13.07.2015 Views

Iris Eoin 2012

Iris Eoin 2012

Iris Eoin 2012

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Iris Eoin20121

UimhirLeathanaigh1 Clúdach– Jack Dempsey23 Clár na nAlt4 Laochra agus Luadramáin5 Cairde GaoilÁbhar an Ailt6 Éilliú i FIFA; Mario Balotelli is a Bhib; An Frog7 Celtic8 Suímh Shóisialta9 Dréimire Choláiste Eoin10 Cumas as Cuimse; Lethal Weapon11 Ceol a Mholaimid12Staid Cheoil sa Lá atá Inniu ann; The Bonny Men;Splanc13 Rupert Murdoch agus an Scannal Bradaíle14 Cosaint Sonraí Google15 Éachtaí ár n-Iarscoláirí16 Turas chun an Daingin17 Cosc ar an Lucht Siúil18 Rubin Carter19 Game; Buthal an Domhain20 Círéibeacha sa Ríocht Aontaithe21 Meath ar RTÉ; Peadar Ó Cuanáin22 Ruadhán Mac Cormaic23 Michel Platini; Lúthchleasaíocht sa Lá atá Inniu ann24 Éamon DunphyClár na nAlt25 Michelle Smith (de Bhrúin)26 Martin McGuinness27 Iomáint Átha CliathAinmEagarfhocalA chairde, Fáilte romhaibh isteach goheagrán seo na hirise, Iris Eoin, don bhliain2012. Tá súil againn, lucht eagarthóireachtana hirise, go mbainfidh sibhsult iontach mór as. Is iris í Iris Eoin abhaineann le scoláirí an Choláiste seo agusba mhaith linn cuireadh a thabhairt daoibhbhur dtuairimí a sheoladh chugainn i dtacale caighdeán na hirise. Ina theannta seo bamhaith linn cuireadh a thabhairt do dhaltaíailt a sholáthair don iris, go háirithe anbhliain seo chugainn.Tá súil againn go ndéanfaidh na daltaí agcuid féin den iris seo agus go mbeidhtuilleadh daltaí sásta scríobh dúinn an bhliainseo chugainn, ar ábhair ar bith a bhfuilspéis acu iontu. Táimid fíor-shásta guréirigh linn agallamh a dhéanamh le hiarscoláirede chuid an choláiste RuadhánMac Cormaic, atá anois ag obair don IrishTimes agus é ina chomhfhreagraí acu saFhrainc. Léiríonn Ruadhán an dul chuncinn is féidir a dhéanamh san iriseoireachtmá tá spéis agus cumas agat ann.Ar aon dul le seo, molaimid daoibh suntasa thabhairt do na hiarscoláirí eile a bhfuilag éirí chomh maith sin leo sa saol móranois. Ábhar mórtais dúinn ar fad sa scoilanseo iad na daoine seo a bhfuil a gclú is agcáil scaipthe i bhfad is a gcéin ó d’fhágsiad an coláiste. Tabhair faoi ndeara anoiread acu a bhfuil dul chun cinn déantaacu sna meáin éagsúla agus meabhraighduit féin alt a scríobh d’Iris Eoin an bhliainseo chugainn más spéis leat aithris a dhéanamhorthu amach anseo.Glacaimid buíochas ar leith leis anbhfoireann eagarthóireachta a bhí gafa leisan iris i mbliana. Le Conchúr de Paor,Caoimhín Ó Ciagáin agus go háirithe leDónal Ó Catháin, a ghlac ualach an-mhórair féin agus a rinne sár-obair go deo. Mílebuíochas leis an Máistir MacGabhann,murach a obair dhian ó thús na bliana níbheadh an iris ann.iriseoin2012@hotmail.comPost28 Ní Chanann Buachaillí; SpiesConor de PaorEagarthóir29 Jack Dempsey30 Focal ónár n-urraitheoirí31 Sár-Ghrianghrafadóireacht Spóirt32 Aimsigh Michael D.Dónal Ó Catháin Eagarthóir ++Caoimhín Ó Ciagáin EalaínTheo Mossop & Séamas Ó Riain?3

LaochraLuadramáinMícheál Ó CoileáinSarkozy ag caitheamh lenár gceannaire misniúil EndaFrazier AliDavid HayePobal na hÉigipteMuintir na hÉireannGeorge ClooneyCaptaen an Costa Concordia4

Cairde GaoilSteve BuscemiMacaulay CulkinDon KingJedwardRoberto ManciniGeorge Clooney5Le Caoimhín Ó Ciagáin

Éilliú i FIFA: Mohamed Bin HammamBaineadh stangadh as lucht léantaan tsacair ar fud na cruinne nuair afógraíodh go mbeadh craobhchluichí chorn an domhain sa spórtag titim amach i gCatar sa bhliain2022. Bhí an cinneadh seo- an corndomhanda a chur ar siúl sa tírbheag ,ach thar a bheith rachmasach- áiféiseach amach is amach i dtuairimchuid mhór de phobal nacruinne ar roinnt mhaith cúiseanna.Dar ndóigh tá meán teocht laethúilchomh hard sa tír go bhfuil baolmór de dhíhiodráitiú ann do napeileadóirí agus ní dócha go mbeidhan lucht tacaíochta ró-thógtha leisan teas millteanach seo ach oiread.Nuair a chuirtear san áireamh nachbhfuil cultúr peile láidir sa tír agus,níos tromchúisí fos, gó bhfuil caintmhór ann faoi dhearcadh chinnirí natíre i dtaca le cearta daonna bunúsachaan phobail, tá amhras ar roinntmaith faoi cé chomh hoiriúnach isatá an tír seo le comórtas mór idirnáisiúntaa reáchtáil.I 2011 cuireadh ar fionraí asFIFA é agus as an bpeil i gcoitinnear feadh a shaoil ar fad toisc gondearna sé iarracht breab de$40,000 a thabhairt do chúigear isfiche ball den CFU (CarribeanFootball Union) ar an gcoinníoll gogcaithfidís vóta ar a shon ionas godtóghfaí é mar uachtarán ar FIFA.De bharr na n-eachtraí seo briseadhbeirt a bhí ina mbaill de FIFA as abpoist san fhiosrú a rinne iriseoiríSasanacha agus chuaigh deichniúreile faoi fhiosrú freisin.Caitheann an eachtra seoamhras faoin gcinneadh chun ancorn domhanda a chur ar siúl i Cataragus faoi láthair tá fiosrúchán arsúil. Fuair ‘The Sunday Times’amach gur íoc Catar $1.5 milliún lebeirt a bhí mar bhall de choisteFIFA.Mario Balotelliagus a bhibIs fiú féachaint ar an bhfís seo deMhario Balotelli. Sa bhfís seo feictearMario agus é ag déanamh iarrachta biba chur air féin agus é ag iarradh é féina théamh suas roimh chluiche a imirt.Ní mór a mheabhrú duit féin godtuilleann an fear óg seo £100,000 inaghaidh na seachtaine.Mario Balotelli is a bhibAn FrogTá tuairim láidir i meascphobal na cruinne go bhfuil boladhna caimiléireachta le haithint ar angcinneadh seo agus meastar gocoitianta go bhfuil baint mhór agMohamed Bin Hamman leis anscéal seo! Hammam. (REUTERSphoto)Rugadh Mohamed Bin Hammanar an 8ú Bealtaine 1949 i Catar.Bhí sé ina riarthóir peile agusuachtarán ar chumann peile nahÁise ó 1 Lúnasa 2002 go dtí 14Meitheamh 2011. Chomh maith leseo bhí sé ina bhall de FIFA ó 1996go 2011.Rinneadh fiosrúcháin i dtacale vótáil ionadaithe Spáinn-Phortaingéil agus ionadaithe Catarmar fuair daoine amach go ndearnasiad babhtáil ar a gcuid vótaí. Agdeireadh an fhiosrúcháin d’fhógairFIFA nach raibh fianaise gur tharlasé seo ach dúirt uachtarán FIFASepp Blatter, tar éis an fhiosrúcháin,gur tharla. Ach fós níorgearradh pionós.Chuir na himeachtaí seo gomór isteach ar dea-chlú FIFA agusde bharr a rinne Bin Hammantugadh fionraí saoil dó ó pheil.Le Cian Ó Riain BroinPhléasc mo chroí,nuair a leag Henry,A lámh ar an liathróid,i gcoinne an dlíChaoch réiteoir a shúil,Is fuair said an cúl,Thierry an gadaí,Ag gáire go magúilNárbh é an caimiléir,A d’úsáid a mhéarD’imreodh sé peil GhaelachAnseo linn go léirVa va voom- a mhana!Ach níl sé chomh dánaLe lámh uasal DéDiego Maradona!Le Féilim Ó Brádaigh“Ní hé an fear a thuilleann is mó afhaigheann is mó”6

1.GAA23.Coill4.Spóirt Eile5.Éirimiúil6.Ceol “Indie”7.Comhairle na nDaltaí8.Céad Bliain9.Mata Fheidhmeach10.Díospoireacht GhearmáiniseDréimire Choláiste EoinDár ndóigh, in aon scoil ar bith, bíonn grúpaí agus cliceanna éagsúla.Níl aon rud mícheart le seo, tarlóidh sé de shíor go mbíonn dúil ag daoineáirithe i gcúrsaí difriúla. Ach taobh istigh de bhallaí na scoile tá pirimidcinnte ann. Gan amhras is iad bliain a 6 a rialaíonn an scoil, sa bhforhallacáiliúil. Ach tar éis é sin, sna blianta difriúla, tá rannóga áirithe i ngachceann díobh agus sílim gur féidir linn ar fad ionannú le Dréimire na Daltaíi gColáiste Eoin.1. I gColáiste Eoin, ag uimhir a haon gan stró, bíonn na daltaí a imríonniomáint nó peil. I saol idéalach, bheadh na daoine éirimiúla anseo,áfach ní mór dúinn bheith réadúil anseo; tá an stádas is mó ag an ‘Jock’.Dá mbeadh na cealtáin mór go leor, chuirfidís na daltaí Mata Feidhmíistigh iontu. Tá stádas faoi leith ag baint le camán a bheith á iompar agatagus tú ag dul isteach geataí na scoile agus ní bheadh an éifeacht chéannaann le liathróid chispheile sa lámh, nó raicéad badmantain.2. Faoi bhun na ndaltaí CLG, a luíonn na daoine a sheinneann ceoltraidisiúnta. Glactar leo, toisc go gcuireann siad leis an scoil agus is cosúilgo bhfuil meas ag daltaí orthu. Infheistíonn siad a gcuid ama san uirlisacu agus tá siad ina mbaill de Chomhaltas. Dár ndóigh ní chaillfimis anrang deireanach ar Aoine éigin gan cheolchoirm ó na daltaí seo.3. Ar chomhstádas leis na ceoltóirí traidisiúnta atá na daltaí a théannchun na coille. Nó taobh thiar de thigín Franko, más féidir. Ar shlí éigin tástádas ag baint leo, agus ní fhaigheann aon duine ina slí. Is daltaí iad nachgceistítear ró-mhinic. Seans maith nach léifidh siad an Iris ar aon nós.4. Ag uimhir a 4, ag dul síos an pirimid, tá na daoine sin a imríonnspórt éagsúil, leadóg, galf, sacar, lúthchleasaíocht. Chun cothrom naféinne a thabhairt tá meas faoi leith ar na spóirt sin. Ach faraor géar níl áitníos airde acu ar an bpirimid de bharr béim CLG sa scoil.5. In aice láimhe sin atá na daoine cliste. Is mór an díol trua é nachbhfuil stádas níos airde ag na daltaí éirimiúla sin. Ar a laghad tá a fhiosacu go mbeidh haon cheathrú den scoil fostaithe acu, sa todhchaí. Cinntego ndéanann na daltaí seo Ardleibhéal i ngach ábhar gan dua gandeacracht ach ní hé sin le rá go rachaidh siad níos airde sa phirimid.6. Ceol ‘Indie’. Ní ghlactar le ceol Indie i ndáiríre sa Choláiste , ‘ródhifriúil/aisteach is ea an tuairim choitianta. B’fhéidir i Mount Templeach ní Coláiste Eoin. Is mionlach ceart iad na daltaí seo, ach sin é an costasa íoctar chun bheith i d‘Indie’. Tá an ceol níos tábhachtaí ná d’áit sastructúr sóisialta.7. Comhairle na nDaltaí. Oibríonn siad ar son na scoile ach, i ndáiríreis beag an t-aitheantas a faigheann siad. Go háirithe san alt seo.8. Na Chéad Bhlianta. Ró-nua chun seasamh a thógáil i gcoinne aonbhliain eile. Ró-aineolach chun dul isteach sa leithreas ceart. Ró-bheagchun an cnaipe ar na tóasters a shroicheadh. Bhí gach duine againn ag anstaid seo uair amháin agus tá fhios ag cách nach bhfuil meas na scoilebainte amach acu. Ní hé go dtí an ceathrú bliain go bhfuilimid cairdiúilleo, agus muid ag bailiú airgid uathu gach dara seachtain. Mura bhfuildeartháir níos sine acu, níl aire na múinteoirí acu agus an t-ainm orthuuilig ná... ‘céad bliain’9. Ag teacht chuig an deireadh, tá na daltaí a fhreastalaíonn arranganna Mata Feidhmí. Ní aimsíonn siad mórán gréine de bharr anualach oibre a bhíonn rompu.10. Mar fhungais ar bhalla chinn na scoile atá an fhoireannGhearmáinise. Is aisteach an rud go bhfaigheann siad aitheantas fiú agpaidreacha na maidine.Dalta + Díospóireacht Ghearmáinise = caillteanas stádaisTá an seans i gcónaí ann go dtiocfaidh Réabhlóid sa scoil, go mbeidh naTrads nó na Indies nó fiú Comhairle na nDaltaí ag riaradh na scoile láamháin, ach beimid ag fanacht tamaill fhada go dtí an lá sin .Le Dónal Ó Bruadair9

