gan arán,

Inís gann gortach.

An lá a théanns tú ann,

138
Beir leat do chuid aráin

Nó beidh tú an lá sin 'do throscadh.

Tá an talamh atá ins an oileán bocht carraigeach ach i gcorráit

faoi na hailltreacha. An méid de atá ann tá sé go maith chun barraí

a thabhairt. Tá cuid mhaith de faoi charraigeacha nach bhfuil tada

ag fás orthu ach iad lomnocht.

Níl aon abhainn in san oileán ach tá dhá loch mhóra ann, Loch

Chró na gCadhan agus Loch Cheann Gainimh. Bíonn siad lán

le huisce ar feadh na bliana go léir nach mór ach scaitheamh beag

in sa samhradh. Is é an fáth gur tugadh Loch Chró na gCadhan

ar cheann acu mar bhí cró le muintir Mháirtín Uí Chadhain lena

thaobh. Is é an fáth gur tugadh Loch Cheann Gainimh ar an

gceann eile mar tá sé suite díreach ar bhruach Cheann Gainimh.

Níl m6rán crann ag fás ann ach suas le scór in aice an tséipéil.

Tá dhá chrann úll ann: ceann ag Tomás Sheáin Teamaí agus ag

Páidín Sheáin Teaim.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 3-6)

llú Mí na Nollag

Tráchtas

Na Fataí

Cuireann muid fataí ar an bhfeilm gach bliain le n-ithe agus le

tabhairt do mhuca agus do bheithígh. Ullmhaíonn siad an talamh

i gcomhair fataí gach bliain. Nuair a thagann an fheamainn i

ndiaidh na Nollag leasaíonn siad an talamh léi amach as béal a

chéile n6 go mbíonn an bhuaile leasaithe ar fado

Ansin nuair a bhíonn an leasú leáite in san earrach tarraingítear

iomracha in sa ngarraí agus leasaítear iad arís. Ansin cuirtear an

garraí agus nuair a bhíonn sé réidh tosaítear ina thosach ag cur

síolta ann.

Scartar iad ar fad ar dtús tuairim is troigh 6na chéile. Déantar

na hiomairí le spáid agus c1údaítear iad go léir le fód leis an spáid.

Nuair a bhíonn na daoine ag baint na bhfataí in sa

bhfómharcoinníonn siad na leathfhataí a fhásann, le haghaidh

na síolta mar is iad is fearr le curo Bíonn súile maithe orthu agus

is fearr a bhíonn bláth orthu. Nuair a chuirtear síos an síol in sa

139
poll clúdaítear go maith é le créafóg ar fhaitíos go dtiocfadh

luchóg agus go dtabharfadh sí léi é nó ar fhaitíos sioc ná sneachta.

Bíonn fataí curtha ag gach duine in san oileán mar tá talamh

ag gach duine le hiad a chur ann. Ní bhíonn na daoine ag cabhrú

le chéile mar ní bhíonn aon ghá leis. An duine nach bhfuil mórán

cúnaimh aige ní bhíonn an oiread fataí curtha aige leis na daoine

go bhfuil cúnamh acu mar ní theastaíonn siad uaidh. Sin é an

fáth nach bhfuil na daoine ag cabhrú le chéile ag baint na bhfataí.

Nuair a chuirtear na sío1ta in sa ta1amh cuirtear 1easú orthu,

ansin cuirtear iad agus nuair a bhíonn na barranna ag fás tríd an

ta1amh 1ánaítear iad agus ansin nuair a bíonn na barranna fásta

glantar iad: is é sin gach rud a bhíonn ag fás leo a ghlanadh astu.

Ansin spraeáiltear iad agus coinníonn sé sin an dúchan ó na

barranna.

Nuair a thosaíonn na daoine ag baint na bhfataí is iad na

garranta a bhíonn curtha ar an Muirbheach acu a bhaineann siad

ar dtús . Nuair a bhíonn 1án poill bainte an sin, suas le scór ualaí

acu, cuireann siad iad i bpoll. Is amhlaidh a chartann siad poll

ar dtús a bhíonn tuairim is trí troithe ar leithead agus is é sin an

fad a bhíonn ann do réir an méid fataí a bheas le cur ann acu.

Cuireann siad maoil ar an bpoll an sin agus cuireann siad a 1án

raithní os cionn na bhfataí ar fhaitíos go dtiocfadh aon bháisteach

go dtí iad. Ansin cuireann siad gaineamh os cionn na raithní agus

fágann siad iad mar sin go dtí tús Feabhara.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 6-9)

13ú Nollaig 1937

Tráchtas

Ainmhithe na Feilme

Is iad na hainmhithe atá againn ar an bhfeilm ag baile ná: An

capall, an t-asal, an bhó, an bullán, an 1ao, na gabhair, na caoirigh,

na cearca, na lachain, an cat, an mada agus na muca.

Níl aon ainm againn ar an gcapall, ná ar an asal, ná ar na gabhair

ach ar an seanghabhar agus ghabhar na n-adharc gcam. Tá

corrainm againn ar na caoirigh: caora an Mhuirbhigh, caora na

coise briste, an chaora chrosach agus an chaora mhór chrosach,

an t-uascán, caora an uain dhuibh, an chaora dhubh, an chaora

140
liath, an t-uascán mór, an t-uan atá gan bearradh, na moilt agus

an reithe.

Nuair a bhíonn muid ag tiomáint na mbó deireann muid

"siúirdín" leis an mbullán agus leis an lao. Deireann muid "hí

ha" leis an gcapall; "go on, Jack" leis an asal; "seabh" leis na

gabhair agus na caoirigh; "scut" leis an gcat; "scout" leis an mada

agus, "froisin" leis na muca.

Nuair a bhíonn muid ag glaoch orthu, deireann muid "truaín"

leis an gcapall, "Bess, Bess" leis an as al, "Beitín" leis an mbó

agus leis an mbullán, "suicín" leis an lao, "meig" leis na gabhair,

"teaimhín" leis na caoirigh, "tioc" leis na cearca, "Fítín" leis na

lachain agus "bhachín" leis na muca.

Ní bhíonn aon cheann de na hainmhithe istigh againn ach an

cat, na cearca, na lachain, na caoirigh tar éis beirthe dhóibhagus

an t-asal oíche gharbh. Cuireann muid féar agus tuí agus

raithneach mar easair fúthu nuair a bhíonn siad istigh. Cuireann

muid buairín ar na caoirigh, ar na gabhair, agus croimeasc ar na

hasail mar bíonn siad bradach. Ní bhíonn cúram ar bith aon

bhuairín a chur ar na hainmhithe eile mar ní bhíonn siad bradach.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 9-10)

14ú Nollaig 1937

Tráchtas

Toibreacha Beannaithe

Tá trí thobar bheannaithe in san oileán seo. Seo iad iad: Tobar

Ísleamáin atá suite thíos i ngar don Mhuirbheach i gOaí Gainimh.

Tá Tobar Chinn Dheirge suite ó dheas den bhóthar nuair a bheifeá

ag gabháil go dtí an tslip . Tá Tobar Cheanannach suite i mbuaile

ó dheas den reilig.

Tá Tobar Ísleamáin ainmnithe mar gheall ar Naomh Isleamán.

Deirtear go raibh tart ar an naomh fadó agus go ndeachaigh sé

ag ól deoch uisce as an tobar agus nuair a chuaigh sé á ól b' éigean

dó a ghabháil ar a dhá ghlúin agus chuir sé a dhá lámh amach

uaidh. Nuair a bhí an deoch ólta aige d' éirigh sé aníos slán ach

d' fhan lorg a dhá ghlúin agus a dhá lámh ann agus tá siad le

feiceáil ann go dtí an lá inniu. Ní thugann aon duine aon turas

air aon uair anois ná fadó ach an oiread.

141
Tá Tobar Chinn Dheirge suite ó dheas den séipéal. Tá tobar ann

agus tá cróín beag len a ais atá chomh fada le fear agus chomh

leathan le fear freisin. Bhí crois dheas ann agus níor chorraigh

ná níor bhac aon duine léi go dtí lá arnhain tháinig Preispitéireach

agus thug sé leis í abhaile ón oileán. Ní raibh a fhios ag na daoine

an dtabharfadh sé leis í, ach dá mbeadh a fhios acu chuireadh

siad i bhfolach air í agus ní fhéafadh sé í a thabhairt leis.

Bhíodh na daoine ag tabhairt turas ar Thobar Chinn Dheirge

fadó go dtí uair arnháin nuair a bhí daoine ag teacht go dtí an

tobar scoilt cois duine acu agus 6 shin amach ní thugann duine

ar bith aon turas air. Bhíodh a gcuid bróg agus stocaíbainte díobh

acu agus chaitheadh siad a ghabháil timpeall an oileáin mar sin

le cladach nó go dtiocfadh siad go dtí an áit ar thosaigh siad.

Bhíodh na toibreacha ann i gcónaí ach is é an fáth go bhfuil

siad beannaithe mar tháinig naomh go dtí gach ceann acu agus

bheannaigh sé iad. Is é Naomh Ceanannach atá luaite le Tobar

Cheanannach, Naomh Ísleamán atá luaite le Tobar Isleamán agus

Naomh Cinn Dheirge atá luaite le Tobar Chinn Dheirge. Níor

leighseadh aon duine riamh ag aon tobar díobh seo. Fágann na

daoine pínneacha ag na toirbreacha seo uaireanta. Níl crann ar

bith ag fás lena dtaobh ach féar agus biorlaí.

Uair amháin sa samhradh nuair a bhí an t-uisce go han-ghann

thug bean uisce as Tobar Chinn Dheirge le haghaidh na fataí a

bhruith dhi agus ní bhruíthfeadh na fataí dhi dá bhfágadh sí thíos

iad ar an tine go dtí inniu.

Micil Ó Fathartaigh

(8, 11-13)

11ú Nollaig 1937

Tráchtas

Cluichí

Bíonn muid ag imirt cluichí ar feadh scaithimh den bhliain. Bíonn

muid ag imirt Screaga, ag bualadh Cead, ag bualadh liathr6ide,

ag caitheamh cloch neairt, ag tóraíocht coiníní, agus ag

marúéanlaithe. Bíonn muid ag imirt Screaga in sa bhfómhar.

Bíonn cúig cinn de chlocha beaga cruinne ag gach duine agus

nuair a thosóidh tú ar dtús beidh tú .ag imirt nó go gcaillfidh tú.

Is é an uair a chaillfidh tú nuair a thitfeas ceann de na cúig screaga

142
as do lámha.

Bíonn muid ag bualadh Cead timpeall Lá 'le Pádraig. Déanann

siad an Cead as píosa adhmaid agus buailtear é ansin le maide

elle. Bíonn píosa de chIo ch leagtha ar an talamh agus an Cead

leagtha suas leis.

Bíonn muid ag bualadh liahróide, is é sin ag bualadh ar dhaor.

Beidh dhá dhream ann agus iad ag bualadh nuair nach mbeidh

an duine istigh buailfidh duine elle é leis an liathróid agus beidh

sé dóite. Beidh daoine cruinnithe, suas le cúigear nó níos mó nó

níos lú.

Bíonn muid ag tóraíocht coiníní le cúpla mada nó trí agus nuair

a éireos an coinín beidh na madraí agus na daoine ina dhiaidh.

Nuair a bhíonn sio c ann ní bhíonn na héanlaithe in ann aon cheo

a ithe as an talamh agus bíonn oeras orthu. Is ann a chuirtear

ciseog a bhíonn déanta as slata le breith orthu.

Cuirtear maide beag a bhíonn tuairim leatroigh ar fhad faoi

chorr na ciseoige agus greamaítear róipín beag as sin agus caitear

píosaí cáca istigh faoi. Nuair a théann an t-éan isteach tarraingítear

an chiseog air agus ní féidir leis corraí go dtí go mbeirtear air.

Bíonn muid ag baint crúibíní, airní, agus sméara dubha in sa

bhfómhar. Ní bhíonn muid ag imirt aon chluiche in sa teach ach

ag déanamh Púicín agus ag imirt cártaí.

Nuair a bhíonn muid ag déanamh Púicín is amhlaidh a

chromann duine agus púicín air agus caitheann an chuid elle

caipín amach idir a dhá chois agus nuair a bheadh siad go léir

caite thiocfadh an púicíneach dá dtóraíocht agus an té gur leis

an caipín a gheobhadh sé ar dtús is é a bheidh 'na phúicíneach.

Bíonn muid ag leá luaidhe gach oíche Shamhna agus bíonn anspóirt

againn. Cuirtear síos an luaidhe ar dtus á leá i mbosca nach

mbeidh tada eile ann. Nuair a bheidh sé leáite ansin gheobhtar

eochair ansin agus doirtear an luaidhe anuas tríd an bpoll. Má

thagann tairní amach agat deirtear

gur le haghaidh do chónra a

bheidh siad.

Micll Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 13-15)

143
llú Aibreán 1938

Tráchtas

Rudaí Neamhshaolta

Níl mórán scéalta ag muintir an oileáin ar mhórán rudaí móra a

thit amach.

Lá amháin in san eanach nuair a bhí na daoine ag leasú na

bhfataí chuaigh fear ag bailiú feamainne agus d' éirigh sé ag a trí

a chlog ar maidin. Nuair a chuaigh sé síos bhí an oíche dubh agus

n! raibh mórán eolais aige in san áit mar ní raibh an fear

eile riamh in san áit sin agus bhí faitíos air.

Bhí an mada aige agus nuair a chuaigh sé síos faoi ulán i

gCarcair Pheadairín Bhriain chonaic sé rud mór dubh, amach

uaidh agus rud geal os a chionn. Thosaigh an mada ag tafaint

agus nuair a thosaigh, thosaigh capall ag seitreach, thosaigh bem

ag gáirí agus thosaigh marcach ag tiomáint. Chuaigh sé sail go

dtí an áit ar airigh sé an t-uafás. Nuair a chuaigh, chuaigh cap all

amachuaidh an ulán agus bean agus fear ag marcaíocht ait. Bhí

an bhean agus an fear agus capall básaithe in san oileán nuair

a tháinig an lá.

Bhí Seáinín Pháidín Sheáin lá ag gabháil ag bailiú feamainne

ar maidin go moch agus nuair a bhí sé ag gabháil amach thar na

leacracha móra d'airigh sé é féin á tharraingt i dtreo na Slipe.

Nuair a luigh sé síos cé luíodh sé ach in sa bhfarraige bhí sé

tarraingthe chomh fada sin as an áit a raibh sé ag gabháil.

Chonaic Dara Mór lá maighdean mhara básaithe i bhfeamainn.

Lá eile in san oileán chonaic fear reilig i mbuaile agus daoine ag

cartadh na huaighe. Níorbh fhíor é go raibh reilig in sa mbuaile

ach b'fhíor go bhfaca an fear é agus an lá ina dhiaidh sin bhí an

fear féin básaithe.

Lá amháin bhi rástaí in san oileán agus bhí go leor daoine ag

breathnú orthu. Blú fear amháin thíos i bPort na Cora agus

chonaic sé a dheartháir ann. Bhí a dheartháir ag na rástaí agus

is é a bhuaigh ag caitheamh léim ardo Nuair a tháinig an fear

abhaile a bhuaigh an rása bhí sé go dona go ceann trí mhí agus

gheobhadh sé bás murach an sagart a bhíodh ag rá Aifrinn dó.

