13.07.2015 Views

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

The North / South Language Body Annual Report & Accounts 2009

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

RÉAMHRÁ LEIS NA CUNTAISFaisnéis ChúlraIs Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh / Theas é an Foras Teanga (The Language Body) atá urraithe ag an Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta (REOG) agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF). Bunaíodh é ar 2 Nollaig faoiChomhaontú Aoine an Chéasta agus an faoin North/South Co-operation (Implementation Bodies) (Northern Ireland) Order1999 agus an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 mar bhonn faoi. Tuairiscíonn sé don ChomhairleAireachta Thuaidh / Theas CATT.Is é príomhfheidhm Fhoras na Gaeilge cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda.Ullmhaíodh na cuntais seo de réir:• na socruithe airgeadais atá infheidhme i leith an Fhorais Teanga leagtha amach i gCuid 7 d’Iarscríbhinn 2 de Chaomhaontúna Breataine-na hÉireann lena mbunaítear Comhlachtaí Forfheidhme;• san fhoirm atá treoraithe agus ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an an Roinn Cultúir,Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, mar a fhoráiltear i Meamram Airgeadais an Fhorais Teanga;• treoir don Tuarascáil Bhliantúil agus na Cuntais Bhliantúla arna soláthar ag an Roinn Airgeadais agus Pearsanra agus anRoinn Airgeadais.Forléargas ar GhnóTugtar forléargas ar ghníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge ina Thuarascáil Bhliantúil aige.Torthaí don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2009Tá torthaí Fhoras na Gaeilge leagtha amach go mionchruinn ar leathanach 13. Ba é €421,552 (STG£375,560) an t-easnamhdon bhliain.Sócmhainní SeastaTá mionsonraí faoi ghluaiseachtaí sócmhainní seasta leagtha amach i nóta 9 a ghabhann leis na cuntais.Taighde agus ForbairtChoimisiúnaigh Foras na Gaeilge TNS/MRBI le taighde a dhéanamh ar mheon lucht gnó maidir le húsáid na Gaeilge. to doresearch into the attitude of Business people as regards the use of Irish. Ba é Foras na Gaeilge an aoi-eagraíocht nuair ationóladh Comhdháil Bhliantúil an European Federation of National Institutions for Language i gCaisleán Bhaile Átha Cliathagus sheol an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív an Chomhdháil go hoifigiúil. Chomh maith leissin choimisiúnaigh Foras na Gaeilge Mazars le taighde breise a dhéanamh ar an earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge. D’eascair séseo as an taighde a rinneadh in 2008 ar na 19 n-eagraíocht sa earnáil a bhain le gnéithe ar nós cúrsaí rialachais agus réimsíginearálta oibre. Thug Mazars cuairteanna ar thart ar leath de na heagraíochtaí le linn 2008 agus tugadh cuairt ar anbhfuíolleach acu go luath in 2009. Cuireadh tuairisc Mazars faoi bhráid bhord Fhoras na Gaeilge i mBealtaine 2009.Forbairtí sa TodhchaíOifig Ghaoth Dobhair:Faoi choimirce an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais thángthas ar comhaontú go líonfaí poist nuacheadaithe i mBaileÁtha Cliath (trí phost) agus i nGaoth Dobhair (cúig phost) faoin moladh díláraithe agus go bhógrófaí go comhuaineach ochtbhfolúntas reatha le líonadh i gceachtar den dá áit, Baile Átha Cliath nó Gaoth Dobhair. Fógraíodh na poist i Nollaig 2009.Beidh an próiseas earcaíochta seo agus comhtháthú na hoifige nua i nGaoth Dobhair leis an gcuid eile den eagraíocht i meascna bpríomhfhorbairtí straitéiseacha sa todhchaí.Cuíchóiriú na hEarnála Bunmhaoinithe:In 2009 thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas treoir d’Fhoras na Gaeilge earnáil bhunmhaoinithe na Gaeilge achuíchóiriú le comhdhéanamh na n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge a shimpliú agus leseirbhísí d’ardchaighdeáin don phobal a dheimhniú. Toisc go bhfuil cuid chomh mór sin de bhuiséad Fhoras na Gaeilgetiomnaithe don earnáil bhunmhaoinithe, is forbairt thábhachtach í seo don todhchaí.Tarlúintí tábhachtacha a tharla i ndiaidh dheireadh na blianaTá cuntas i nóta 16 faoi aistriú Cholmcille go Foras na Gaeilge. Díscaoileadh an charthanacht Iomairt Cholmcille ar bhonndeonach 20 Márta 2010.Deonacháin CharthanúlaNí dhearna Foras na Gaeilge aon deonacháin charthanúla i rith na bliana dar chríoch 31 Nollaig 2008.9

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!