13.07.2015 Views

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Úsáid na Gaeilge san Earnáil PhoiblíCóras Creidiúnaithe d’AistritheoiríSa bhliain 2006, chuir Foras na Gaeilge tús leis an gcóras creidiúnaithe, igcomhar leis an nGúm, An Coiste Téarmaíochta agus Rannóg anAistriúcháin. Bhí 145 aistritheoir creidiúnaithe faoin gcóras.Le linn 2009, dhírigh an Rannóg ar Chóras Creidiúnaithe d’Aistritheoirí afhorbairt. I mí na Samhna bhronn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agusGaeltachta teastais ar 21 aistritheoir Gaeilge/Béarla creidiúnaithe ag ócáid areáchtáladh in oifigí Fhoras na Gaeilge.Déanfar monatóireacht ar bhonn leanúnach ar obair na n-aistritheoirí agusbeidh iallach ar na haistritheoirí scrúdú eile a dhéanamh arís i gceann blianalena chinntiú go leanfar leis na caighdeáin bharr feabhais.Ón tús, aidhm na gcomhlachtaí teanga rannpháirteacha agus na Roinne ba eacóras láidir creidiúnaithe a fhorbairt ina n-áireofaí idir chastacht na gcanúintíéagsúla, bhéarlagair nua-aimseartha agus teicniúil, phrós agus chumarsáidoifigiúil. Tá ról tábhachtach ag an gcóras creidiúnaithe atá tiomnaithe do nacaighdeáin is airde i bhforbairt leanúnach na teanga, i gcomhthéacs stádasoifigiúil na Gaeilge san Eoraip.AistearBhí Aistear páirteach sna gníomhaíochtaí seo a leanas i bpáirt le Foras naGaeilge le linn na bliana 2009. Eagraíodh an chéad dá cheardlann sa tsraith InOrd is in Eagar i mBaile Átha Cliath (9–12 Samhain) agus i nGaillimh (20–21 agus 27–28 Samhain). Gearrchúrsa i scileanna cóipeagarthóireachta is eaIn Ord is in Eagar. Ghlac dháréag páirt sna ceardlanna. Daoine iad seo abhfuil an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí bainte amach acu nó a bhfuil anteanga á saothrú acu ag ardleibhéal san iriseoireacht, san acadúlacht nó iréimsí eile.D’fhoilsigh Cois Life an téacsleabhar cóipeagarthóireachta In Ord is in Eagargo déanach in 2009. Fuair Aistear coimisiún ó Fhoras na Gaeilge chun antéacsleabhar a ullmhú. Tá an leabhar in úsáid cheana féin ar chúrsaí ollscoileagus i ranganna cruinnis ar fud an oileáin. Eagraíodh ceardlann aistriúcháindhá lá ar 10-12 Nollaig chun cabhrú le daoine ar spéis leo tabhairt faoiscrúdú Shéala Creidiúnaithe an Fhorais. Bhí os cionn 30 aistritheoircláraithe don cheardlann.LingAn Line Chabhrach – FreagraLeathnaíodh ar líon agus réimse na n-úsáideoirí le linn na bliana 2009 agus táan tseirbhís in úsáid go forleathan i measc na ranna agus na gcomhlachtaístáit, agus freisin ag an ngnáthphobal. Faigheann an tseirbhís os cionn 40fiosrú in aghaidh an lae ón earnáil phoiblí. Tá pleananna curtha chun cinn letuilleadh bolscaireachta a dhéanamh sa bhliain 2010, lena n-áirítear feachtasle greamáin do ghutháin agus do ríomhairí. Cuireann Foras na Gaeilgefiosruithe ar aghaidh ón bpobal chuig an tseirbhís go rialta, agus le linn nabliana chuimsigh na fiosruithe ceisteanna téarmaíochta, foclóireachta agusgramadaí.Taisce TéacsannaSa bhliain 2009 rinneadh tuilleadh forbartha ar an mbunachar sonraí féinagus faoi lár na bliana bhí an bunachar réidh le roinnt leis na húsáideoirí.Chuige sin, bhí cruinnithe againn leis an bhFochoiste Gaeilge den BhoirdSeirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil (BSBRA) agus le hionadaithe an BhoirdSeirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil (BSRRA). Rinne an BSBRA an córas ashuiteáil ar a gcuid ríomhairí féin, rinne siad tástáil tosaigh air i measc an-úsáideoirí féin, agus le cúnamh teicneolaíochta uainne, na forbróirí, tá sé igceist go nglacfaidh an BSRRA seilbh iomlán ar an gcóras i rith na bliana2010 agus é a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla ar fad.27

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!