Bhí Peadar Mór lá ag baint fhataí amuigh in sa mBuaile

Pháirteach agus caitheadh sleá leis. Bhuail sí air ach ní rinne sé

aon do ch ar dó. Bhuail faitíos é agus chuaigh sé abhaile agus

murach chomh héasca is tháinig sé bheadh duine básaithe leis

in sa teach mar bhí bladhs ar an tine agus cuid de chótaí na ngasúr

á ndó ag an tine.

144

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 16-18)
Baile an Mhothair

Inis Meáin

Oileáin Árann

11-4-'38

AChara,

Ba mhaith liom dá dtiocfá go dtí an teach ar an séú lá fichead den

mhí le haghaidh tae.

Beidh go leor rudaí deasa ceannaithe agam duit, cácaí milse,

misleáin, tae, úllaí, oráiste, feoil agus a lán rudaí eile.

Ná tar go dtí an trí sa tráthnóna agus beidh an-fháilte romhat

ar theacht duit. Mar sin tar agus beidh an-spóirt againn.

Beairtle Ó Cualáin.

Mise do chara dhil,

Micil Ó Fathartaigh

(8, 18)

11ú Aibreán 1938

Tráchtas

Scéal

Lá amháin chuaigh triúr iascairí óga amach ag iascach i gcurach

le spiléad. Ní raibh siad i bhfad amach nuair a tháinig cuma mhór

dhubh ar an spéir. D'éirigh néal in sa spéir agus tháinig caiple

bána ar an bhfarraige i dtreo go raibh cáitheadh na farraige ag

gabháil isteach in sa gcurach.

Thosaigh sé ag báistigh agus nuair a stop sí tháinig stoirm anmhór

agus murach an balasta a bhí inti acu d'iontófaí í leis an

ngála. Thosaigh siad ag iomramh ga dtí an t-oileán agus d'éirigh

leo an baile a fháil arís. Bhí an-áthas orthu nuair a tháinig abhaile

agus gheall siad nach dtiocfadh siad amach arís go brách an fhad

is bheadh siad beo.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 19)

145
llú Aibreán 1938

Tráchtas

Laethanta Áirithe

Tá laethanta áirithe ins gach bliain agus ins gach seachtain nach

maith leis na daoine tosú ag déanamh rudaí faoi leith. Ní maith

leo an capall a shrathrú ná aon asaI ar lá chrosta na bliana. Ní

maith leo aon ghruaig a bhaint amach ná tú féin a bhearradh Dé

Luain.

Níl sé ceart dar le daoine gruaig' a bhaint amach ná caoirigh a

bhearradh in sa gOncís mura mbeadh ceann amháin bearrtha agat

ar dtús. Deir siad dá mbainff gruaig de dhuine ná de chapall in

sa gCincís go mbeadh an duine agus an capall básaithe roimh an

gCincís arís.

Níl sé ce art a ghabháil i dtrá ag baint feamainne ná coirlí Luan

Cásca ná aon síol a shá. Bhí daoine fadó ann Luan Cásca agus

bhain siad feamainn agus sháigh siad síolta ach má sháigh níor

fhás aon chuid acu orthu.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(81 19-20)

llú Aibreán 1938

Tráchtas

Éadaí

Níl ach aon táilliúir amháin in san oileán anois agus ní raibh ann

le fada an lá ach aon táilliúir riamh. Nuair a gheobhadh an

seantáilliúir bás is é a mhac a gheobhadh an cheird I na dhiaidh

nó a iníon nó duine éigin dá chuid gaolta. Bhíodh an seantáilliúir

ag gabháil ó theach go teach ag déanamh éadaí.

Ní bhíonn an táilliúir atá anois ann ag imeacht ar chor ar bith

mar is táilliúir óg atá ann fós. Ní bhíonn éadach ar bith aige in

sa teach le díol. Ní bhíonn duine ar bith ag-ceannacht éadaí mar

bíonn bréidín ag gach duine dhó féin. Caitheann gach duine in

san oileán seo éadach na háite agus is é an gnáthéadach a bhíonn

ann ná bréidín.

Bhí táilliúir ann fadó thuas tigh Colmane agus tháinig sagart

isteach ann a bhí bacach. Dúirt an táilliúir leis é féin a thabhairt

amach trí Loch Cheann Gainimh. Chuir sin fearg mhór ar an

sagart agus chuaigh sé síos go dtí an loch é féin ar asaI. Fuair sé

146
sluasaid agus chuaigh sé amach i lár an locha. Nuair a bhí sé

amuigh ní raibh an loch domhain ar chor ar bith mar is loch antanaí

é cé go bhfuil sé leathan agus fada. Níl sé ach trí troighe

ar domhain in san áit is doimhne é. Chart an sagart polI mór

leathan i lár an locha. Tuairim seacht dtroighe ar doimhneacht

agus chaith sé an láib ar bhruach an ruda i dtreo nuair a shiúlfadh

sé ar bhruach an phoill go gceapfadh an tailliúir go raibh sé antanaí

agus dá dtitfeadh sé féin nach mbeadh aon bhaol air go

mbáfaí é féin.

Chuaigh an sagart suas ar an asaI abhaile chuig Colmane agus

d'iompair an t-asal síos an bheirt go dtí an loch. Chuaigh an

táilliúir ar dhroim an tsagairt agus d'iompair an sagart é go dtí

an polI. Chaith sé síos sa bpoll é agus bádh ann é. Deir daoine

óshoin nach ndearna aon táilliúir aon mhagadh faoi aon sagart.

Is iad na gléasanna a bhíonn ag an táilliúir, inneall, siosúr,

miosúr, snáth, ceirtlín, téip, cailc, snáth, spól, méaracán agus

rudaí beaga eile a fheileann dó.

Déanann na mná na léinteacha agus na gúnaí. Is as éadach olla

glas a dhéanann siad na léinteacha do na fir. Is as máilín bán a

dhéanann siad na léinteacha do na mná agus do na gasúir. Is as

snáth a chniotáiltear na stocaí a bhíonn ar gach duine. Is amhlaidh

a bhíonn siad bán ina mbéal thuas agus bán ina mbarr agus sna

sála. Faigheann siad an snáth as olann a bhíonn acu féin agus

déanann siad na stocaí as sin. Tá tuirne ag gach duine in san áit

mórán ach b' fhéidir duine nó ag beirt.

Ní chaitheann siad éadach áirithe ar aon ócáid ach b'fhéidir

nuair a bhíonn siad ag gabháil go dtí bainis agus go dtí an

tAifreann Dé Domhnaigh. Bíonn éadach dearg ar na mná agus

cótaí dearga ag sochraid. Bíonn salann ina sto caí acu leis agus

ag na fir freisin ach deirtear nach bhfuil ann ach pirseog.

Micil Ó Flathartaigh (Pádraig)

Ceathrú an Leisín

(8, 20-23)

Fuaireas gach ceann acu seo ó: Beairtle Ó Conghaile.

An seoladh céanna.

147
20ú Meán Fómhair

Seéal

Bhí fear ann fadó agus is fadó a bhí. Bhí triúr mae aige. Lá amháin

ehuir siad amaeh na líonta, agus go deor daoine eile. Bhí an lá

go han-bhreá, ach nuair a tháinig an oíehe d' éirigh an fharraige

agus tháinig gála agus ar maidin ní raibh aon ehuraeh in ann

gabháil amaeh ag tógáil na líonta. Do réir mar bhí na báid ag

gabháil amaeh bhí siad á mbá.

Nuair a bhí an triúr mae seo ag imeaeht ag tógáil na líonta bhí

an t-athair ar an leaba agus é tinn. Dúirt sé leis an mae ba shine

píee a fháil agus splane a ehur ar an spíee a bhí ar a bharr agus

nuair a bheadh an tonn mhór ag teaeh an píee a ehaitheamh ann

agus go mbeadh leo. Aeh níor thug sé leis é. Dúirt sé leis an dara

mae é aeh níor thug. Dúirt sé leis an tríú mae é agus thug.

Máirtín Mae Conraoi an t-ainm a bhí ar a n-athair agus ní raibh

sé in ann gabháil in éineaeht leo. Chuaigh an mae ab óige leis

an bpíce agus an splane, agus nuair a tháinig siad go dtí an

cladaeh, ehonaic siad na báid ag gabháil amaeh agus iad dá mbá

agus ehuaigh amaeh agus ehonaic siad an tonn bháite ag teaeht

agus dúirt an mae ba shine go mbeadh siad báite . Aeh nuair a

tháinig sé, ehaith an mae ab óige an píee ann agus lagaigh an

fharraige ehomh ciúin leis an tobar. Tharraing siad na líonta agus

tháinig siad i dtír. Deirtear gur bádh os cionn dhá seór duine an

lá sin as an oileán seo.

In sa tráthnóna tháinig buaehaill óg agus é ag mareaíoeht ar

ehapall dubh agus dúirt sé go raibh bean in áit éigin agus an píee

a ehaith sé in sa bhfarraige an lá sin, gur trí chos mná a ehuir

sé é. Chuaigh sé leis agus bhí siad ag imeaeht ehoíche nó go deo

nó go dtáinig siad go dtí seomra mór agus bhí bean ann in sa

leaba agus an píce ina bolg agus í go dona. Tharraing an buaehaill

an píee as agus phós an bheirt aeu a ehéile agus mhaireadar go

sona séanmhar, agus deirtear nuair a eailleadh anbheirt go raibh

euid de na daoine á bhfeiceáil in san oileán go fóill.

Micil O Fathartaigh (Pádraig)

(8, 24-5)

148
3ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Bhí fear ann fadó agus bhí triúr mae aige. Nuair a bhí an mae

ba shine fásta dúirt sé go raehadh sé ag saothrú a bheatha. Bhí

siad an-bhoeht agus ní raibh aon rud aeu le n-ithe . D'imigh an

mae ba shine agus bhí sé ag imeaeht leis nó go dtáinig sé go dtí

teaeh. Bhuail sé ar an doras agus d' oseail duine dhó é, agus dúirt

an buaehaill leis go raibh sé ag iarraidh oibre. Chuaigh an

buaehaill leis. Chuir sé ag baint fhéir é. Nuair a tháinig sé sa

tráthnóna , bhí an fear istigh agus nuair a tháinig sé isteaeh bhain

sé an cloigeann de.

Lá elle dúirt an dara mae go raibh sé in am aige féin gabháil

ag saothrú a bheatha. D'imigh leis nó gur easadh teach leis agus

is é an teaeh eéanna a ehuaigh an duine eile ann agus mharbh sé é.

I geeann seaithimh eile dúirt an mae ba hóige go raehadh sé

ag saothrú a bheatha. D'imigh sé agus bhí sé ag siúl nó gur easadh

seanfhear leis agus bhí inneall aige agus thug sé dhó é. Chuaigh

sé abhaile agus é aige. Nuair a tháining sé isteaeh sa teaeh

d'fhiafraigh an bhean de an bhfuair sé aon rud agus dúirt sé go

bhfuair. Dúirt sé leis an inneall:

"In ainm Dé agus Mhuire, meil plúr." Thosaigh an t-inneall

go ndúirt an fear leis stopadh. Rud ar bith naeh mbeadh aeu

mheileadh an t-inneall dóibh é.

Lá amháin thámig an fear saibhir agus d'iarr sé an t-inneall agus

thug sé dhó é. Agus lá amháin ehuaigh siad go dtí tír éigin eile

i mbád agus dúirt sé leis an inneall a bheith ag meilt salainn.

Thosaigh an t-inneall ag meilt agus nuair a bhí euid mhaith meilte

aige ní raibh a fhios aeu eéard a d' iarrfadh siad mar bhí an bád

á líonadh, agus ar deireadh ehuaigh sé go tóin agus bádh ia d,

agus deirtear gurbh é sin an fáth go bhfuil an fharraige goirt.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 26-7)

10ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Bhí fear ann fadó agus lá amháin ehuaigh sé amaeh ag baint fhataí.

Lá Bealtaine a bhí ann agus bhí sé thíos sular éirigh an ghrian.

Faoi eheann seaithimh ehaith sé de a veist agus ar an nóiméad

149
agus a bhain sé de í tháiníg na sióga agus thosaigh siad ag góílt

aír nó go mba bheag nach raibh sé marbh.

Ach deírtear murach bean a bhí caillte san oileán go maródb

siad a.r fad é. Thug siad aníos é scaítheamb ón tea ch ga dtf a.n

teach agus d'fhágadar ansin é nó go blúuaír a mhamaí ann é.

Agus deirtear ón am sin nach ceart a ghabháil amach ar an gcéad

duine Lá Bealtaine.

Micíl Ó Fathartaígh (Pádraig)

(8, 28)

10ú Oeíreadh Fómhaír 1938

scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chónaí ar Bhaíle an Mhothaír

agus oíche amháín ar a trí a chlog chuaigh sé soír go dtí antslip

ag ba.iliú feamainne. Nuaír a bhí sé ag gabháil soír ag na Leacracha

Móra chonaíc sé lámha á tharraingt amach ar na creaga taobh

amuigh den bhóthar, amach ag an gCromleic agus isteach arís

síos an tslip go dtáinig sé go farraige agus d'imíodar ansin agus

marraíodh ar deíreadh é.

Fuaíreas an scéal seo Ó m' athaír:

Sé amas Ó Fathartaigh

An seoladh céanna liomsa.

Micíl Va Fathartaigh (Jim)

Ceathrú an Leisín

(8, 29)

6ú Oeíreadh Fómhaír 1938

scéal

Bhíbean ann fad6. Ní raibh sa teach ach í féin agus a maco D'imigh

an bhean ar cuaírt aon oíche amháin. D' fuág sí an mac istigh sa

teach. Ní raibh sí i bhfad imithe ga dtáiníg trí sióga isteach sa

teach agus thugada.:r leo é.

Nuaír a tháiníg a mháthaír agus nuaír nach bhfaca sí an mac

istigh bhí sí go brónach ina dhiaidh. Aon oíche amháin buaileadh

ar an doras aid. O'oscaíl sí é. Bhí fear ag teacht ar cuaírt chuid.

150
D'fhiafraigh sí den fhear an bhfaca sé a maco Dúirt sé léi go raibh

sé ag na sióga agus dúirt an fear léi a ghabháil go dtí na sióga.

Chuaigh sí chuig na sióga an lá ina dhiaidh sin.

D'fhiafraigh an bhean ansin díobh an raibh a mac acu.

"Tá sé againn le cupla lá anuas", ar siad. Ghlaaigh sí air.

Tháinig sé ga dtí í. Thug sí abhaile léi é. Bhí sé chamh tinn sin

agus nach raibh sé in ann labhairt léi. Cailleadh é i gceann cupla

lá ina dhiaidh sin. Bhí a mháthair ga han-bhrónach ina dhiaidh

ansin.

Máire Ní Chonghaile

(8, 30-31)

19ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhíbean ann fadó agus bhíodh sí an-ghortach. Lá amháin tháinig

ceannaí isteach aici, agus d'fhiafraigh sé dhi an raibh aon

seanphíosaí éadaí aici agus dúirt sí go raibh go le or agus spáin

dó iad. Dúirt an ceannaí go raibh siad go maith. D'fhiafraigh sé

dhi cé mhéad a bheadh sí a iarraidh orthu. Deich scillinge. Níor

mhaith leis an méid sin a thabhairt orthu. Ar deireadh thug sé

deich scillinge dhi.

'Té as thú?" arsa an bhean.

