13.07.2015 Views

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

1.4 Deferred Pension FundingFaoi réir na gcleachtas cuntasaíochtaí do chomhlachtaí neamhthráchtála Stáit in Éirinn, aithníonn Foras na Gaeilgesócmhainn a léiríonn acmhainní a chuirfidh státchistí an RA agus na hÉireann ar fáil don dliteanas neamh-mhaoinitheiarchurtha a bhaineann le pinsin ar bhonn teagmhas áirithe. I measc na dteagmhas seo tá an tacaíocht reachtúil doscéimeanna scoir agus an polasaí agus an cleachtas maidir le maoiniú pinsean san earnáil phoiblí sa dá dhlínse agus anpróiseas a bhaineann le meastacháin bhliantúla. Cé nach bhfuil aon aontú foirmiúil ann agus dá réir sin níl aon bharántasmaidir leis na suimeanna ar leith seo leis na heagrais mhaoinithe, níl aon fhianaise ag Foras na Gaeilge nach leanfaidh anpolasaí maoinithe seo ar aghaidh diaidh ar ndiaidh ag cur an méid seo ar fáil faoi réir an chleachtais reatha. Níl an curchuige seo ag teacht leis an gcleachtas cuntasaíochta i gcás Eagras Neamh-Rannach sa RA, áit nach n-aithnítear dliteanasmaoinithe go dtí go mbíonn an ceanglas dlite, de bhrí nach bhfuil barántas foirmiúil i gceist.1.5 Cáin BhreisluachaLe linn na bliana bhí Áis, an Gúm agus an Coiste Téarmaíochta cláraithe chun CBL a aiséileamh ar cheannacháin chuíagus tá cuntas déanta orthu seo glan ó CBL. Taobh amuigh de sin, ní raibh Foras na Gaeilge cláraithe do CBL agus níorbhfhéidir CBL a aiséileamh. I ngach cás eile, mar sin, áiríodh CBL mar chaiteachas agus rinneadh é a chaipitliú i luach naSócmhainní Seasta nuair ba chuí é sin.1.6 Airgeadra TuairiscitheDéantar bearta agus iarmhéideanna a thuairisciú in Euro agus Sterling araon.Is é an Euro an príomhairgeadra a úsáideann an eagraíocht agus déantar bearta a thaifeadadh san airgeadra sin. Déantarbearta in airgeadraí eile a thaifeadadh ag an ráta malairte atá i bhfeidhm ar an dáta a tharlaíonn an beart. Aistrítearsócmhainní agus dliteanais airgeadaíochta a úsáideann an eagraíocht agus déantar bearta a thaifeadadh in Euro ar na rátaímalairte atá ann ag dáta an Chláir Chomhardaithe. Tugtar gnóthúcháin agus caillteanais réadaithe go dtí an Cuntas Ioncaimagus Caiteachais.Faisnéisíodh méideanna aistrithe sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais, sa Ráiteas ar Shreabhadh Airgid, sa ChlárComhardaithe agus sna nótaí gaolmhara leo in Euro. Ba é an ráta a úsáideadh don Chlár Comhardaithe ná €1=STG£0.8881agus ba é an ráta a úsáideadh don Chuntas Ioncam agus Caiteachas ná €1=STG£0.8909.1.7 Deontais IníocthaMaidir le deontais a bhíonn iníoctha le tríú páirtithe, cuirtear ina muirir iad sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais sa bhliainina ndéanann an faighteoir an ghníomhaíocht a chruthaíonn teidlíocht.1.8 StoicLuaitear stoic leabhar agus ábhar foilsithe eile ag an luach is ísle idir an costas agus an glanluach inréadaithe.18

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!