Nach aoibheann an rud é an saol,agus nach orgánaigh iontachadochreidte iad daoine. Tá ár réimseinniúlachtaí gan teorann. Má dhéanaimidár ndícheall níl aon ruddodhéanta dúinn, ach amháin nithe athagann salach ar dhlíthe fisice.Agus tá dlíthe na fisice á gceistiú nalaethanta seo fiú de bharr turgnamhneoidríonónna. Níl mórán rudaídubh agus bán sa saol seo, tá neartliath sa domhan. Dar le BenjaminFranklin níl aon rud cinnte sa saolseachas an bás agus cánacha. Cábhfuil an fhírinne sa lá atá inniuann? Is annamh a bhíonn an fhírinnesimplí. An bhfuil a leithéid ann fiú?Ní mór bheith ag síorcheistiú.Níor chóir glacadh le focal an tromlaighgan smaoineamh. Cén fáth abhfuil rudaí á rá ag daoine? Tarlaíonngach gníomh ar chúis. Déananndaoine beart toisc go spreagannfórsa éigin laistigh dóibh iad,chun an rud sin a chur i gcrích. Táan saol ag brath go hiomlán ar andearcadh. Ní hionann réaltach beirte.Déanaimid ár gcuid féin den mhéidata os ár gcomhair. Tá taithí difriúlaag gach éinne chomh maith, agus is ían chúis a bhfuilimid uilig éagsúilóna chéile.Cumas as CuimseIs beag duine nach bhfuilfhios aige cad ar gá dó / di a dhéanamhchun a spriocanna a bhaintamach. Ba cheart bheith i mbunaclaíochta ar feadh tréimhse chuilelá, ba cheart go n-íosfaí bia folláin,ba cheart go bhfaighfí dóthain codlata,ba cheart go mbeifí ag foghlaimis ag staidéar is ag obair. Tá an méidseo soiléir, ach cén fáth nach n-éiríonn ach le mionlach nahaidhmeanna seo a bhaint amach.Dar liom, tarlaíonn sé de bharrleisciúlachta agus easpa iarrachta.Roghnaítear pléisiúr gearrthéarmachthar mhaitheas fadtéarmach.Glactar an cinneadh éasca.Mura gcruthaítear nósannamaithe go comhfhiosach cruthaíteardroch-nósanna go fochomhfhiosach.Ní chomhlíonanndaoine a gcumas de bharr na nitheseo.Ar ndóigh tá lán-chead agdaoine a rogha rud a dhéanamh, afhaid is nach gcuireann sé isteach arshaoirse éinne eile. Ní chreidim gobhfuil an té ann áfach, nár mhaithleis barr a chumais a shroicheadh.Ach is fíor-bheagán atá spreagthachun an méid seo a dhéanamh.Tá cúpla ní ata riachtanachchun saol iomlán sona a chaitheamhdar liom. Caithfidh grá bheith lárnach,is ar scáth a chéile amhairimid. Ní mór go mbeadhfeidhm ag an duine, go bhfuilcuspóir aige le comhlíonadh. Caithfidhan duine dúshláin a shárú, foghlaimóna chuid botún, éirí níosfearr chuile la. Cúnamh a thabhairtdóibh siúd a bhfuil cabhair de dhíthorthu. Má chaitear saol mar seo, níbheidh leadrán ann riamh.Dá léireofaí níos lú féinghrá,agus dá dtabharfaimis níos mógrá dár gcomharsana, dá mbeimisníos déine orainn féin agus níosflaithiúla le daoine eile, mhéadódhár gcaighdeán maireachtála as cuimse.Ta an cumas ionainn ar fad, nílann ach an gníomh a chur i gcrích.Agus níl neart ag éinne air sin achamháin an duine féin.Lethal WeaponA pile of books; containingliterature, history, politics andwriting,Detested by some, worshippedby others,They are the next best weaponsin fightingAll the information and all theknowledge,Opens a window of opportunity,And from the common diseaseof laziness,Gifts us a valuable immunityThe ability to think, talk andexpress,Leads to the ability to win,And books are what inspire us,To pull this ability from withinTheir pages lined with facts andfigures,Illustrious pages full of ink,Wars are not won through thebarrel of a gun,But by knowledgeable menwho can think.Le Féilim Ó BrádaighLe Dónal Ó Catháin“Is leor nod don eolach”10

Ceol a MholaimidThe NationalHigh VioletInterpolTurn On The Bright LightsM83Hurry Up We’re DreamingNirvanaNevermindIs é seo an cúigiú albam dechuid The National.Tháinig sé amach sa bhliain2010. Cúigear fear Meiriceánachaatá sa ghrúpa,dhá phéire deartháireachasan áireamh. Tá a cheol éagsúilagus suntasach sna laethantaseo, faraor níl anméid seo fíor faoi cheol anlae inniu i gcoitinne.Éist le: Bloodbuzz Ohio,Terrible Love, Afraid ofEveryoneMá thaitníonn The Nationalleat gach seans go mbainfidhtú sult as cluas éisteachta athabhairt don bhanna seo. Is éseo a chéad albam a tháinigamach deich mbliain ó shin,agus dar na léirmheastóirí bhísé ar cheann de na halbaim isfearr de na 00’idí. Ceol arleith.Éist le: Untitled, Obstacle 1,Stella Was a Diver and SheWas Always Down on MeBanna Francach leictreachden scoth atá anseo. Táimcinnte go dtaitneoidh na fuaimeannasíciodeileacha áillelibh.Éist le: Midnight City,S p r e a g N i r v a n a a nghluaiseacht Grunge agusrinne sé athbheochan ar angceol miotal.Teicnící ceoil a mbaintearúsáid astu san albam seo nácurfánna éadroma agusathruithe tobanna chuigvéarsaí láidre. Shroich SmellsLike Teen Spirit ar éirigh leisbarr na gcairteanna a shroich e a d h i ’ 9 2 .Éist le: Come As You Are,Lithium agus On a PlainTool10,000 DaysThe StrokesAnglesElbowSeldom Seen KidSigur RósTakk...Bheifeá i do ‚tool‛ mura n-éistfeá leo. Is ceol sáchcoimpléascach é, le hamhráinfhada athraitheacha. Caithfearseans a thabhairt dóibh; níthaitníonn siad le gach duinean chéad uair a chloistear iad!Éist le: Vicarious, 10,000Days, The PotCúig bliana i ndiaidh a n-albaimdheireanaigh a chuir díomá arlucht ceoil go ginearálta, tá saotharnua curtha ar fáil ag JulianC a s a b l a n c a s a g u s achomhghleacaithe don domhan.Tá sé éagsúil ar fad agus táimcinnte go mbainfear sult as ligeando raon na bhfuaimeannadul i bhfeidhm ort.Éist le: Under Cover of Darkness,Games, Machu Picchu,Life Is Simple in the MoonlightCeol álainn séimh is ea an stílatá ag Guy Garvey agus achairde ó Bhury. Bíonn sémall ach cumhachtach.Bhuaigh an t-albamseo an Duais Ceoil Mearcairsa bhliain 2008 a léiríonn angradam atá bainte amach agan albam. Rachaidh naséiseanna binne go mór igcion ort.Éist le: One Day Like This,Grounds For Divorce, Weatherto FlyTagann an grúpa seo ónÍoslainn, agus in ainneoin nachféidir liom focal a thuiscint inagcuid amhrán– ní hamháin gogcanann siad as Íoslainnis, tá adteanga féin cumtha acu– tá séar an gceol ar bhain mé anméid is mó brí as ar éist mé leisriamh.Tá réimse fíor-leathanmothúchán le haithint ina cheolagus tá sé thar bheith binn ar angcluas.Éist le: Hoppípolla, Glósoli,Saeglópur11

Staid Cheoil sa Lá atá inniu annThe Bonny MenLeis an bhforbairt dhochreidte atátagtha ar chúrsaí teicneolaíochta leblianta beaga anuas, tá ceol ar fáilníos forleithne ná mar a bhí ariamh.Is beag duine nach bhfuil iPod nógléas ceoil éigin acu, agus an seinnteoirs’acu chomh bídeach go luíonnsé ina bpócaí go smior amhlaidh isnach bhfuil aon ní ann. Is fada ó bhíodhghetto blasters móra á n-iompartimpeall na háite. Anois is féidir le20,000 amhrán bheith agat i do lámhgan stró, buíochas le feabhas archuimhne na ngaireas seo. Ní gádlúthdioscaí a cheannach na laethantaseo fiú, tá catalóg cheoil ollmhórar líne. Cén fáth a rachfaí chun antsiopa nuair atá an t-albam atá dedhíth ort ar fáil ar do ríomhaire archostas níos saoire den chuid is mó?Sin gan tracht ar an méid ollmhóríoslódálacha mídhleathacha a bhíonnar súil ina mbíonn an ceol gan chostasar bith.De bharr na ngluaiseannaseo uile, tá an rochtain is fearr archeol i láthair na huaire is a bhí óthús ama. Rud maith atá anseoshílfeá. Ach nuair a smaoiníonn tú arna billiúin amhrán a fhaightearchuile bhliain, cé mhéad acu ar féidir‘ceol’ a ghlaoch orthu go dáirire.Fíor-bheagán i mo thuairimse faraor.Agus an soláthar ceoil ag méadú ascuimse measaim go bhfuil ancaighdeán ag ísliú ag an ráta céanna.Aithníonn comhlachtaí ceoil antionscal ollmhór atá ann agus déanannsiad a seacht ndícheall bunmór a ghlacadh ann. Fir agus mnághnó atá iontu, agus sin an post atáacu. Díolann siad a dtáirge, ceol, leisan margadh. Déanann siad ceol adhíolfar, ní dhéanann siad ceol abhfuil caighdeán ann. Is í seo anfhadhb dar liom, go minic ní hionannan dá rud. Is tabhachtaí airgeaddóibh ná ceol a bhfuil maitheas agbaint leis.D’fhéadfaí a rá gur dhearcadhsoiniciúil ata anseo, agusd’aontóinn go pointe. Ach déanfaidhmé mo chás a chur os bhur gcomhairchomh maith is gur féidir liom. Tafoirmle ann d’amhrán a mbeidh méidmór díolachán aige na laehanta seo,ní mór go mbeadh sé faoi dhul goclub, nó faoi bheith i gclub nó faoibheith ag filleadh ón gclub. Is cumafaoi fhriotal an amhráin, a fhaid is adhéantar dóthain tagairtí don chlub,grá agus cailíní. Ó thobh an cheoil,ní mór ach go mbeadh go leor fuaimeannaleictreacha agus séis ar feidircuimhniú uirthi réasúnta éasca. Tráthdá raibh chanfaí amhrán chunmothúcháin a chur trasna i meándeisbhéalach, nó chun rud éigin tairbheacha rá. An príomh-mhothúchána bhraithim in amhráin nuaaimsearthaná cíocras chun airgid. Táeaspa iomlán brí in amhráin sa lá atainniu ann, atá truamhéalach i mothuairim. Má fhéachtar ar liricí na n-amhrán a bhfuil mé ag labhairt futhutá an dealramh orthu gur chum páisteocht mbliana d’aois iad. An t-amhrasatá agam ná go mbeidh aosóg andomhain ag éisteacht leis an truflaisseo agus iad ag ceapadh go bhfuilábhar na n-amhrán seo doimhin, agusgo mbeidh siad aineolach ar naleibhéil níos cuimsithí machnaimh aspreagann amhráin mhaithe.Ní chiallaíonn seo nachféidir le ceoltóirí maithe bheithráthúil, roinnt ceoltóirí a bhfuilmórán airgid faighte acu, atá tuillte,ná The Killers, Eminem agus U2. Anteachtaireacht atá á tabhairt agam isdócha, ná gur mhaith liom gó gcumfadhceoltóirí amhráin a bheadh gomaith mar cheol, seachas bheith agiarraidh dul i dtír ar chailíní óga nachbhfuil tuiscint níos fearr acu. Mádhéantar seo níl aon chúis nachbhfaighidís an t-airgead atá ag duldóibh ar aon chaoi. Ach déarfainn igcás na n-ealaíontóirí ceoil is fearrnach é an rachmas a bhíonn ángríosadh ach an ceol ina gcroíthe, fémar ba chóir dó a bheith.Le Dónal Ó Catháin12Tháinig an banna ceoil traidisiúnta seole chéile go luath sa bhliain 2011, leceathrar dár n-iarscoláirí chun tosaighgo mór sa togra. Ó shin i leith tá TheBonny Men i ndiaidh dul chun cinnsuntasach a dhéanamh agus tá siad gomór i mbéal an phobail cheoil sa tír faoiláthair. Dar lena lán, ní raibh grúpaceoil chomh fuinniúil bríomhair lecloisteáil sa tír ó laethanta The BothyBand roinnt mhaith blianta ó shin. Ardmholadhgo deo! Beidh siad ag dul archamchuairt timpeall na hEorpa goluath agus le cloisteáil is le feiceáil inÉirinn arís sa samhradh.Splanc!Is fiú go mór éisteacht leis an gclár raidió‘Splanc’ a chraoltar ar Newstalk chuileAoine idir a naoi agus a haon déagistoíche. S’é Rónán Ó Muirthile, nóiarscoláire eile de chuid an choláiste, TristanRosenstock, a chuireann an clár fíorspéisiúilseo i láthair. Déantar plécuimsitheach, suimiúil ar an gclár archúrsaí an tsaoil i gcoitinne, cúrsaí reatha,cúrsaí spóirt is go deimhin cúrsaí ceoil isealaíne. Bíonn Iarscoláirí eile ar nós MarcusÓ Buachalla is Dónal Ó Donnabháinle cloisteáil go rialta ar an seó chomhmaith. Togha na Gaeilge, scoth na cainteagus an greann chun cinn go mór sa chlárseo. Éist leis!Le Fionn Mac Cumhaill