"Is as an mbaile seo mé. Cad chuige nach n-aithníann tú roé?

Is mise an fear a bhí agat nuair a thug na sióga leo mé."

D'fhiafraigh sé dhi cá raibh an mac agus dúirt sí go raibh sé imithe

le fada. Dúirt an fear léi go bhfaca sé féin é in sna sióga. Dúirt

an fear ansin nach bhféadfadh sé fanach ruos faide agus ar an

n6iméad bhí sé imithe.

An lá ina dhiaidh sin chuaigh an bhean síos go Ceann Gainimh

ag bleán na bóo Bhí an oíche ag titim agus chonaic sí long mhór

ag teacht isteach agus nuair a bhí sí scaitheamh isteach chuir sí

dhá bhád bheaga isteach uaithi agus iad lán le daoine agus

spáideanna acu agus thosaigh siad ag cartadh nó go raibh cuan

roór déanta acu.

Is é an mac a bhí i gceannas na sióg ann. Deirtear ón méid sin

ga bhfuil an caladh ann fós agus tugtar Caladh Pheadair marainm

air ó shin.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 31-2)

151
31ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Bhí fear ann fadó in san oileán seo agus Lá Fhéil Sain Seáin a

bhí ann. Peait Sheáin Teaim an t-ainm a bhí ar an bhfear. Ar

maidin an Iae sin ehuaigh sé amaeh ar na Creaga ag breathnú

an raibh an féar ag fás go maith.

Nuair a bhí sé ag gabháil suas ag an Dún ehonaie sé mar bheadh

siota gaoithe ag séideadh in sna Creaga timpeall air. Bhreathnaigh

sé agus ehonaic mar bheadh féar bailithe le ehéile ag séideadh

go tramo Nuair a bhí sé i ngar don ehlaí stop sé agus eéard a

ehonaic sé aeh a athair ina sheasamh an taabh eile den ehlaí. Ní

raibh a athair aeh seaehtain eaillte.

Dúirt Pe ait Sheáin Teaim leis eéard a bhí sé a dhéanamh agus

dúirt sé go raibh sé in sna sióga agus dúirt sé dá ndéarfadh sé

Aifreann amhain dó ga raehadh sé in sna flaithis.

Mieil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 32-3)

31ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Bhí fear ann fadó agus amuigh ar na Creaga a bhí sé ina ehónaÍ.

Bhí an áit an-uaigneaeh agus ní raibh [Na an chuid eile den scéal

ann. ]

(8, 33)

31ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus aan oíche amháin

ehuaigh sé síos ag an trá mar eheap sé ga mbeadh píosa adhmaid

aige ag teaeht aníos dó, nó rud éigin eile. Bhí páiste aige agus

nuair a ehuaigh sé síos, thug sé a mhae in éineaeht leis. Chuaigh

siad sías go dtí an Caladh Mór agus síos ga Ceann Gainimh agus

soir go dtí an tSlip.

Nuair a bhíodar ag gabháil soir ehaill an mae a bhróg. Dúirt

sé leis an athair fanaeht leis go mbeadh a bhróg air.

152
"Déanfaidh sin", a deir an t-athair.

"Tá rné ag fanaeht leat anois" , agus bhí sé ag irneaeht soir. Bhí

sé ag eeapadh go rnbeadh an rnae ina dhiaidh i geónaí aeh ní raibh.

Nuair a bhí an fear thoir ag an tSlip is ea a ehonaie sé naeh raibh

a rnhae in éineaeht leis. Chas sé amos arís go rnbeadh a fhios aige

cá raibh an rnae aeh ní bhfuair sé é. Chuaigh sé abhaile agus é

brónaeh go leor. Bhí sé ag eeapadh gurb iad na sióga a ghoid é.

Soreha Ní Chonghaile

(8, 34)

31ú Deireadh Fórnhair

Seéal

Bhí beirt deartháir ann fadó agus bhí duine acu boeht agus bhí

an duine eile saibhir. Aeh aon lá arnhain ehuirnhnigh sé ar phlean.

An lá a tháinig ina dhiaidh mharaigh sé an bhó a bhí aige agus

dhíol sé a euid feola agus fuair sé go le or sabhran uirthi.

Ansin bhí aonaeh ann an lá ina dhiaidh agus thug sé leis an

eraiceann agus chuir euid de na sabhrain istigh ann.

Tháinigeeannaitheoir go dtí é agus d'fhiafraigh sé dhe eé rnhéad

a bheadh sé a iarraidh ar an geraiceann. Dúirt an fear leis gurbh

fhiú go leor é agus nuair a ehraithfeadh sé é go dtitfeadh sabhran

as. Tháinig go le or eeannaitheoirí ansin agus ehonaie siad an rud

iontach a thit amaeh agus ansin thosaigh siad á cheannaeh. Fuair

sé go leor airgid air agus ansin nuair a thosaigh siad á ehraitheadh

níor thit aon sabhran as.

Nuair a ehuaigh an fear boeht abhaile d'inis sé don fhear saibhir

eén áit a bhfuair sé an t-airgead agus rinne sé féin an rud eéanna.

Nuair a ehuaigh sé ar an aonaeh is amhlaidh a bhí na

eeannaitheoirí ag rith ina dhiaidh agus ag eaitheadh cloeh leis mar

bhí siad ag eeapadh gurb é an fear eéanna é.

Nuair a ehuaigh sé abhaile bhí sé ar buile leis an bhfear boeht

agus chuir sé é síos i mála agus bhí ag gabháil go dtí an abhainn

lena ehur ann. Ar an mbealaeh go dtí an abhainn bhí sé tuirseaeh

agus chuaigh sé ehuig an tobar le deoeh a fháil. Nuair a bhí sé

imithe tháinig fear go dtí an fear a bhí sa mála agus dúirt sé leis

é féin a ligint isteaeh. Chuaigh an fear amaeh as an mála agus

ehuaigh an fear eile isteaeh ann. Nuair a tháinig an fear ehraith

sé an mála ar a dhroim agus ehuaigh sé go dtí an abhainn. Nuair

153
a chuaigh sé abhaile bhí an fear bocht ag baile roimhe agus ní

raibh a fhios aige cá as a dtáinig sé.

Anna Ní Fhathartaigh

(8, 35-6)

14ú Mí na Samhna 1938

Scéal

Bhí bean agus fear ann fadó. Aon oíche amháin chuaigh an bhean

go dtí áit a raibh mac tÍre agus ainmhithe aUta ann. Chonaic an

bhean an mac tíre ag teacht go dtí í. Labhair sí leis ar dtús. Ansin

dúirt an mac tÍre léi go maródh sé í. Tháinig faitíos ar an mbean

ansin. Chuaigh sí go dtí áit ina raibh an teach aici. Níor rinne

an mac tÍre ach í a leanacht go dtí go raibh sé ag a teach aici. Nuair

a chonaic an bhean an mac tÍre ag teacht isteach sa teach tháinig

faitíos uirthi agus ar an bhfear freisin. Níor rinne an mac tíre ach

iad a mharú ansin.

Fuair mé an scéal seo ó m'athair.

Ceathrú an Leisín

Máire Ní Chonghaile

(8, 37)

14ú Samhain 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus amuigh ar na Creaga a bhí sé ina chónaí.

Bhí an áit an-uaigneach agus ní raibh aon duine i ngar dó. Oíche

amháin bhí sé ag brionglóidigh go raibh bean óg ar an mbaile agus

go bpósfadh sí é.

Nuair a d'éirigh sé ar maidin d'imigh sé leis go dtí an baile.

Bhí sé ag imeacht ar fud an bhaile agus ar deireadh chonaic sé

bean óg ag gabháil go dtí an tobar. D'fhiafraigh sé di an bpósfadh

sí é agus dúirt sí go bpósfadh. D'imigh leo nó go dtáinig siad go

dtí an teach. Chuaigh siad isteach agus d' ól siad tae agus bhí

féasta mór acu le chéile. Nuair a bhí an méid sin déanta acu

chuaigh an fear ag glaoch ar dhaoine chun na bainise.

Tháinig go le or daoine. Tháinig athair agus máthair an chailín.

154
Pósadh iad le chéile agus bhí saal breá acu le chéile.Bhíbuachaill

óg acu agus lá amháin chuaigh sé féin agus an bhean ga dtí

abhainn agus céard a tháinig amach as an abhainn ach maighdean

mhara agus thug sí léi iad.

Tháinig an aíche agus bM an fear istigh agus ní raibh an bhean

ná an páiste. An aíche sin bhí sé ag briangláidgh ga raibh siad

ag maighdean mhara.

Lá arna mhárach chuaigh sé ga dtí an abhainn agus tháinig an

mhaighdean anías chuige. Dúirt sé ga dtabharfadh sé chuici rudaí

luachmhara dá bhfaigheadh iad. D'imigh leis agus thug sé dhi

iad. Tháinig an bhean agus an páiste anías píasa beag. Dúirt an

fear leis an maighdean ga dtabharfadh sé éadach nías breátha

chuici dá spáinfeadh sí cuid eile dhá agus dúirt sí ga spáinfeadh.

D'imigh leis agus thug sé chuici é. D'éirigh an bhean anías as

an uisce nías faide. Dúirt sé ga dtabharfadh sé éadach nías deise

dhi dá spáinfeadh sí iad. D'imigh leis agus thug sé chuici é. Nuair

a tháinig sé d' éirigh an bhean agus an páis te anías ar fad agus

léim siad ar thalamh agus shiúil lea abhaile agus chaith siad saal

breá le chéile.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 38-40)

19ú December 1938

Scéal

Bhí fear ann fadá agus bhí píasa már talaimh aige agus ba éard

a bhí ann fear feasa. Bhí camharsa leis an bhfear seo a raibh píasa

talaimh aige agus bhí an bheirt acu an-mhár le chéile. Dúirt an

fear feasa lena chara lá gabháil ga dtí a leithéid seo d'fhear a bhí

ina chaibléara brág, agus a fháil scríafa uaidh as a chuid fala a

chuid talúna a fhágáil aige, agus gan aan ruaig a chur air.

Chuaigh sé ga dtí an caibléara mar a dúirt sé leis agus bhí sé

ina shuí sa daras ag caibléireacht a leath istigh agus a leath

amuigh. D' fhiafraigh sé dhe an ndíreadh sé sál a bhróige ga raibh

sí cam. Dúirt sé ga ndéanfadh, ach dúirt sé cén táille. Thug an

feilméara leathcharóin as an abair.

Nuair a fuair an caibléara an leathcharóin is éard a rinne sé a

ghabháil amach ag ó1. Is gearr a shiúil an feilméara arís ga dtáinig

sé ar ais. Dúirt sé ga raibh tairne ag gabháil trína chais in sa

155
mbuatais agus go mba cheart d6 é a bharradh. Thug sé giní dhá

as sin a dhéanamh. Ghlac an caibléara buíochas ansin agus dúirt

sé ga ndéanfadh sé gach rud a d'iarrfadh sé air.

Tá ga maith a dúirt an feiIméara. ní iarrfaidh mé aon rud art

ach má fhágann tú do chuid talaimh agam.

"Dheamhan baol art", a deir an eaibléara. D'iarr an ieiIméara

air a seríobh as a ehuid fala naeh geuirfeadh sé as a ehuid talúna

é agus rinne an eaibléara sin le toiI. Ba éard a bhí sa geaiIbléara

sin CromaiI.

Blianta ina dhiaidh sin nuair

a bhí Cromail ag seoladh na

ndaoine as Éirinn agus á marú tháinig sé go dt{ an feilméara seo.

Agus dúirt sé ga seasfadh sé ar a fhocal a tlUlg sé cheana dh6

- go saighneálfadh sé nach gcuirfeadh sé aon iomp6 air.

D'fhiafraigh Cremail den seanfhear cén fhad a mhairfeadh a dhlí

in Éirinn. Dúirt an seanfhear ga mairfeadh sé ga dtagadh an lá

inné ar ais.

Bhí CromaiI an-sásta leis ansin nuair a ehuala sé ga raibh an

dlí ehomh láidir sin.

"Cén fhad a mhairfeas mé féin?", a deir sé. Mairfidh tú bea

a fhad is thogr6s tú féin é. Tá sé ráite gur goideadh CromaiI as

an áit ar cuireadh é tar éis a bháis agus gUl'bh é an áit a cuireadh

a thlomna j bhfarraige in aice le Holyhead agus ga bhfuiI

dl'ochfharl'aige in sa n áit sin thar áit ar bith eiIe.

Micil O Fathartaigh (Pádraig)

(8, 40-42)

20ú Nollaig 1938

Seéal

Bhí fear ann fadá agus bhí sé pó sta agus bhí mae amháin aige.

Ní raibh aon duine in sa teaeh aeh an triúr aeu agus tar éis

seaithimh cailleadh a bhean.

Lá amháin chuaigh an fear amach ag fiach agus d'fhág sé an

páiste agus an mada istigh . D'imigh leis agus ní raibh sé i bhfad

imithe nuair a tháinig sé arís. Rinne é ga réidh agus d'oscail an

doras. QlOnaic sé an páis te jstigh agus rud éigin agus éadach bán

air. Nuair a thájnig an fear isteach d 'éirigh sé de ghe.it.

D 'fhiafraigh an fear de cé a bhí ann agus dú.irt sé gurb i a mháthair

a bhí ann .

156
An lá ina dhiaidh sin d'imigh sé agus nuair a tháinig bhí an

rud céanna ann agus dúirt an páiste go ndúirt sí go raibh sí i

bPurgadóir agus guidhe ar a son.

MidI Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 34)

20ú Nollaig 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne air.

Beirt ghasúr agus beirt chailíní a bhí acu. Bhíodh siad ag troid

gach lá. Bhíodh an ghráin ag duine acu ar an duine eile. Ní raibh

an bheirt chailíní ag troid ar chor ar bith ach na buachaillí.

Ní bhíodh a fhios ag an athair ar chor ar bith an fáth a raibh

siad ag troid. Aon áit a mbeadh siad le chéile bhuaileadh duine

acu an duine eile. Ar deireadh d'inis an t-athair don sagart é agus

Dé Dornhnaigh tar éis Aifrinn choinnigh an sagart istigh an t

athair agus an bheirt mhac.

D'fhiafraigh an sagart dióbh cén fáth a mbíodh agus dúirt duine

acu gurbh amhlaidh a shádh rud éigin biorán ann agus gurbh

[amhlaidh] a bhíodh sé ag ceapadh gurbh é an duine eile a

dheineadh leis é, agus dúirt an duine eile an rud céanna. Dúirt

an sagart leis an athair ansin gurbh é an diabhal a bhí ag iarraidh

iad a thabhairt chuige féin.

Bhí an sagart ag léarnh os a gdonn agus bhaist sé iad. Nuair

a chuaigh siad abhaile ansin d' irnigh siad le chéile in áit éigin agus

ní raibh siad ag bualadh a chéile níos mó.

Nuair a bhí an bheirt bhuachaillí stoptha thosaigh na cailíní

ansin agus bhí siad mar sin go brách beagnach. Cailleadh an

bhean nuair a bhí na buachaillí ag troid le chéile. Agus nuair a

cailleadh chuir sí an méid sin de phionós ar an gclann. Nuair a

d'inis an t-athair don sagart é níor éirigh leis iad a stopadh. Dúirt

an sagart leis go raibh a bhean in ifreann agus go raibh sí ag cur

cathuithe orthu ag iarraidh iad a choinneáil di féin agus go

mbeadh siad in ifreann léi féin.

