The Heritage Council Annual Report 2002
The Heritage Council Annual Report 2002
The Heritage Council Annual Report 2002
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
· ráitis airgeadais a ullmhú mar a dhéanfadh comhlacht leantach, ach

amháin i gcás nach féidir glacadh leis go bhfanfaidh an Chomhairle i

mbun oibre

· ráiteas a thabhairt chun a dhearbhú gur úsáideadh cibé caighdeáin

chuntasaíochta a bhaineann le hábhar, agus aon imeacht ábhartha ó

na caighdeáin sin a fhaisnéisiú agus a mhíniú sna ráitis airgeadais.

Tá dualgas ar an gComhairle leabhair chuntais a choimeád, a fhaisnéisíonn go

réasúnta beacht staid airgeadais na Comhairle in aon am ar leith agus a chuireann ar

chumas na Comhairle a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais Alt 21(1) den

Acht. Tá dualgas ar an gComhairle freisin sócmhainní na Comhairle Oidhreachta a

chaomhnú agus bearta réasúnta a dhéanamh chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a

sheachaint agus a bhrath.

An Dr Tom O’Dwyer

Cathaoirleach na Comhairle

Nessa Dunlea

Ball den Chomhairle

Michael Starrett

Príomhfheidhmeannach

Faisnéisiú leasa Bhaill na Comhairle

Oidhreachta

Is ceadmhach don Chomhairle, i ngnáthchúrsaí gnó, cabhair airgeadais a cheadú

d’fhiontair a fhostaíonn baill den Chomhairle nó a bhfuil leas de chineál eile ag na

baill Chomhairle iontu.

Thionscnaigh an Chomhairle cleachtais de réir na dtreoirlínte a d’eisigh an Roinn

Airgeadais chun gur féidir le baill den Chomhairle a leas a fhaisnéisiú, agus cloíodh

leis na cleachtais sin ar feadh na bliana.

Rinne na baill seo a leanas leas a fhaisnéisiú in eagraíochtaí ar ceadaíodh cabhair

airgeadais dóibh le linn na bliana.

Maurice Hurley, Seandálaí Cathrach, Comhairle Chathair Chorcaí £5,000 faoi bhun

Scéim na nDeontas Pobail

Simon Berrow, Grúpa Faire Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann £4,000 faoi

bhun Scéim na nDeontas Foilseachán

Simon Berrow, Fondúireacht Mhíolta Móra agus Deilfeanna na Sionainne £11,385

faoi bhun Scéim na nDeontas Fiadhúlra