Rupert Murdoch agus an Scannal BradaíleRugadh Keith Rupert Murdoch aran 11ú Márta 1931 i Melbourne sanAstráil. Bhunaigh sé News Corporationatá anois mar an darailchuideachta meán is mó ardomhan. Tá sé ina phríomhfheidhmeannachagus ina chathaoirleachar an gcomhlacht. Dar leis anirisleabhar ‘Time 100’ is é an 13úduine is cumhachtaí ar domhan é leluach 7.6 billiún dollar de mhaoinaige.Tháinig ainm Murdoch chuncinn le déanaí toisc gur cuireadh inaleith go raibh nuachtáin a bhain leNews Corporation ag cúléisteacht leglórphoist daoine cáiliúla chun eolasa bhailiú maidir leis na daoine seochun é a chur sna nuachtáin. Is éardatá i gceist le seo ná go ndearna iriseoiríbradaíl ar ghlórphost daoined’fhonn éisteacht leo. Baineann anscannal seo le nuachtáin News Intenational,fochuideachta de chuidNews Corporation. Is le News InternationalThe Sun, The News of theWorld, The Times, agus The SundayTimes i Sasana. Mar thoradh ar anscannal seo dúnadh The News of theWorld de bharr an líon cásanna debhradaíl a cuireadh ina leith. Sulardúnadh é bé an nuachtáin ba mhódíolacháin sa Bhreatain é le thart fá7 milliún duine á léamh chuilesheachtain.Cén chaoi a ndearnadh an bhradaíl?Tá iliomad slite inar féidir bradaíl adhéanamh. Ar cheann de na slite iscoitianta chun é seo a dhéanamh nágo gcuirtear an bog-earra ‘Flexi-Spy’ ar an bhfón agus fanann sé anni ngan fhios a d’úinéir an ghutháin.An rud a dhéanann sé seo ná go n-aistríonn sé cóip de theachtaireachtaítaifeadta agus glórphoist chuigsuíomh idirlín, áit a n-éisteann an t-iriseoir leo. An rud faoin mbog-earraseo ná gur féidir é a íoslódáil ónidirlíon nó ar ‘Bluetooth’ gan cheada lorg ó úinéir an fhóin – Ní bheidh afhios ag an úinéir gur íoslódáileadh ériamh nó go bhfuil sé ann, agus is ésin an rud scanrúil faoi – D’fhéadfadhan bog-earra seo a bheith arfhóin éinne agus iad dall go hiomlánar an bhfírinne seo!Tá bog-earra freisin ar a dtugtar‘Blach-hat.com’ a dhéanannbriseadh síos ar theachtaireachtaífóin a sheoltar ar do líonra. An rudleis an mbog-earra seo ná gur féidiréisteacht le teachtaireachtaí éinnegan fiú rochtain fisiciúil ar an bhfóna bheith agat!Céard a tharla?In Iúil 2009 , tháinig sé chun solaisgo ndearnadh bradaíl ar ghutháindaoine cáiliúla ag an ‘News of theWorld’ ó 2003-2007 nuair a bhíAndy Coulson mar eagarthóir ar annuachtán. Bhí úinéirí an nuachtáintar éis milliún punt a dháileadhamach mar chúiteamh ar na daoine andearnadh bradaíl orthu cheana féin.D’admhaigh Coulson go ndearnadhcleachtais nár chóir fad is a bhí sémar eagarthóír ach mháigh sé nachraibh a fhios aige go raibh an bhradaílseo ar siúl.Ach i Méan Fómhair 2009 d’fhoilsigh‘The New York Times’ altfada ag rá go raibh a fhios ag Coulsongo raibh an bhradaíl ar bun aigeagus é mar eagarthóir ‘The News ofthe World,’ agus chuir Teachta DálaSasanacha ceist ar an bhforas13caighdéan pairliminte fiosrúcháinnua a oscailt chun an fhírinne a aimsiú.D’oscail ‘Scotland Yard’fiosrúchán póilíní agus ó shin tá sétar éis teacht chun solais go rinnebradaíl ar na mílte daoine cáiliúlathar na blianta agus go ndéanadh goforleathan é le lán fhios na neagarthóirí.Tá na milliúin punt íoctha agNews Corporation mar chúiteamh dodhaoine a dhearnadh bradaíl orthuagus tá níós mó cásanna ag teachtchun na cúirte gach lá.Cé a ndearnadh bradaíl orthu?Tá lear mór daoine tar éis a rá gondearnadh bradaíl orthu. Samplaí dena daoine a dúirt go ndearnadhbradaíl ar a gcuid fón ná; RyanGiggs, Andy Gray, Boris Johnson,Chris Tarrant, Gordon Taylor, PrionsaíAnraí agus Liam, SteveCoogan, Wayne Rooney, AlastairCampbell agus na céadta eile. Bhíscéalta ann freisin go ndearnadhcúléisteacht ar íobartaigh 9/11 i Meiriceáagus Phríomhaire Shasana fiú.Tháinig sé chun solais le déanaígo ndearna ‘NOTW’ bradaíl arghuthán cailín óig trí bliana déagd’aois darbh ainm ‘Milly Dowler’ arfuadaíodh í agus í ag teacht abhaileón scoil. Maraíodh níós déanaí í. InIúil 2011 d’fhógair ‘Scotland Yard’go ndearnadh bradaíl ar ghlórphost‘Milly Dowler’ agus í fós ar iarradh.D’fhógair said freisin gurb iad iriseoirí‘NOTW’ faoi stiúir Glenn Mulcairea rinne an bhradaíl. Dúírt saidgur bhain na hiriseoirí seo cuid de naglórphoist a bhí ar an nguthán chunspás a chur ar fáil chun éisteacht leníos mó glórphost. Chuir sé seoclann Mhilly ar mhíthreoir toisc gurcheap said go raibh Milly fós beo

Cosaint Sonraí GoogleMillie Dowlertoisc go raibh cúpla glórphostimithe.Tá sé soiléir go ndearnadhbradaíl go forleathan snanuachtáin agus go ndúradh le nahiriseoirí é a dhéanamh. Is rudfíor mhí-mhórálach agus mídhleathúilé agus tá na céadtacásanna tagtha chun na cúirtecheana féin agus na milliúin puntdáilte mar chúiteamh cheana féin– agus tá sé deacair a shamhlúcathain a chríochnóidh sé.Mar a luaigh mé níos luaithe,tá fiosrúcháin ar siúl agpairlimint Shasana sa scannal seo,atá ar siúl faoi láthair. Tugtar an‘Leveson Inquiry’ ar anbhfiosrúchán agus is iad feisirí napairliminte atá i ndiaidh teacht armhór chuid an eolais i dtaca leisan bhfiosrúchán. Tá an-chuid daoinecáiliúla ag teacht chun nacúirte chun fianaise a thabhairtmaidir le míchleachtaisí na meán.Is suntasach an ní é gur vótáilpobal na hÉireann i gcoinne anchumhacht seo a thabhairt d’fheisirína dála sa Reifreann a bhíagainn le déanaí. D’fhéadfadh an t-athrú seo sa bhunreacht airgead ashábháil agus an chuid maitheasaa dhéanamh agus caithimid marnáisiún machnamh a dhéanamh arcén fáth gur dhiúltaíomar an t-athrú seo a chur i bhfeidhm. Anndearnadh bradaíl in Éirinn freisin?Le Fionn Ó Riain BroinPolasaí príobháideachais Google.Gach seans go bhfaca tú na fógraíagus tú ar Youtube nó Gmail agusgach seans go bhfuil tú tar éisneamhaird a dhéanamh orthu mar adhéanfainn féin de ghnáth. Nób’fhéidir go bhfuil tú mar chuid denmhionlach neirdiúil atá tar éis é ainiúchadh agus brí éigin a bhaint as.Bhuel, caithfidh mé a admháil gobhfuil mé féin mar chuid denmhionlach neirdiúil sin. Céard fútsa?An dtuigeann tusa an polasaí nuaseo? An fíor an méid atá á rá ag nacomhlachtaí móra – s’é sin go bhfuilbrabús níos tábhachtaí do Google nápríobháideachas a n-úsáideoirí?Do bharúil? Is féidir leat an polasaíi o m l á n a f h é i c e á i l a rwww.google.com/policies/privacy/agus do chinneadh féin a dhéanamh.Ní gá a bheith i do shaineolaí chun éa thuiscint, ach is ceart machnamh adhéanamh ar an tionchar a bheidhaige ar an ngnáthduine, ar angnáthmhac léinn.Ó tháinig an polasaí i bhfeidhm ledéanaí, is é an phríomhathrú atá igceist ná go bhfuil Google tar éisfáil réidh le thart ar 70 polasaí abhaineann lena tháirgí agus lenasheirbhisí éagsúla. In áit nabpolasaithe seo tá polasaí amháincurtha i bhfeidhm chun na táirgíagus na seirbhisí sin ar fad achlúdach. Tháinig an t-athrú seo ibhfeidhm ar an 1 Márta ach tárialtais na hEorpa agus Mheiricéafós buartha faoi agus tá siad fós agiarraidh go ndéanfar taighde breisear na himpleachtaí a bhaineann leis.Ceann de na grúpaí atá buartha faoina himpleachtaí na Grúpa OibreAirteagail 29. Sheol siadsan litirchuig Larry Page, príomhoifigeachfeidhmiúcháin Google, ag impí arGoogle gan an polasaí a chur ibhfeidhm go fóill. DhiúltaighGoogle agus tá siad anois tar éislitreacha a fháil ó choimisiúnnáisiúnta na Fraince agus ó Ard-Aighní 36 stát i Meiricéa.Deir an polasaí féin go mbainfearúsáid as modhanna éagsúla chuneolas a bhailiú ar úsáid sheirbhisíGoogle ar an idirlíon. I measc rudaíeile tá siad chun eolas a bhailiúmaidir le cén brabhsálaí a úsáideannan gnáthduine chomh maith leis nasuíomhanna a bhfreastlaíonn anduine sin orthu.Sé an argóint atá ag Google ná gobhfuil siad chun eolas ó sheirbhísamháin ar nós Gmail a úsáid chunseirbhís eile ar nós inneall cuardaighGoogle a fheabhsú don úsáideoir. Sésin fógraí agus torthaí níos oiriúnaí athaispeáint don úsáideoir. Ach iscúis imní é seo do go leor daoine. Tásiadsan buartha go bhfuil an iomarcaeolais phearsanta á bhailiú agus gurbí an aidhm atá ag Google ná é adhíol chun cur lena bhrábús féin.Tá an fhadhb seo pléite sa pholasaíagus tá sé sóiléir nach bhfuil Googlechun eolas pearsanta éinne a roinntach amháin i gcás eisceachtúil.Roinnfí é chun fadhb slándála nófadhb theicniúil a sheachaint nó aréiteach nó dá mbeadh cás dlí igceist.Tá bealaí tugtha ag Google donúsáideoir chun an méid eolais achóimeádtar air a laghdú. Is féidir leduine ar bith na treoracha seo afheiceáil ar leathanaigh an pholasaí.De réir mo thuisceana féin ar anbpolasaí níl aon rud ann lena bheithbuartha faoi. Beidh a lán eolaisphearsanta ag Google fút, ach cad isféidir leo a déanamh leis? Googleféin a bheadh thíos leis dá bhfaighfíamach go raibh sonraí pearsanta a n-úsáideoirí á ndíol acu.Le Daire Ó Muirgheasa14

Éachtaí ár n-IarscoláiríJohn MullhollandSeosamh Mac SuibhneDan O’BrienI mí na Nollag, 2007, roghnaíodh John Tá an fear seo ar dhuine de na lúthchleasaitheis fearr sa tír. D’éirigh leis an cú-ina eagarthóir ar an nuachtán, The Observer.D’fhreastail sé ar DCU agus an igiú áit a bhaint amach i gcraobhchomórtastrastíre na hEorpa i mí na Nollag. Tácoláiste díreach tar éis oscailt den chéaduair. Níl aon cheist ach gur iriseoir den súil aige páirt a ghlacadh sa mharatón snachéad scoth é. Go n-éirí leis sa todhchaí! Cluichí Oilimpeacha. Go n-éirí an bótharleis!Cloistear an-chuid ón bhfear seo sa lá atáinniu ann. Is eacnamaí é a bhfuil clú aguscáil bainte amach aige ina phost agus atáina eagarthóir eacnamaíochta don IrishTimes.Fiach Mac ConghailDaithí Ó hEithirNiall O FarrellTá Fiach ina stiúrthóir ar Amharclann naMainistreach. Chomh maith le sin ceapadhina sheanadóir é i mí Bhealtaine2011 agus tá sé ina ionadaí neamhspleáchann. Bhí sé le feiceáil sascoil le linn chuairt an uachtaráin i mbliana.Is imreoir leadóige den chéad scoth é Daithíagus de thoradh a chuid tallainne bhainsé scoláireacht amach le freastal ar OllscoilMemphis i Tennessee, Stáit AontaitheMheiriceá. Táimid ag súil gobhfeicfimid é ag dul in iomaíocht le Nadalgo luath.Tá Niall ar cheann de na fiontraithe israthúla in Éirinn. Bhunaigh sé a ghnóféin i 1985, ‚Blacktie‛ agus tá ag eirí gosár-mhaith leis. Is féidir Niall a fheiceáilagus é ina dhragan ar an gclár teilifíse,‚Dragon’s Den‛.Cormac BreatnachTá Cormac Breatnach, a d’fhreastail arCholáiste Eoin, i ndiaidh dhlúthdhiosca dáchuid ceoil a sheoladh ar na mallaibh. ‘Éalú’,an tainm atá air agus tá meascán suimiúil dechineálacha éagsúla ceoil le haithint ar an albam.Ina measc tá ceol traidisiúnta nahÉireann, ceol thír na mBascach agusan snagcheol. Is fiú go mór éisteachtleis an albam má fhaigheann tú an deis.Le Conor de Paor15

D’fhágamar an scoil ag meán lae arbhus a bhí á thiomáint ag Ciarán antiománaí. Ghabh Ciarán leithscéallinn toisc nach raibh an teilifís agoibriú ar an mbus agus nach bhféadfaimisféachaint ar fhíseáin i rith anturais a ghlacfadh sé huaire. Ina áitsin chuir sé leabhair spóirt ar fáildúinn, leabhair le Paudí Ó Sé, MickeyHarte agus a leithéid aguschoinnigh sé seo ciúin sinn ar feadhtamaill.Tubaiste a bhí sa chéad bhriseadh aghlacamar ar an turas os rud é nachraibh dóthain bia sa bhialann chunsinn a shásamh. B’éigean dúinn dábhrí sin stopadh arís go luath inadhiaidh sin agus bheartaíomar dá réirsin nach stopfaimis go dtí go mbainfimisan Daingean amach.Chuir an Máistir Ó Cuirrín fáiltemhór romhainn nuair a bhaineamarár lóistín amach. ‘’Barr na Sráide’’ atainm a bhí ar an óstán agus fearadhfíorchaoin fáilte romhainn. Roinneamarna seomraí eadrainn agus bhían t-ádh nó mí-ádh ar Dháithí ÓChathmhaoil agus Cónall Ó Néill,seomraí a fháil dóibh féin. Níorfhanamar i bhfad sna seomraí agusní fada go rabhamar amuigh ar anbpáirc imeartha sa Daingean lenárgcosa a shíneadh agus tabhairt faointraenáil. Iarscoláire de chuidCholáiste Eoin, atá ina chónaí anoissa Daingean agus a dhéanann traenáilar fhoirne an bhaile, Pádraic ÓCorcoráin, a ghlac an traenáil. Faoishoilse, agus báisteach fíor-throm agtitim, seisiún fíor chrua a bhí ann.Bhaineamar sult agus tairbhe as anseisiún traenála agus ina dhiaidh,mar chomhartha buíochais, bhronnamargeansaí scoile le huimhir a tríair ar Phádraig. Bhí díomá ar ár lán–chúlaí Luc Ó Treasaigh faoi seo, achmhaolaigh an díomá sin nuair ad’fhógair Pádraig Ó Corcoráin goraibh sé chun an geansaí sin a chrochadhina theach tábhairne sa Daingeanin éineacht le geansaithe eile abhain le himreoirí cáiliúla as anDaingean agus foireann Chiarraí.Chaitheamar béile an oíche sin idteach tábhairne sa bhaile, áit arbhuaileamar leis an Máistir Máirtínagus an Rúnaí Siobhán.Turas chun an DainginAn mhaidin dár gcionn d’éiríomargo luath agus cuireadh bricfeastabreá mór ar fail dúinn. Bhíomar uilesásta le seo ós rud é gur thuigeamargo raibh lá mór romhainn. An mhaidinsin d’imríomar in éadan‘Pobalscoil an Daingin’ foireann abhí ag súil le cruthú go maith igcomórtas na Mumhan i mbliana.Bhí cóir na gaoithe láidre linn sachéad leath agus d’éirigh linn leas abhaint as. Cé nach raibh muid achcúig chúilín chun tosaigh ag leathama, chuireamar tús breá leis an daraleath. Cé gur chailleamar Daire ÓMeachair agus Roibeaird MacDáibhéid de bharr ghortaithe,d’éirigh le Daithí Ó Cathmhaoil agusCónall Ó Néill cúil a aimsiú agusd’aimsigh Fionnán Motherway cúilínbreá. Cosaint ar fad a bhí i gceistsa cheathrú deireanach den chluiche,ach le Colm Ó Fainín agus Seán ÓCaomhánaigh ag cur smachta ar a n-imreoirí gasta, Emmett Ó Dochartaighag troid…don liathróid agusLúc Ó Ceallaigh a rinne cúplasábháil do-chreidte d’éirigh linn anbua a bhreith linn 2-7 i gcoinne 0-9.Chuamar ansin go bialann bheag áita bhfuaireamar greim le n-ithe agusgo luath ina dhiaidh seo chuamarchuig Óstán na Sceilge áit a raibh anlinn snámha curtha in áirithe dúinn.Bhaineamar sult agus tairbhe as seoagus as an Jacuzzi agus seomra gailea bhí ar fáil. Ina dhiaidh seo chuaighan fhoireann ar fad chuid ionadeachtraíochta, áit a raibh balla dreapadóireachta.B’iad Seán agus Dara ÓCaomhánaigh an bheirt ab fhearr athug faoi na dúshláin anseo achd’éirigh go maith le Dónal Ó Gormlaigh,Oisín Breathanach agus CathalÓ Dúlacháin chomh maith. I ndiaidhbéile iontach mór a ithe sa bhailed’fhilleamar ar an óstán áit ar thugiar-chaptaen Chiarraí Daire Ó Cinnéideléacht dúinn. Labhair sé linnfaoina thaithí sa spórt ó bhí sé inaghasúr óg go dtí gur chroch sé SAMin airde i bPáirc an Chrócaigh.Chuaigh sé i gcion go mór orainnagus go háirithe an Ghaeilge bhreá abhí aige. An moladh is mó a bhí aigedúinn ná go gcaithfeadh gach aoinnea bheith dírithe ar an duais chomónta.16An oíche sin, i ndiaidh do Chillian ÓFearghaíl cúpla geall a chailleadh lePaddy Power, thosaigh an fhoireannar fad comórtas FIFA dúbailte ag a11:00 istoíche. Cé go mba iadRoibéard Mac Dáibhéad agus ConallSeoige rogha na coitiantachta, b’iadDaithí Mac Mathúna agus Art ÓChonchubhair an bheirt a raibh anbua acu sa deireadh ag a 2 a chlog.D’fhoghlaim Roibeárd céard a bhí igceist le ‘’Cúl na bhFrancach’’ abhuí le Cathal Ó Giolláin agus achuid scileanna FIFA.An mhaidin dár gcionn d’fhágamarslán le bean an tí, a bhí iontach fiallinn, agus go luath ina dhiaidh sinbhí an Máistir Mac Muiris ag curfáilte romhainn i dTrá Lí. D’fhan séar an taobhlíne don chluiche igcoinne Thrá Lí ach ba léir go raibhan-áthas ar Chillian Ó Fearghailagus Mhaitiú é a fheiceáil arís!Níor éirigh linn an cluiche seo abhuachan, faraor, cé go raibhtaispeántais mhaithe ó Ruairí ÓMeachair, Maitias, ár gcaptaen,Oisín Breathanach, Cillian agusDáthí Mac Mathúna! Ach uaireantais féidir i bhfad níos mó a fhoghlaimi ndiaidh duit cailleadh ná mar adhéanann ó bhua.I ndiaidh an chluiche seo agus béilebreá mór uile d’fhágamar slán leisan Máistir Mac Muiris agus anMáistir Ó Cuirrín agus d’fhilleamarar Bhaile Átha Cliath.Ba mhaith le painéal iomlán nafoirne buíochas ó chroí leis anMáistir Mac Donnchadha agus anMáistir Ó Cuirrín agus le gachaoinne a chabhraigh leis an turas seoa eagrú ar ár son.Le Lorcán Ó Maoileannaigh