Agus na daoine a bhí in sa teach sin tá siad ag troid le chéile

ó shin agus an t-ádh orthu.

157

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 44-5)
21ú Nollaig 1938

Scéal

In san earrach bhí go le or curach ag iascaíreacht langaí. Ins an

tráthnóna tháinig ceo, agus tháinig siad isteach. Ní raibh mórán

baoití acu agus chuaigh siad go hInis Oírr. Bhí ceo an-trom ann.

Shroicheadar an t-oileán slán. Nuaír a bhí na baoití faighte ag cuid

acu tháinig siad arís ach d'fhan dhá churach acu thoir.

Tháinig an ceo ruos troime nó gur ar éigean a d'fheicfeá duine

a bheadh an taobh eile dhíot. D' fhágadar an t-oileán agus shíl

siad gur ag teacht godtí an t-oileán a bhí siad. Bhí taoille tuile

ann agus tharraing sé le fána iad. Bhí siad ag imeacht leo ar feadh

na hoíche agus gan fhios acu cá raibh siad ag gabháil.

An lá ina dhiaidh sin bhí sé chomh dona céanna agus bhí siad

ar an bhfarraige. Ní raibh a fhios acu cad a dhéanfadh siad. Bhí

siad ag ite an iasc fhuaír a bhí sa gcurach acu le hocras. Tar éis

dhá lá a chaitheamh amuigh shroich ceann acu có sta Chontae an

Chláír agus chonaic cailín beag iad a bhí ag breathnú ar chaoírigh.

Chuaigh sí go dtí an teach agus thug sí canna tae agus cáca chucu.

Chaith siad seachtain in sa teach agus is iad an triúr iad ná: Peait

Ruaírí Beag, Seán Pháidín Sheáin, agus Máírtín Ruaírí Beag.

Choinnigh an curach uírthi gan fhios aici cá raibh sí ag gabháil

agus tar éis trí lá shroich sí Conamara agus iad beagnach caillte

leis an ocras. Tháinig siad ag an Spidéal agus tar éis scaithimh

d'imigh siad agus chuaigh siad siar ag daoine muinteartha a bhí

acu. Is iad an triúr iad ná: Beaírtle Teaim, Micil Mháírt agus Colm

Saile.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

(8, 46-7)

22ú Nollaig 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó, agus bhí sé an-bhocht agus ní raibh aon rud

le n-ithe aige agus bíodh sé ag imeacht ag bailiú na déírce le rud

a cheannacht dó féin agus dá bhean.

Lá amháin d'imigh sé ach ní bhfuaír sé aon phínn an lá sin.

Tháinig an oíche agus ní raibh aon rud le n-ithe aige féin ná ag

a bhean agus bhí siad go dona leis an ocras. D'imigh leo san oíche

agus bhí an bheírt acu gan a fhios acu cá raibh siad ag gabháil.

Bhí siad ar deíreadh thuas ag an Dún agus bhí fear eile ann -

158
áit a raibh bó leis tinn. Chuaigh siad go dtí fallaí an Dúin agus

d' airigh siad ceoI.

Agus is é an ceol a bhí ann ná: go raibh fear agus bean ag

iarraidh na déirce agus ná raibh aon rud acu a cheannódh a

mbéile. Bhí an fear agus an bhean agus an fear eile taobh amuigh.

Bhí siad ag éisteacht leis an gceol agus leis an rince.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig)

Ceathrú an Leisín

(8, 47-8)

Fuaireas na scéalta seo ó: Beairtle Ó Conghaile.

An seoladh céanna.

Bosca 2C

Cóipleabhar 9

Inis Meáin

Oileáin Árann

Saile Ní Fhlaitheartaigh [Saile Sheáin Bhrian]

Rang vi

Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tá go le or comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt

ar an sórt aimsire a bhíonn le teacht. Baineann siad meabhair (a)

ón ngealach, (b) ón ngrian, (c) ó na réaltóga, (d) ón bhfarraige,

(e) ón ngaoth, (f) ón spéir, agus (g) ó rudaí beo.

(a) Deirtear nuair a bhíos an ghealach leathbháite nó solas thart

timpeall uirthi go mbíonn drochuair air nó an uair a bhíos sí caite

ar chúl a cinn.

(b) Deirtear i dtaobh na gréine nuair a bhíonn sí dearg ag gabháil

faoi dhi san aer thiar agus bun na spéire dearg freisin go mbíonn

aimsir bhreá air, agus nuair nach mbíonn aon néalta sa spéir.

(c) Deirtear nuair a bhíos go le or réaltóg ar an spéir agus iad

ag preabadh agus iad go deas le feiscint gurb in comhartha le uair

bhreá. Deirtear nuair a bhíos siad múchta agus gan mórán acu

sa spéir deirtear an uair sin go mbíonn báisteach air.

(d) Deirtear nuair a bhíos na cladaigh ag béiceach go mbíonn

uair bhreá air.

159
(e) Deirtear gur Íomaí comhartha a bhíos aru1 1e gaoth. Deirtear

lluair a bhíos gaoth aduaidh ann agus fuacht léi gurb in comhartha

le sioe, agus deirtear nuair a bhíos an ghaoth anoi.r ann agus i

fuar agus crua nach mbíonn aon rud ag fás léi. Deirtear freisin

nuair a bhíos an ghaoth aneas ann go mbíonn sí chomh breá sin

go mbíonn fás maith faoi gach rud aid. Deirtear go mbíonn an

ghaoth aneas tais agus go gcuireann sí olann ar chaoi '¡gh agus

deirtear leis an ngaoth arriar go mbíonn comhartha le haimsir

bhreá agus uair ar bith a bhíonn sí ann go mbíonn iasc go le or

i líonta.

(f) Deirtear go mbíonn dath glas ar na spéartha le haimsir

gharbh agus báisteach, nuair a bhíos an spéir gorm glan ga

mbíonn aimsir bhreá air.

(g) Deirtear faoi na héanlaithe, nuair a thagas na géabha fiáine

thar an bhfarraige, gur ó Albain a thagas si ad agus ga mbíonn

sé ag cur sneachta sa rn: sin agus nach fada uainn drochaimsir.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh

(9, 1, 4-5)

Fuair mé na scéalta seo uilig ag rn ' athair

Seán O Flaitheartaigh.

An seoladh céanna.

5ú Nollaig 1938

Scéal

Bhí triúr fear as an oileán seo lá amháin ag gabháil amach chuig

galtán iascaigh ar an taobh amuigh den oileán. Tá an triúr sin

bea fós agus is iad ná: Micil Thomáis, Máirtín Sheáin Pheigín agus

Páidín Bheairtle Teaimín. Ar chuma ar bith nuair a bhí siad

amuigh tháinig ceo ar talamh agus ar farraige.

Ba é seo Luan Cincíse agus nuair a ghlan an ceo arís chonaic

siad an galtán seo roinnt gar dóibh ag tarraingt an tróil agCeann

Léime ó dheas agus d'imíodar iad féin chuici ach nuair a bhíodar

i bhfoisceacht leathmhíle dhi d'imigh sí léi agus tháinig an ceo

arís níos measa fós. Bhí sé ina mheán Iae faoi seo agus shíl siad

nach bhfeicfidís lnis Meáin ga dea arís.

Ach ghlan sé rud beag arís ach má ghlan féin d' ardaigh an

fharraige. Chroch Máirtín Sheáin Pheigín a chaipín ar cheann de

na maidí rámha ag cur i gcéill go raibh siad i mbaol a mbáite. Ní

160
abhadar i bhfad in san áit sin nuair a chonaic siad an galtán ó

thuaidh díobh. Thóg sí iad féin agus an curach isteach ar bord

agus cheangail siad an curach inti.

Thug an caiptín ordú don chácaire bia agus éadach a thabhairt

dáibh. Bhíodar inti ar feadh na hoíche ina gcoldladh, agus ar

maidin tháinig sí anuas leo ga dtí an Caladh Már agus thug sí

ga leor iasc dóibh.

Micil O Fathartaigh Gim)

Baile an Mhothair

(9, 2-3)

29ú Samhain 1937

Mo Cheantar Féin

Tá mé i mo chánaí i bBaile na Seoigheach, Inis Meáin. Tá seacht

dtithe ar an mbaile seo a bhfuil mé i mo chánaí ann. rá tithe slinne

agus tithe tuí ann. Fathartaigh is coitianta atá ann. Is é an fáth

gur baisteadh an t-ainm sin Baile na Seoigheach ar an áit ná gur

Seoighigh a bhí ina gcánaí ann fadá agus gurb é sin an t-ainm

a bhí orthu.

Tá triúr seandaoine ann atá os donn 70 bliain trí fichead agus

tá siad ag fáilt an phinsin. Is féidir leo scéalta a inseacht duit i

mBéarla agus i nGaeilge i dtaobh na seanaimsire. Seo iad na

hainmneacha atá orthu. Máire Ní Fhlaitheartaigh, Máire Ní

Chonghaile agus Beairtle Ó Fathartaigh.

Níl aon seanfhothrach fágtha anois ann ach ceano amháin agus

bhí sé sin 'na theach fadá. Ba ghnách le go leor daoine gabháil

go Meiriceá as Baile na Seoigheach. Is minic a luadh ainm na háite

i seanfhocla agus in amhráin. Seo ceann a rinne Colm de Bhailis

ina thaobh:

Inis Meáin, inis gan arán,

Inis gann gortach.

An lá a théann tú ann,

Beir leat do chuid aráin

Nó beidh tú an lá sin ' do throscadh.

Ní aontaím leis sin mar tá na daoine atá san oileán flaithiúil.

Tá amhrán de as eile faoi a rinne Máistir Lionain a bhí ag múineadh

scoile anseo cupla bliain á shin.

161
Is é an sórt talamh atá ann ná talamh garbh bocht agus is é an

s6rt cloch atá ann ná cloch aoil. Níl aon chuid de faoi choillte ná

níl mórán abhann ná loch ann. Seo cupla ceann acu: Loch Cheann

Gainimh, Loch Chró na gCadhan, Loch an Leisín agus Loch an

Léin. Deir na seandaoine go mb'fhéidir go mbeadh cuid de na

locha sin faoi fhataí fós leis an aimsir nuair a t6gfar an t-uisce astu.

(9, 6-7)

1ú Mí na Nollag 1937

Na Fataí

Cuirtear fat aí ar an bhfeilm sa mbaile gach bliain.

Cuirtearseanleasú ar an talamh sul má chuirtear fataí ann. Is é

an ní leasú ná feamainn thirim a chuirtear ar an talamh seachtain

sul má chuirtear é. Ansin cuirtear na fataí ann. Déantar iomairí

ansin agus cuirtear na fataí iontu. Déantar iomairí ansin le spáid

a cheannaítear i nGaillimh.

Is é an chaoi a gcuirtear fataí ná gearrtar síolta i dtosach as fataí

a mbíonn súil orthu, cuirtear i gcléibh ansin iad ar feadh

seachtaine nó mar sin le seargadh. Is é an s6rt rud é an síol ná

an chuid den fhata a mbíonn súil air. Gearrtar den fhata an tsúil

agus tugtar sceaimhín ar an gcuid den fhata nach mbíonn súil

air. Ansin i gceann seachtaine sáitear iad le maide sáite agus

dúntar an poll 'na ndiaidh.

Cabhraíonn na comharsana le chéile ag cur na bhfataí. Dá

mbeadh duine ann nach mbeadh aige ach é féin cabhraíonn duine

eile de na comharsana leis.

Is é a dhéantar leis na fataí nuair a bhíos siad ag fás ná pioctar

aon luibh eile a bhíos ag fás leo uathu. Nuair a bhíos sé sin déanta

cuirtear leasú eile leo agus ansin lánaíonn na daoine iad. Tamall

'na dhiaidh sin amach sa samhradh cuirtear sprae orthu lena

gcoinneáil ón dubh.

Nuair a bhíos an f6mhar ann baintear na fataí uilig agus cuirtear

i gcr6 an chuid a bhíos le n-ithe agus an chuid a bhíos le síolta

cuirtear i bpoll i ngaineamh iad go dtí go dtagann an t-earrach.

Is iomaí sórt fataí ann. Tá Aran Champions na Cairns, na Banners.

Is iad na Banners agus na Dates na fataí is fearr.

162

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh

(9, 8-9)
13ú Mí na Nollag 1937

Ainmhithe na Feilme

Is iad seo na hainmhithe atá againn ar an bhfeilm ag baile: Bó,

gamhain, lao, capall, asaI, caoirigh, mada, cat, cearca agus muca.

Is iad seo na hainmneacha a thugtar orthu. Tugtar "Beitín" ar

an mbó, "Suicín" ar an lao, "Bróin" ar an gcapall agus ar an

asaI, "Seabhaín" ar na caoirigh. "Topsy" ar an mada, agus

" Póilín" agus " Pus aí" ar na cait, " Tiuc, tiuc" ar na cearca agus

"Tú, tú" ar na muca.

Nuair a bhíos na fir á dtiomáint abraíonn siad leis na capaill

"hó, amach", agus an rud céanna leis an gcuid eile freisin ach

amháin an t-asal deirtear leis sin "hi, ass".

Cuirtear mar easair faoin asaI nuair a bhíos sé sa gcró fé ar, tuí

agus raithneach. Ansin go minic cuirtear cruimeasc air le hé a

choinneáil.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh

Ceathrú an Teampaill

(9, 10)

Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán O Flaitheartaigh (Brian).

An seoladh céanna liomsa.

14ú Mí na Nollag 1937

Toibreacha Beannaithe

Tá trí toibreacha beannaithe san oileán seo. Seo iad iad: Tobar

Ísleamáin atá thíos in aice le Ceann Gainimh; Tobar Chinn

Dheirge atá taobh thuas den séipéal, agus Tobar Cheanannach

atá thoir ag an reilig sa teampall.

Deirtear faoi Thobar Ísleamáin go dtáinig Naomh Ísleamán i dtír

uair amháin ann agus gur ól sé deoch as, agus tá lorg a dhá lámh

agus a dhá ghlúin ann ó shin. Deirtear faoi Thobar Chinn Dheirge

gur thug fear aon uair amháin uisce as le cur sa túlán agus deirtear

nár fhiuch an t-uisce dhó.

Ní thugtar aon turas ar Thobar Isleamáin ach tugtar turas ar

Thobar Chinn Dheirge ar an cúigiú lá déag de Lúnasa. Ní thugtar

aon turas ar Thobar Cheanannach ach oiread.

Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt turas téann siad timpeall

seacht n-uaire agus tugann siad leo seacht gcloch agus le gach

'S é do Bheatha, a Mhuire agus Ár nAthair agus Glóire don Athair

a deireann siad caitheannn siad cloch uathu nó go mbíonn siad

163
áite acu ar fado Ansin deireann siad an méid sin seacht n-uaire.

Ansin téann siad amach go dtí an tobar agus ólann siad braon

den uisce agus fágann siad rud éigin 'na ndiaidh ann, ar nós

pínne, bioráin, píosa dá gcuid éadaigh agus rudaí elle. Fágtar iad

sin go léir ar eidhean atá ag fás le hais an tobair.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh

Ceathrú an Teampaill

(9, 11-12)

Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Flaitheartaigh (Brian).

An seoladh céanna liomsa.

