13.07.2015 Views

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Cuimhní Aistriúcháin don GhaeilgeSeoladh an chéad eagrán de na cuimhní aistriúcháin i bhFómhar na bliana2009 agus seoladh cóipeanna amach saor in aisce chuig na haistritheoirícreidiúnaithe uilig a dheimhnigh go bhfuil siad ar fáil chun obair araistriúcháin don tseirbhís phoiblí. Ina theannta sin, cuireadh an chéad chúrsaar fáil in úsáid na gcuimhní aistriúcháin i mí na Samhna, agus bhí an-éileamhair. Tá sé i gceist tuilleadh cúrsaí a reáchtáil don bhliain 2010 agus leanúint lesoláthar agus forbairt na gcuimhní freisin.Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart ÉireannTacaíodh leis an tionscadal seo a bhfuil sé mar phríomhaidhm leis taighde adhéanamh d’fhonn leaganacha cruinne Gaeilge a sholáthar doshráidainmneacha i gceantair éagsúla i dTuaisceart Éireann.GaelchultúrLe tacaíocht leanúnach ó Fhoras na Gaeilge, bhí bliain rathúil eile agGaelchultúr in 2009. Seo thíos na príomh-bhuaicphointí:• Eagraíodh sainchúrsaí i 40 comhlacht de chuid na hearnála poiblí• D’fhorbair Gaelchultúr raon leathan ábhair nua don earnáil phoiblí• D’fhreastail os cionn 1,000 duine ar ranganna Gaeilge oíche• Rinne os cionn 1,500 duine cúrsa ar Ranganna.com• D’fhorbair Gaelchultúr feidhmchlár dátheangach le Nokia chun na focailde ‘Amhrán na bhFiann’ a mhúineadh ar ghutháin phóca. Bhí sé le feiceáilar nuacht RTÉ agus sna meáin eile ar fad.• Cuireadh tús le ClubLeabhar.com, club leabhar domhanda ar líneCruinneogBliain ghnóthach a bhí i 2009 ag Cruinneog atá maoinithe ag an bhForas.Thug os cionn 14,000 duine ó 88 tír éagsúil cuairt ar suíomh idirlínwww.cruinneog.com, agus bhí fás mór ar an líon daoine d'úsáid angramadóir nua do Windows 'Ceart'. Chuir pobal na Gaeilge fáilte mhór roimhan mbogearra cumhachtach seo a chabhraíonn leo scríobh go cruinn asGaeilge, agus a oibríonn i bpáirt leis an litreoir GaelSpell. Bhí léirmheasannadearfacha ar 'Ceart' foilsithe in The Irish Times agus craolta ar Raidió naGaeltachta, TG4 agus RTÉ freisin.Cuireadh tús i 2009 le pleananna do bhogearra nua ar a dtugtar 'Anois'.Beidh teasáras Gaeilge lárnach sa bhogearra seo, agus oibreoidh sé laistigh deMicrosoft Word freisin. Seiceálfaidh 'Anois' gramadach agus litriú na Gaeilgefhad is atá Word in úsáid, agus táthar ag súil go mór le freastal ar an éileamhatá ann d'áiseanna ríomhaireachta a chabhraíonn le pobal na Gaeilge.Úsáid i réimse an chraolacháinCuireadh tús le páirtnéireacht le Coimisiúin Craolacháin na hÉireann i 1999chun úsáid na Gaeilge sa réimse craolachán neamhspleách a fhorbairt aguslean an obair seo ar aghaidh le linn 2009.Eagraíodh dhá fheachtas margaíochta ar leabhair le linn 2009, ‘Leabharpower’agus ‘Feachtas na Leabhar don Nollaig’. ‘Ba é aidhm na bhfeachtas seo ná,scoth na leabhar Gaeilge a phoibliú agus a chur i lár an aonaigh. Is de thoradhpáirtnéireacht idir Foras na Gaeilge, An Chomhairle Ealaíon agus FoilsiúÉireann [CLÉ – Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann mar a bhí] aeagraíodh an feachtas ‘Leabharpower’ Mar chuid den fheachtas seo eagraíodhsuas le fiche imeacht i siopaí leabhair ar fud an oileáin le linn Seachtain naGaeilge agus cuireadh pacáistí eolais agus ábhar bolscaireachta amach agleabharlanna agus ag siopaí ar fud an oileáin. Eagraíodh ‘Feachtas na Leabhardon Nollaig’ le haird an phobail a dhiriú ar chomh oiriúnach is atá leabhairGhaeilge mar bhronntanais Nollag. Mar chuid den fheachtas seo eagraíodh28

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!