Cosc ar an Lucht SiúilIs cuma cén nóiméad den lá nó denoíche atá ann i mBaile Átha Cliath:bíonn siúlóirí agus reathaithescaipthe ar fud na cathrach, is é sinle rá lucht siúil na haclaíochta. Gachsráid, gach lána, gach bóithrín bídeach—níféidir éalú ón radharc sinde shráideoireacht agus debhogshodar. Cheapfá gur sár-rud éseo, daoine spreagtha chun a bheithníos aclaí agus níos sláintiúla. Ach isoth liom a rá gur dearg an t-éitheaché. Tá sé tagtha ar m’aire le déanaí gobhfuil siúlóirí agus reathaithe nacathrach imithe chun drabhláis. Ismallaithe an dream iad amach isamach, dar liom.Ní hé gur drochdhaoine iad óbhreith nó ó dhúchas ach tá sé deacaircur suas leis an gcaoi a n-iompraíonn cuid díobh iad féin ar angcosán poiblí. Bíonn an chuid is móde shiúlóirí ag luascadh na lámh arfud na háite ar nós n’fheadar éinneag lorg airde. Déanann siad áit bhaolachden chosán do shibhialtaighshoineanta agus tá sé foghlamthaagam gur cheart bogadh chomhtapaidh in Éirinn agus is féidir nuairatá siúlóir nó reathaí ag teacht i mothreo toisc nach stopann siad d’éinneagus go leagfaidís tú in iompaí naboise dá dtabharfaí an deis dóibh.Ábhar mistéire eile domsa gopearsanta ná feisteas na siúlóirí agusna reathaithe damanta seo. An bhfuilsprioc nó staitéis éigin ann nuair abheartaíonn duine, mar shampla, dulamach i gcoim na hoíche, an t-aerchomh dubh le pic, agus péire Ray-Ban á chaitheamh aige/aici? Ní fios.Níos seafóidí fós atá na maidí sciálaatá ag éirí níos faiseanta i meascsiúlóirí na príomhchathrach. Tá séfeicthe agam ar a laghad ceithrehuaire le bliain anuas: duine nó beirtag siúl síos an cosán le maide breásciála ins an dá lámh acu agus málacampála a thabharfá leat ó thaobhamháin den Rúis go dtí an taobh eilear an droim. B’fhéidir go bhfuilseachrán céille ar na créatúirbhochta, go gceapann siad go bhfuilsiad ag dreapadh sléibhte na hÚraileach dá ainneoin sin, ba cheart críochbhorb a chur leis an gcleachtas brasach.Mar a dúirt mé cheana, iscuma cén t-am é nó cén cruth atá aran aimsir, tá daoine áirithe nachbhfágann an cosán riamh; ag siúlcois bóthair, maidin is tráthnóna, óLuan go Satharn. Tá pór eile, áfach,atá beag beann ar chosáin. I ndáiríre,ní dóigh liom go bhfuil teoiric nótuiscint ar bith ag baint le hiomparna ndaoine áirithe seo: Seachasfanacht ar an gcosán, beartaíonn siadsiúl agus rith síos an lána rothar.Caithfidh nach bhfuil siad sástaglacadh leis an riail bhunúsach gobhfuil an cosán ann do chosa agus anlána rothar do rothair. Spreagtardeargmhire i ndoimhneacht mo chroígach uair a fheicim iad os mochomhair agus mé ag rothaíochtabhaile agus caithfidh mé guí chunna Maighdine, ag impí uirthi m’fhoighnea chaomhnú ionas nachleagfainn iad. Is é mo thuairim féingur cheart daoine dá leithéid a ruaigeadhón tír go dtí an Ostair nó anEilvéis, áiteanna a mbeadh fáilterompu sna sléibhte iargúlta nachmbeidís ag cruthú fadhbanna dontsochaí. Thabharfadh sé Éire chun namaitheasa agus chuirfeadh ségliondar ar mo chroí.Caithfear teacht ar fhuascailtar an gcruatan seo chun stad grod achur le nua chultúr na siúlóide imBaile Átha Cliath. I dtosach báire,beidh dlíthe nua mar a leanas le cur ibhfeidhm gan teip;1° Níl cead ag coisí an cosán afhágáil mura bhfuil an bás nó martrúi ndán dó/di agus é/í air.172° Cuirfear cáin shuntasach archoisithe nó reathaithe a shiúlann nóa ritheann ar bhealach áiféiseachagus/nó atá maslach do ghnáthbhaillan phobail.3° Ní ceadmhach feisteas seafóideachnó maslach ar shiúlóirí nóreathaithe agus iad i radharc an phobail(bóithre poiblí agus páirceannasiamsaíochta san áireamh).4° Beidh cuirfiú ann do reathaithe nacathrach de cúig a chlog gach láseachas Dé Domhnaigh nuair abheidh cosc iomlán orthu.Ina theannta sin, ní thabharfainncead maratón a reáchtáil inaon áit in Éirinn seachas Conamaraagus Liatroim. Táim tinn tuirseachde bheith i mo phríosúnach sa bhailedon lá fad is a ghlacann reathaithe natíre seilbh ar na bóithre timpeallorm.Is iontach an rud í an ghleacaíochtach ar cheart bród an duine aíobairt ar son coim níos caoile?—níor cheart, ach a mhalairt. Is fearrbás ná náire! Mar a deirtear ‚is fearrrith maith ná drochsheasamh agus isfíor an inbhéarta freisin: Is fearrseasamh maith ná drochrith.Le hAindriú Ó hEachteirn‚I gcoim na hoíche cloisim iad,Na coisithe ar siúl.Airím iad, ní fheicim iad,Ní fios cá mbíonn a gcuaird.‛-‚Na Coisithe‛ le Liam Gogáin(Sliocht)

Rubin Carter-An dornálaí a cuireadh i bpríosún, asdúnmharú nach ndearna sé.Rugadh Rubin Carter in Paterson,New Jersey ar an 6ú Bealtaine1937. Ba é an ceathrú páiste asseachtar ar fad sa teaghlach. Agus éceithre bliana déag d’aois, gabhadhé as ionsaí a rinne sé ar fhear, agusgearradh téarma príosúnachta air.Cuireadh i bpríosún d’ógánaigh éach d’éalaigh sé i 1954 agus shínighsé suas leis an Airm. San Airm,thosaigh sé ar an dornálaíocht, agusfaoin am gur fhág sé, bhí curiarracht35-5 aige. Díbríodh as anAirm é i mí Bhealtaine 1956 toiscd r o c h i o m p a r l e a n ú n ach igcaitheamh na mblianta.Mí ina dhiaidh seo, gabhadharís é agus cuireadh ar ais ibpríosún é. De bharr gur éalaigh sé,gearradh naoi mí breise air ibpríosún agus níor scaoileadh saor égo dtí 1954.Bronnadh an leas-ainm‘Hurricane’ air mar gheall ar an stílionsaitheach dornálaíochta a chabhraighleis an ceann is fearr a fháilar chéilí comhraic ar nós GomeoBrennan, Holley Mims agus FlorentunoFernandez. Mhaígh an t-irisleabhar dornálaíochta cáiliúilThe Ring go raibh sé ar cheann dena dornálaithe meánmheáchain isfearr sa domhan. Nuair a bhuaigh séar Emile Griffith i 1963, d’fhógairThe Ring go mba chóir deis a thabhairtdó troid i gcoinne JoeyGiardello, an curadh meánmheáchaindomhanda. Nuair a throidsé Giardello faoi dheireadh i Philadelphia(Mí na Nollag 1964), bhícoimhlint millteanach géar eatarthuar feadh cúig bhabhta déag. Cé gurleagadh Carter sa bhabhta deireanach,bhí formhór na n-iriseoiríden tuairim go raibh Rubin indiaidh an cath a bhuachan. Faraor,níor aontaigh na breithimh leo agusbronnadh an bua ar Giardello.Ar an 17ú de Meitheamh1966, chuaigh beirt fhear ghormaisteach sa Lafayette Bar and Grill iPaterson, thóg siad amach gunnaí,agus thosaigh siad ag scaoileadhpiléar. Maraíodh an freastalaí beáir,James Oliver, agus Fred Nauyocks,a bhí ag ól sa mbeár ag an am.Chaill fear eile, Willie Marins, ashúil, agus is é siúd agus Hazel Tanisa dúirt gur bheirt fhear ghorma aba chiontach. Níor shainaithinceachtar den bheirt acu Carter nó,tiománaí an ghluaisteáin ar anoíche, John Artis.Bhí Alfred Bello in aice leisan Lafayette ag an am. Bhí sé ar ashlí chun buirgléireacht a dhéanamhar mhonarcha an oíche sin. Dúirtseisean agus Patty Valentine gurtháinig beirt fhear ghorma as anLafayette, agus léim siad isteach igcarr bán a chuaigh go tapaigh idtreo an Iarthair. Dúirt Valentinegur las na soilse coscáin suas ar nósféileacáin, agus ní raibh an ghné seoag baint le carr Rubin.Ach bhí cruth bunúsach de charrCarter mar an gcéanna le carr namurdaróirí, agus tógadh eisean agusArtis go dtí an Lafayette timpeall 3a chlog. Níor thóg na póilíní aonmhéarloirg ag an áit. Nuair aceistíodh Bello agus Valentine arís,dheimhnigh siad gur bheirt fhearghorma a bhí ann, agus scaoileadhsaor Carter agus Artis.Dúirt Bello agus a charaArthur Bradley gur tháinig Carteramach as an Lafayette soicindí taréis na dúnmharaithe. Ar anbhfianaise seo, gabhadh Carter agusArtis arís agus cuireadh andúnmharú ina leith. Sa triail, tháinigfianaise chun cinn i dtaca le pílear aaimsíodh i gcarr Carter. CuireadhCarter i bpríosún arís. I rith a théarma,chuir an t-amhránaí cáiliúil BobDylan spéis i scéal Carter, agusscríobh sé amhrán faoin triail, amhrána spreag spéis mhór i gcás Rubini measc an phobail. CoinníodhCarter i bpríosún go dtí 1985, nuaira d’admhaigh an stát nach raibhdóthain fianaise acu chun é achoinneáil faoi ghlas.Faoi láthair, tá Carter inachónaí i Toronto, Ontario, agus bhísé ina stiúrthóir air an gcumann arinne ionadaíocht ar son daoine ardaoradh iad san éagóir i gCeanada ó1993 go 2005.Le Séimí Mac an Ghearr18