11ú Aibreán 1938

Cluichí

Seo iad na c1uichí a imrím: na Screaga in sa samhradh. Is é an

chaoi a n-imrím iad ná le cúig cinn de chlocha beaga cruinne, agus

coinnún orm ag imirt ó cúig nó go mbeidh cúig agus dhá fhichead

dé anta agam agus má chaillim ar aan chúig acu caithfidh mé iad

a thabhairt go dtí an chéad duine elle.

Bíonn mé ag piocadh sméara dubha in sa bhfómhar agus airní

freisin.

In sa ngeimhreadh imrím Púicín. Is é an chaoi a n-imím é sin

ná beidh púicín ar mo shúll agus beidh mé ag iarraidh breith ar

an gcuid elle a bhías ag imirt liom. Duine ar bith a bhfaighidh

mé greim air caithfidh sé sin an púicín a chur air.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh

(9, 13)

11ú Aibreán 1938

Rudaí Neamhshaolta

Tá go le or scéalta ag na seandaoine i dtaabh rudaí neamhshaolta.

Seo scéaI acu. Deirtear uair amháin sa tseanaimsir go dtáinig long

mhór ga dtí an tSlip an taobh thoir agus go raibh sí mór uaireanta

agus beag uaireanta elle, go raibh sí ag cur báid bheaga uaithi

agus ga raibh na daoine ag teacht i dtír ar an tSlip. Deirtear go

ndeachaigh daoine soir chomh fada leis an teach is faide soir san

164
oileán ach níor lig an faitíos dóibh gabháil níos faide.

Deirtear freisin, go raibh beirt fhear ann aon uair amháin agus

gur cailleadh duine acu san oileán, agus, an duine eile an lá

céanna san ospidéal i nGaillimh. San earrach nuair a bhí na

curacha ag iascach chonaic curach as an oileán seo an bheirt sin

i gcurach agus iad ag iomramh ar an bhfarraige.

Deirtear freisin gur éirigh fear uair chuig feamainn agus go

ndeachaigh sé síos Trácht Each agus gur lean rudaí beaga

bídeacha é ar nós míoltóg agus is ar éigean go dtáinig sé abhaile.

Deirtear freisin murach a aintín go maródh siad é.

(9, 14-15)

llú Aibreán 1938

Laethanta Áirithe

Tá laethanta áirithe ag na daoine anseo le nósanna áirithe. Lá

chrosta na bliana deireann na seandaoine nach ceart gruaig a

bhaint de dhaoine an lá sin, na caoirigh a bhearradh ná tosaí le

hobair nua. Is ar Dé Luain a thiteann an lá sin. Deirtear nach ceart

aon mhoing a bhaint den chapall ar Dé Luain.

Deirtear freisin gurb [iad] Dé Céadaoin agus Dé Sathairn na

laethanta is mó go bhfuil an t-ádh ar dhaoine le pósadh. Deirtear

nach ceart pósadh Dé hAoine.

Deir na seandaoine go bhfuil lá eile ann freisin ar an dtugtar

Déardaoin Dearg i gcuimhne na leanbh a maraíodh in aimsir ár

dTiarna; tagann sé sin i mí Eanair.

Is iad seo na laethanta breacshaoire a bhíos ann san earrach:

Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile Muire. Sa samhradh, bíonn Lá Fhéile

Sain Seáin agus Lá Fhéile Peadair agus Póil ann. Ar Lá Fhéile

Sain Seáin lasann na daoine tine mhór ar bharr cnoic in ómós

do N aomh Seán.

(9, 15-16)

165
llú Aibreán 1938

Éadaí

Tá triúr táilliúir san áit anois. Is é an áit a n-oibríonn siad ná in

sa teach. Ní théann siad go dtí aon teach eile, ach is amhlaidh

a thugtar an t-éadach go dtí iad. Ní bhíonn aon éadaí acu féin

le díol le daoine eile ach bíonn éadach fite acu dóibh féin.

Caitheann na daoine cultacha dé anta as bréidín de ghnáth. Bíonn

togha na holla iontu.

"Seo scéal beag i dtaobh táilliúra a chuala mé sa mbaile.

Tháinig an dreoilín ag doras tigh an táilliúra. Bhuail sé dc air

agus bhain sé elár as. "Mura ndeinfidh tú mo jeaicéad, agus veilbit

lena chába, beidh mise ag gabháil de mhaide ort, go mille mé do

chnámha."

Seo iad na gléasanna a bhíos ag táilliúirÍ: téip, méaracán, spóil,

inneall, cailc agus rudaí eile.

Is é an áit a ndéantar léintreacha ná in sa mbaile. Déantar iad

sin d'éadach olla nó d'éadach cadáis. In sa mbaile a chniotáiltear

stocaí le muintir na háite. Is é an rud a bhíonn acu lena n-aghaidh

ná snáth. Faigheann sé an snáth ó olann na caorach. Tá tuirne

ins gach teach san oileán agus leis sin sníomhann na mná an

olann.

Ní chaitheann na daoine aon éadaí speisialta ag teampall san

oileán seo, ach amháin na héadaí a bhíos orthu Dé Domhnaigh,

ach cuireann na mná cótaí ar a gdnn. Nuair a bhíos bean ag

gabháil ag posadh bíonn culaith dheas uirthi.

(9, 16-18)

llú Aibreán 1938

Áitainmneacha

Tá go leor ainmneacha ag rn' athair ar an bhfeilm ag baile. Seocuid

acu: Gort an Uisce, mar go mbíonn uisce ann go minic.

Gort an Arbhair, mar gurbh arbhar a bhíodh curtha ann sa

tseanaimsir .

Gort Caonaigh, mar tá go leor caonaigh ag fás i dteannta an

fhéir ann.

An Bhuaile Dhomhain, mar ní chuirtí beithíoch eile ann ach

gamhain fadó.

pon na gColm, mar ba ghnách le héanlaithe go le or ón

166
hfarraige gurbh ainm colm a bheith istigh ann ar lorg bia.

An Chreig Chaol, mar creig fhada chaol atá inti.

Garraí an Chnoic, mar garraí breá a bhí ann tráth ach rinneadh

buaile dhe agus is le hais an ch.noic atá sé déanta.

Garraí an Chladaigh, mar gur le hais an chladaigh atá sí déanta.

Creig an Chró, mar gur le hais an chró atá sé déanta.

Creig an Bhotháin, mar tá seanbhothán inti atá dé anta ón

tseanaimsir .

An Chreig Gharbh, mar is beag cuid di atá faoi fhéar ach amháin

corráit. Tá sí garbh uilig nach mór.

Buaile faoin Aill, mar tá sí faoin aill.

Cnocáinín Pheait, níl a fhios agam anois cén fáth a bhfuil an

t-ainm sin air ach tá mé ag ceapadh gur le fear fadó darbh ainm

Peait.

(9, 18-19)

7ú Feabhra 1938

Lá Fhéil Bríde

An chéad lá d' earrach, sin é Lá Fhéil Bríde, agus tá se ma

bhreacshaoire san oileán seo. Ar Oíche· Bhríde déanann daoine

crosóg in onóir do Naomh Bríd.

Deirtear gurb é an fáth a tosaíodh ar an nós sin ar dtús, ná nuair

a bhí Naomh Bríd ar an saol seo go raibh sí ag siúl an bhóthair

lá agus gur airigh sí fear agus é ag osnaíl istigh i dteach. Tháinig

sí isteach sa teach agus thosaigh sí ag cur ceisteanna air féachaint

ar Chríostaí é agus fuair sí amach nárbh ea. D'inis sí an sin dó

faoi Dhia agus in sa gcaint di chuimhnigh sí ar an gcrois agus

le cur in iúl dó cén rud crois rith sí amach agus fuair sí féar láidir

agus rinne sí crosóg de agus ghlac an fear tinn an Creideamh agus

bhaist Bríd é.

Tháinig an nós anuas ó ghlúin go glúin ónar sinsir agus sin é

an fáth go ndéantar crosóg. Deirtear freisin gur de rud a fhásann

ar do chuid talaimh féin is ceart an chrosóg a dhéanamh.

Seo paidir a deirtear do Chrosóg Bhríde:

"Go mbeannaí Dia an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh

an chrosóg seo, an áit a ngabhann sí agus gach duine a fhéachas

uirthi" .

Tugtar iasc beo isteach Lá Fhéile Bríde ionas go mbeadh ias c

167
fairsing ar feadh na bliana. Ar Oíche Bhríde téann na cailíní beaga

thart leis na brídeoga ó theach go teach agus iad ag damhsa agus

ag casadh port agus ansin tugann siad pínn nó ubh dóibh.

Bíonn an lá ag gabháil chun síneadh ó Lá Bríde amach agus

go breá freisin. Dúirt Naomh Bríd:

"Gach re lá ó mo lá-sa amach".

Bíonn na huain óga á mbreith freisin agus bíonn cosúlacht an

earraigh air. Tosaíonn na héanlaithe ag seinm agus ag

déanamhnead. Briseann na nóiníní aníos tríd an talamh agus

bíonn na daoine ag leasú na bpáirceanna le cur.

(9, 20-22)

llú Aibreán 1938

ScéaIta Barrúla

Tá go le or scéaIta barrúla ag m'athair ag baile. Lá amháin sa

samhradh ghoid dhá chat dhá phíosa de cháca as teach. Bhí píosa

acu beag agus bhí an píosa eile mór agus ní raibh a fhios ag na

cait conas a roinnfeadh siad iad.

Ar deireadh chuala moncaí iad agus chuaigh sé go dtí iad.

"Céard atá oraibh mar sin?" a deir an moncaí leo.

"Is amhlaidh" a deir na cait, "nach féidir linn na píosaí sin a

roinnt."

"Roinnfidh mise dhaoibh iad" a deir an moncaí agus bhain sé

píosa mór as agus d'ith sé é i gcaoi go raibh an píosa beag ní ba

mhó ná é ansin.

"Anois" a deir sé, "is mó an píosa eile ná é", agus bhain sé

greim elle as an bpíosa eile i gcaoi go raibh an píosa eile ní ba

mhó ná é. Níorbh fhéidir leis an moncaí iad a dhéanamh cothrom

mar ní raibh sé ag iarraidh é a dhéanamh.

Ar deireadh labhair ceann de na cait.

"Ní bheidh tada againn féin" ar sé.

" Mórán cócaireachta" , a deir an moncaí gur ith sé iad go léir

agus d'imigh!

Seo scéal eile a chuala mé. Bhí fear ann fadó darbh ainm Gobán

Saor. Bhí sé ag déanamh cúirte ag fear elle ach mor mhaith leis

an bhfear ar leis an chúirt go ndéanfadh sé aon cheann eile mar

í agus bheartaigh sé é a mharú nuair a bheadh sí déanta.

Dúirt sé lá amháin leis an bhfear ar leis an chúirt nár mhór dó

168
ud éigin a bhí sa mbaile aige a fháilt agus go mbeadh sí réidh,

"ach ní bhfaigheadh aon duine iad sin", ar seisean "ach mo mhac

féin: nó do mhacsa". Bhí ainm áirithe ag Gobán Saor ar an rud

seo i gcaoi ga dtuigfeadh an bhean é.

" Cuirfidh mise ma mhac féin á iarraidh" , a dúirt an fear ar leis

an chúirt, ach inis dam cén sórt rud é.

"Tá, rud", a deir an Gabán Saar, "a bhfuil cor in aghaidh an

chaim ann agus rud eile a bhfuil C(1m in aghaidh an choir ann" .

D'imigh an mac leis nó go ndeachaigh sé ga tigh bhean Ghabán

Saar.

"Cé atá uait?" a deir an bhean leis. D'inis sé di é. Rith sise ga

dtí an cófra. "Tá siad anseo", ar sise, "ach níl mo lámh sách fada

le hiad a thabhairt liam. Tar thú féin agus tabhair leat iad" . Chrom

sé isteach sa gcófra ach chuir an bhean an glas air.

"Fan ansin", ar sise, "nó go dtaga mo dhaoine féin chugamsa".

Uair amháin nuair a theastaigh ó Ghobán Saar bean a fháilt dá

mhac ba mhaith leis bean chiallmhar. Chuir sé lá é ar an aonach

le craiceann agus dúirt sé an craiceann agus a luach a fháilt is

cé ar bith bean a thabharfadh sin dó ba í sin an bhean an bheadh

aige.

D'imigh leis. Casadh bean air agus d'fhiafraigh de cé mhéad

a bhí ar an gcraiceann aige.

"An craiceann is a luach", a deir seisean.

"Ní fhéadfaidh mise é sin a thabhairt duit", a deir sise ga

feargach. D'imigh sé. Casadh bean eile dhó. D'fhiafraigh dó cé

mhéad a bhí ar an gcraiceann aige.

"An craiceann is a luach" , ar seisean.

"Tabharfaidh mise sin duit" ar sise. Rug ar an gcraiceann, fuair

sí siosúr, bhain an olann de is thug sí an craiceann is luach na

holla dó.

(9, 22-5)

10ú Bealtaine 1938

Tomhaiseanna

Ta ga leor tomhaiseanna ag muintir an oileáin ar nós iad seo.

Chuaigh mé ga Gaillimh agus cheannaigh ?

Saile Ní Fhlaitheartaigh

(9, 25)

169
10ú Bealtaine 1938

An Reilig

Tá dhá reilig in san oileán seo. Is é an t-ainm atá orthu ná reilig

Theampall Cheanannach agus an Seanteampall. Tá Teampall

Cheanannach suite ar thaobh na láimhe dé agus tú ag gabháil

amos ón tSlip ag déanamh ar Bhaile an Mhothair agus tá teampall

eile ar thaobh na láimhe deise ag teacht ón tSlip. Ní chuirtear aon

duine sa Seanteampall ach cuirtear coirp i reilig Theampall

Cheanannach.

Tá cuma chearnógach ar Theampall Cheanannach agus ní1 cuma

chearnógach ar an Seanteampall. Níl ann ach mótaí agus

leacracha. Tá fothrach i dTeampall Cheanannach ach níl aon

fhothrach sa Seanteampall. Ní chuirtear aon duine istigh in san

bhfothrach seo. Tá an reilig leibhéalta. Tá go le or sceach ag fás

istigh sa reilig agus tá crann troim ag fás istigh sa bhfothrach.

Tá croiseanna os donn corrdhuine ann. Ní chuirtear aon leanbh

nach mbíonn baiste istigh sa reilig ach cuirtear iadsan i gCreig

na Leanbh.

(9, 26-7)

10ú Bealtaine 1938

Bia na Seanaimsire

Is é an méid bia a d'itheadh na daoine sa tseanaimsir ná trí bhéile.

D'itheadh siad fataí ar maidin agus in am dinnéir agussan oíche.

Bhíodh faochain agus bairnigh acu go minic san oíche lena suipéir.

Théadh siad amach gach maidin toimh a mbricfeasta ag bailiú

feamainne. Blúodh bainne acu le n-61 mar bhí beitlúgh roinot

fairsing. Is é an áit a n-ithidís a mbéile oá as an gdseog n6 ar an

mbord. Chrochaidís an bord leis an mballa nuair a bhíodh béile

áirithe ar siúl.

Is iomaí sin sórt aráin a bhíodh acu. Bhíodh arán déanta den

mhin choirce agus d'fhataí bruite agus bhíodh arán dé anta den

phlúr ag an gcuid eile de na daoine, is iad sin na daoine saibhre.

