13.07.2015 Views

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

RÁITEAS MAIDIR LE RIALÚCHÁN INMHEÁNACHCuimsiú FreagrachtaMar Dhuine Cuntasach, tá freagracht orm córas rialúcháin inmheánaigh fuaimintiúil a choimeád, a thacaíonn lecur i bhfeidhm pholasaithe, aidhmeanna agus spriocanna na Gníomhaireacht Ultach-Albanaí, agus san amcéanna cumhdach a dhéanamh ar na cistí agus na sócmhainní poiblí atá faoi mo chúram go pearsanta de réir nabhfreagrachtaí atá leagtha orm in Managing Public Money <strong>North</strong>ern Ireland agus in Public FinancialProcedures.Mar Phríomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta, a ceapadh 5 Iúil 2011, táim freagrach go díreach do na hAirísa Tuaisceart agus sa Deisceart faoi seach agus do na Ranna urraíochta, i gcomhair fheidhmiúchán agusoibriúchán na Gníomhaireachta. Socraíonn na hAirí an creat polasaí faoina n-oibríonn Tha Boord o Ulstèr-Scotch agus socraíonn siad cuimsiú a ghníomhaíochtaí. Socraíonn na hAirí chomh maith an acmhainn a bheidhar fáil don Ghníomhaireacht chomh maith agus údaraíonn siad Pleananna Corparáideacha agus Gnó.Téim i gcomhairle leis na ranna ag cruinnithe Grúpa Oibre maidir le láimhseáil ábhair fheidhmiúcháin ad’fhéadfadh bheith ina gcúis le hábhair shuntasacha chúraim phobail nó pharlaiminte, ar a n-áirítear nádúr, scálaagus dóchúlacht rioscaí.D’ainmnigh Oifigeach Cuntasach RCEF mé i litir, i bhfoirm a d’údaraigh an Roinn Airgeadais agus Pearsanraagus an Roinn Airgeadais, mar Dhuine Cuntasach don Ghníomhaireacht. Tá mo ról agus mo fhreagracht agus árgcaidreamh sainmhínithe sa litir seo agus i Meamram Airgeadais an Fhorais Teanga Thuaidh / <strong>The</strong>as.Feidhm an Chórais Rialúcháin InmheánaighTá an córas rialúcháin inmheánaigh ceaptha chun riosca a bhainistiú go leibhéal réasúnta seachas chun gachriosca teipe ar bheartais, pholasaithe, aidhmeanna agus ar chuspóirí a chur ar ceal; dá bhrí sin, ní féidir leis achurrús réasúnta seachas urrús absalóideach éifeachtachta a chur ar fáil. Tá an córas rialúcháin inmheánaighbunaithe ar phróiseas leanúnach atá ceaptha chun na rioscaí maidir le cur i bhfeidhm bheartais, aidhmeanna aguschuspóirí na Gníomhaireacha a aithint agus a chur in ord tosaíochta, chun an dóchúlacht go réadódh na rioscaísin agus an tionchar a bheadh ann dá réadófaí iad a mheas, agus chun iad a bhainistiú go héifeachtúil, gohéifeachtach agus go barrainneach.Rinneadh breis forbartha ar an gCóras Rialúcháin Inmheánaigh saGhníomhaireacht don bhliain dar chríoch 31 Nollaig <strong>2009</strong> agus go dtí an dáta ar faomhadh an tuarascáilbhliantúil agus na cuntais, agus tá sé ag réiteach le treoir na Ranna Airgeadais.Cumas chun Riosca a BhainistiúCuireann Bord na Gníomhaireachta treoir straitéiseach agus chinnireachta ar fáil don eagraíocht laistigh de nateorainneacha polasaí atá leagtha síos ag, agus i gcomhairle leis na hAirí. Tá an fhreagracht ar fhoireann anFheidhmeannais maidir le bainistiú laethúil ar chúrsaí oibriúcháin, foirne agus buiséid chun a chinntiú go bhfuilspriocanna gnó leagtha síos ag an mBord curtha chun cinn go tráthúil. Dá bhrí sin is é príomhfheidhm an Bhoirdná an clár gnó corparáideach a leagan síos agus a chinntiú go n-éiríonn leis an eagraíocht maidir lena spriocannastraitéiseacha. Déanann an Bord athbhreithniú ar fheidhmíocht de réir spriocanna, ag áireamh aon bheartceartaitheach dá dhroim sin, impleachtaí riosca agus beartanna teagmhasa.Comhshnaidhmtear sainaithint agus tionchar riosca i bpróisis phleanáil agus chinnteoireacht chorparáideach naGníomhaireachta. Dá thoradh sin cinntíonn an Ghníomhaireacht go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun adheimhniú go ndéantar athbhreithniú agus tuairisc rialta ar rialú inmheánach agus ar ghnéithe bainistíochtariosca go bhforlíontar iad le treoirlínte mionsonraithe dea-chleachtais faoi sceithireacht agus faoi pholasaithebainistíochta calaoise, idir eile.Faigheann Coiste Iniúchta na Gníomhaireachta tuarascálacha tréimhsiúla maidir le rialú inmheánach aguscuirtear gníomhartha i bhfeidhm chun rioscaí a bhainistiú i réimsí suntasacha gnó agus monatóireachta adhéanamh ar dhul chun cinn maidir le príomhthionscadail agus spriocanna. Tá údarú ag an gCoiste ón mBordaon ghníomhaireacht laistigh de raon a théarmaí tagartha a imscrúdú. Is é an príomhchuspóir ná cur goneamhspleách le próiseas foriomlán an Bhoird chun a chinntiú go gcoimeádtar córas éifeachtach rialúcháininmheánaigh.Ar an gCoiste Iniúchta atá an phríomhfhreagracht athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an gcreat riosca agusar thaifid eile riosca.Tá bainistíocht ar chatagóirí riosca leithroinnte go cuí laistigh den eagraíocht. Pléitear aonleasú ar an gcreat laistigh den Choiste Iniúchta agus moltar é don Bhord.Comhaontaíonn an Coiste Iniúchta an sceideal oibre iniúchta inmheánaigh chomh maith agus déanann an Coistegach tuarascáil iniúchta inmheánach a athbhreithniú. Mar chríoch, déanann an Coiste Iniúchta athbhreithniú arna tuarascálacha agus na cuntais dheiridh agus ar an litir bhainistíochta a leanann.Tháinig an Coiste Iniúchta lechéile ar thrí ócáid in <strong>2009</strong>.37

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!