GameButhal an DomhainCá gceannaíonn sibh bhurgcluichí? An gceannaíonn sibh iadó Amazon, Steam nó siopaí eile?An mbíonn tú ag lorg cluichí daraláimhe nó an mbíonn tú ann ar angcéad lá le do chuid chluichí acheannach?Cibé bealach, tá Game, comhlachtmór Sasanach, i dtríoblóid faoiláthair. Go dtí seo b’é Game ancomhlacht is mó díolacháincluichí in Éirinn agus sa RíochtAontaithe. Bhíodh tú in annseanchluichí a dhíol ar ais leo nócluiche dara láimhe a cheannachuathu ar phraghas íseal. Níl antseirbhís seo á cur ar fáil ag móránáiteanna eile agus má dhúnannGame, cailliúint mhór a bheidhann don phobal.Ag féachaint ar na torthaí atá agteacht ó Game is léir go bhfuil anbaol sin ann. Chonaic siad titim17.6% ar a ndíolacháin don 8seachtain roimh 7 Éanair, le linnshéasúr na Nollag. Mar gheall aran ndrochbhliain a bhí acu i 2011bhí orthu 39 siopaí a dhúnadh inÉirinn agus sa Ríocht Aontaithe.Mar bharr ar an donas tá Game taréis a chreidmheas a chailleadh leisna foilsitheoirí móra, EA agusKonami ina mheasc. Ciallaíonnsé seo nach mbeadh na chluichínua ar sheilfeanna a siopaí. Is éMass Effect 3 an chluiche is móatá tar éis teacht amach nachbhfuil acu. Rinne EA, foilsitheoirían chluiche, fógra a chur ar ashuíomh féin chun a chur in iúl dodhaoine nach mbeadh an chluichear fáil i Game agus thug siad liostasiopaí eile ina bhfuil sé le fáil.Tá sé ráite ag Game go mbeidhdrochbhliain eile rompu agus tácaint faoi bhreis is 60 siopa eile adhúnadh síos i Sasana roimhdheireadh 2013. Tá an comhlachtdóchasach, áfach, go mbeidh siadin ann teacht slán le dea-thoil nabhfoilsitheoirí agus le bainistíochtmhaith.B’fhéidir go gceapann sibh nachmbaineann sé seo libhse mar gogceannaíonn sibh bhur chluiche óAmazon nó Steam ach táimpleachtaí níos mó aige seo lehaghaidh tionscal na gcluichí.Cá bhfuil an 2.5 mhilliún duine ashiúlann isteach i siopa Gamegach seachtain chun dul anois lenagcluichí a cheannach? An bhfuilsiad chun bualadh isteach i Tesco?Cá bhfaighidh daoine cluichí daraláimhe? Ní fhaca mé cluiche daraláimhe i Tesco riamh.Le Daire Ó Muirgheasa“Is fearr an tsláinte ná antáinte”Airgead, airgead,Buthal an domhain,Cobhsaíocht iscompórd,Dúil agus fonn.Fadó fadó ar Inis Fáil,Ní raibh a leithéid ann d’ard nós ná só.Gach rath a rinneadh seoladh é sall,Ar feadh na gciannta! soir chun nanGall.Ach d’imigh an gaol is fuair an impireachtbás,Gur theith an bacainn idir sinne ‘gus fás.Níor ghlac Dev le baois, níor íoc sé níosmó,Níor bhac siad trasna le ceannacht nambó.Ach ag tús na mílaoise, bhí cách aggáire,Tháinig ár lá, chaitheamar gan náire.Páláis á dtógáil ar chostas an phriacail,D’éirigh na pócaí chomh trom le cnapmiotail.Mo léan, mo bhrón, go síoraí a cheapamarGo leanfadh an fhlúirse, an só, anrathúnas.Ach theip ar an aisling, níor chruinníomarstór,Lenár n-aimhleas a bhí sé, thosaigh an t-ár.Arsa Éire in airde a glóir,‚Fóir orm a Shasana, a Fhrainc, aGhearmáin!‛‚Bain an cloigeann de Chowen‛, ars’anpobal go docht,‚Tabhair deis dár nEnda, mo ghreidhiné—fear bocht.‛Airgead, airgead,Buairt an domhain,Cúis le himní,Nuair a bhíonn sé gann.Le hAindriú Ó hEachteirn19

Círéibeacha sa Ríocht AontaitheIs cuimhin le gach duine naradhairc dochreidte i Londain i rithna gciréibeacha an samhradh seocaite, a bhain stangadh mór níhamháin as muintir na Breataineach pobal na cruinne ar fad. Chuirna híomhánna seo alltacht ardhaoine agus mheabhraigh do chuidmhaith acu an chuma scriosta a bhíar ard chathair na Breataine i rithan Dara Cogadh Domhanda. Snacíréibeacha seo cuireadh gluaisteáintrí thine i Learpholl, tithe trí thine leteaghlaigh an tí fós istigh iontu,rinneadh ionsaithe fiachmharasealtacha ar na póilíní le harmlón arinne na dronganna iad féin, inameasc clubanna gailf agus bataíadhmaid, agus na póilíní ag iarraidhna dronganna a smachtú. Glacadhlíon mór daoine ós comhair nagcúirteanna sna laethanta i ndiaidhn a g c í r é i b e a c h a i n ameasc:múinteoirí, daltaí scoile,tuismitheoirí agus fiú amháin anbhean arbh é an post a bhí aici nána turasóirí a mhealladh go Sasanaan bhliain seo chugainn do nacluichí oilimpeacha.Londain i rith na círéibeachaAgus ceard ba chúis leis nacíréibeacha seo go léir? Cén fáth arghlac sciar mór de phobal Shasana,cuid mhaith acu nach raibh riamh idtrioblóid leis an dlí roimhe sin,páirt sna círéibeacha is measa atharla sa Bhreatain i gcuimhnefhada na ndaoine.Ba é an eachtra chinniúinach a churtús leis na gcíréibeacha i ndárithená dúnmharú Marc Duggan.Fear é Marc Duggan a raibhseanaithne ag na póilíní i Sasanaair, de bharr go mbíodh sé agsólathar drugaí sa cheantar. Agus éar a bhealach abhaile i dtacsaí oícheamháin, stop na póilíní angluaisteán agus maraíodh Duggansan eachtra a lean. Níor cuireadhgaolta Duggan ar an eolas faoinabhás agus faoi mhionsonraí naheachtra, rud a d’fhág iad go mór inamhras i dtaca le ceard a thitamach. Mhaígh na póilíní gur scaoilDuggan piléar leo as gunna a bhíina sheilbh aige agus gur gortaíodhpóilín amháin. Bhí amhras an-mhórar phobal an cheantair faoin leaganseo den scéal agus chuir sé seo gomór leis an teannas a bhí ag borradhi measc mhuintir na háite. Lean napóilíní ag moilleadóireacht, agtarraingt na gcos agus ag cur nafírinne as a riocht agus d’fhorbairan tamhras i measc na ndaoine goraibh comhcheilg ar bun chun anfhírinne a cheilt orthu. De réir achéile tháinig sé chun solais nachraibh Duggan i ndiaidh scaoileadhleis na gardaí ar chor ar bith agusbhris ar fhoighne an phobail.Thosaigh dreamanna ag cruinniú arshráideanna Tottenham lena míshásamha chur in iúl agus go luathina dhiaidh sin thosaigh na chéadchíréibeacha sa cheantar. Scaip siadar nós ‚Luas Lasrach‛ ar feadh nahardchathrach agus ní fada go raibhLondain trí thine. Lean trí lá, dechíréibeacha a scaip ar fud naBreataine, na círéibeacha bamheasa i gcuimhne an phobail.Rinneadh creachadóireacht ganchiall, goid, coiriúlacht, den uile20chineál agus ar feadh tréimhse, níbréag a rá, go raibh smacht caillteag na póilíní, is go deimhin, rialtasna Breataine ar chúrsaí. Ainriailiomlán ar shráideanna na BreataineMóire. Ardaíodh lear mórceisteanna i dtaobh na gcíréibeachaseo, nuair a d’éirigh leis nahudaráis, faoi dheireadh, smacht andlí a athbhunú sa tír.Londain tar éis an Blitz.Cén fáth ar chruthaigh an rialtasceantair fhíor-bhochta nach raibhmeas ag céatadán mór de na daoinea bhí ina gconai iontu ar dhlithe natíre?I ndiaidh don rialtas meon natomhaltóireachta a chur chuntosaigh sa tír le blianta beaga anuasan aon ionadh é gur thapaigh anpobal céanna an deis na hearraíluachmhara seo a ghoid i rith nagcíréibeacha.Cén locht atá ar pholaiteoirí, is godeimhin, cinnirí na neaglaisíéagsúla, go bhfuil a laghad sin denmhóraltacht le haithint i meascphobal na tíre? Níl anseo ach cuidde na ceisteanna tromchúiseacha aeascraíonn as na círéibeacha saRíocht Aontaithe i 2011.Le Seán Ó Dulaing

Meath ar RTÉIs é an dualgas atá ar chraoltóirnáisiúnta poiblí ná an fhírinne, neamhchlaonta, a chraoladh; cothrom naféinne a thabhairt do chách i gcoitinne;agus an pobal a chur ar an eolas maidirle cúrsaí reatha. Chomh maith le sin,‘sé céad riail na hiriseoireachta náfoinsí a chinntiú agus an fhírinne achosaint i gcónaí. Ach le cúpla míanuas, tá stáisiún teilifíse agus raidiónáisiúnta na tíre, RTÉ, tar éis drochcháila tharraingt orthu féin. Anuas arsin, tá an chuma ar an scéal go bhfuilcúrsaí ag dul in olcas.Céard atá tar éis titim amach inRTÉ? An bhfuil eagarthóir nó dhó annéirithe leisciúil? Ní hamháin sin, ach táan rialtas ag smaoineamh ar cháin nuachraoltóireachta a ghearradh ar thithenach bhfuil ag íoc as ceadúnas teilifísecheana – fiú mura bhfuil teilifís agat.Níl aon dabht ach go mbeidh daoineag gearán faoi seo, go háirithe murabhfuil príomh-stáisiún teilifíse na tíreag cloí le bun rialacha na hiriseoireachtaféin.Le linn an fheachtas toghchánad’Uachtarán na hÉireann le déanaí,thuill RTÉ an-chuid cáinte ónaiarrthóirí sa toghcháin, agus ón bpobali gcoitinne. Tharla an chéad eachtra lelinn an dara díospóireacht toghchánade chuid RTÉ, Prime Time. Dúirt anláithreoir, Miriam O’Callaghan, lehiarrthóir Shinn Féin, Martin McGuinness,go raibh sé freagrach as na míltedaoine a dhúnmharú le linn na dTrioblóidísa Tuaisceart. Anuas ar anráiteas fíor-chonspóideach seo, léirighO’Callaghan go raibh sí fíor-chlaonta igcoinne McGuinness. Ba chóir gombeadh láithreoir RTÉ, de stádasO’Callaghan, níos cóire i leith na n-iarrthóirí, in ionad a rá gurdúnmharfóir é duine díobh.Thit eachtra níos measa fósamach le linn na díospóireachta, TheFrontline, sa tseachtain dheireanachroimh an toghchán é féin. Bhí MartinMcGuinness ag cur i leith Sean Gallaghergur ghlac sé le seic ar luach€5,000 ó fhear, ar son Fianna Fáil. BhíGallagher ag séanadh go hiomlánfírinne na ráitis seo. Ach ansin dúirtláithreoir RTÉ, Pat Kenny, go raibhSinn Féin ar tí an duine a thug an t-airgead do Gallagher a nochtadh donphobal, rud a scrios feachtas toghchánaGallagher amach is amach. Tháinigsé chun cinn i ndiaidh na díospóireachtago bhfuair RTÉ an t-eolas seo ó chuntas bréagach Twitter –ní dúirt Sinn Féin a leithéid de rudriamh. Dúirt Sinn Féin é seo go príobháideachle heagarthóirí RTÉ roimhchríoch na díospóireachta, ach nídhearna Pat Kenny aon iarracht anbotún millteanach a bhí déanta aige acheartú. Tá Gallagher anois agsmaoineamh ar chás cúirte a ghlacadhi gcoinne RTÉ, toisc gur chuir saideolas bréagach amach gan fhírinne anfhoinse eolais a fhiosrú roimh ré – arísag dul i gcoinne phríomh-riail nacraoltóireachta.Ach ní hé seo an eachtra bamheasa atá tar éis teacht chun cinn ledéanaí. Ar chlár RTÉ, Prime TimeInvestigates: A Mission to Prey,cuireadh i leith sagairt, An tAthairKevin Reynolds, gur bhain sé mí-úsáidghnéasach as cailín san Afraic, agusgur saolaíodh páiste dá bharr. Ach níortharla seo riamh, agus thóg an sagartcás cúirte i gcoinne RTÉ. Mar thoradhar seo, bhí ar RTÉ an-chuid cúitimh aíoc agus an clár Prime Time Investigatesa bhaint den sceideal go hiomlán.Chomh maith le seo, tá an rialtasanois ag déanamh fiosrúcháin ar angcás chomh maith, chun fáil amachcén fáth go rabhadar chomh claonta igcoinne na heaglaise, cén fáth nárghlacadar le fianaise an tsagairt é féinroimh chraoladh an chláir, agus cénchaoi ar craoladh an clár sa chéad áit.I ndáiríre, ní dhéanann sémórán céile go bhfuil an rialtas ags m a o i n e a m h a r c h á i n n u achraoltóireachta a ghearradh ar dhaoine,agus ag an am céanna ag déanamhfiosrúcháin maidir le claonadh igcláir de chuid RTÉ. Is dócha gobhfuil muinín phobal na hÉireannnach mór caillte anois ag RTÉ óthaobh craoladh chúrsaí reatha de, rudatá chun bac a chur ar an rialtas aoncháin chraoltóireachta a ghearradh armhuintir na tíre.Tá an seans ann go dtiocfaidhscéalta eile cosúil leis an scéaldéistineach seo faoin sagart chun cinnamach anseo. Níl aon dabht ach gondearnadh damáiste dámanta do chlúagus cáil RTÉ, agus go bhfuil drochiarmhairtíeile i ndán dóibh go fóill.Le Ciarán Mac Domhnaill21Peadar Ó CuanáinBhí an t-ádh dearg le cuid mhór de bhliaina trí le déanaí, nuair a thugiarscoláire de chuid an choláiste, PeadarÓ Cuanáin, cuairt ar an scoil le dreascainte a dhéanamh leo. D’fhág Peadar anscoil sa bhliain 2001 agus b’í seo anchéad uair dó filleadh ar an scoil ó shin.Bhí sé anseo le labhairt leis na daltaí faoigcaoi a ndeachaigh sé le haisteoireachtagus é ag freastal ar an ollscoil agus andóigh ar éirigh leis páirt a fháil saghearrscannán ‘Between the Canals,’scannán ar tugadh ardmholadh agus iliomadduaiseanna dó ag féiltescannánaíochta ar fud na cruinne.Tugadh faoi ndeara a shár-thaispeántassa scannán seo agus d’éirigh leispríomhpháirt a fháil sa sraith teilifíse‘Love Hate’ ar RTÉ agus ról ‘Fran’ ághlacadh aige. Bhí dúil mhór ag na daltaísa mhéid a bhí le rá ag Peadar agus thugsé comhairle dóibh maidir leis an gcaoile dul chun cinn a dhéanamh i saol nascannánaíochta. Dúirt sé leo go mbeadhsé sásta cabhrú le scoláire ar bith ambeadh spéis aige in aon ghné den saolsin sa todhchaí, go háirithe agus iad agtabhairt faoin idirbhliain. D’éirigh tharcionn leis an ócáid agus bhí iliomadscéalta le haithris ag Peadar agus ag achara, an Máistir Murdoch, a bhí in aonrang leis faoina laethanta sa scoil. LéirighPeadar a chumas aisteoireachta gomaith agus é ag déanamh aithrise armhúinteoirí a bhí aige agus é ag freastalar an scoil. Beidh sé le feiceáil arís ar árscáileáin teilifíse go luath nuair a chraolfaran tsraith nua de ‘Love Hate’Le Fionn Mac Cumhaill

