The Heritage Council Annual Report 2002
The Heritage Council Annual Report 2002
The Heritage Council Annual Report 2002
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Simon Berrow, & Una Cosgrove £5,745 faoi bhun Scéim na nDeontas Fiadhúlra (ní

dheacthas ar aghaidh leis an tionscadal seo)

Níor ghlac na baill seo páirt i gcruinnithe inar pléadh na tionscadail seo agus ní raibh

aon pháirt acu sa phróiseas cinnteoireachta maidir le deontais a cheadú.

An Dr Tom O’Dwyer

Cathaoirleach na Comhairle

Nessa Dunlea

Ball den Chomhairle

Ginearálta

Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta faoi bhun an Achta Oidhreachta, 1995. Is é

feidhm ghinearálta na Comhairle Oidhreachta ná polasaithe agus tosaíochtaí a

mholadh le haghaidh an oidhreacht náisiúnta a aithint, a chosaint, a chaomhnú agus a

fheabhsú agus chun tuiscint i leith na hoidhreachta a chur chun cinn.

Polasaithe Cuntasaíochta

1. Bunús cuntasaíochta

Modh cuntasaíochta bunaithe ar fhabhraithe a úsáidtear chun na ráitis airgeadais a

ullmhú, mura dtugtar a mhalairt le fios thíos, agus comhlíontar prionsbail

chuntasaíochta a nglactar leo go coitianta faoi bhun choinbhinsiún na gcostas stairiúil.

Glactar leis na Caighdeáin um Thuairisciú Airgeadais a mholann na comhlachtaí

aitheanta cuntasaíochta, de réir mar a thagann siad i bhfeidhm.

Is in Euro a áirítear figiúirí na bliana 2002.

2. Deontais i gCabhair an Oireachtais

Déantar Deontais i gCabhair an Oireachtais a chuntasú ar bhunús fáltas airgid.

3. Sócmhainní Seasta Inláimhsithe

Is é atá i gceist le sóchmhainní seasta foirgnimh, troscán oifige, trealamh oifige,

ríomhairí agus saothair ealaíne na Comhairle Oidhreachta agus taispeántar iad sin de

réir costais lúide dímheas carntha. Déantar an dímheas a áireamh i dtráthchodanna

cothroma bliantúla chun costas na sócmhainní inláimhsithe thar a dtréimhse

inúsáideachta mheasta a dhíscríobh.

Is iad na rátaí dímheasa a úsáidtear:

Foirgnimh 2.5% Troscán Oifige 10%