Is é an chaoi a ndéantaí arán de na fataí ná nuair a bhíodh na

fataí bruite, ghlantaí iad agus mheiltí leis an bplúr iad.

Ní itheadh na daoine mórán feola an t-am sin mar is amhlaidh

a dhíoladh siad na beithígh. Bhíodh go le or iasc acu le n-ithe. Is

170
é an sórt iasc é ná an lang agus na ronnachaí. Bhíodh sé goirt

agus úr acu.

Nuair a thagadh laethanta áirithe ar nós Dhomhnach Cásca

bhíodh bia áirithe acu. Nuair a thagadh Aoine an Chéasta ní

chuirfeadh siad aon bhainne ar an tae. Nuair a thagadh

Domhnach Cásca gheibheadh gach duine a dó ná a trí

d'uibheacha.

Tá daoine in san oileán seo agus is cuimhin leo nuair a tháinig

tae amach ar dtús. Ní bhíodh aon chupáin acu ar dtús agus is

amhlaidh a bhíodh siad á ól as cupán a bhíodh dé anta acu féin

as adhmad.

(9, 27-8)

llú Bealtaine 1938

Gniomhartha Gaisce

Chuala mé scéal i dtaobh triúr fear as an oileán seo a bhuaigh

rása in Árainn bliain ó shin. Bhí trí mhíle le rith acu agus thug

siad an duais abhaile leo. B'iad an triúr iad ná Micil Ó Conghaile,

Máirtín Ó Fathartaigh agus Máirtín Ó Fathartaigh. Bhí rástaí eile

san oileán seo freisin agus bhuaigh muintir an oileáin seo iad.

Uair amháin san oileán seo chuaigh triúr fear amach chuig

steamer a bhí amuigh in sa bhfarraige sa taobh ó dheas, ag iascach.

Ag iarraidh iasc beag uirthi le haghaidh a gcuid spiléad a

bhaoiteáil a bhí siad. D'imíodar amach in am dinnéir agus ag

tarraingt ar am an tráthnóna a tháinig ceo agus nuair a bhí an

tráthnóna tite bhí an ceo níos láidre.

Deir siad féin nuair a cheap siad go raibh siad ag teacht isteach

gur ag gabháil amach a bhí siad. Ach tharla i rith na hoíche gur

thóg steamer iascach iad agus thug sí leo iad go dtí an Caladh Mór

ar maidin.

Ba iad na daoine iad sin ná Micil Ó Conghaile, Páidín Ó

Meachair.

Máirtín Ó Fathartaigh [Máirtín Sheáin Cheaitín]

(9, 29-30)

171
llú Bealtaine 1938

Seanseoileanna

Sa tseanaimsir bhíodh go le or seanseoileanna ann. Bhíodh na

daoine ag fáilt a geuid foghlama ion tu. Bhí scoil náisiúnta thoir

Tigh an Táilliúra agus is inti a bhíodh na daoine ag fáilt a geuid

foghlama. Ní raibh aon seoil Náisiúnta eile ann roimhe sin. Deir

na seandaoine go raibh seoil eile ann roimh seoil Tigh an Táilliúra.

Is é an áit a raibh sí ná thiar san áit a raibh seanteaeh le Máirtín

O Cadhain ar dtús. Is é an s6rt múinteoirí a bhíodh aeu ná

strainséaraí agus ehuireadh siad fúthu i dteaeh ar lóistín. Ní

bhíodh aon Ghaeilge aeu agus ní mhúintí í.

Is é an sórt leabhra a bhíodh aeu ná sclátaí agus eailc le seríobh

orthu. Thugaidís abhaile leo san oíche iad. Bhíodh suíoeháin aeu

sa seoil aeh ní bhíodh siad ehomh fairsing agus atá siad inniu.

Chaitheadh na máistrí os cionn se6r blianta san áit agus

deireann na seandaoine go mb'fhearr na daoine le foghlaim an

t-am sin ná anois. Nuair a bhíodh daoine in sa séú rang bhí siad

ehomh maith leis an máistir féin.

(9, 30-31)

llú Bealtaine 1938

Luibheanna

Is iad seo na luibheanna is mó a dhéanann doehar don talamh:

braimfhéar, eop6g rua, erúb phréaeháin, neantóga, moing mhear,

eopóga milse agus driseaeha. Is é an doehar a dhéanann siadsan

ná an talamh a bhoehtú. Ní fhásann i geré mhaith aeh tornapaí,

gabáiste agus glasraí eile. Is é an rud a fhásann i dtalamh boeht

ná salaehar de gaeh sórt.

Is iad seo na luibheanna a bhfuil leigheas iontu, eop6g rua

agus meaean leoin. Tá leigheas in sa geop6g rua dá mbeadh tú

dóite ag neant6g; sú na eopóige rua a fháil agus í a chur ar an

d6. Tá leigheas in sa meacan leoin. Dá mbeadh ait as áit, an

meaean leoin a bhriseadh go mín agus í a ehur leis an aIt leonta

agus leigheasfaí í.

Deir na seandaoine naeh eeart maide siúil a bheith agat as seeaeh

bhán.

Déantar úsáid de go leor luibheanna san oileán seo le tabhairt

do na beithígh ar nós neant6g le tabhairt do na muea aeh é a

172
hruith agus a mheilt leis an mbia. Tugtar copóga rua dhóibh

freisín. Tugtar moing mhear do na beithígh freisin; sin luibh a

fhásann ar thaobh an bhóthair agus bíonn pabhsae bán air. Fásann

luibheanna eile le hais tobair agus tá sias an-fholláín. Is é an t

ainm atá orthu biorla.

Tá luibheanna eile ann agus d'úsáideadh na seandaoine iad le

snáth a dhathú. Tá tuilleadh luibheanna ann agus bíonn nimh

iontu le n-ithe, ar nos boidín geirnhridh agus pabhsae bó

bleachtáín.

(9, 31-3)

12ú Bealtaine 1938

An Cuigeann

Tá meadar agaínn sa mbaile. Is é an t-ainm a thugtar air ná

cuinneog. Tá sé timpeall trí troithe ar airde. Tá sé déanta le

scaitheamh. Is iad seo na haínmneacha a thugtar ar ghléasanna

na meidre: loine le bheith ag bualadh síos an bhainne, clár, agus

cuinneog.

Déantar an maistire timpeall uair nó dhó sa tseachtain, agus

is í mo mháthair a dhéanann é. In sa samhradh déantar maistire

dhá uair sa tseachtain, agus in sa ngeirnhreadh déantar uair é.

Tá gnás ag na daoine in san oileán seo, dá dtiocfadh aon duíne

de na comharsana isteach buille a bhualadh ar an maistire.

Deireadh na daoine mura mbuailfeadh siad buille mar sin ar an

maistire godtabharfadh siad an t-irn amach leo.

Is é an chaoi a ndéantar an t-irn ná faightear an chuinneog agus

ansin faightear an ciléar a bhíonn an baínne coínnithe ann agus

doirtear isteach sa gcuinneog é. Doirtear uisce te isteach leis.

Tosaíonn an bhean á dhéanamh ansín. Nuair a bhíonn sí timpeall

le leathuair á dhéanamh tógann sí an t-im de agus cuireann sí

sa bpláta é. agus coinníonn sí an baínne géar le haghaidh cáca.

Fuaireas na scéalta ó rn ' athair.

An seoladh céanna liomsa.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh

Ceathrú an Teampaill

(9, 33-4)

173
19ú Meán Fómhair 1938

Scéal

I bhfad Ó shin in sa tseanaimsir bhí fear ag teacht anoir ó chuairt.

Bhí sé mall go maith san oíche. Ní raibh gealach ná solas ann agus

bhí an oíche chomh dubh le púca. Ní raibh aon eagla ar an bhfear,

ní chuirfeadh rud ar bith faitíos air. Bhí sé ag teacht anoir agus

bhí go leor róidíní roimhe ar an mbealach agus ba ghnách leis

i gcónaÍ breathnú iontu.

An oíche seo a bhí sé ag teacht anoir bhí an oíche chomh ciúin

is nach raibh le cloisint ach ceol na sruthán ag rith le fána. Nuair

a bhí an fear ag gabháil thar róidín beag, chonaic sé rud éigin

geal thíos uaidh. Níor tháinig aon eagla air ach sheas sé suas go

fearúil. Dúirt sé nach rachadh sé abhaile go mbeadh a fhios aige

céard a bhí ann mar ar sé:

"Má théim abhaile dhéarfaidh mé gur duine éigin a bhí ann

agus ní ghabhfaidh mé abhaile go mbeidh a fhios agam go fíor

céard atá ann."

Bhí an rud geal ag corraí anois agus arís, agus an fear ag

breathnú air. Theann sé aníos scaitheamh go dtí an fear agus

cheapfá gur éadan duine é. Bhí an fear i bhfad ag breathnú air

agus bhí a dhá láimh leagtha ar dhá choirnéal beag aige. Dúirt

sé féin, deirtear, gur ar éigean a bhí sé i ndán a dhá lámh a chorraí

mar a bheadh sé greamaithe sa gcoirnéal. Ar deireadh tháinig sé

chomh fada leis.

Céard a bheadh ann ach asal bán agus sháigh a chloigeann aníos

chuige. Ní rinne an fear ach dorna mór a tharraingt sa bpus air.

"Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é", ar sé, ag gabháil

abhaile.

(9, 35-6)

3ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Fadó ó shin bhí fear ina chónaí i dteachín beag in áit uaigneach

i measc na gcnoc. Bhíodh sé an-chompóirdiúil sa samhradh mar

bhíodh na héanlaithe ag seinm ceoil dó, ach bhíodh sé uaigneach.

Aon lá amháin dúirt sé go rachadh sé ar cuairt. Bhí sé ag imeacht

leis agus ar deireadh casadh air beirt fhear. Arsa duine de na fir

leis:

174
"Cá bhfuil tú ag gabháil?"

"Tá mé ag imeacht liom go dtí an chathair", ar sé. Ansin dúirt

siad leis a theacht leo féin. Bhí sé ag imeacht leo go dtáinig siad

go dtí teach mór.

Bhí sé an-dorcha san oíche agus bhí muintir an tí inagcodladh.

Bhí a fhios ag an mbeirt fhear seo go raibh ór go le or sa teach,

agus dúirt siad leis an bhfear seo a ghabháil síos. Chuaigh sé síos

an simléar agus fuair sé an t-ór. D' fhógair an bheirt a bhí thuas

air an t-ór a chur amos. Chuir sé suas acu é agus nuair a fuair

siad é ritheadar leo.

Ní raibh a fhios ag an bhfear bocht cad a dhéanfadh sé. Bhí

faitíos air go maródh muintir an tí ar maidin é. Bhreathnaígh sé

thart timpeall agus céard a d'fheicfeadh sé ach craiceann beithíoch

os a chíonn ar mhullach an tí. Níor rinne sé ach a ghabháil suas

ar mhullach an tí agus an craiceann a thabhairt leis agus é a

chasadh air féin agus thosaígh air ag imeacht leis ar fud an tío

Ansin thosaígh air ag rá:

"Tá mé fada go leor anseo anois agus tá sé in am agaibh mé

a ligint amach."

D' éirigh fear an tí agus nuair a chuala sé an chaínt sin tháínig

eagla air agus d'oscail an doras agus lig amach é. Cheap sé gurbh

é an beíthíoch a bhí ann agus é beo arís.

(9, 37-9)

19ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí long ann fadó agus bhí sí ag treabhadh na farraige aniar ó

Mheiriceá. Bád seoil ab ea í agus nuair a bhí sí ag gabháil aniar

ó dheas den oileán seo tháinig stoirm mhór. Níor rinne an caíptín

ach a iníon a cheangal de bharrr crainn an bháid agus a mhac

'na diaidh le rópa go raibh an bád i mbaol a Mite.

Ba bheirt Chaitlicigh iad an bheirt a bhí ceanglaíthe ar bharr

an chrainn agus ba phágánaigh iad an criú agus an caiptín. Sa

deireadh tháining lasair agus las sí [an bád] agus na daoine ach

na Caitlicigh.

Chonaic daoine as an oileán íad agus chuadaar amach chucu

le curach agus tógadh iad.

Micil O Fatheartaigh (Jim)

Baile an Mhothair

(9, 39)

Fuaireas an dá scéal seo ó: Peadar Ó Fathartaigh mo sheanathair.

175
6ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Chuaigh fear ag euartaeh raie síos Trá Leitreaeh ar maidin go moeh

agus ehonaic sé fir ag eur suas sail mhór. Chonaic na fir é agus

thugadar an tsail leo síos in sa bhfarraige. Nuair a bhreathnaigh

sé orthu arís, ehonaic sé an tsail agus faoileán amuigh uirthi.

(9, 40)

10ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Fadó ó shin ba ghnáeh le na daoine nuair a ehaillfí duine naeh

mbeadh aon duine muinteartha aige an méid airgid a bhíodh aige

a ehur san uaigh leis. Ní hamhlaidh a ehuirfí sa geomhrainn leis

é, aeh leagaidís ar an geomhrainn é.

Uair amháin eailleadh duine agus nuair a euireadh é leagadh

an méid airgid a bhí aige ar an geomhrainn freisin. Nuair a ehuala

dream áirithe daoine é i dtaobh an fhir mhairbh ehuadar go dtí

an reilig leis an airgead a ghoid. Nuair a bhí siad ag an reilig ní

raibh a fhios aeu eé aeu a raehadh síos.

Bhí dréimire aeu le gabháil síos mar bhí an poll domhain.

Chuaigh fear amháin síos agus d'fhógair an dream a bhí thuas

air an t-ór a ehur aníos aeu. Chuir sé suas é agus nuair an bhí

an t-ór aeu seo a bhí thuas tharraing siad aníos an dréimire agus

ritheadar leo.

Fágadh an fear boeht eile thíos agus ní raibh a fhios aige eéard

a dhéanfadh sé. Timpeall tráthnóna ehuala sé daoine eile ag

teaeht. Thógadar an leie agus sháigh siad síos an dréimire.

"Anois", arsa fear aeu, "eé againn a rachas síos?"

"Ní ghabhfaidh aon duine agaibh síos go ngabha mise amos

go háithrid" I

arsa an fear thíos. Seanraigh sé na daoine a bhí thuas

agus ritheadar leo agus d'fhágadar an dréimire ina ndiaidh.

Cheapadar ansin gurb é an fear marbh a bhí ann agus bhí eagla

orthu. D' fhéad an fear a bhí thíos a theaeht aníos agus imeaeht

leis.

Saile Ní Fhlaitheartaigh

(9, 41-2)

176
31ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear agus bean san oileán seo fadó. Bhí siad ina suí cois an

teallaigh oíche agus ní raibh blas le n-ithe acu ach bhí píosa beag

de cháca boic thíos ar an tine acu, mar ba ghnách leis na daoine

sa tseanaimsir. Arsa an fear leis an mbean, "Nach é an trua é

gan muid a bheith roinnt saibhir féin" .

Oíche Bhealtaine a bhí ann agus bhí na sióga ag gabháil thart

agus chuala ceann acu an chaint. Chuaigh an tsióg suas ar an

teach agus síos an simléar. Arsa an tsióg leo:

"Tá sibh an-bhocht agus ní bheidh sibh i bhfad mar sin" .

Ansin dúirt an tsióg leo:

"Trí ghuí anois agam daoibh; iarraigí" .