Ruadhán Mac Cormaic—Ceisteanna agus FreagraíChuaigh mé (Conor de Paor) idteagmháil le Ruadhán Mac Cormaic,iarscoláire de chuid na scoileseo agus chomhfhreagraí na Fraincedon nuachtán, ‚The Irish Times‛.Táimid thar bheith buíoch as angcuid ama a chaith sé ag freagairt árgceisteanna. Go raibh maith agat, aRuadháin!1. Cathain ar roghnaigh tú iriseoireachtmar shlí bheatha?Ní cuimhin liom riamh é a roghnú,ach bhí suim agam ann ar feadh namblianta. Tharla sé gur chaith mé alán ama ag plé le nuachtáin agus méar scoil agus ar ollscoil, agus ar deireadhbhí sé nádurtha go leor tosnúag obair sna meáin.2. Cén uair a thosaigh tú ag curspéise san iriseoireacht?Déarfainn gur i gColáiste Eoin asmaoinigh mé air don chéad uair.Thaithin scríbhneoireacht liom, agusbhí suim agam i gcúrsaí reatha.Chomh maith leis sin, bhí radharcidéalaíoch agam ar nuachtáin - ar anbpróiseas taobh thiar díobh, ar stairan mheáin, ar na héachtanna a bhíbainte amach ag iriseoirí éagsúla.Spreag múinteorí eagsúla ar scoil anspéis a bhí agam sna hábhair seo arfad.3. Ar bhuail tú le haon pholaiteoirícáiliúla riamh?Táim tar éis bualadh le roinnt mhaithairí rialtais in Éirinn agus anFhrainc, agus tá sé suimiúil nadifríochtaí a fheiceáil idir na polaiteoirísa dá thír. É sin ráite, gominic bíonn sé níos úsáidí d'iriseoirgaol a bheith aige leis na daoinetimpeall ar pholaiteor seachas leis anduine féin. Má tá tú ag iarraidh fíorthuiscint a chur ar ábhar, is minic gombíonn stát-sheirbhísigh sinsearachanó comhairleoirí ar na foinsí is fearr.4. Cén páirteanna de do phost atásuimiúil? Cén codanna de do phostatá dúshlánach?Ní bhíonn aon dá lá mar an gcéanna.Tá sin fíor níos mó sa phost inabhfuil mé faoi láthair - mar chomhfheagraísa Fhrainc - ná a bhí riamh,toisc go gcaithfidh mé scéalta argach saghas ábhair a sholáthar -nuacht, polaitíocht, cúrsaí cultúrtha,spórt, eacnamaíocht agus ceisteannasóisialta. Le coicís anuas, marshampla, táim tar éis a bheith agobair ar an toghchán don Uachtarántacht,chaith mé cúpla lá i dToulouseag scríobh faoin dúnmharú,agus chuir mé agallamh ar aire rialtais,eacnamaí agus stiúrthóirscannáin.Maidir leis na dúshláin, bíonn nahuaireanta oibre fada. Is minic gombíonn lá oibre 12 uair agam, bíonnrud éigin le scríobh 6 lá sa tseachtain,agus bíonn sé deacair go leoram saor a thógáil. Tá roinnt áirithebrú i gceist, ach téann tú i dtaithí arsin le himeacht ama.5. Cad ba chóir do dhalta a dhéanamhle bheith ina iriseoir?Mholfainn d'éinne a bhfuil suim acuin iriseoireacht é a chleachtadh.B'fhiú go mór taithí a fháil in aonbhealach gur féidir, ag tosnú le hirisscoile, blog nó nuachtán/stáisiúnraidió ollscoile. Rinne mise eagarthóireachtar an nuachtán sacholáiste, agus gan é sin ní déarfainn22go mbeinn sa phost ina bhfuil mé.Má tá suim agat in ábhair áirithe -spórt, ceol, polaitíocht no cúrsaíidirnáisiúnta, mar shampla - lean iadgo cúramach, déan forbairt ar doshain-eolas agus coimead súil ar nahiriseoirí a oibríonn ar an ábhar. Tádhá rud eile tábhachtach: léitheoireachtagus teangacha. Níl aonbhealach stíl scríbhneoireachta afhorbairt ach léamh, agus chuirfinnbéim ar leith ar na teangacha chomhmaith. Tá mo chuid Gaeilge agus mochuid Fraincise tar éis cabhrú gomór liom.6. An raibh tú sáite in eachtradhainséarach riamh?Bhí cúrsaí slándála deacair go leorsa Tiúnéis i rith na réabhlóide anbhliain seo caite, agus táim taréisobair a dhéanamh i roinnt cathracha- Maputo, Jakarta nó Sao Paolo, marshampla - nach mbeadh cáil orthu abheith ró-shábhálta, ach ní fiúsmaoineamh ar sin i ndáiríre. Nídhearnadh ionsaí orm riamh ach uairamháin, agus b'shin i mBaile ÁthaCliath.7. An bhfuil morán difríochta idir nameáin chlóite agus an raidió? Arsmaoinigh ar an teilifís riamh?Is bealach éagsúil oibre atá i gceist,go priomhúil ó thaobh fearais de. Isféidir liom dul aon áit le peann agusleabhar nótaí agus scéal a chur léchéile; i gcás iriseoir teilifíse caithfidhsé ceamara trom a bheith aige,chomh maith le duine leis an fearas aoibriú, agus glacann sé níos mó amaair an scéal a insint tríd íomhánna. Ésin ráite, go bunúsach tá an próiseasmar an gcéanna - bímid muid beirtag iarraidh an scéal céanna a insint.8. An raibh iris scoile ann nuair abhí tú ar scoil?Ní raibh, ach is iontach an rud é gurbunaíodh ceann ó shin.Le Conor de Paor

Michel PlatiniTá Michel Platini ina uachtarán archumann peile na hEorpa , UEFA.Príomh fheidhmeannach an chumainnatá ann agus feictear go hiondúil é agbronnadh an choirn ar an bhfoireannbhuacach i ndiaidh chraobhchluichíchomórtais mhóra na hEorpa! Sílteargo coitianta go dtiocfaidh sé igcomharba ar Sepp Blatter mar uachtaránar FIFA go luath. Aithníteargurb é uachtarán FIFA an té is cumhachtaíi saol an tsacair ar fud nacruinne.Ach cé hé Michel Platini?Rugadh é sa bhliain 1955 i Jouef sabhFrainc. Thosaigh sé a shaol peile agimirt do Nancy sa bhFrainc sa bhliain1972 ag aois 17. Scóráil sé 98 cúl leosular bhog sé ar aghaidh chuig Saint-Étienne sa bhliain 1979. Chaith sé tríbliana ag imirt leo sular cheannaighJuventus é. San am seo bhí Juventus archeann de mhór-chumhachtaí peile nahEorpa. I rith na tréimhse seo bhí sémar bhall den fhoireann a d’imir igcoinne Léarphoil i staid Heysel nuaira maraíodh dhá scór agus gortaíodhbreis is 600 sna círéibeacha idir luchttacaíochta na bhfoirne. Fuair MichelPlatini an t-aon chúl den chluiche óchic éirice. Bhí an bua ag Juventus sagcuiche agus chuaigh an corn Eorpachar ais chun na hIodáile ach ón gcluichesin ar aghaidh ní raibh cead ag foirneSasanacha imirt i gcomórtais timpeallna hEorpa ar feadh 7 mbliana. I rith ashaoil mar pheileadóir d'imir sé snacluichí Oilimpeacha sa bhliain 1976,bhain an Fhrainc an ceathrú craobhamach ach bhí an bua ag foireannOirthear na Gearmáine orthu 4-0.Toghadh é mar cheannaire ar UEFA i2006. Bhuaigh sé ar Lennart Johanssona bhí i gceannas ar feadh sé blianadéag roimhe sin. Bhuaigh sé an toghchánle ceithre vóta. ThaispeáinMichel Platini go bhfuil sé ag déanamhiarrachta an caighdeán peile arfud na hEorpa a fheabhsú. Tá sé agmoladh córas nua a thabhairt isteachnach ligfeadh d’fhoirne ach cúigearimreoirí eachtrannacha a roghnú as na11 imreoirí a thosaíonn cluichí.Chomh maith leis sin tá sé ag déanamhiarrachta stop a chur le díolacháinagus ceannach imreoirí atáfaoi bhun ocht mbliana déag d’aois.D’imir sé sa Chorn Domhanda i Meicsiceosa bhliain 1986. Ní raibh sé gohiomlán aclaí ach fós d’aimsigh sé cúltábhachtach i gcoinne na Braisile chunan cluiche a chothromú. Bhuaigh anFhrainc ar chiceanna éirice 4-3 achchuir Michel Platini a iarracht thar antrasnán. Ansin chaill an Fhrainc igcoinne fhoireann Iarthar naGearmáine don dara huair as a chéile.B’é sin an cluiche deireanach a d’imirsé d’fhoireann na Fraince.Le Cian Mac CearbhaillLúthchleasaíocht salá atá inniu annLeis an gcéad eagrán eile denacluichí Oilimpeacha ar na bacáin,beimid ag cur spéise i spóirt nár chualamartrácht orthu cheana agus ag tagairtd’iomaitheoirí amhail is dá mbachuid dár saol laethúil iad.Ceithre bhliana ó shin bhíomaruile sáite inár suíocháin, ag stanadh aran bhfear ba thapúla ar domhan, UsainBolt, lámha san aer aige deich méadarle dul, cnaipíní sicín ina bholg. Ach,b’fhéidir go mbeifeá ag ceapadh ‘cá23bhfuil an fear sciobtha sin imithe?’Bhuel níl sé imithe áit ar bith ach gondearnamar dearmad faoi go dtí gobhfacamar Lúnasa 2012 ar an bhféilire.Ócáid spóirt eisceachtúil is ea nacluichí Oilimpeacha ina bhfaighimidblas de gach uile chineál spóirt iomaitheag an leibhéal is airde. Mar sin,in ionad tú a chrá le firicí agus staitisticímaidir le sláinte daoine óga inÉirinn, impím oraibh gan dearmad adhéanamh ar na gaiscígh spóirt seoagus coinnigh leis an sport ag cibéleibhéal atá ar do chumas.Ar an gcaoi chéanna, bliain iontach abhí ann do lúthchleasaíocht sa scoilleis an bhfoireann mhínúir agus neartreathaithe aonair a bhain craobhLaighean amach agus beirt sa chéadseisear i gcraobh na hÉireann.Leis an rath a bhí orainn i mbliana tásé ar intinn again foirne a eagrú doshéasúr trastíre na bliana seochugainn.Tá a fhios againn go bhfuil lúthchleasaitheden ard-chaighdeán i gColáisteEoin, rud a léiríodh agus iad agglacadh páirte i gcomórtais agus iadina mblianta tosaigh sa scoil. Tá súilagainn go spreagfaidh ‚An Míle Órga‛i ndiaidh na Cásca, leithidí SheosaimhMhic Shuimhne a d’imighromhainn sa scoil agus na cluichí Oilimpeachasa Samhradh lucht namblianta sóisireacha tosú leis anlúthchleasaíocht agus lucht na mbliantasinsearacha filleadh ar a gcumaslúthchleasaíochta.Is cinnte go mbainfeá an-sult asbheith ag iomaíocht ar son ancholáiste agus cuimhnigh nachmbeifeá riamh i do shuí ar an mbinsetaobh páirce. Dá mba mhaith leattabhairt faoin lúthchleasaíocht, tá traenáiltar éis scoile gach Céadaoin, Déardaoinagus Aoine agus coinneofar aran eolas tú le rásaí nó imeachtaí archlár na bhfógraí sa halla.Le Killian Ó Maonaigh

Éamon Dunphy– Fear conspóideach na hiriseoireachtaTá samhradh na bliana 1990greanta i gcloch na gcuimhní agpobal na hÉireann ar chúis amháin,ach go háirithe. B’é sin an samhradhar ghlac foireann sacair Phoblacht nahÉireann páirt i gcraobhchluichíchorn an domhain don chéad uair.Ach s’í an fhírinne ná go raibh‚Italia’90‛ ar an gcorn domhanda bamheasa ar feadh na mblianta fada, letaicticí diúltacha i bhfeidhm ag angcuid is mó de na foirne. Glacadhleis go coitianta go raibh Éire agusan Airgintín ar na foirne ba dhiúltaí.De bharr na dtaicticí diúltachatugadh riail an phas-siar isteach i1992, agus tugadh trí phointe dobhua in ionad dhá phointe chunfoirne a spreagadh chun imirt donbhua in ionad an chomhscóir.Tá sean aithne ag pobal na hÉireannar Éamon Dunphy mar fhear a dhéanannanailís ar na cluichí sacair idirnáisiúntaar RTÉChaith Dunphy tréimhse fhadaag imirt an chluiche i Sasana. Cégur thosaigh sé le Man Utd níoréirigh leis ag an gclub agusd’aistrigh sé go Millwall, áit archaith sé deich mbliana ag imirt leosa dara roinn ó 1965 go 1974.D’imir sé le foireann na hÉireann ar23 ócáid agus b’é seo an t-am archuir sé aithne ar John Giles ar dtús,dlúthchairdeas a mhaireann go dtían lá inniu. Bhí sé fíor-cháinteach arMichel Platini le linn ChornDomhanda 1982. D’fhógair sé gopoiblí nach raibh Platini chomhhiontach mar pheileadóir is a bhí anpobal i gcoitinne agus na meáin chumarsáideag maíomh agus go raibhleithéidí Diego Maradona i bhfadÉireann níos fearr. Ina theannta sindúirt sé mbuafadh an Iodáil ancomórtas agus nach mbuafadh anBhrasaíl cé gur a mhalairt de thuairimar fad a bhí coitianta i measc anphobail. Ó thús an chomórtais bhí anpobal i gcoitinne den bharúil goraibh foireann na hIodáile i bhfad ródhiúltachagus i ndiaidh tríchomhscór sa chéad trí chluiche níraibh mórán a d-easaontaigh leis andtuairim sin. Ar an lámh eile bhí idirshaineolaithe is phobal an tsacairuile den tuairim go raibh an Bhrasaílag imirt na peile is fearr ar domhanagus go deimhin go raibh siad archeann de na foirne ab fhearr and’imir an cluiche go dtí sin. Ach níorghéill Dunphy don tuairim bhochtchoitianta riamh agus sheas sé anfód agus d’fhógair go misniúil goraibh laige ag an mBrasaíl snatacaithe, rud nach raibh ag an Iodáil,agus nach mbuafaidís an comórtas.Nuair a tharla gur éirigh leis anIodáil an ceann is fearr a fháil ar anmBrasaíl agus an corn a bhuachanaithníodh bua na hanailíse a bhí agDunphy ó thaobh an tsacair de.Anuas air sin, aithníodh go raibh anmisneach aige tuairim nach raibh agteacht leis an slua a bheith aige agusan misneach leis an tuairim sin afhógairt go poiblí is a chosaint gotréan. Is minic ó shin i leith gobhfuil Dunphy i ndiaidh anmisneach sin, is go deimhin ‘an tsúileile’ atá riachtanach san iriseoireachta nochtadh ós comhair an tsaoil. Bhísé ar dhuine de na hiriseoirí a bathréine a cháin an stíl imeartha a bhíag foireann sacair na hÉireann faoiJack Charlton, rud a d’fhág é imeallaithego mór i measc an phobail satír, ach a nglactar leis go coitiantaanois go raibh bunús na fírinne leis.Chomh maith le sin bhí sé i meascan dream an-bheag d’iriseoirí acheistigh an dul chun cinn dochreidtea rinne Michelle Smith deBruin ó thaobh na snámha de, nuairnach raibh pobal saonta na hÉireannsásta aghaidh a thabhairt ar anbhfírinne shearbh sin.Cé go mb’fhéidir nach n-aontófá igcónaí le chuile rud a scríobhfadh nóa déarfadh Éamon Dunphy, ní mór aadmháil, dar liom, go raibh sé ardhuine de na hiriseoirí ba mhisniúlaagus ba éifeachtaí agus bachonspóidí in Éirinn le fada an lá.Le Fiontan Mac Surdain24

