13.07.2015 Views

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Polasaí, Pleanáil & TaighdeCuspóir: Abhcóideacht a dhéanamh faoi, comhairle a chur arfáil faoi agus pleanáil a dhéanamh faoi pholasaithe agus faoi chláirchun freastal ar riachtanais dul chun cinn agus cur chun cinn nateanga sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha ar fud oileán nahÉireann agus na pleananna agus cláir sin a fheidhmiú agusmonatóireacht a dhéanamh orthu.Polasaí agus PleanáilBa é an tionscnamh ba thabhachtaí ar thug Foras na Gaeilge faoi le linn 2009maidir le taighde agus forbairt ar pholasaí agus ar phleanáil de ná leanúint araghaidh leis an athbhreithniú córasach ar na 19 n-eagras a fhaigheannbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Bhí tábhacht ar leith ag roinnt leis an obairseo de bharr an méid de bhuiséad an Fhorais – thart ar 40% de – a chaitearsa réimse seo. Thug comhairleoirí ó Mazars faoi thaighde sa réimse seo ardtús in 2008 nuair a dáileadh foirm fhéinmheasúnaithe ar na 19 n-eagras afhaigheann bunmhaoiniú. Rinneadh iniúchadh ar na torthaí a bhí ar anbpróiseas sin agus ansin eagraíodh cuairteanna ar thart ar leath de na heagraisi 2008 le heolas a bhailiú. Rinneadh tuairisciú faoin dul chun cinn do Bhord anFhorais go luath in 2009 agus bunaíodh coiste ar leith – An Coiste Forbartha –le plé leis an gceist ina dhiaidh sin. Chuir cinneadh na Comhairle AireachtaThuaidh/Theas i mí na Nollag 2009 maidir le cuíchóiriú na hearnálabunmhaoinithe – go bunúsach dul i dtreo aon mhóreagraíochta amháin nólíon níos lú mar atá ann faoi láthair agus an treoir nach rabhthas chun naceanglais bhunmhaoinithe reatha a athnuachan arís – dlús leis an obair.An mhórfhorbairt eile i réimse an pholasaí, bhain sí le foilsiúDréachtstraitéis 20 Bliain Rialtas na hÉireann don Ghaeilge. Ar 26 Samhain2009, d’athdheimhnigh an dréachtstraitéis ról uile-oileánda Fhoras naGaeilge agus an tábhacht a bhain leis an leanúnachas feidhmeanna. Thug anCoiste Dála a bhí ag plé leis an gceist – an Coiste um Ghnóthaí Ealaíon,Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta – cuireadh 23 Nollaigdon Fhoras cur i láthair a dhéanamh dóibh faoin Dréachtstraitéis 21 Eanáir2010.Dílárú & DaonacmhainníMaidir le moladh Rialtas na hÉireann i ndeireadh na bliana 2003 gondílárófar 30 post de chuid Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair, Co. Dhúnna nGall, tá dul chun cinn á dhéanamh. In 2006, ar shainiarratas ó na RannaUrraíochta, ullmhaíodh Dréachtphlean Forfheidhmithe Díláraithe d’fhonn anphróiseas cinnteoireachta a éascú a lorgaíodh an Dréachtphlean agus ar 6Márta 2006 d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,Éamon Ó Cuív TD agus an tAire Stáit, an Roinn Cultúir, Fóillíochta agusFóillíochta, David Hanson MP gur aontaigh siad i bprionsabal leis an moladhdíláraithe faoi réir faomhadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas. Ó shin ileith tá comhoibriú leanúnach ar siúl idir Foras na Gaeilge agus An RoinnEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun na socruithe ábhartha a chur chuncinn chuige sin. Mar chuid den obair seo cuireadh aighneacht maidir lehacmhainní daonna Fhoras na Gaeilge faoi bhráid na Ranna Urraíochta denchéad uair i mí Feabhra 2007. Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta ThuaidhTheas 4 Iúil 2008 ceadaíodh cúig phost do Ghaoth Dobhair. D’ardaigh naceardchumainn ceist faoi na postanna seo agus cuireadh an scéal faoi bhráidan Choimisinéara um Chearta Oibreachais.40

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!