"Ó", arsa an bhean láithreach, " píosa breá feola in áit an phíosa

boic sin". Ghlac an fear ole di fáth nach saibhreas mór éigin a

d'iarr sí.

"Muise", arsa an far ar an bpointe, "go ngreamaí sé de do

shrón".

Bhí an píosa feola acu faoi seo in áit an bhoic agus anois d' éirigh

sé le guí an fhir agus ghreamaigh sé ar shrón na mná. Thosaigh

sí ag léimneamch ar fuaid an urláir. Ghlac an fear trua dhi. Ar

sé leis an tsióg:

"Níl rud ar bith is fearr liom ná é sin a bheith bainte de shrón

mo mhná" .

D'imigh an píosa feola leis agus d'imigh an tsióg suas an simléar

agus ní raibh tada acu i ndiaidh an turais.

Saile Ní Fhlaitheartaigh

(9, 43-4)

31ú Deireadh Fómhair

Scéal

Bhí fear ann fadó agus is fadó a bhí. Bhí sé pósta agus cailleadh

a bhean. In san oileán seo a bhí sé ina chónaí. Bhí páiste

amháinacu. Ní raibh sí ach bliain d'aois.

Gach aon lá ní óladh an páis te aon ní a thugadh an fear di. Ní

raibh a fuios ag an bhfear cé a bhí á coinneáil beo. Gach aon oíche

nuair a chuireadh an fear an páiste a chodladh thagadh an bhean

isteach agus ní fueiceadh an fear í, ach d' fueiceadh an páiste agus

177
thugadh sí bainne don pháiste, agus sin é an fáth nach n-óladh

sí aon ní ón bhfear.

Dúirt an fear leis féin go gcoinneodh sé súil feasta go mbeadh

a fhios aige cé a bhí ag tabhairt an bhainne don pháiste.

An oíche seo d' airigh sé rud éigin ag teacht isteach tríd an

bhfuinneog sa seomra. Chuaigh sé siar go dtí an doras agus

chonaic sé an bhean ag tógaint a páiste agus ag tabhairt bainne

dhi. Chuaigh sé siar sa seomra agus shíl sé an bhean a choinneáil

agus ní fhéadfadh sé. Thosaigh sí á chrúcáil. Is beag nár mhairbh

sí an fear. Bhí sé go dona agus b'éigean an sagart a thabhairt

chuige.

Deirtear gur in sna sióga a bhíos daoine mar sin.

(9, 44-5, 48)

31ú Deireadh Fómhair

Scéal

Sa tseanaimsir cailleadh fear bocht agus deirtear go ndeachaigh

sé go na flaithis.

An duine bocht ní raibh mórán déanta as an mbealach aige.

Is é an breithiúnas a thug ár Slánaitheoir air, ná dúirt sé leis:

"Ní rinne tú mórán as an mbealach, ach mar sin féin ní raibh

tú rómhaith ná ró-ole agus mar sin tabharfaidh mé aoibhneas na

bhflaitheas duit - bliain in aghaidh gach braon uisce dá bhfuil

sa bhfarraige agus ansin cuirfidh mé go hifreann thú."

Thosaigh an fear ag gol, agus dúirt sé nár leor sin d' aoibhneas

na bhflaitheas. Labhair ár Slánaitheoir arís agus dúirt:

"Tabharfaidh mé aoibhneas na bhflaitheas duit bliain in aghaidh

gach sop féir dá bhfuil ar an talamh agus ansin cuirfidh mé go

hifreann thú" .

Thosaigh an fear ag gol arís agus dúirt sé nár le or sin

d' aoibhneas na bhflaitheas. Labhair ár Slánaitheoir arís agus dúirt:

"Tabharfaidh mé aoibhneas na bhflaitheas duit bliain in aghaidh

gach gráinne gainimh dá bhfuil ar an talamh agus cuirfidh mé

go hifreann thú".

Thosaigh an t-anam ag gol arÍs. Ar deireadh labhair sé féin:

"Cuir go hifreann mé bliain in aghaidh gach braon uisce dá

bhfuil sa bhfarraige agus in aghaidh gach sop féir dá bhfuil ar

an talamh agus in aghaidh gach gráinne gainimh dá bhfuil ar an

178
trá, aeh tabhair aoibhneas na bhflaitheas sa deireadh thiar dom" .

Chorraigh na foela seo eroí ár Slánaitheora agus thug sé

aoibhneas na bhflaitheas d6 agus tá sé ina naomh ar neamh inniu.

Saile Ní Fhlaitheartaigh

(9, 48-50)

31ú Deireadh F6mhair

Seéal

Bhí seanbhean ar an oileán fad6. Thagadh seanfhear ar euairt

ehuici gaeh oíche. Bhíodh féasta m6r aeu. Ba mh6r leis an

mbeangaeh a n-íosfadh an fear.

Aon oíche amháin ní raibh aon fhéasta déanta aici. Tháinig an

fear isteaeh. Deir sé:

"Cá bhfuil an féasta?/I

"D'ith tú iomarea aréir", a deir sí.

"Agus ní bhéarfaidh mé féasta dhuit níos m6."

Thosaigh an bheirt ag troid. Tháinig seata m6r si6g isteaeh.

Bhuail siad buille ar an tseanbhean. Iompaíodh go leon í. Ansin

a bhí an obair. Rith an fear siar in sa seomra. Rug na sióga air

agus thug siad le n-ithe don leon é. Agus deir siad:

"Sin é do pháighe fáth gur ith tú iomarea ar an mbean bhoeht

an oíche úd".

Bhuail siad buille eile ar an mbean arís agus iompaíodh ina

duine arís í.

Pádraig Ó Conghaile

(9, 46-7)

14ú Mí na Samhna 1938

Seéal

Bhí Peait Antaine ag gabháil soir an b6thar oíehe go deireanaeh

soir san M6inín Glas le bainne ag an lao. Nuair a bhí sé ag teaeht

gar don R6idín M6r d' airigh sé mareaigh ag tiomáint agus

tiománaithe ag tiomáint agus daoine ag eaint.

Ag an deireadh d' fhill sé abhaile agus faitíos m6r air. Bhí sé

ina bhuaehaill 6g an t-am sin aeh tá sé ina sheanfhear eríonna

179
anois. Ach ar chuma ar bith nuair a bhí sé ag gabháil anoir ag

Tigh Thomáis Mhóir d' airigh sé maistire á dhéanamh, bó á bleán

agus ceol á chanadh.

An fhad is bhí sé ag gabháil siar go dtí Bearna an Criogáin

Ghairbh chuaigh sé síos os donn na haille, os donn na buaile

gur bhreathnaigh sé síos faoi. Chonaic sé Rí ag ordú, búistéara

ag marú coiníní agus caoirigh agus mná ag bleán a bhó féin. I

gcúinne eile chonaic sé tine agus pota mór uirthi agus ní móin

a bhí inti ach dpíní troim.

Ach ní raibh sé ann nuair tarraingíodh síos é os comhair an Rí

agus é ina luí siar. D'ionsaigh an lucht freastail é agus thugadar

ceangal na gcúig gcaol air agus bhuaileadar le slata draíochta é

agus scóladar le huisce fiuchta é. Ach ar deireadh d'imigh sé

uathu. An lá ina dhiaidh fuair a bhean bás.

Micil O Fathartaigh (Séamas)

(9, 51-2)

Fuaireas an scéal seo ó: Siobhán Dí Chonghaile, Baile na

Seoigheach.

14ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Is í an oíche anocht Oíche Shamhna. Bíonn an-spóirt ins gach

teach an oíche sin. Sin nós a bhí ann ariamh agus leanadh dhe

ó shin.

Gach oíche Shamhna faigheann fear an tí úlla agus rudaí eile

le spóirt a bheith sa teach. Faigheann sé píosa téide agus crochann

sé ó bharr an tí é. Cuireann sé úlla ar a bharr agus bíonn na páistí

ag iarraidh breith ar an úll lena mbéal.

Seo deas eile a bhíonn sa teach Oíche Shamhna. Cuirtear

maidne ina sheasamh i lár an urláir. Leagtar dár mór ar a

bharr,ceithre choirnéal a bhíonn air. Ar cheann an chláir leagtar

cáca milis, ar an gceann eile úlla, ar an gceann eile milseáin agus

ar an gceann deiridh cuirtear coinneal agus í ar lasadh. Cuirtear

timpeall é ansin. Ansin cuireann fear an ti an chlann amach chuig

an gdár. Bíonn an-spóirt acu ansin. Bíonn siad ag iarraidh breith

ar an úll, nó ar an gcáca milis, nó ar na milseáin, agus san am

céanna ag iarraidh iad féin a sheachaint ar an gcoinneal. Bíonn

an-spóirt acu ach amháin má dhónn siad a bpus.

180
Bíonn go le or sióg ag gabháil thart Oíche Shamhna agus iad

ag marcaíocht ar na caiple bána. Bíonn siad ag ithe na sméar agus

ní itear aon sméara ón oíche sin amach.

(9, 53-4)

14ú Mí na Samhna 1938

Scéal

Bhí fear tráth san oileán seo. Ní bhíodh sé ag gabháil chuig aon

Aifreann. Ni raibh aon easpa sláinte air le fanacht as. Mar sin féin

bhíodh sé ag guí i gcónaí.

Aon lá amháin casadh sagart air. Thosaigh siad ag caint agus

in sa gcaint dóibh d'fhiafraigh an sagart dó a mbíodh sé ag gabháil

chuig an Aifreann. Dúirt an fear nach raibh. Ansin dúirt an sagart

leis a theacht leis féin go dtí an tAifreann.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh

(9, 54-5)

Bosca 2C

Cóipleabhar 10

Inis Meáin

Oileáin Árann

29ú Meán Fómhair 1938

Bó Sí

Oíche amháin fadó, bhí bó ag fear agus fuair sí bás. Agus ní raibh

sí i bhfad básaithe nuair a chuaigh sé ag breathnú ar an áit a

bhfuair sí bás. Ní raibh cnámh ná tada dhi ann.

Bhí lao ag an mbó agus ní raibh aon aois aige. Bhí an fear seo

ag íoc buachalla agus dúirt sé leis an mbuachaill gabháil amach

ag faire an lao. Chuaigh an buachaill amach.

Tuairirn uair an mheáin oíche céard a tháinig amach as an aill

ach an bhó a bhíbásaithe. Rug an buachaill ar eireaball na bó agus

tharraing an bhó an fear isteach san aill. Bhí an fear ag béiceach

istigh san aill ag iarraidh an bhó a fháil. Throid an fear chomh

181
maith gur thug siad an bhó dhó agus bhí iontas mór ar mhuintir

an bhaile agus fuair sé airgead ón bhfear.

Ba iad na sióga a thug leo an bhó.

Máirtín Ó Fathartaigh

Baile na Seoigheach

(10, 1)

Fuaireas an scéal ó Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig).

20ú Meán Fómhair 1938

Scéal

Bhí mo dheaideo ag gabháil sÍos Róidín Pholl na bPúcaÍ go

deireanach san oíche. Ag gabháil síos dó d' airigh sé bó á bleán.

Bhreathnaigh sé thar an gclaí le bail ó Dhia a chur ar an abair.

Ní fhaca sé aon duine agus bhí scanradh mór air. Ansin d'airigh

sé tarann capaill agus cairr á tharraingt sair fao in aill agus duine

ag tiomáint an chapaill le slat.

Bhí sé oíche ag gabháil an bóthar ag iascach agus d' airigh sé

tarann mais tire á dhéanamh i mBaile na Carsaic.

Seán Ó Conghaile

Baile na Cre ige

(lO, 2)

Fuair mé an scéal ó m'athair Seán Ó Canghaile.

An seoladh céanna lhmsa.

3ú Deireadh Fórnhair 1938

Scéal

Níl aon aíche Mhárta dár tháinig riarnh nach maródh Mártan mart

nó caora. An chéad bhean a bhí aige riarnh chuir sí suas den mart

a rnharú. Fuair sí bás agus bhí mac aici darbh ainm Cann.

Phós sé bean eile ansin, agus nuair a tháinig oíche Mhárta chuir

sí suas den mhart a rnharú. Thug Mártan isteach an mart agus

rnharaigh sé é gan bhuíochas di.

"Go dtachta an diabhal", ar sise, "an chéad duine a íasfas

greim di".

Chuir Mártan píasa den rnhart síos sa bpata á bhruith, agus

182
d'fureastail sí é a fuad is bhí sé ag bruith. Nuair a bhí sé bruite

thug sí an pota sa seomra. Is é an chéad rud a rinne sí greim de

a chur ina béal agus thacht an greim í. B'fuada le Mártan a bhí

sí sa seomra agus chuaigh sé sa seomra agus fuair sétachta í.

"Is fíor sin", a dúirt Mártan.

" Bíonn uair na hachainí ann. Sin é an eascainí a rinne sí: an

chéad duine a d'íosfadh greim den fheoil í á thachtadh."

Cuireadh an lá ina dhiaidh sin í.

Nuair a bhí fear an tí agus a mhac ag ithe a suipéar, tháinig

sí ag an doras arís. Bhuail sí ar an doras agus ligeadh isteach í.

Chuaigh Mártan sa seomra le fai tíos agus ehuaigh an mae ar ehúl

an darais. Mharaigh sí a fear. O'imigh an mae ansin agus chuaigh

sé ag siúl agus casadh i dteach é a raibh gabhair is poeaidí gabhair

ann.

Bhuail sé an dar as agus ligeadh isteaeh é. Scaitheamh ina

dhiaidh sin bhuail an bhean ar an doras aeh ní ligfeadh na gabhair

isteaeh í lena geuid adhare agus b' éigean di imeacht.

Nuair a fuair sé imithe í chuaigh sé ag siúl arís agus cé a

ehasfadh leis aeh a mháthair féin. O'inis sé an seéal di. Thug sí

buidéal uisee beannaithe dhó agus dúirt sí leis nár mhiste dhó

an domhan a shiúl; nach bhfeideadh sé aon rud go deo arís ní

ba mheasa ná í féin nó go bhfaigheadh sé bás.

Fuair sé bás seaitheamh ina dhiaidh sin agus cuireadh é in

éineacht lena mháthair agus bhí bláthanna ag fás air mar gheall

ar an mbuidéal uisce beannaithe a thug a mháthair dó.

MidI Ó Meaehair

Ceathrú an Teampaill

(lO, 3-4)

Fuaireas na seolta seo ó Bheairtle Ó Meachair.

6ú Oeireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhíbean ann fadó agus bhí sí ar bhruach. [Tá an ehuid eile den

seéal ar iarraidh.]

(lO, 5)

183
6ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Bhí fear ann fadá agus bhí sé ag baint fhataí faoi aill in aice leis

an tSlip. Chuaigh sé ag baint maidin mhoch. Chonaic sé daoine

ag baint in sa ngarraí. TháiJúg faitíos mór air agus rith sé abhaile .

Nuair a rith sé abhaile agus d'inis sé an scéal ag baile chuaigh

sé ag baint na bhfataí arís agus bhí na fataí bainte.

Micil Mac Donnchadha

Ceathrú an Leisín

(10, 6)

Fuaireas an scéal ó: Seán Mac Donnchadha.

An seoladh céanna.

10ú Deireadh Fámhair 1938

Scéal

Bhí bean ann fadó agus is fadá a bhí. Chuaigh sí amach chuig

an gcladach ag baint creathnaí.