Michelle Smith (de Bhrúin)Cé hí Michelle Smith de Bhrúin?Tá idir cáil agus droch-cáil arMichelle Smith-de Bhrúin ar fud nacruinne ar fad.Bhí Michelle Smith ar cheann de nasnámhaithe Éireannacha ab fhearr abhí ann riamh. Ach céard a rinne síchun droch cháil a tharraingt ar antír?Táthar ann a shíleann gurbh í an t-iomaitheoir spóirt ab fhearr agus barathúla i stair fhada an spóirt inÉireann. Ar an lámh eile, tá daoineann a shíleann go raibh sí ar cheannde na fealltóirí spóirt a ba mhó a riamhagus gur tharraing sí droch chlúmillteanach ar an tír seo. Cé acuduine í Michelle Smith de Bhrúin.Rugadh Michele Smith i Rath Cúl, imBaile Átha Cliath i 1969. Thosaighsí ag snámh, ar nós go leor eile, agusgan í ach ceithre bhliana d’aois.D’fhreastail sí ar bhunscoil agusmeánscoil lán-ghaelach agus in éindílena cuid obair scoile, chaitheadh síuaireanta fada chuile lá sa linnsnámha. Bhain sí caighdeán ardamach ó thaobh na snámha de, agusd’éirigh léi scoláireacht a ghnóthú indiaidh na hArdteiste, le freastal ar(ollscoil a raibh ard mheas uirthi óthaobh na snámha de. San ollscoil,tháinig sí go mór faoi anáil na dtraenálaitheab fhearr, daoine ar nós LarryWilliamson, fear a raibh ard-mheasagus ard-cháil air ar fud an domhain!Agus lean feabhas ag teacht ar a cuidtaispeántas sa linn snámha. D’éirighléi cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha iSeoul i 1988 ach tháinig sí sa 17ú áitagus níor éirigh léi dul níos faide nábabhtaí tosaigh an chomórtais.Ghlac sí páirt sna comórtaisdhomhanda i bPerth i 1991 agusbhain sí an tríú háit déag amach.Ghlac sí páirt sna cluichí Oilimpeachai mBarcelona i 1992 ach níoréirigh léi craobh a bhaint amach fiúamháin.Samhlaigh an t-iontas a bhí ardhaoine, go háirithe i ndomhan nasnámha, nuair a cháiligh sí do nacluichí Oilimpeacha in Atlanta agusd’éirigh léi filleadh ar Éirinn le 3bhonn óir agus bonn cré-umha!Cé nach raibh linn snámha archaighdeán oilimpeach in Éirinn, fiúamháin, bhíomar i ndiaidh snámhaí achur chuig an gcomórtas snámha ismó ar domhan agus d’éirigh léi anceann is fearr a fháil ar churaitheiontacha an spóirt óna tíortha ollchumhachtaar nós na Stát Aontaithe,na Breataine, na Gearmáine is nahAstráile.Cé go raibh cúpla iriseoir in Éirinn abhí misniúil a dhóthain le fírinne agaiscí ósnádúrtha a cheistiú, lenabheith lán-mhacánta, bhí formhórphobal na hÉireann sásta an fhírinnesearbh a shéanadh agus páirt aghlacadh go fonnmhar sa chur i gcéillmhór náisiúnta a bhí faoi lán-seoil.Timpeall na cruinne, áfach, bhí insinteile ar an scéal a chaith amhras aréachtaí mí-réadúla na hainnire órgaÉireannaí. I rith na gcluichí féin bhíbanlaoch snámha na Stát Aontaithe,Janet Evans, ar dhuine de na daoine ad’admhaigh go hoscailte go raibhamhras ar na hiomaitheoirí uile idtaca leis an bhfeabhas do-chreidte abhí i ndiaidh teacht ar Smith de Bruin,iomaitheoir a raibh seanaithne acuuirthi óna laethanta ag traenáil leí arfhoirne ollscoile agus a raibh barr nóbuaic nádúrtha a cumais bainteamach aici i bhfad roimhe sin.Faraor, in Éirinn dhiúltaigh fórmhórphobal na tire, is go deimhin tromlachna n-iriseoirí, an cheist a chíoradhgo cothrom agus beartaíodhleanacht leis an dalla-mullóg a churorainn féin. Ba dhuine dár gcuid féiní Michelle Smith, agus in ionad ársúile a oscailt ruainne beag ar eaglago nochtfaí fírinne searbh dúinnbeartaíodh an té a bhí ag breith nadrochnuachta chugainn a chéasadh.25Rinneadh cáineadh is, go deimhin,ionsaithe fíochmhara ar éinne a raibhde sé dhánaíocht ann ár laoch nuadomhanda a cheistiú. B’i Janet Evans,ba mhó a d’fhulaing binb is gangaidlucht tacaíochta de Bruin achrinneadh iriseoirí ar nós Tom Humphreys,Paul Kimmage is ÉamonDunphy a chéasadh go gránna toiscnach nglacfaidís páirt sa cheiliúradhnáisiúnta agus gur cheistigh siad anbunús a bhí leis an bhfeabhasmillteanach a tháinig ar an mbean asRath Cúl.I measc na nithe a tharraing amhrasar Smith, lasmuigh den fheabhas ar acuid taispeántas sa linn snámha, agusí ag an aois go mbeadh meath agteacht ar fhormhór lucht snámha gohiondúil, bhí an ról a ghlac a traenálaíin a dul chun cinn eisceachtúil.Cé go raibh Smith de Bruin i ndiaidhtairbhe is leas a bhaint as a bheith agtraenáil faoi chúram chuid de na traenálaithesnámha ab fhearr is ab iomráitíi stair an spóirt i Meiriceá bhí síanois i ndiaidh a cur-iarrachtaípearsanta fein a shárú agus laochrauile an spóirt a chloí agus í faoichúram a fir chéile mar thraenálaí,fear nach raibh taithí ar bith aige aran spórt!B’iar-iomaitheoir oilimpeach é fearcéile Michelle Smith, Eric de Bruin,ceart go leor ach ní sa linn snámhaach ar an raon lúthchleasaíochta, áit

ar chaith sé an casúr do fhoireann naBeilge. Ní hamháin sin, ach gearradh fionraíar Eric de Bruin nuair a tháinig na húdaráisar rian stéaróidigh ina chorp i ndiaidhtástáil iar-chomórtais. Bhí spóirt na faicheuile sa lúthchleasaiocht faoi shúil an amhraisag an am de bharr iomaitheoiri abheith ag glacadh stéaroideach le feabhas achur ar a gcuid taispeántas. Nior chabhraighsé le dea-cháil Eric de Bruin achoiread gurbh é an laoch spóirt ba mho a bhiaige ag an am, ní nach raibh leisce nó náirear bith é a admháil, ná Ben Johnson,lúthchleasaí ar rugadh air ag glacadh drúgaisna cluichí oilimpeacha i mBarcelona i1992. Ach ba chuma sa tsioc le Eric faoisin, dar leis, b’é Johnson an chéadlúthchleasaí thar an line sa chomórtascraoibhe den chéad méadar agus dá bhrí sinbhí an bua, is an bonn óir tuillte aige. Bacheist mhoráltachta í ceist na ndrugaí dar lehEric agus ba cheist phearsanta í sin dochuile dhuine le hionramháil dó nó di féinach ina shúile b’é Ben Johnson an duine bathúisce thar an line deiridh agus bhí anbonn óir tuillte aige.Ar an dóigh chéanna nach mór le‘cumaliomachas’ Eric i dtaca le ceist nandrugaí agus a laoch spóirt, Ben Johnson,b’amhlaidh an scéal do phobal na hÉireannagus a ban-laoch órga Michelle Smith deBruin. Ni ghéillfeadh formhór mór demhuintir na tire go raibh, ar a laghad amhrasmór ann, i dtaca le taispeántais Smithde Bruin. Ba mhó go mór, dá bhrí sin, anstangadh a baineadh as pobal na hÉireann i1998 nuair a fuarthas í ciontach in iarrachta dhéanamh tástáil do dhrugaí a rinne sí athruailliú tré uisce beatha a chur sa sampla.Sa bhfiosrúchán a lean glacadh leis goraibh Michelle Smith de Bruin ag iarraidhstéaroidigh a cheilt agus tugadh fionraí fadadi ón spórt. Fiú go dtí an lá atá inniu ann,mar sin féin, táthar ann a mhaíonn gurbh íMichelle Smith de Bruin an laoch spóirtÉireannach ab fhearr riamh agus a shéanfaidhgo deo na ndeor go raibh fírinne arbith leis na líomhaintí ina leith i dtaca ledrugaí.Le Seán MacDomhnaill“Filleann an feall ar an bhfeallaire”Ón lá ar chuir sé tús lenafheachtas le bheith mina Uachtaránar Éirinn i mbliana, bhí ainmMartin McGuinness go mór imbéal an phobail. In ainneoin gobhfuil sé ag comhlíonadh achuid dualgas mar Leas ChéadAire ar Thuaisceart na hÉireannón mbliain 2007, chuaigh muintirna hÉireann le gealaí nuair ad’fhógair Sinn Féin go raibhsiad chun a dtacaíocht a thabhairtdo McGuinness sa Toghchán.An raibh an droch-cháiltuillte go maith aige, nó ar chóirdúinn seans a thabhairt donfhear céanna agus athbhreithniúníos cóire a dhéanamh ar a ról istair achrannach, thubaisteachna tíre seo?Tá Martin McGuinness indiaidh a admháil go raibh sémar bhall den IRA le linn tús na1970idí. Sa bhliain 1972, nuairnach raibh sé ach bliain amháinis fiche d’aois, bhí sé ina leascheannairear an IRA i nDoire.Bhí an stádas seo aige arDhomhnach na Fola 1972 inDoire. Ar Dhomhnach na Fola,scaoil Arm na Breataine ar shaoránaighi nDoire, agus maraíodhceathrar déag. Tá na fíricí seo areolas againn go léir, agus nílmórán díospóireachta fúthu. Achtá cuid mhaith eile den scéalnach bhfuil ar eolas againn.Martin McGuinness mar cheannairesan IRA agus é ina luathfichidí26Martin McGuinnessCéard go baileach a rinnesé, agus cén ról a bhí aige arDhomhnach na Fola? Cuireadhina leith ag Fiosrúchán Savillegur thug sé amhábhar debhuama do cheannaire nanÓglach, Paddy Ward, le treorachachun lár na cathrach aionsaí. Ach shéan McGuinness éseo go láidir, agus d’admhaighComhairleoir de chuid SinnFéin, Gerry O’Hara, gurbheisean a bhí ina cheannaire arÓgra IRA ar an lá sin, in ionadWard. Sa deireadh cuireadh ileith Martin McGuinness goraibh gunna ina sheilbh aige aran lá, ach nach raibh dóthainfianaise ann gurbh é a thug cúisdo shaighdiúirí na Breatainescaoileadh le daoine.Níor stop McGuinnesslena ghníomhaíochtaí san IRA indiaidh Domhnach na Fola,áfach. Sa bhliain 1973, rugadhar McGuinness i gcarr ar thaobhDeisceart na teorann – le 113kgd’ábhar pléascáin agus nach mór5,000 philéir ina sheilbh aige!Ciontaíodh é agus gearradh sémhí sa phríosún air. Sa chúirt imBaile Átha Cliath d’fhógair ségo raibh sé bródúil as a bheithina bhall d’Óglaigh na hÉireann.Martin McGuinness ar a slí goCúirt Speisialta Choiriúla imBaile Átha Cliath i 1973Tar éis dó an príosún afhágáil, tháinig sé chun cinn gomór i Sinn Féin. Toghadh é inDoire do Thionól ThuaisceartÉireann i Stormont sa bhliain1982. Tháinig sé sa dara háit, indiaidh John Hume. Léiríonn séseo go raibh níos mó tacaíochtaag an bhfear a chur síocháinchun cinn ná ag McGuinness, araibh cúlra foiréigeanach aige.Cuireadh cosc ar McGuinness,Gerry Adams agus Danny Morrisontaisteal go mórthír naBreataine, ag léiriú an mheasa abhí ag an mBreatain air. Níorcuireadh an cosc seo ar JohnHume.

Sa bhliain 1993, tháinigMcGuinness faoin spotsholas arís, archlár teilifíse, The Cook Report.Cuireadh ina leith go raibh sé fóspáirteach san IRA, agus go raibh sé iláthair ag ceistiú brathadóra, FrankHegarty. Dúnmharaíodh Hegarty indiaidh na heachtra seo. Arís, shéanMcGuinness le fírinne na tuairisceseo. Ach is dócha go ndeachaigh séthar fóir nuair a dúirt sé nach raibhsé riamh san IRA.I 2008, chuir clár teilifíse eilei leith Martin McGuinness go raibhréamh-eolas aige mar gheall arBhuamáil Enniskillen an IRA sabhliain 1987, eachtra ghránna ad’fhág aon duine dhéag marbh.Dúirt McGuinness le linn afheachtas toghcháin i mbliana gurfhág sé an IRA sa bhliain 1974. Tásé deacair é seo a chreidiúint, isdócha, tar éis na scéalta faoiMcGuinness agus an IRA achloisteáil. Conas gur féidir le fear abhí chomh cumhachtach agus chomhtábhachtach le McGuinness laistighden IRA, an IRA a fhágáil sa bhliain1974? Mar a d’fhiafraigh láithreoirPrime Time ar RTÉ, Miriam O’Callaghande, conas go n-éiríonn tú asan IRA ar chor ar bith?B’fhéidir go bhfuil Fine Gaeltar éis dul thar fóir ina fheachtastoghcháin, ag cáineadh MartinMcGuinness go láidir mar gheall arseo. Dúirt Gay Mitchell arís agusarís eile go bhfuil bréag á insint agMcGuinness, agus dúirt an tAireChomhshaoil, Phil Hogan TD, gursceimhlitheoir é Martin McGuinness.Martin McGuinness agus GayMitchellChomh maith le sin, dúirtMiriam O’Callaghan ar dhíospóireachtPrime Time go bhfuilMcGuinness freagrach as dúnmharúna mílte daoine, ráiteas fíorchonspóideacha tharraing roinntdroch-cháile ar RTÉ. B’fhéidir goraibh an ceart acu ar fad. Ach caithfimidsúil a chaitheamh ar na h-éachtanna a bhain McGuinnessamach go síochánta le déanaí.Sa bhliain 1974, an bhliain a deir ségur fhág sé an IRA, chuaigh sé imbun cainteanna síochána le Rialtasna Breataine. San am roimh an GoodFriday Agreement, tháinig McGuinnesschun cinn mar phríomhidirbheartaíShinn Féin sna chainteannasíochána. I ndiaidh sin,toghadh é mar Aire Oideachais arThionól Thuaisceart Éireann. Dethoradh ar an obair síochána a rinneMcGuinness le blianta anuas, tá séanois in ann suí síos agus comhrá abheith aige le hAontachtaithe ar nósIan Paisley agus Peter Robinson.Cúpla bhliain ó shin, bheadh daoineag rá go mbeadh sé seo do-dhéanta.Ach d’éirigh le McGuinness dul imbun oibre leo i dTionól ThuaisceartÉireann. Léiríodh é seo arís agoirniú an Uachtaráin Michael D.Higgins, i gCaisleán Bhaile ÁthaCliath i mbliana; bhí MartinMcGuinness ag suí taobh le PeterRobinson ag an ócáid. Níor choirdúinn dearmad a dhéanamh ar nahéachtanna dochreidte seo.Peter Robinson agus MartinMcGuinnessI ndeireadh na dála, tá sésoiléir gur chaith sé an-chuid amasan IRA ina óige. Ach le déanaí, tásé tar éis obair dhochreidte a dhéanamhi dtaobh síochána in Éirinn.Agus i ndáiríre, ag an aois sin agusag an stad ina raibh a áit chónaithe,conas nach mbeadh sé in ann dulisteach san IRA?27Ach, is dócha nach nglacfar leis riamhmar Uachtarán na hÉireann,toisc a chúlra foiréigeanach, rud atásoiléir ón líon vótaí a bhfuair sé saToghchán i mbliana – 13.7% de vótaíar an gcéad chomhaireamh. Bathoradh réasúnta é seo dó gopearsanta, agus do Shinn Féin ar anmór iomlán, ach léirigh sé nár aontaighformhór na tíre leis, in ainneoinna hoibre síochána a chuir sé igcrích le déanaí.Le Ciarán Mac DomhnaillIomáint ÁthaCliathChomhghairdeas le hiarscoláire eiledár gcuid, Dónal Sutcliffe, as nagaiscí atá á gcomhlíonadh aige ar anbpáirc iomána le tamall anuas. RoghnaíodhDónal le deireanas le tosú lefoireann an chontae i gcoinne Chorcaíagus cé gur chaill Baile ÁthaCliath d’éirigh le Dónal cúig chúilína aimsiú. An tseachtain dar gcionnd’imir sé i gcluiche den scoth inéadan churaithe na hÉireann CillChainnigh, agus roghnaíodh Dónalmar ‘laoch na himeartha’. D’éirighleis 2-3 a aimsiú agus Tommy Walshin ainm is a bheith a mharcáil!Áirítear Tommy Walsh ar na himreoiríis fearr a d’imir iomáint i stair anchluiche. Cé gur chaill Baile ÁthaCliath an cluiche le cúilín amháin, 5-16 i gcoinne 6-12, glacfar misneachas an taispeántas agus neartóidh sé antuairim go bhfuil an bhearna idir nafoirne ag laghdú de shíor. Ní fadauainn Craobh na hÉireann saniomáint le cur leis an gcraobh sapheil atá cheana féin sa phóca!Le Fionn Mac Cumhaill

Ní Chanann BuachaillíTá nós ann, i mbéal phobalCholáiste Eoin chomh maith lenárbpiar; gur ait é nó náireach fiú dobhuachaillí a bheith ag canadh. Nífios conas gur thosaigh ansmaoineamh seo, nó cén fáth abhfuil sé fós mar bhac ar bhuachaillíach go háirithe, an deis chun canadha ghlacadh.Ní dóigh liom go bhfuil argóintcheart sa ráiteas sheanfhaiseanta– ‚Ach ní féidir liomcanadh!‛ – Is féidir le cách canadh.Níl ansin ach go bhfuil roinntcleachtadh ag teastáil, roinntcomhairle. Níl aon dabht faoi achgur féidir le ‚na leaids‛ canadh – nígá ach smaoineamh ar naceoldrámaí atá i ndiaidh bheith annle roinnt blianta anuas – chuile bhliain,gan teip bíonn ionadh ar anlucht féachana faoi chumas nambuachaillí ar an stáitse.Níl an tallann seo le brath arstáitse an halla amháin áfach. Cadfaoi na ceolchoirmeacha a bhíonn arsiúl ag deireadh an téarma? Feicteararís anseo go bhfuil buachaill (nódhó) sásta an guth atá acu a úsáid.Caithfear cothrom na féinne a thabhairtdóibh, ach go háirithe iad siúdsna blianta sóiseareacha atá sásta iadféin a chur chun cinn. Is ag na hamantaseo go bhfeicimid anam aguscultúr na scoile ag teacht chun tosaigh.Is dócha go bhfuil argóinteile ann, ceann nach dteastaíonn óroinnt daoine a phlé, ach is dóchagur gá, sé sin ná nach ‚faiseanta‛ anní é do bhuachaillí bheith ag canadhnó gur nós baininn í. In ainm Dé!Cén bhliain ina bhfuilimid ag maireachtáil?Is ráiméas den chéadchineál ainnise é sin! Buachaillíagus fir is iad cuid de na hamhránaitheis fearr ar domhan. ‚Náardaigh do bhrat gan í a chosaint‛mar a deir an seanfhocal agus isdóigh liom nach féidir an ‚bhrat‛seo a chosaint in aon chor. Táimidinár gcónaí ar domhan ina bhfuilcothromaíocht ann don mhór-chuidar gach cineál ábhair. Nach féidirlinn a bheith ábalta canadh gan anargóint sheafóideach amaideach sina chloisteáil?Tá ceoltóirí tradisiúnta denchéad scoth tar éis teacht tríd anscoil stairiúil seo thar na blianta, iadmar mháistrí ar a gceird ag an staidseo – (Ba mhaith liom an deis seo aghlacadh chun gach rath a ghuí armhuintir Siansa i mbliana agus iadar tí dul in iomaíocht i gCraobh nahÉireann don chéad uair le ceithrebliana) - is cinnte go bhfuil dualgasorainn an stádas agus an cultúr seo achaomhnú agus a neartú, ach táorainn gach sórt ceoil – uirlis nóguth a chothú chomh maith. Tá sé inam anois gur cheart go mbeadh amhránaithemar chuid de chultúr nascoile seo chomh maith, tá sé in amanois go mbeimis ábalta féachaintsiar i gceann daichead bliain eileagus a rá – Coláiste Eoin: Scoil lánde cheoltóirí agus amhránaithe. Táaithne againn go léir ar Kíla agusClann Uí Chassaide, – iad uilig mareiseamláirí den chultúr sa scoil seoach tá súil agam go mbeidh anstádas céanna ag amhránaithe anCholáiste amach anseo.Tá páirt lárnach ag an gceolinár saol, is cúis eile í sin an canadha neartú agus a chur chun cinn.Impím ar gach aon duine an smálseo maidir leis an gcanadh i meascbuachaillí a fhágáil in bhur ndiaidhagus tarraingt le chéile chun cur leisan stádas iontach atá sa scoil seocheana féin.Tá an réabhlóid tosaitheáfach – Bunaíodh Cór CholáisteEoin i mbliana faoi stiúir anMháistir Uí Shúilleabháin,iarscoláire den Choláiste. Is í seo anchéad uair i stair na scoile a déanadhaon rud cosúil le seo. Bhí an chuid ismó den chór sin le feiscint nuair atháinig an tUachtarán chun na scoileag tús Mhí Feabhra. Cé gur stiúir anMáistir Ó Duirthuile na buachaillían uair sin, tá fórmhór an ghrúpa28chéanna ag glacadh páirte sa réabhlóidseo leis an Máistir Ó Súilleabháin.Is dóigh liom go naontófarliom nuair a deirim gur baineadh sár-chaighdeán amach le haghaidhChuairt an Uachtaráin agus tá sé igceist ag an gcór dul chun cinn adhéanamh. Más rud é go bhfuil suimdá laghad ag éinne tá fáilte isfichead rompu – níl aon ghá gombeadh taithí cheoil agat. Tá súilagam go dtabharfaidh an talt seo anmisneach atá ag teastáil chun teachtchuig na cleachtaí. Impím ar phobalna scoile teacht le haghaidhcleachtadh amháin fiú, tóg cara leatagus faigh amach an bhfuil dúil agati rud mar seo a dhéanamhB’iontach an rud é dámbeadh uimhreacha níos suntasaí agtapú na deise stairiúile seo, a bheithmar pháirt den chéad chór riamh igColáiste Eoin.Le James Ó hEachthigheirnSpiesTá iarscoláire de chuid na scoile seo,Michael Ó Bruadair ag déanamh dulchun cinn iontach ina bhanna ceoilSpies. Thosaigh an banna i 2009agus Michael sa chúigiú bliain anseoi gColáiste Eoin. Banna ceoil atá taréis go leor aitheantais a fháil go dtíseo i mBaile Átha Cliath. Chuir iriseoirde chuid, Hot Press, a gcuidceoil i gcomparáid le bannaí ar nósInterpol nó The National. Vótáil HotPress Michael mar ‘an guth is fearr’i 2011, agus do tháinig Morrisey(príomh amhránaí- The Smiths) godtí an gig acu cúpla mí ó shin agtabhairt ardmhaolta dóibh. Ba chóirgo mbeifí ag faire amach dóibh agusis cosúil go mbeidh albam nua ásheoladh acu go luath.breakingtunes.com/spiesLe Dónal Ó Bruadair

Jack DempseyBa dhornálaí de bhunadhÉireannach é Jack Dempsey a raibhan–cháil air le linn na 1920idí agusna 1930idí. Dár le saineolaithe áirithena dornálaíochta, bhí an lámhdheas ba láidre aige i stair an spóirt.Níor réitigh Jack go maith lenathuistí agus d’fhág sé slán leo, agusgan aige ach sé bliana déag d’aoisagus súil aige saol níos fearr achruthú dó féin. Thuig sé go mbeadhsaol crua achrannach i ndán dó, achbhí dearcadh is meon misniúil aninimircigh go smior ann. ThosaighDempsey ag troid i dTithe Tábhairneéagsúla faoin ainm ‘Kid Blackie’ igcoinne dornálaithe éagsúla.Agus a cháil ag méadú, tháinig KidBlackie faoi anáil an bhainisteoraJohn J. Riesler, a mhol dó a ainmbáiste féin a úsáid agus é ag troidagus go ndéanfadh sé milliúnaí delaistigh de chuig bliana, dá leanfadhsé a chomhairle. Mhúin Riesler stílnua ionsaitheach do Dempsey, nachraibh a chéilí comhraic in anndéileáil leis, agus chuaigh Dempseyó neart go neart. Bhuaigh sé chuilebhabhta seachas troid amháin igcoinne Jack Downey nuair a dícháilíodhDempsey.Scaip a chlú ar fud na Stát Aontaitheagus faoi dheireadh i ndiaidh dó 9mbabhta a bhuachan, gach aoncheann trí bhuille scoir sa chéad nósa dara babhta den troid, tugadh andeis dó troid ar son chrios domhandai n é a d a n J e s s W i l l a r dLeag Dempsey Willard 7 n-uaire sachéad bhabhta den troid agusfógraíodh ina churadh domhanda é indiaidh greadadh ceart a thabhairt doWillard. D’fhulaing Willard go donaagus briseadh easnacha leis aguschaill sé cúpla fiacail sa bhabhtabrúine fíochmhar.Chuir na nuachtáin i leith Dempseygo raibh ‘miotal géar’ ina mhiotógaí,líomhantí nach raibh bunús arbith leo.Bhí Dempsey den tuairim go mbaiarracht é an feachtas seo lena cháil amhilleadh agus den ghráin a bhí agan dream saibhir i Meiriceá doníochtarán bocht seo a raibh sé dedhánaíocht ann luach saothair luchtan rachmais is an ghustail a sciobadhu a t h u a r a s h o n f é i n .Chosain Dempsey a chrios go cróga ,ar feadh 7 mbliana. Bhuaigh sé 66troid, 51 bhabhta trí bhuillí scoirsular chaill sé le Gene Tunney,curadh eile de bhunadh Éireannach, i1926.Jack Dempsey 1895 – 1983I ndiaidh dó éirí as an dornálaíocht,phós Dempsey aisteoir cáiliúil, EstelleTaylor agus d’oscail an bheirtacu Teach Tábhairne i NuaEabhrach. Tá an teach tábhairne anngo dtí an lá atá inniu ann agus é inaiarsmalann de shaol agus de shaotharD e m p s e y m a r d h o r n á l a í .I 1983, theip ar chroí Dempsey agusd’éag i lámha a mhná chéile, Estelleagus é 87 mbliana d’aois. Rinne laochragaisciúla na dornálaíochta uile:leithéidí Ali, Tyson & Foreman,dianstaidéar ar fhís-téipeanna deDempsey ag troid, dornálaí a mheassiad a bhí ar na curaithe a baghaisciúla is ba sciliúla i stair anspóirt ársa seo riamh.Le Fiachra Gygax“A champion is someone who gets up when he can't.’’Teach tábhairne Dempsey sascannán ‘The Godfather’29

Opening Hours:Mon, Tues & Wed: 8.30a.m. to 8.00p.m.Thurs & Fri: 8.30a.m. to 9.00p.m.Saturday: 8.30a.m. to 7.00p.m.Sunday: 10.00a.m. to 6.00p.m.30

Sár-Ghrianghrafadóireacht Spóirt‚Is dóigh liom gurb é seo an pictiúr is fearr a ghlac mé riamh,‛ a dúirt Neil Leifer faoin bpictiúr atógadh 80 troigh os cionn na fáinne dornálaíochta agus Mohammad Ali ag troid i gcoinne ClevelandWilliams san Astrodome i 1966. ‚Is é an t-aon phictiúr a ghlac mé féin atá agamsa ar crochadhi mo theach ‛. Thóg sé tamall an-fhada an pictiúr a phleanáil, bhí ar Leifer an-chuid machnaimh adhéanamh roimh réidh . Nuair a tháinig sé chuig an astrodome, láthair na troda, den chéad uair bhísé ag féachaint timpeall ar an ionad ag smaoineamh go doimhin ar an áit is fearr le pictiúr neamhghnáthach a ghlacadh. Go tobann d’fhéach sé suas in airde agus chonaic sé fear na soilsí ag réiteachna soilse don troid. Rith sé leis go bhféadfaí pictiúr iontach a ghlacadh ón áit sin agus chuir sé ceistan mbeadh cead aige agus ligeadh dó é sin a dhéanamh. Chuir sé ceamara uathoibríoch os cionn nafáinne chun an pictiúr a ghlacadh. Nuair a bhí sé féin thíos in aice na fáinne ag glacadh pictiúr lenacheamara féin. Deir sé gurb é an t-aon phictiúr a ghlac sé nach n-athródh sé aon rud faoi. Bhí ancháilar an bpictiúr agus deirtear gurb é an pictiúr spóirt is fearr a glacadh riamh é.31

Aimsigh Michael D.32

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!