Bhí sí taman arnuigh nuair a chonaic sí bád ag gabháil anoir

ar an bhfarraige. Ar deireadh bhí sí ar a haghaidh amach agus

stop an bád ansin. Bhí sí ag breathnú ar an rnbád ar feadh tamaill

mhaith. Ar deireadh d'airigh sí torann, mar a bheadh duine ag

bualadh cloch le chéile.

Bhreathnaigh sí thairsti agus chonaic sí capall ag gabháil anuas

an cladach agus í ag Tith agus níor chánaigh sí ariamh ná go

ndeachaigh sí amach chuig an mbád agus d'imigh an bád as a

radharc ar an bpointe.

Cailleadh an capall céanna cúpla lá roimhe sin.

Máirtín Ó Fathartaigh

Baile na Seoigheach

(10, 7)

Fuaireas an scéal ó Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig)

agus an seoladh céanna thuas.

184
17ú Deireadh Fómhair 1938

Seéal

Bhí athair agus mae ann fadó agus bhíodh siad ag troid gaeh lá

in aghaidh a ehéile go minie.

Lá amháin shoeraigh an mae ar a athair a bhá mar dúirt an

t-athair leis an mae naeh dtabharfadh sé a fheilm dó, go ndíolfadh

sé í. Sular fhéad an t-athair é sin a dhéanamh dúirt an mae leis

go ngabhfadh siad amaeh ag iaseaeh agus bhí an t-athair sásta

mar shíl sé gur mhaith leis an mae é sin. Chuadar amaeh aeh sular

fhág an mae an teaeh thug sé arán leis i ngan fhios don athair.

Nuair a bhíodar seaitheamh maith amaeh thosaigh siad ag

iaseaeh agus ní rabhadar ag fáil aon iase agus ehuadar amaeh

seaitheamh maith sa bhfarraige. Bhuail oeras an t-athair agus ní

raibh sé i ndán aon iomramh a dhéanamh. Bhí oeras ehomh mór

sin air go raibh sé go dona agus ní thabharfadh an mae aon phíosa

den arán dó agus fuair sé bás leis an oeras agus ehaith an mae

amaeh sa bhfarraige é.

Tháinig an mae i dtír agus bhí sé sásta. Chuaigh an mae abhaile

agus bhí sé ag ithe an eháea suas roimhe gur shroich sé an teaeh.

Cúpla lá tar éis an t-athair a bheith básaithe bhíodh sé ag teaeht

gaeh oíehe sa teaeh agus d'imíodh sé arís ar a dó dhéag a ehlog.

Bhíodh faitíos ar an mae agus [dúirt] sé go ndéanfadh sé teaeh

dó féin agus go mb'fhéidir naeh mbeadh sé ag teaeht ann.

Aeh tháinig an t-athair arís aige agus dúirt an mae "nár thaga

tú slán arís nuair a fhéaehfas tú leis". Thosaigh an t-athair ag

béiceaeh agus dúirt sé naeh dtiocfadh sé go deo arís dá dtógfadh

sé an easeaine sin dó agus dúirt an mae leis go dtógfadh.

Micil O Meaehair

Ceathrú an Teampaill

(10, 8-9)

Fuaireas na seéalta seo ó Bheairtle O Meaehair.

14ú Mí na Samhna 1938

Seéal

Bhí beithíoeh mór millteaeh ag imeaeht sa bhfarraige fadá. Bhí

dhá adhare mhóra air agus dath dearg. Bhíodh sé istigh i mbéal

na Slipe.

Bhíodh na daoine ag baint fola as le cIoeha agus le rudaí eile.

185
Ba ghránna an beithíoch é. Chuireadh sé cuma ole air féin nuair

a d'fheiceadh sé na daoine. Bhíodh sé ag búiríl freisin. Bhíodh

na daoine á rá gurb é an diabhal a bhí ann. Bhíodh faitíos ar na

daoine roimhe.

Sa deireadh d'imigh sé i bhfarraige mhór agus ní fhaca aon

duine ó shin é.

Seán O Conghaile

(10, 9)

19ú Deireadh Fómhair 1938

Scéal

Lá amháin sa tráthnóna faoi Bhealtaine d'fhan fear deireanach

sa ngarraí agus bhí gasúr darb ainm Brian in éineacht leis. Dúirt

sé leis an ngasúr ar a bhfaca sé ariamh gan gabháil rófhada ón

ngarraí.

D'irnigh sé ag baint cnótha scaitheamh beag sios 6n áit. Tháinig

múr báistí agus chuaigh sé i bhfoscadh i gcúinne an chiaí. Thit

an oíche i ngan fhios dó. Chuaigh an fear á chuartú. Fuair sé é

ag an meán oíche agus é ina chodladh. Thug sí leis é agus níor

dhúisigh sé 'chor ar bith. Thug sé abhaile é agus níor dhúisigh

sé maidin lá arna mhárach ach oiread.

Chuimhnigh sé ansin gurb iad na sióga a xinne rud éigin air.

Ba Í Oíche Bhealtaine í lá arna mhárach. Dúirt sé ga n-imeodh

sé ag lorg na sióg. Ag gabháil sÍos thar aill d'airigh sé caint. Níor

airigh sé ach dá mbainfeadh sé an biorán suain as a cheann go

mbeadh leis. Dúirt 8ióg eile:

"Ceann maith sin nuair nach bhfuil a fhios aige é".

Chuaigh an fear abhaile. Bhain sé an biorán suain as an ngasúr

agus dhúisigh é. D'inis an gasúr bocht a eachtra bhrónach.

Fuair mé na scéaIta ó rn ' athair

Pádraig Ó Conghaile.

An seoladh céanna.

Pádraig ó Conghaile

Ceathrú an Leisín

(10, 11)

186
31ú Deireadh Fómhair

Scéal

Bhí fear ann fadá is fadá a bhí. Bhí sé ag obair an lá seo agus

san oíche tháinig duine isteach sa teach chuige agus shuigh sé

ar an stál agus d'fhiafraigh sé d'fhear an tí seo an raibh aon scéal

nua aige.

"Níl", a deir fear an tí "ach gur mharaigh mé ne ad de luchain

óga" .

"Ar mharaigh tú an mháthair?"

"Níor mharaigh" a deir fear an tío

" Tiocfaidh sí sin anocht ag baint sásaimh díot" , a deir an fear.

An bhfuil a fhios agat céard a dhéanfas tú? Fanfaidh mise in

éineacht leat. Téir a chodladh anois agus nuair a thiocfas sí, caith

an t-éadach ina mullach agus glaoigh ormsa agus tabharfaidh mise

cúnamh duit" .

Ní raibh an fear i bhfad ina chodladh nuair a tháinig an luch.

Ní rinne an fear mar a dúradh leis. Mharaigh siad an luch agus

dúradar leis í a chaitheamh thar chlaí na teorann agus d'imigh

an fear a tháinig ar an bpointe.

Máirtín O Fathartaigh

Ceathrú an Teampaill

(9, 12-13)

Seán O Fathartaigh

Scéal

Bhí fear ann fad6 is fadó a bhí. Oíche amháin chuaigh sé síos chuig

an gcladach mar bhíodh píosaí m6ra adhmaid ag teacht an t-am

úd. Bhí mada maith lena chois aige.

Bhí sé tamall síos an cladach nuair a d' airigh sé an mada ag

tafann mar a bheadh rud aige. Choinnigh an fear air agus bhí

an mada agus an rud ag teannadh leis i gcónaí. Rith an fear leis

nó go ndeachaigh sé faoi bhád m6r a bhí ar an trá agus ní raibh

sé i bhfad istigh fúithi nuair a tháinig an mada agus an rudo Bhí

an dá rud ag troid taobh amuigh den bhád ar feadh na hoíche.

Nuair a bhí an mhaidin ann, d' éirigh an fear amach agus céard

a bhíodh taobh [thiar] den bhád ina luí ar an talamh ach an mada

agus gabhar agus bhí iontas mór ar an bhfear.

187

Máirtín O Fathartaigh

Ceathrú an Teampaill

(lO, 13)
19ú Deireadh Fómhair 1938

Bhí fear agus be an ann fadó agus bhí siad an-bhocht. Bhí bó

amháin acu, agus bhí an dos le n-íoc agus ní raibh aon airgead

acu. Dúirt an fear an lá seo, go gcuirfeadh sé an bhó ar an aonach

agus chuir. Casadh fear air, agus d'fhiafraigh an fear dó céard

a bhí sé a iarraidh ar an mbó.

Dúirt sé:

"Tóg." [Tá an chuid eile den scéal ar iarraidh. ]

(10, 14)

19ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí beirt deartháir ann fadó agus bhí an bheirt acu pósta. Bhí

duine acu. [Tá an chuid eile den scéal ar iarraidh.]

(10, 15)

19ú Mí na Samhna 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos chun an ÑD.luirbhigh san

oíche. Nuair a bhí sé ag gabháil síos i r6irun caitheadh cloch leis.

Bhí sé ag gabháil síos mar sin féin ach leanadh ads é leis na clocha

agus b'éigean dó a ghabháil abhaile.

Chuaigh sé síos ar maidin in san áit chéanna agus ní raibh tada

ann, agus bhí ionadh mór air agus bhí sé ag ceapadh gurbh iad

na sióga a bhí ann.

Máirtín Ó Fathartaigh

Baile na Seoigheach

(10, 16)

Scéal

Bhí fear ann fadó. Chuaigh sé ag baint fhataí tráthnóna Lá

Bealtaiane. Bhí sé deireanach go maith agus thainig daoine

aisteacha ar an ngarraí chuige, agus thosaigh siad ag baint na

spáide dhó agus á bhualadh. Bhuail siad an oiread sin air agus

188
nach raibh sé in ann corraí agus d'imigh siad wlidh ansin.

Tamall eile ina dhiaidh sin tháinig cúpla duine eile chuige agus

thug siad abhaile é agus bhí na daoine sin imithe den tsaol cheana

agus bhí an fear bocht an-bhuíoch díobh.

Máirtín Ó Fathartaigh

Ceathrú an Teampaill

(10, 16-17)

19ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Chuaigh curach i lár an Iae fadó chuig galtán iascaigh. Nuair

atháinig siad go dtí an galtán chuaigh beirt acu isteach agus bhí

an duine eile sa gcurach. Bhí siad tamall maith mar sin. Ar

deireadh nuair a bhí an bheirt a bhí sa ngaltán ag imeacht chonaic

siad go raibh an curach tamall maith amach ón ngaltán.

Chuaigh an galtán go dtí an curach agus ní raibh aon duine

sa gcurach agus is amhlaidh a bhí an fear báite. Bhí siad tamall

maith ag iarraidh an fear a thógáil ach ar deireadh thóg siad é.

Ansin chuaigh an galtán go hÁrainn leis an bhfear chomh héasca

agus bhí sí in ann a dhéanamh. Ansin chuaigh gaolta an fuir

bhásaithe siar san oíche agus thugadar aniar é.

Máirtín Ó Fathartaigh

Ceathrú an Teampaill

(10, 17)

Fuaireas 'chuile scéal acu seo ó Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig)

20ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag gabháil siar an bóthar san oíche.

Bhí sé tamall maith siar an bóthar nuair a d' airigh sé torann mar

a bheadh duine ag déanamh cónra le haghaidh duine básaithe.

Chuaigh an fear abhaile agus d'inis sé an scéal tríd síos ag baile,

agus bhí ionadh mór orthu.

An lá ina dhiaidh sin fuair duine ar an mbaile céanna bás.

Cuireadh é mar a dhéantar le 'chuile dhuine eile. Dhá lá ina

189
dhiaidh sin chonaic duine eile as an oileán an fear a fuair bás

amuigh ar na Creaga. Ach bhí 'chuile dhuine á fheiceáil ar

deireadh ag imeacht 'chuile áit.

Máirtín Ó Fathartaigh

Ceathrú an Teampaill

(10, 18)

Fuaireas na scéalta go léir á Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig),

Ceathrú an Teampaill.

20ú Mí na Nollag 1938

Scéal

Bhí fear ann fadá agus bhí sé pásta. Chuaigh se chuig an mb6

san oíche Dé Sathairn agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí

an oíche dorcha. Ní raibh sé i bhfad 6 bhaile agus casadh fear

air agus dúirt an fear leis nach ceart a bheith ag blí b6 go

deireanach san oíche Dé Sathairn ná san Oíche Dé Luain.

Scaitheamh ina dhiaidh sin bhí sé ag obair sa ngarraí agus

b'éigean don bhean .gabháil chuig an mbó. Ba í seo an oíche Dé

Luain agus chuir an bhean uisce chuig an mb6 sular bhligh sí í.

Bhí an tobar i bhfad as láthajI agus nuair bhí sf ag blí na bó bhí

an oíche tite agus thit an bhean 'na codladh agus dhúisigh sí

amuigh sa bhfarraige agus tar éis tamaill bádh Í.

Mar sin deireann na seandaoine nach ceart bá a bhlí san oíche

Dé Sathairn ná san oíche Dé Luain.

Peadar Ó Fathartaigh

lnis Meáin

(10, 19)

Fuair mé na scéalta ó m' athair Séamas Ó Fathartaigh.

21ú Mí na NoUag 1938

Bhí fear ann fadá, agus bhí sé an-fhlaithiúil. Bhíodh sé ag roinnt

a chuid airgid ar na daoine bochta.

Aon uair amháin chuaigh sé isteach sa siopa ag íoc a chuidfiach.

Níor ligeadh isteach sa siopa é mar cheap na daoine a bhí istigh

190
gur fear déirce a bhí ann. Ghlaoigh sé amach os ard agus dúirt:

"Lig isteach mé go n-íocfaidh mé mo chuid fiach".

Dúirt na daoine istigh nach ligfeadh siad isteach é mar gur fear

déirce a bhí ann. Dúirt seisean nárbh ea agus ligeadh isteach é.

Nuair a bhí sé ag gabháil aach as an teach dúirt sé:

"Nár chuire Dia rath ar na dabine sa teach seo". An lá áithrid

seo cailleadh na daoine go léir s4 teach sin ach amháin na páistí,

beirt bhuachaill agus cailín amHáin.

An lá ar ar cailleadh na daoine ar chuir an fear flaithiúil an

mhallacht orthu bádh beirt mhac leis an bhfear flaithiúil agus

ansin ghabh fearg an-mh6r an fear agus shocraigh sé na páistí

a chónaigh sa siopa a mharú seachtain 'na dhiaidh sin.

Lá amháin tar éis maca an fhir fhlaithiúil a bheith curtha casadh

ar a athair duine acu agus dúirt sé lena athair gur duine de na

gasúir a ch6naigh sa siopa a bháigh é féin is a dheartháir agus

Dé Sathairn 'na dhiaidh sin mharaigh an t-athair na gasúir ach

duine amháin acu. Bhí sé imithe amach in áit éigin.

Bhíodh an t-athair ag faire air i gcónaí agus aon lá amháin nuair

a bhí an gasúr amuigh sa mbóthar chuaigh an t-athair flaithiúil

ag caint leis. Go hobann mharaigh sé é agus nuair a bhí sé ag

rith leagadh é agus chuaigh an scian trína chroí agus cailleadh

é ar an n6iméad.

Peadar Ó Fathartaigh

Ceathrú an Leisín

(lO, 20-21)

Fuair mé na scéalta ó rn' athair Séamas Ó Fathartaigh,

lnis Meáin.

191